CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Ar cheart tacú le Meiriceá?

Tá bá ag muintir na hÉireann leis na Stáit Aontaithe le fada ach ní hionann sin is a rá gur cheart dúinn tacú lena gcogadh i gcoinne na hIaráice.

Íomhá
Saddam Hussein: deachtóir brúidiúil

Tá seasamh Éamoin de Valera i rith an Dara Cogadh Domhanda ina chnámh spairne go fóill i measc staraithe. Tá easaontú láidir ann go háirithe maidir le ceist na bport agus maidir leis an seasamh neodrach a ghlac an tír agus í ag déanamh iarrachta fanacht neamhspléach ó na tíortha a bhí i mbun cogaíochta.

Níl cúrsaí athraithe mórán. Tá conspóid den chineál céanna ar siúl faoi láthair mar gheall ar chead a bheith tugtha ag Rialtas na hÉireann d’eitleáin Aerfhórsa na Stát Aontaithe Aerfort na Sionainne a úsáid agus iad ar a mbealach go dtí an Meánoirthear.

Tá go leor cúiseanna gur cheart dúinne mar thír a bheith báúil le Meiriceá: an idirghabháil thar na blianta i dTuaisceart Éireann; na milliúin Éireannach a chuaigh ar eisimirice go dtí an tír; an infheistíocht ollmhór atá déanta ag comhlachtaí Meiriceánacha anseo le roinnt mhaith blianta anuas. Tá sé an-deacair ag gníomhaireachtaí na tíre seo seasamh siar agus gan tacaíocht a thabhairt do Mheiriceá sa chogadh, de réir dealraimh, atá le theacht.

É sin ráite, ar cheart dúinn a bheith ag smaoineamh ar riachtanais eacnamúla agus síochána s’againn féin amháin nó an bhfuil cinneadh le déanamh maidir le moráltacht an ghnímh chogaidh?

Tá sé soiléir go bhfuil go leor de lucht na polaitíochta agus den phobal in Éirinn agus i dtíortha eile na hEorpa ag iompú i gcoinne na Stát Aontaithe agus feachtas na tíre in éadan na hIaráice. Níl amhras ar dhaoine ach gur deachtóir brúidiúil é Saddam Hussein ach is cinnte gurb iad gnáthmhuintir na tíre sin a bheas thíos leis má bhíonn buamáil agus ionsaí i gceist.

Is é an tuairim choitianta anois gur cheart do Mheiriceá agus don Bhreatain seasamh siar ar feadh tréimhse eile agus deis a chur ar fáil réiteach a aimsiú, seachas an lámh láidir a úsáid ar an toirt. Tá daoine den tuairim fosta, bíodh an ceart acu nó nach bíodh, go bhfuil níos mó spéise ag Meiriceá i saibhreas ola na hIaráice ná in aon rud eile agus gur mhaith le George W. Bush go mbeadh smacht ag comhlachtaí Mheiriceá ar sholáthar ola na hIaráice as seo amach.

Is é bun agus barr an scéil go bhfuil muinín caillte ag daoine as Meiriceá agus go síltear go bhfuil Bush ag dul thar fóir, i gcomparáid le stuamacht an té ar tháinig sé mar chomharba air, Bill Clinton.

Níor mhaith le héinne in Éirinn go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá ach, má thosaíonn cogadh, tá an chuma ar an scéal go bhféadfadh a leithéid tarlú.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.