AR NA SAOLTA SEO
Dúnmharú Brenda Wynne
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Fuair cara le Tony Birtill, Brenda Wynne, bás trí i ndiaidh do ghadaithe í a ionsaí i lár na míosa seo caite.

Íomhá
Brenda Wynne: fuair bás ar an 14 Eanáir

Bhí brón ar mo rang Gaeilge i Learpholl an mhí seo caite, agus ar gach duine eile sa Chlub Éireannach ina bhfuil suite, nuair a chuala muid gur dúnmharaíodh duine de na baill.

Fuair Brenda Wynne bás ar an 14 Eanáir, trí tar éis do bheirt ghadaithe ionsaí a dhéanamh uirthi ar an tsráid. Bhí 63 bliana d’aois, agus ceathrar iníonacha agus triúr garpháistí aici.

Chas uirthi féin agus ar a fear céile Jimmy den chéad uair thart 20 bliain ó shin sa seanchlub Éireannach ar Mount Pleasant i lár na cathrach. D’oibrigh Brenda i Jacobs, monarcha brioscaí i Learpholl, agus leictreoir ab ea Jimmy. Chuir siad fáilte romham i gcónaí ina dteach néata i mbruachbhaile West Derby. Bhí an-suim acu sa stair agus i gcultúr na hÉireann agus is minic a fuair leabhar ar iasacht ón chnuasach a bhí acu.

Is ceantar ciúin é West Derby agus bhí Brenda ar a bealach abhaile tar éis oíche Aoine sa teach tábhairne áitiúil nuair a leag beirt fhear go talamh í agus ghoid siad a mála láimhe. raibh ach £13 ina sparán, mar aon le rudaí beaga pearsanta, agus shíl ag an am nach raibh gortaithe go dona. Bhí cóngarach don teach agus shiúil abhaile, áit ar chuir fios ar na póilíní. Cuireadh bindealán ar a glúin san otharlann, agus nuair a d’fhill ansin Máirt le haghaidh scrúdú eile, thit i gceann a cos. go raibh san otharlann, raibh na dochtúirí ábalta í a shábháil agus fuair bás ó chnapán fola ina scamhóg.

Dúirt an Príomhchigire Brian McNeill ó Merseyside Police gur de bharr ionsaí na ngadaithe a fuair Brenda bás, agus tosaíodh imscrúdú mór ar an toirt. Thosaigh póilíní ag dul ó theach go teach sa cheantar ag labhairt le daoine agus ag cuartú an mhála láimhe, a raibh bonn aingil choimhdeachta air. Dúirt na bleachtairí go raibh siad ag cuartú beirt fhear tanaí ina bhfichidí.

As Béal Feirste máthair Jimmy agus is minic a bhí féin agus Brenda ansin. “Rud íorónta é go raibh muid ag siopadóireacht le chéile ar Bhóthar na bhFál agus ar Bhóthar Aontroma go rialta i rith na dTrioblóidí gan fadhb ar bith. Agus ansin maraíodh Brenda ar ár mbóthar féin anseo,” arsa Jimmy liom nuair a thug cuairt air.

Bhí sláinte mhaith aici - raibh tinn le blianta agus raibh san otharlann ó bhí 1973 ann,” arsa seisean.

Scrúdú iarbháis

Ba chúis mhór bróin eile don teaghlach nuair a fuair siad amach ó na póilíní nach mbeadh siad ábalta corp Brenda a fháil sochraid a eagrú ar feadh 25 ar a laghad, mar go mbeadh scrúdú iarbháis ann. “Agus ghabhann na póilíní na gadaithe, beidh a n-aturnae ábalta scrúdú iarbháis neamhspleách a fháil agus cuirfidh sin moill eile ar an tsochraid,” arsa Jimmy liom.

Sin gné den chóras dlí s’againne, ar ndóigh - bhíonn mórán suime san íospartach thugtar mórán airde air/uirthi. Bíonn an bhéim uilig ar an chúisí. A mhalairt ar fad a bhí i gceist i gcás Dhlíthe na mBreithiúna, an seanchóras dlí in Éirinn, nuair a bhí an bhéim ar aisíocaíocht don íospartach. go bhfuil rudaí ag athrú rud beag sa atá inniu ann, agus bíonn díospóireacht ann faoirestorative justice”, mothaíonn íospartaigh go bhfuil siad ina n-aonar, gan tacaíocht.

Níor chuir an cur síos ar na gadaithe iontas orm, mar déanann andúiligh drugaí an chuid is den ghadaíocht anseo agus bíonn siad i gcónaí tanaí. Feicim iad ag crochadh thart fán stáisiún áitiúil, cuma sealgairí orthu, ag iarraidh airgid don chéad *fix *eile. nach mbíonn an chuid is acu ach ina bhfichidí, bíonn cuma chaite orthu cheana féin. Hearóin an druga ba choitianta ina measc go dtí le gairid, ach thit luach cócaon agus glacann siad a lán acu *crack cocaine *anois.

Bíonn faiseanta i measc réaltaí popcheoil drugaí a ghlacadh, agus molann cuid acu iad ina gcuid ceoil. sin maith go leor ina gcás siúd, leis an saibhreas atá acu, ach in áiteanna mar seo is gnáthdhaoine macánta, cosúil le teaghlach Brenda Wynne, atá ag fulaingt.

D’aimnigh an Rúnaí Gnóthaí Baile, an feisire David Blunkett, an ceantar seo mar cheann de na 30 áit is measa sa tír maidir le coireacht/drugaí an mhí seo caite agus dúirt go mbeadh níos airgid ar fáil chun na fadhbanna a réiteach."Drugs can tear communities apart and make thieves and villains out of those who would, under normal circumstances, be law-abiding citizens,” dúirt .

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.