CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Amhránaí faoin spotsolas
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Nuair a d’fhág Karan Casey an grúpa cáiliúil Solas tháinig bean óg as Tiobraid Árann darb ainm Deirdre Scanláin isteach ina háit mar phríomhamhránaí an ghrúpa. Labhair Antaine Ó Faracháin léi chun fáil amach cén chaoi a dtaitníonn léi a bheith faoin spotsolas.

Íomhá
Deirdre Scanláin (ar chlé) le baill eile an ghrúpa Solas

Antaine Ó Faracháin: A Dheirdre, inis dom rud beag fút féin agus faoi do chúlra ceoil.

Deirdre Scanláin: Is as Tiobraid Árann . Thosaigh féin agus mo dheirfiúracha ag damhsa nuair a bhí bliana d’aois. Nuair a bhí timpeall ocht mbliana d’aois chuamar go Willie Fogarty, ó Aonach Urmhumhan, chun ceol traidisiúnta a fhoghlaim.Thosaíos ar an bhfeadóg stáin agus ansin phiocas suas an fhidil. Ag an am céanna, bhíomar ag glacadh páirte sna comórtaisí Scór.

AÓF: Cén chaoi ar thosaigh ar an amhránaíocht? a mhúin sin duit?

DNíS: Oíche amháin, bhí deirfiúr leis an amhránaí Anne Mulqueen, Mary Hogan, sa halla ag ceann de na comórtaisí sin. Chuala ag canadhMy Irish Molly O”, agus thug cúpla amhrán traidisiúnta dom. Tamall ina dhiaidh sin, bhuail me le hAnne Mulqueen í féin agus thug níos amhrán dom. Bhí amhránaí álainn eile ina cónaí gar do mo cheantar féin, Eileen Briscoe, agus gach seachtain chuaigh chuici siúd chun amhráin a fhoghlaim uaithi. Thosaíos ag glacadh páirte sna fleadhanna ceoil agus bhuaigh Craobh na hÉireann i Lios Tuathail den chéad uair i 1985.

AÓF: Cén obair a bhí ar siúl agat sula ndeachaigh leis an mbanna Solas? Cén chaoi go díreach ar thosaigh leo?

DNíS: Chaitheas cúig bliana ag múineadh. I an Mheithimh 1999 fuaireas glaoch teileafóin ó Mick McAuley ón ngrúpa Solas agus i Lúnasa thosaigh ag canadh leo.

AÓF: Céard iad na taifeadtaí atá déanta agat?

DNíS: Bhíos tar éis albam aonair a dhéanamh níos luaithe sa bhliain - Speak Softly *an teideal atá air. dhá albam déanta agam leis an ngrúpa, *The Hour Before Dawn *in 2000 agus *The Edge of Silence in 2002. Táimid chun albam nua a thosnú i an Márta.

AÓF: Cumann amhráin freisin, nach gcumann? Céard a spreagann chun cumadóireachta thú?

DNíS: Is cumadóir ceart go leor. Bhí trí amhrán ar m’albam aonair a chum féin. Is gnáthrudaí a spreagann chun cumadóireachta , grá, bás agus araile.

AÓF: Cén áit a bhfuil cónaí ort anois?

DNíS: Caithim an chuid is den bhliain i Meiriceá agus is breá liom é. baill an ghrúpa ina gcónaí in áiteanna difriúla. Mick McAuley fós ina chónaí i gCill Chainnigh.

AÓF: baill an bhanna ina gcónaí in áiteachaí difriúla conas a eagraíonn sibh an ceol agus an cleachtadh? a dhéanann an cóiriú ar an gceol?

DNíS: Roimh thuras a dhéanamh bailimid le chéile i Philadelphia chun cleachtadh a dhéanamh. Bíonn cead cainte ag gach duine maidir leis an gcóiriú ar an gceol agus ar na hamhráin, agus nuair a bhíonn albam á dhéanamh againn bíonn gach duine ag smaoineamh ar cheol agus ar amhráin. Bíonn téipeanna ag dul anonn is anall eadrainn an t-am ar fad.

AÓF: Ainmnigh roinnt amhránaithe a thaitníonn leat agus cad iad na saghsanna ceoil a thaitníonn leat?

DNíS: Is breá liom na hamhránaithe Meiriceánacha cosúil le Emmylou Harris, Dolly Parton agus Alison Krauss, ach fós is breá liom Kate Rusby ó Shasana, Niamh Parsons ó Bhaile Átha Cliath agus Mairead Mhaonaigh ón ngrúpa Altan. Bím ag éisteacht le gach saghas ceoil mar bím ag bualadh le hamhránaithe agus ceoltóirí difriúla ag na féilte a bhíonn ar siúl i Meiriceá i rith an tsamhraidh.

AÓF: An dtaitníonn leat a bheith ag taisteal thart leis an mbanna?

DNíS: Is breá liom a bheith i m’amhránaí proifisiúnta mar is féidir liom bualadh le ceoltóirí agus amhránaithe difriúla cosúil leis na daoine atá luaite agam. Is breá liom an bhís a bhíonn ort ó bheith ag canadh ar an stáitse agus a bheith ag bualadh le daoine ó gach ceard. a lán áiteanna feicthe agam i Meiriceá. Is maith liom bheith ar thuras, ag dul ar an mbus ó bhaile go baile, ach go hiontach fós filleadh ar ais ar Thiobraid Árann.

AÓF: Nuair nach mbíonn ag plé leis an gceol cad a dhéanann mar chaitheamh aimsire?

DNíS: Caithim a lán ama le mo thriúr nia agus is maith liom a bheith ag déanamh taighde ar an idirlíon agus ag léamh.

AÓF: Cad iad na pleananna atá agat an bhfuil aon tionscadal spéisiúil idir lámha agat faoi láthair?

DNíS: I mbliana beidh albam nua á dhéanamh ag Solas, mar a luaigh , agus níos déanaí sa bhliain beidh ag obair ar albam aonair eile.

AÓF: Ceist amháin eile agam ort: Cén t-am a dtéann a chodladh?

DNíS: Bhuel, braitheann sin ar an gcomhluadar!

tuilleadh eolais le fáil faoin ngrúpa Solas ag: www.solasmusic.com

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.