AR NA SAOLTA SEO
Míghníomhartha na Breataine in Éirinn
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Tá oiread fianaise bailithe le chéile ag Fiosrúchán Barron go raibh seirbhísí rúnda na Breataine ag feidhmiú go mídhleathach i bPoblacht na hÉireann, a deir Dónall Ó Maolfabhail, go mbeidh ar Rialtas na hÉireann fiosrúchán ceart cuimsitheach a bhunú.

Íomhá
Leacht cuimhneacháin do Seamus Ludlow i nDún Dealgan
Íomhá

Is iomaí gníomh barbartha a raibh fórsaí rúnda Arm na Breataine freagrach as ar an oileán seo le linn Chogadh na Saoirse. Is deacair, ar bhealach, aon locht a fháil orthu. Bhíodar, tar éis an tsaoil, ag cloí réabhlóide laistigh den impireacht. Ach laistigh de thrí mhí, foilseofar fianaise a thugann le fios - blianta fada i ndiaidh don stát seo an impireacht a fhágáil - go raibh seirbhísí rúnda de chuid Arm na Breataine mar chuid dá gcogadh i gcoinne an IRA, páirteach ní hamháin i ndrochobair ó thuaidh, ach freisin páirteach ina leithéid sa stát seo.

Ar an 29 Bealtaine 1974 mharaigh buamaí a phléasc i mBaile Átha Cliath agus i Muineacháin 33 duine. Dúradh ag an am gur dílseoirí paraimíliteacha a bhí freagrach. Ach, de réir mar a tháinig fianaise nua chun tosaigh maidir le leibhéal sofaisticiúlachta na buamála, d’fhás an tuairim nach bhféadfadh dílseoirí paraimíliteacha oibríocht mhíleata den tsaghas seo a chur i gcrích gan chabhair. Mhéadaigh ar an tuairim gur oibríocht mhíleata siceolaíochta a bhí ann, a d’eagraigh fórsaí rúnda Arm na Breataine le tabhairt ar rialtas an deiscirt teacht anuas níos troime ar phoblachtánaigh. Tar éis an tsaoil, sin go díreach a tharla.

I 1999 chinn an Taoiseach Bertie Aherne ar fhiosrúchán ar leith a chur sa tsiúl leis an scéal a fhiosrú. Tuigtear do *Beo! *go bhfuil fianaise sách láidir anois i seilbh Fhiosrúchán Barron a léiríonn go raibh an toil, sna seachtóidí ar a laghad, i réimsí áirithe d’Arm na Breataine gníomhartha tromchúiseacha a chur i gcrích faoi rún, ar dhá thaobh na teorann.

Níl de chumhacht ag an mBreitheamh Barron tabhairt ar dhaoine fianaise a thabhairt i gcoinne a dtola. Tuigtear do *Beo! *nach bhfuil an Breitheamh Barron fós sásta leis an leibhéal comhoibrithe atá á fháil aige ón Ministry of Defence sa Bhreatain. Anuraidh scríobh Ambasadóir na Breataine litir chuig an *Irish Times *ina ndúirt sé nach raibh aon fhírinne sa scéal go raibh an MOD tar éis comhairle a thabhairt d’iarbhaill de chuid Arm na Breataine gan comhoibriú le fiosrúchán an Bhreithimh Barron.

Le déanaí d’fhógair an nuachtán *Ireland on Sunday *go raibh an MOD tar éis comhairle a thabhairt d’iarspeisialtóir buamaí, Bomb Intelligence Officer, Major Maynard, a bhí i Lurgan i 1974 gan comhoibriú leis an bhfiosrúchán. Go dtí seo níl Ambasáid na Breataine tar éis an scéal seo a bhréagnú. Más fíor an scéal seo, agus tuigtear do *Beo! *gur fíor, tá sé inchurtha le hiarbhall sinsearach de chuid na nGardaí diúltú comhoibriú le Fiosrúchán Bhuamáil na hÓmaí.

D’fhéadfadh easpa comhoibrithe an MOD fós a bheith mar chionsiocair le Rialtas na hÉireann fiosrúchán poiblí níos cumhachtaí a bhunú amach anseo leis an scéal uilig a fhiosrú ar shlí níos mine.

Fianaise láidir

Ainneoin chumhachtaí teoranta an Bhreithimh Barron, agus ach go háirithe drochleibhéal comhoibrithe MOD na Breataine, tá foireann an fhiosrúcháin fós tar éis fianaise sách láidir a bhailiú. I meamram slándála a ullmhaíodh do Rialtas na Breataine i mí Dheireadh Fómhair 1971, deirtear go bhfuil an teorainn iomlán oscailte agus, dá réir, nach bhfuil ar a gcumas srian a chur le feachtas an IRA. Míníonn an cháipéis go dteastódh 18 go 29 cathlán leis an teorainn a dhúnadh i gceart. Ach leis seo a dhéanamh, bheadh gá fórsaí a tharraingt ó áiteanna eile ar domhan agus náireodh sé seo an Bhreatain laistigh de NATO.

Ar an ábhar sin, deir an meamram nach bhfuil seo indéanta agus ina áit cuireann trí mholadh eile chun tosaigh. Cuirtear an chéad mholadh, sin le rá gan rud ar bith a dhéanamh, as an áireamh ar an mbonn nach sásódh sé cuid mhór den phobal aontachtach agus, dá bharr seo, nach gcabhródh sé le Faulkner. Bhí Brian Faulkner ag an am i gceannas ar rialtas i Stormont a raibh aontachtóirí agus náisiúntóirí araon páirteach ann. Míníonn an meamram dá dtitfeadh Faulkner, rud a tharla ar deireadh, go dtitfeadh Tuaisceart Éireann faoi riail dhíreach na Breataine. Céim, a deir an meamram, a bheadh “unpalatable”.

Cuirtear an dara moladh as an áireamh, is é sin dlí mhíleata a chur i bhfeidhm, le cuirfiú agus córas cártaí aitheantais, ar an mbonn go bhféadfadh sé a bheith ina bhua gearrthéarmach. Is é an tríú moladh ná go bhfágfaí rudaí mar atá, ach go dtabharfaí cead do General Officer in Command Thuaisceart Éireann na hoibríochtaí míleata nár ceadaíodh dó go dtí sin a fheidhmiú. Ina measc, deir an meamram, bheadh méadú ar oibríochtaí míleata teorann. I dtéarmaí míleata, d’áireofaí aon oibríocht mhíleata sa stát seo sa chatagóir seo.

Sé mhí níos déanaí a phléasc dílseoirí a gcéad bhuama ó dheas den teorainn. Díol spéise freisin é, an bhliain chéanna gur chuir Ceann Foirne Arm na hÉireann, Major General Thomas O’Carroll, meamram chuig Aire Cosanta na linne, Garry Cronin, ina ndúirt sé, “incursions into the Republic by organised Security Forces or partisan elements from N. Ireland …would require an increase in military strength and more border patrols”.

Anuas ar an meamram seo, tá beart eile cáipéisí i seilbh Fhiosrúchán Barron a chruthaíonn fianaise atá cloiste ag an bhfiosrúchán, gur mhinic baill áirithe ó fhórsaí slándála Thuaisceart Éireann páirteach in eachtraí mídhleathacha. Ba mhinic, is cosúil, gur thugadar gunnaí agus ábhar pléascán do ghúpaí paraimíliteacha de chuid na ndílseoirí.

Trasnú na teorann

De réir ráitis a deineadh sa Dáil, tá fianaise ag an stát gur thrasnaigh fórsaí slándála ó na Sé Chontae an teorainn gan chead 812 uair idir Márta 1970 agus Bealtaine 1985. Níl aon dabht ach gur dócha go raibh a bhformhór acu seo neamhurchóideach go maith. Mar sin féin, tuigtear do *Beo! *go bhfuil an Breitheamh Barron, agus é ag scrúdú dhrochobair fhórsaí rúnda Arm na Breataine sa stát seo, tar éis sraith eile dúnmharuithe seachas buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974, a fhiosrú. Ina measc, tá iarracht a rinneadh ar an 20 Meitheamh 1975 traein a raibh 281 ball de chuid Shinn Féin Oifigiúil ar bord a chur de na ráillí le pléascán. Níor éirigh leis an iarracht. Ach ar an lá maraíodh Christopher Phelan, fear bocht 48 bliain d’aois a raibh sé de mhí-ádh air a bheith ag siúl sa cheantar an am.

Ar feadh na mblianta creideadh gurbh é an UVF ó thuaisceart Ard Mhacha ba chúis leis an eachtra. Tá fianaise anois i seilbh an Bhreithimh Barron a léiríonn go raibh “operational presence” ag Arm na Breataine sa cheantar ag an am. Go dtí seo, níor cúisíodh aon duine as marú an Uasail Phelan agus tuigtear do *Beo! *go bhfuil an comhad fós oscailte ag na Gardaí.

Cás eile atá á fhiosrú ag an mBreitheamh Barron is ea cás Seamus Ludlow. B’as Dún Dealgan don Uasal Ludlow, a dúnmharaíodh ar an 1 Bealtaine 1976. Arís, go dtí seo, creideadh gur dílseoirí a bhí freagrach as an gcoir seo.

Tá an Breitheamh Barron ag fiosrú dhúnmharú John Francis Greene i gCo. Mhuineacháin ar an 10 Eanáir 1975 freisin. Bhí an tUasal Greene ina cheannfort san IRA i dtuaisceart Ard Mhacha. Ag an am bhí sos comhraic i bhfeidhm idir an IRA agus Arm na Breataine. De réir Ruairí Uí Bhrádaigh, a bhí ag an am ina cheannaire ar Shinn Féin, bhí tionchar nach beag ag an eachtra seo ar an sos cogaidh a chríochnú. Chuaigh dhá mhí thart i ndiaidh na heachtra sular eisigh an UVF ráiteas ag rá gur iadsan a bhí freagrach as marú an Uasail Greene.

I measc na n-eachtraí eile atá á bhfiosrú ag an mBreitheamh Barron, tá na buamaí a phléasc i mBaile Átha Cliath ar an 1 Nollaig 1972 agus ar an 20 Eanáir 1973, mar aon le buamaí a phléasc i mBéal Tairbirt i gContae an Chabháin i 1972, agus ceann eile a phléasc i mBaile na Lorgan i 1975.

Chomh luath agus a bheidh tuarascáil an Bhreithimh Barron ullamh, bronnfaidh sé í ar an rialtas, a bhronnfaidh í ar an gComchoiste Dlí, Cirt, Comhionannais agus Cearta na mBan. Is faoin gcoiste seo a bheidh sé a bheartú cad í an chéad chéim eile ba chóir a ghlacadh.

Ní cheadaíonn téarmaí tagartha an Bhreithimh dó moladh ar bith a dhéanamh. Más amhlaidh go bhfuil an fhianaise i dtuarascáil Barron chomh láidir agus atáthar ag tuar, beidh dualgas morálta agus dleathúil ar an rialtas muintir agus flaitheas na hÉireann a chosaint agus fiosrúchán ceart a chur ar bun, macasamhail fhiosrúchán Saville. Creidim gur seo a tharlóidh fós.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh do *Magill, i measc foilseachán eile.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.