CÚRSAÍ SPÓIRT
Mícheál Ó Duibhir, An Curadh Caide agus Bainistíochta.
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Chuir Colm Mac Séalaigh aithne bheag ina óige ar Mhícheál Ó Duibhir, an t-imreoir caide agus an bainisteoir foirne do Chiarraí sna blianta siar. Ba léir san am sin féin, an chlisteacht sin a thug foireann chaide i ndiaidh a chéile chun tosaigh i gcomórtais ach lámh Mick O Dwyer a bheith ar stiúir a misnigh.

Íomhá
Mícheál Ó Duibhir, sárimreoir agus sárbhainisteoir
Íomhá
Meirge na linne seo
Íomhá
An tAthbhaile ag Mícheál Ó Duibhir

Bhí cara ag m’athair sna blianta siar agus Charlie ab ainm dó. Rugadh agus tógadh Charlie i Londain Shasana, ach is mar Éireannach a tógadh é ar nós go leor eile de shliocht na nGael a rugadh agus a tógadh thar lear. Casadh bean as Ciarraí ar Charlie agus phósadar.

Ella ab ainm di agus bean bheag, uasal, bhoglabhartha, shnasta ab ea í as an gCoireán, in Uíbh Ráthach. Chaith Ella seal i ngéibheann i Sasana as a bheith ag tabhairt dídine do phoblachtaigh, agus theith Charlie go dtí an Coireán le cónaí ansin a fhad agus a bhí Ella ar an bpláta beag. Díbríodh Ella as Sasana nuair a bhí a téarma curtha isteach aici agus chuaigh chun cónaithe in éineacht le Charlie i mBaile Átha Cliath.

Ní raibh clann ar Charlie agus Ella agus thug sin an t-am dóibh leanúint lena dtacaíocht do ghluaiseacht na Poblachta, ag cruinniú airgid don Chumann Cabhrach (eagraíocht fóirithinte na gcimí poblachtacha) mar shampla, agus thug sé an t-áiméar dóibh chomh maith saoire a chaitheamh sa Choireán i gCiarraí a mhinice is ab fhéidir leo. Nuair a thagadh Charlie agus Ella ar cuairt chuig an teach s’againne nó muidne ar cuairt acusan, bhíodh an-chomhrá faoi na gasúir (mé féin, mo bheirt deirfiúr agus mo dheartháir), faoi chúrsaí tí is araile ag na mná fad is a bhí na fir ag caint ar chúrsaí polaitíochta agus, thar aon ní eile, ar chúrsaí peile.

Foireann Chiarraí na 1950-60aidí

Agus mé im’ ghasúr óg, shíl mé go mba dhuine ar leith é Charlie, duine a bhí suimiúil agus beagán scanrúil san am céanna. Chuaigh mo spéis ann i dtreis nuair a tháinig an tuiscint chugam ar ball nárbh é amháin go raibh an-suim aige sa pheil Ghaelach, ach go raibh aithne phearsanta aige ar chuid d’fhoireann caide Chiarraí, Mícheál Ó Conaill ina measc. Deireadh na gcaogadaí, tús na seascaidí a bhí ann agus bhí oiread aithne ag Charlie ar imreoirí de chuid foireann Chiarraí go mbíodh cead isteach aige i seomra feistis Chiarraí i bPáirc an Chrócaigh lá cluichí ceannais na hÉireann. Thug Charlie ann mé i 1960 agus mé óg go maith, an lá ar bhuaigh an Dún an chéad chraobh riamh agus bhí mé in éineacht leis i seomra feistis Chiarraí i ndiaidh an chluiche. Dá ndéarfainn go raibh mé faoi dhraíocht agus faoi scáth agus mé i measc na bpeileadóirí cáiliúla go léir a bhí sa seomra sin, ní bheinn ach ag insint cuid den scéal. Bhí Mícheál Ó Conaill ann agus Mícheál Ó Duibhir, Tadhg Ó Laighin, Páidí Síthigh agus mar sin de ann agus iad go léir agus a raibh ann de thraenálaithe agus d’oifigigh chontae ina dtost tar éis a mbuailte ag foireann an Dúin. Ba é an chéad uair freisin a chonaic mé scata fear mór agus iad lomnocht. D’fhoghlaim mé go leor an lá sin!

Bhí Charlie an-tugtha do Chiarraí agus do pheileadóirí Chiarraí agus ba bhreá leis a bheith ag caint orthu. Bhí sé an-mhór le duine amháin acu ach go háirithe agus ba é sin Mícheál Ó Duibhir. Bhí canúint láidir Shasana ag Charlie, ach bhí gnéithe de chanúint Bhéarla Chiarraí measctha tríthi agus ba dhraíochtúil éisteacht leis ag déanamh cur síos ar eachtraí Micko, cé go mba dheacair é a thuiscint ar uairibh.

Agus mé sna luathdéaga tharla go raibh mé féin agus mo mhuintir ar saoire i gCiarraí in áit álainn darb ann Kell’s Cove nach bhfuil i bhfad ón gCoireán. Chuamar ar cuairt chuig Charlie agus chuig Ella lá agus ba ghearr gur thosaigh Charlie ag caint ar an gcluiche mór, cluiche leathcheannais na hÉireann idir Chiarraí agus Áth Cliath a bhí le himirt coicís ina dhiaidh sin.

Gliceas an Bhainisteora

1965 an bhliain agus bhí coimhlint 1955 idir Ciarraí agus Áth Cliath an-bheo mar ábhar comhrá fós i measc lucht leanta na peile. Bhíodh m’athair ag caint ar an gcluiche áirithe sin go minic agus mé óg, agus, dar leis, murach go raibh beirt nó triúr d’fhoireann Áth Cliath gortaithe lá cluiche ceannais na hÉireann go mbeadh an bua ag Áth Cliath.

Ar chaoi ar bith, dúirt Charlie go rachaimis chuig óstán Mhichíl Uí Dhuibhir go bhfeicfimis é agus labhairt leis faoin gcluiche. Ní raibh Mícheál Ó Duibhir ann, ach dúradh linn gur dhóigh go dtiocfaimis air ach dul a fhad leis an ngaráiste. Ach ní ansin a bhí sé le fáil ach oiread, agus moladh dúinn tiomáint chuig áit áirithe taobh amuigh de bhaile an Choireáin mar a raibh beithígh ar féarach aige. Ag deasú sconsa nó rud éigin mar sin a bhí Mac Uí Dhuibhir nuair a thángamar air agus is cuimhin liom gur cheap mé ag an am go mba aisteach an gnó é ag peileadóir cáiliúil a bheith ag deasú sconsa. Is dóigh gur shíl mé im’ intinn óg féin nach raibh le déanamh ag peileadóirí mór le rá ach peil a imirt. Ar aon nós, sheas Charlie agus Micheál ag caint agus cuireadh mé féin agus m’athair in aithne dó. Thosaigh Ó Duibhir ag caint ar fhoireann Átha Cliath agus mhol sé iad go hard agus é á rá ag an am céanna nach raibh mórán seans ag Ciarraí ina gcoinne. Arís, cheap mé go mba aisteach an chaint í ó imreoir cáiliúil dá leithéid – an freasúra á mholadh agus a fhoireann féin á díspeagadh aige. Thuig mé go maith cad a bhí ar siúl aige deich mbliana níos faide anonn. An plean chéanna i 1975 agus an uair seo é ina bhainisteoir ar fhoireann Chiarraí: foireann Átha Cliath á moladh go hard na spéire aige agus foireann Chiarraí á chur in áit na leathphingne. Gliceas ab ea é a d’oibrigh dó i 1965 agus arís i 1975 agus go minic ina dhiaidh le linn ré órga pheile Chiarraí idir 1975 agus 1986.

Adhlacóir, i measc gairmeacha eile, a bhí i Mícheál Ó Duibhir. Nuair a cailleadh Charlie i 1985 thiomáin sé an t-eileatram ón gCoireán suas go Baile Átha Cliath lena chara a thabhairt ‘abhaile’ agus é chur i gcré na cille in éineacht lena chéile, Ella.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.