Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #22 · FEABHRA 2003
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Tá bá ag muintir na hÉireann leis na Stáit Aontaithe le fada ach ní hionann sin is a rá gur cheart dúinn tacú lena gcogadh i gcoinne na hIaráice.

»»»
Íomhá
AGALLAMH BEO
Éamonn Ó Dónaill

Is minic a bhaintear mí-úsáid as an fhocal "ildánach" ach bheadh sé oiriúnach go maith mar fhocal le cur síos a dhéanamh ar Cholm Ó Snodaigh, an ceoltóir ón ghrúpa Kíla. Seinneann Ó Snodaigh an fhliúit agus roinnt uirlisí eile, scríobhann sé ceol agus amhráin, is gearrscéalaí é agus tá obair raidió déanta aige freisin. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaol suimiúil.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Tom Deignan

an-bhorradh faoi chúrsaí Léann na hÉireann Ollscoil Notre Dame, a bhuíoch sin do Donald Keough a thug suim mhór airgid don institiúid i 1992 chun tús a chur leis an chlár. Labhair Tom Deignan le Keough agus thug cuairt ar an choláiste féin le déanaí.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Labhair Ciara Nic Gabhann le Denise McShannon, ealaíontóir a bhfuil baint lárnach aici le tionscadal suimiúil i gceantar atá faoi mhíbhuntáiste i mBaile Átha Cliath.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN EORAIP
Carmen Rodríguez

Braitheann muintir Galicia go bhfuil an rialtas áitiúil agus Rialtas na Spáinne tar éis loic orthu ó tharla tubaiste an Prestige i mí na Samhna, dar le Carmen Rodríguez.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN EORAIP
Christoph Wendler

geilleagar na Gearmáine buailte go holc, ach tá drogall ar mhuintir na tíre a admháil go bhfuil ag teip ar an gcóras a raibh siad chomh bródúil sin as, mar a mhíníonn Christoph Wendler.

»»»
Íomhá
TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Galt Barber

Bhí Galt Barber, ceoltóir agus cláraitheoir ríomhaireachta a bhfuil cónaí air i gCalifornia, ocht mbliana is fiche sular chuala sé trácht ar an Ghaeilge. Luigh sé isteach ar fhoghlaim na teanga ag an am sin agus tá líofacht bainte amach aige, in ainneoin nach raibh sé in Éirinn ach uair amháin. Sa dara cuid seo dá alt, labhraíonn sé faoin turas sin go hÉirinn.

»»»
Íomhá
TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAELTACHT BHEO
Niall Mac Eachmharcaigh

Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Niall Mac Eachmharcaigh ar Rann na Feirste i dTír Chonaill.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Antaine Ó Faracháin

Nuair a d’fhág Karan Casey an grúpa cáiliúil Solas tháinig bean óg as Tiobraid Árann darb ainm Deirdre Ní Scanláin isteach ina háit mar phríomhamhránaí an ghrúpa. Labhair Antaine Ó Faracháin léi chun fáil amach cén chaoi a dtaitníonn sé léi a bheith faoin spotsolas.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Dáithí Ó Colchúin

fonn mór ar Phríomh-Aire na hAstráile, John Howard, tacú leis na Stáit Aontaithe má dhéantar ionsaí ar an Iaráic, ach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin, níl an pobal chomh díocasach céanna.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR

Caitheann Balor a shúil nimhe siar ar imeachtaí na bliana atá díreach imithe.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Dónall Ó Maolfabhail

Tá oiread fianaise bailithe le chéile ag Fiosrúchán Barron go raibh seirbhísí rúnda na Breataine ag feidhmiú go mídhleathach i bPoblacht na hÉireann, a deir Dónall Ó Maolfabhail, go mbeidh ar Rialtas na hÉireann fiosrúchán ceart cuimsitheach a bhunú.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

Fuair cara le Tony Birtill, Brenda Wynne, bás trí lá i ndiaidh do ghadaithe í a ionsaí i lár na míosa seo caite.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Measann Diarmaid Mac Mathúna go bhfuiltear ag cur an iomarca béime ar an tábhacht a bhaineann le bandaleithead leathan, nach réiteach gach faidhbe é mar a cheapann daoine áirithe.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

Má fhaigheann an DUP an lámh in uachtar ar an UUP sna chéad toghcháin eile, beidh ar an pháirtí ceannaireacht dhearfach a thabhairt seachas a bheith i gcónaí diúltach, a deir Robert McMillen.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Uinsionn Mac Dubhghaill

Agus an Dáil ina suí arís caitheann Uinsionn Mac Dubhghaill súil ghéar ar an obair mhór atá roimh cheannaire nua Fhine Gael, Enda Kenny.

»»»
Íomhá
TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Deirdre Ní Loingsigh

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Deirdre Ní Loingsigh, Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Liz Curtis

D’fhoghlaim Liz Curtis go leor faoin cheangal idir an Bhriotáin agus Éirinn le linn di cuairt a thabhairt ar an réigiún Francach.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Ray Mac Mánais

Seo sliocht as Máire Mhic Ghiolla Íosa - Beathaisnéis le Ray Mac Mánais, beathaisnéis údaraithe Uachtarán na hÉireann. Tugadh cead don údar, múinteoir Gaeilge an Uachtaráin, a dialanna pearsanta a léamh agus dul trína páipéir phríobháideacha. Déanann an leabhar cur síos ar a saol ó rugadh í go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtarán i 1997.

»»»
CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Antaine Ó Faracháin
Íomhá
SPÁRÁLAÍ SCÁILEÁIN

Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantar Gaeltachta le fáil i ngach eagrán de Beo. An mhí seo: Málainn Bhig, Contae Dhún na nGall.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Tá leabhar nua foilsithe faoi Sheán Boylan, bainisteoir fhoireann pheile Chontae na Mí. Is leabhar é atá difriúil ón ngnáthbheathaisnéis, a deir Colm Mac Séalaigh, mar go dtugtar cead cainte ann do roinnt mhaith de na himreoirí a d’imir faoi Boylan.

»»»
Íomhá
RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: foréigean i gcaidreamh.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmuid Johnson

Tá sé mar aidhm ag an iris idirlín Transcript pobal léitheoireachta níos mó a chruthú d’údair chumasacha Eorpacha nach mbíonn díol mór ar a saothar, mar a mhíníonn eagarthóir na hirise, Diarmuid Johnson.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.