CÚINNE NA nEALAÍON
Ag tabhairt misnigh agus muiníne don aos óg
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Labhair Ciara Nic Gabhann le Denise McShannon, ealaíontóir a bhfuil baint lárnach aici le tionscadal suimiúil i gceantar atá faoi mhíbhuntáiste i mBaile Átha Cliath.

Íomhá
click here for a larger view of mosaic pictures
Íomhá
click here for a larger view of mosaic pictures
Íomhá
click here for a larger view of mosaic pictures
Íomhá
Íomhá
"Get Up" (ola ar chanbhás)
Íomhá
"Narcissist 1" (uiscedhath)

"Nuair a bhuailtear an ghabhlóg thiúnta líontar an spás folamh thart timpeall air le creathanna beaga atá inláimhsithe ..." Denise Mc Shannon

Is meafar maith í an ghabhlóg thiúnta i gcomhthéacs shaothar agus shaol an ealaíontóra Denise McShannon. Is as Béal Feirste ó dhúchas í Denise ach lonnaithe i mBaile Átha Cliath anois, áit a gcaitheann a cuid ama sáite ina cuid péintéireachta agus ag obair le daoine óga ar thionscadal athnuachana i gcroílár na cathrach. Chaith léi ar na mallaibh le blas beag a fháil fealsúnacht, agus léargas éigin ar a saol agus ar a saothar. an-éagsúlacht i gcúlra Denise. Nuair a chríochnaigh a céim sa phéintéireacht sa Camberwell College of Art i Londain chuaigh go Berlin, áit ar chaith cúig bliana ag obair mar ealaíontóir gníomhaíochta. Ar theacht ar ais go hÉirinn di, chaith roinnt ama ag obair i gContae Shligigh agus ar Oileán Acla. “Is mór an meas ar dhathanna agus ar thionchar an tsolais a thug an tréimhse sin domh; ach i mo chroí istigh is péintéir coirp agus nuair a tháinig ar ais go Baile Átha Cliath thosaigh ag déanamh ransú ar an chorp arís.” fuinneamh agus feolmhaireacht le brath i noicht Denise agus rinne féin tagairt do shaothar Goya, Valesquez, agus do Rembrandt, agus don leas a bhaineann as a saothar. “Níl faiseanta an corp a léiriú ar bhealach traidisiúnta; claonadh láidir ann faoi láthair é a dhéanamh teibí. suim agamsa an corp a thaispeáint ag gluaiseacht - cur síos a dhéanamh ar fhuinneamh agus an dóigh a dtéann sin i bhfeidhm ar an spás thart timpeall orainn. meas agam ar an chorp agus, ag an am céanna, ba mhaith liom é a léiriú ar bhealach leochaileach.”

Athnuachan

I Dheireadh Fómhair thosaigh Denise ag obair leis an NCCAP (North Centre Community Action Project), grúpa a fhaigheann tacaíocht ó Choimisiún na bPáirceanna agus a bhfuil mar sprioc aige athnuachan a dhéanamh ar spásanna poiblí i dtuaisceart na cathrach. cuid den cheantar seo go mór faoi míbhuntáiste ó thaobh fostaíochta agus áiseanna de, agus fadhb mhór drugaí le fáil ann. Bhí mar chuid den sprioc ag an ghrúpa seo daoine óga ón cheantar a mhealladh isteach chun a bheith ag obair ar thionscadal lena dtimpeallacht a dhéanamh níos deise agus dóchas a chruthú don todhchaí agus don ghlúin atá le teacht. In éineacht le beirt eile, Helen Laine agus Mary Kennedy, tharraing siad grúpa d’oibrithe FÁS le chéile agus thosaigh siad ag obair ar bhinsí poiblí a dhearadh agus a thógáil. Beidh siad seo suite i bpáirc áitiúil atá páirteach sa tionscadal athnuachana. “Is é an smaoineamh a bhí againn binsí poiblí a dhearadh agus iad a mhaisiú le mósáicí. Bhí muid ag iarraidh go mbeadh téama spreagúil agus dóchasach sa dearadh agus thóg tamaillín teacht ar théama a thaitin le hachan duine. Bhí cuid den ghrúpa ag iarraidh go mbeadh snáthaidí drugaí, etc. mar chuid den dearadh, mar go bhfuil na drugaí mar chomtharthaí lárnacha do go leor de na daoine óga seo. Sa deireadh thiar thall ghlac an grúpa le téama bunaithe ar na heilimintí - aer, uisce, talamh agus tine - agus thosaigh an obair láithreach ansin. “Bhí teorainn ama measartha teann againn ach, in ainneoin seo, beidh na binsí réidh le cur isteach sa pháirc in am don oscailt oifigiúil leis An Taoiseach Bertie Ahern an mhí seo. Chomh maith leis na binsí, beidh píosaí dealbhóireachta, gairdín luibheanna, agus lúbra ann, le cois rudaí eile.” D’admhaigh Denise go raibh dóchasach go ndéanfadh gníomhartha den chinéal seo difear sa todhchaí ach, go réadúil, ba é an phríomhaidhm a bhí ann muinín agus dearcadh dearfach a chothú i ndaoine óga atá faoi mhíbhuntáiste, macasamhail na ndaoine a bhí páirteach sa tionscadal. “Bíonn an-bhrú ar go leor acu cloí le dearcadh a gcairde agus gan a bheith difriúil, rud atá coitianta i measc daoine óga, dar ndóigh. Chonaic roinnt acu ag iarraidh na mbuanna iontacha a bhí acu a chur faoi cheilt mar nach raibh siad ag iarraidh seasamh amach,” a deir Denise. Nuair a thiocfaidh deireadh leis an tionscadal, luífidh Denise isteach arís ar a cuid péintéireachta féin ar bhonn lánaimseartha. “Faoi láthair ag tarraingt íomhánna éagsúla den chorp agus ag déanamh staidéir ar an spás a chruthaíonn na figiúir thart timpeall orthu féin. I gcuid de na pictiúir línte curtha isteach agam atá chóir a bheith cosúil le tírdhreach. Spreagann an caidreamh atá ag an chorp leis an spás timpeall air go mór .” Taispeánann Denise a saothar ar fud na tíre agus bhí an taispeántas deireanach aici sa Hallward Gallery, 65 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2 (01-662-1482/3). na pictiúir ar díol ar phraghsanna éagsúla, ó €500 suas.

](mosaic1.asp) ](mosaic2.asp) ](mosaic3.asp) Na binsí atá á dtógáil i Fire Station Studios, Baile Átha Cliath

Tuilleadh eolais: denisemcshannon@hotmail.com

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.