AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
An stair ina steillbheatha sa Bhriotáin
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

D’fhoghlaim Liz Curtis go leor faoin cheangal idir an Bhriotáin agus Éirinn le linn di cuairt a thabhairt ar an réigiún Francach.

Íomhá
Oifig an phoist sa Bhriotáin
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Fuinneog sa Bhriotáin
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Ceoltóirí traidisiúnta Briotánacha
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Teach beag idir carraigeacha ar chósta thuaidh na Briotáine, in aice le Plougrescant
Grianghraf: Liz Curtis

An raibh tú riamh sa Bhriotáin? Bhí mé féin ann cúpla uair, agus shíl mé gur áit iontach tharraingteach í, agus rúndiamhrach fosta.

Más maith leat bheith amuigh faoin spéir in aice leis an fharraige, nó má tá suim agat sa réamhstair, i stair na gCeilteach nó sa bhéaloideas, nó más maith leat pancóga a ithe i mbailte meánaoiseacha, ba cheart go mbeifeá sásta seachtain nó dhó a chaitheamh anseo.

imeallbhord galánta ann, le tránna bána deirceacha agus beanna pictiúrtha, agus oileáin amuigh san fharraige. Tá iarsmaí Neoliteacha scaipthe fud fad na tíre. Ar Oileán Gavrinis, tá carn agus clocha maisithe ann atá cosúil le Brú na Bóinne, agus tá méid mór dolmainí achan áit, na dolmainí fada a dtugtar *allées couvertes *orthu san áireamh.

Ansin tá na *menhirs *ann, na galláin ollmhóra a tógadh idir 7000RC agus 5000 bliain ó shin. Le cúpla aois anuas, snoíodh crosa ar bharr roinnt acu, nó Calvaire ar a dtaobh, leis na leachta págánacha seo a chur faoi smacht na Críostaíochta.

Tá roinnt mhaith macallaí d’Éirinn le fáil anseo, agus ní comhtharlúint atá i gceist. Tá daoine ag bogadh suas síos ar imeallbhord an Aigéin Atlantaigh ó tháinig na céad fhiagaithe cnuasaitheoirí aníos ón Afraic roimh an Chlochaois.

Foghlaim na staire

Tá fadhb ag baint, feictear dom, leis an dóigh a bhfoglaimíonn muid an stair, mar insítear dúinn mar scéal ár náisiúin féin í. Ach níl na náisiúin nua-aimseartha ann ach cúpla céad bliain, mar sin níl ciall ar bith le scéal na Clochaoise a inse taobh istigh de theorainneacha náisiúnta, nó scéal na gCeilteach ach oiread.

Mar shampla, labhair mé le hÉireannach a shíl nach raibh dolmainí le fáil áit ar bith eile seachas in Éirinn. Ach tá a leithéid scaipthe fud fad iarthar na hEorpa, agus níos faide soir fosta, mar shampla in aice leis an Mhuir Dhubh, san Iordáin, agus fiú sa Chóiré.

Léargas beag eile ar an dóigh a mbraitheann an dearcadh atá againn ar an áit ina bhfuil muid agus an aois ina maireann muid. Mar a dúirt seandálaí: “Ní raibh ar mhuintir na Clochaoise dul go Holyhead leis an bhád farantóireachta a fháil go hÉirinn.”

Agus ní raibh orthu dul go Calais le Sasana a bhaint amach ach oiread. Bhí a mbádaí féin acu, agus bhí siad ábalta dul bealach ar bith ba mhian leo.

Mar sin, má amharcann muid ar an léarscáil, tá sé breá soiléir cén fáth a ndeachaigh Ceiltigh ón Chorn agus Devon go dtí an Bhriotáin sa chuigiú haois IC. Chuaigh na *Angles *agus na Sasanaigh ina ndiaidh, agus b’fhéidir Ceiltigh as Éirinn fosta. Tá an Bhriotáin díreach trasna na farraige ó dheas. Mar sin, ar aghaidh leo!

D’fhág na coilínigh sin a lorg go daingean ar a n-áit nua cónaithe. Thug siad ainm nua uirthi a chiallaigh “an Bhreatain bheag”. Armor an t-ainm a bhí ann roimhe sin, ainm a thug na Gallaigh - a bhí ann cheana - ar an áit.

Thug na coilínigh a dteanga leo, an Bhriotáinis. Bhí teanga Cheilteach ag na Gallaigh fosta, ach bhí siadsan faoi smacht na Rómhánach, a raibh Laidin acu, ar feadh 400 bliain.

Logainmneacha

Mar a tharla in Éirinn, d’fhág na Ceiltigh a lán logainmneacha ina ndiaidh. Tá na mílte ann a úsáideann focail mar *plou *(paróiste), *tre *(cuid de pharóiste), loc (áit naofa), *lann *(séipéal nó díthreabh), ker (sráidbhaile nó teach), etc.

Sa seanam, bhí an Bhriotáinis an-chóngarach don Bhreatnais, ach anois ní féidir le duine as an Bhriotáin Breatnach a thuigbheáil. Cé gur scar na teangacha sin ón Ghaeilge i bhfad ní ba luaithe, tá cúpla focal Briotáinise a d’aithneodh Gaeilgeoirí, mar shampla, *du *(dubh); *glas *(glas agus gorm); *kamm *(cam); *mat *(maith); *kanan *(canadh); agus *an ti *(an teach).

In éineacht leis na coilínigh, tháinig na céadta naomh, idir fhir agus mhná. Tháinig siad ón Bhreatain agus as Éirinn fosta. Agus creid é nó ná creid, sheol cuid mhaith acu trasna na farraige i mbádaí cloiche.

Tugtar ómós do na naoimh sin sa Bhriotáin go fóill, cé nach n-aithníonn an eaglais sa Róimh iad. Tá ainmneacha na naomh Briotánach ar na bailte móra agus ar na sráidbhailte, agus ar shéipéil fosta.

Ar laethanta na naomh, bíonn mórshiúlta ollmhóra ann darb ainm pardons. Téann na heaspaig agus na sagairt agus scata mór den phobal thart, agus bíonn daoine gléasta in éadaí traidisiúnta agus ag iompar bratacha móra maisithe agus dealbha na naomh.

Is dócha go bhfuil nasc idir na *pardons *sin agus na *patterns *a bhíodh ann go forleathan in Éirinn, nuair a chuaigh na mílte duine go háiteanna naofa - tobair agus a leithéid - ar laethanta na naomh. Tá na *pardons *sa Bhriotáin i bhfad níos foirmiúla agus oifigiúla, ach tá an seantionchar págánach ann go fóill.

Mar shampla, tá pardon *an-ársa ann darb ainm *Trommenie, agus mar chuid de, téann an mórshiúl thart ar chloch darb ainm Cathaoir Naomh Rónán, "sur lequel les femmes stériles s’asseyaient pour demander les joies de la maternité”.

Nasc

Thug muid cuairt ar áit bheag dheas ar an chósta thuaidh darb ainm Plougrescant. Tá sé nasctha leis An Spidéal i gConamara. Tá séipéal an-suimiúil ann, Séipéal Naomh Gonéry. Ba naomh as Éirinn nó as an Bhreatain é - tá leaganacha éagsúla den scéal ann - a fuair bás i Plougrescant.

Deirtear go n-imíonn Gonéry achan bhliain le cuairt a thabhairt ar a mháthair, Naomh Elibouhan, ar Oileán Loaven.

Tá cuma aisteach ar shéipéal Gonéry, mar tá spuaic cham air. Is fiú an taobh istigh a fheiceáil mar go bhfuil sé an-suimiúil. Tá an eochair ag an airíoch, Valentine Richard, atá ina threoraí fosta.

blaosc Naomh Gonéry ann, i scrín mhór órga. Tá an bád cloiche inar tháinig sé ann fosta, agus tá cuma trach beathaithe air. Ach is í an tsíleáil adhmaid atá clúdaithe le freascónna an rud is tarraingtí sa séipéal. Tá sé déanta i stíl phéintéireachta soineanta, agus is cur síos é ar an Chruthú.

Bhí mé an-tógtha le hÁdhamh agus Éabha. Níorbh fhéidir iad a chur ar an bhalla gan éadaí, mar sin tá siad clúdaithe le spotaí, mar a bheadh liopaird ann.

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.