CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Máire Mhic Ghiolla Íosa - Beathaisnéis (Cuid 1)
Ray Mac Mánais Ray Mac Mánais

Seo sliocht as Máire Mhic Ghiolla Íosa - Beathaisnéis le Ray Mac Mánais, beathaisnéis údaraithe Uachtarán na hÉireann. Tugadh cead don údar, múinteoir Gaeilge an Uachtaráin, a dialanna pearsanta a léamh agus dul trína páipéir phríobháideacha. Déanann an leabhar cur síos ar a saol ó rugadh í go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtarán i 1997.

Íomhá
Íomhá

Sna laethanta sin i Lúnasa 1969 dódh tréigeadh 1,800 teach i mBéal Feirste, ar le Caitlicigh 1,500 díobh agus le Protastúnaigh an 300 eile. Maraíodh deichniúr, gortaíodh 745 duine go dona, 154 acu le hurchair ghunnaí. Tharla cuid mhór den lámhach sin i gceantar Ard Eoin. Dar le Paddy [athair Mháire] nárbh é an áit cheart é le clann óg a thógáil agus cúrsaí mar a bhí. Bhí racht sin Mháire i ndiaidh a sháil a chur i dtaca. Chuir an teaghlach uilig isteach sa charr leis an oiread éadaí agus acraí agus a d’fhéadfadh a iompar agus as go brách leo go Baile Átha Cliath. D’imigh an chlann uile seachas Nóra a bhí gafa le léiriú de chuid na Young Lyric Players agus a bhí ag iarraidh fanacht i mBéal Feirste.

Cúpla i ndiaidh do mhuintir Leneghan cathair Bhéal Feirste a fhágáil, roghnaíodh tábhairne Paddy mar cheanncheathrú don chéad cheann de na coistí cosanta áitiúla a d’fhásfadh ar fud na bhfud thar oíche. Scríobh Paddy Devlin faoi ina dhírbheathaisnéis, Straight Left:

The Long Bar in Leeson Street, run by a very friendly man called Paddy Leneghan, had been taken over as an unofficial headquarters by this new leadership. I felt it was important to get these citizens’ defence committees under some sort of organised control. The committees had been set up by local priests like Canon Pádraig Murphy as well as local businessmen like Tom Conaty. D’fhág muintir Leneghan ina ndiaidh é. Fuair siad teach ar cíos, gan stró, ar Bhóthar Chill Mhic Cuda, i nDeisceart Bhaile Átha Cliath. Bhí roinnt airgid i dtaisce ag Paddy agus Claire do na coise tinne. Bhí an sin buailte leo anois. Agus iad ag fágáil Bhéal Feirste an oíche sin raibh a fhios ag Muintir Leneghan an bhfeicfidís an baile choíche arís, bhí cúrsaí chomh dona sin.

D’fhan muintir Leneghan i mBaile Átha Cliath ar feadh míosa. Bhí siad sásta dul ar aghaidh go Ros Comáin agus cur fúthu i seanteach thuismitheoirí Paddy mba ghá, rachadh cúrsaí ó thuaidh in olcas. Bhí doiligh orthu glacadh leis an leithleachas a mhothaigh siad thart orthu i mBaile Átha Cliath. chuir an scoilt aduain Thuaidh-Theas isteach ar Claire agus ar Paddy, chiap Máire ar fad. Níor thuig easpa suime mhuintir Bhaile Átha Cliath sna tragóidí a bhí ag tarlú céad míle uathu.

Mar bhall de Choiste Náisiúnta Chumann Naomh Uinseann de Pól bhí aithne ag Máire ar bhaill shinsearacha na heagraíochta sin cois Life. Chuaigh chun cainte le hUachtarán an Chumainn le go dtabharfadh tuairisc suas lena bhéal ar an ghéarchéim ó thuaidh. Dar léi nár tugadh mórán éisteachta di. Chuaigh i dteagmháil le beirt chairde léi, Bob agus Bill Cashman, baill den Choiste Náisiúnta. Bhí ag iarraidh iad a tharraingt léi chun an Cumann a ghríosadh ach saothar in aisce a bhí ann. Le teann feirge agus déistine scríobh litir láidir ag cáineadh an chumainn a raibh oiread sin measa aici air le fada. Lochtaigh iad as laghad agus as moille a bhfreagartha. go raibh cairdiúil i gcónaí le Bill agus le Bob Cashman d’éirigh as an Choiste Náisiúnta agus as an chumann ar fad, sa deireadh.

Nuair a thug muintir Leneghan aghaidh ó thuaidh arís faoi lár mhí Mheán Fómhair bhí rudaí ciúnaithe go mór i gceantar Ard Eoin. Bhí na línte síochána tógtha, bhí Arm na Breataine ar patról, agus raibh na ruathair laethúla á ndéanamh ó gach taobh de Bhóthar Chromghlinne a thuilleadh. Ach thart ar theach Leneghan in uimhir 657 bhí rudaí ba mheasa mar a bhí riamh. Faoi dheireadh mhí Lúnasa bhí an polarú déanta. Bhí uimhir 657 ar choirnéal Bhóthar Hesketh, sráid a rith isteach ón phríomhbhóthar go heastát Protastúnach Glenbryn. Sa bhliain 2001 chonaic an domhan mór an dóigh ar chaith roinnt de mhuintir an eastáit sin le girseacha óga Ard Eoin agus iad ar a mbealach chun na scoile. Ag tús na seachtóidí ba ar an bhealach chéanna a chaith siad le muintir Leneghan.

Bhí Máire ag tiomáint suas Bóthar Chromghlinne ar a bealach chun an bhaile ón nóibhéine sa séipéal. Bhí faoi chúpla céad slat teach féin nuair a chonaic grúpa cailíní ag tabhairt faoi chailín aonair. Nuair a tháinig ba ghaire don ghráscar chonaic gurbh í a deirfiúr Catherine a bhí ann, í faoi ionsaí ag cúigear cailíní Protastúnacha. Thiomáin léi ar aghaidh abhaile, rug ar a deirfiúr Nóra, agus ar ais leis an bheirt acu le dul i gcabhair ar Catherine, a bhí ar an talamh faoin am seo agus na cailíní eile á ciceáil. D’éirigh leis an bheirt an cúigear a ruaigeadh. Bhí Catherine measartha gortaithe, ach ba mheasa an riocht ina raibh a cuid néaróg ina dhiaidh. Shocraigh Paddy agus Claire Catherine a chur go Clochar San Louis i gCill Chaoil, Co. an Dúin, agus na buachaillí a bhí in aois meánscoile, Damien agus Patrick, a chur go Coláiste Cholmáin ar an Iúr, iad ar fad mar scoláirí cónaithe. D’fhan Máire, Nóra agus na daltaí bunscoile, Claire Óg agus Phelim, agus Clement, a bhí fós ina thachrán, sa bhaile.

Sular fhág Catherine Béal Feirste le dul ar an scoil chónaithe tharla eachtra a chuir tuilleadh scanraithe uirthi. Satharn amháin a raibh Claire agus Paddy as baile bhí círéib faoi lán seoil ar Bhóthar Chromghlinne, an bóthar ag glioscarnach le gloine bhriste agus an t-aer bréan le boladh gáis. Cúpla céad slat ón chomhrac, tigh Leneghan, chuala Máire Catherine ag screadaíl le pian. Rith isteach sa seomra a raibh Catherine ann agus thuig láithreach gur aipindicíteas a bhi uirthi. Thriail glaoch ar otharcharr ach raibh an guthán ag obair. B’éigean di aghaidh a thabhairt ar Otharlann an Mater, míle go leith síos an bealach mór. D’iompair Máire a deirfiúr formhór an bhealaigh, an bheirt acu ag dul ar foscadh ó am go chéile agus buidéil á mbriseadh thart orthu, ag sciorradh i leataobh go minic ó chlocha, iad ag lámhacán ar an bhóthar in amanna eile nuair a thosaigh fras lámhaigh. D’fhan siad sna cúlsráideanna. Ar Shráid Chatham bhí babhlaí lán d’fhínéagar fágtha ag muintir na háite ar leaca na bhfuinneog. Thum Máire agus Catherine a gciarsúir sa leacht agus chlúdaigh béal agus srón leo, mar chosaint ar an ghás. Bhí Catherine breá sásta le suaimhneas Chill Chaoil i ndiaidh na heachtra sin.

Bhí John bodhar agus bhí scolaíocht speisialta de dhíth air. D’fhreastail ar naíscoil speisialta in mBaile an tSiúrtánaigh, taobh amuigh de Bhéal Feirste sula ndeachaigh go Scoil Mhuire gan Smál i Stigh Lorgan i mBaile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin chuaigh ar ais go Baile an tSiúrtánaigh, áit ar fhreastail ar mheánscoil speisialta. Ba ghnách leis oíche dhó sa tseachtain a chaitheamh in Institiúid Náisiúnta na mBodhar ar Chearnóg an Choláiste i lár na cathrach agus d’fhaigheadh síob abhaile i gcónaí ó mhinistir Protastúnach. Oíche amháin raibh an ministir ann le bealach a thabhairt . B’éigean do John dul abhaile ar an bhus. Shíl go mbeadh sábháilte go leor bhí stad an bhus díreach trasna an bhealaigh ó theach Leneghan.

Thuirling agus thrasnaigh an bóthar. Bhí bliana déag d’aois, neamhurchóideach agus bábánta ar chúrsaí an tsaoil. Níor chuala an triúr ag caint agus ag cogarnaíl taobh thiar de agus é ag dul isteach an geata. Níor chuala trup na mbróg nuair a thosaigh siad ag rith ina dhiaidh. Istigh i ndomhnán beag neamhchoireach a chiúnais níor shamhlaigh an t-uafás a bhí ag tarraingt air, anfa a chuirfeadh cor ina shaol. fhaca an buidéal a bhí dírithe ar a chloigeann lom. fhaca ach an scáil a chaith an lampa sráide ar dhoras an . Thiontaigh . Chonaic an triúr acu ach bhí rómhall. Briseadh buidéal ar a cheann. Scoilteadh a bhlaosc. Bhuail an triúr arís agus arís é. Sháigh siad an buidéal briste isteach ina aghaidh agus bhain píosa shrón agus smiota as clár a éadain.

Istigh sa teach chuala Máire agus an chuid eile na scréacha agus an tormán taobh amuigh den doras. Chuala siad trup na mbróg agus na hionsaitheoirí ag imeacht ar cosa in airde. Chuala siad an t-éagaoineadh ag éirí níos laige agus níos truacánta. Rith Máire chuig an doras agus d’oscail é go pras. Ar dtús níor aithin an créatúr a thit isteach, a chuid fola ag maothú an chairpéid agus an pháipéir bhalla. Chrom síos leis an fhuil a ghlanadh aghaidh agus b’ansin a d’aithin a deartháirín John.

Sciobadh ar shiúl é chun na hotharlainne in otharcharr. Ba dhóbair bás a fháil. Dúirt na dochtúirí go raibh an t-ádh dearg air teacht tríd. Bhí Máire ar mire le fearg agus le beaginmhe. gur cuireadh fios ar an RUC agus go raibh John ábalta a leo a bhí ciontach, níor cúisíodh duine ar bith riamh. ruball tragóideach leis an scéal seo an teaghlach lánchinnte go bhfuarthas duine de na hionsaitheoirí sin ciontach i ndúnmharú cúpla bliain ina dhiaidh sin.

Scríobh Máire litir chuig The Irish News go gairid i ndiaidh an ionsaithe, ag maíomh gur chóir seanphionós na fuipe a thabhairt ar ais arís agus é a chur i bhfeidhm go speisialta i gcás coirpeach a gheofaí ciontach i dtromionsaí. Ba ghearr gur thuig gur racht feirge agus beaginmhe a thug uirthi peann a chur le pár agus a leithéid sin a lorg. Bhí aiféala uirthi gur éiligh pionós corpartha agus an t-éileamh sin ag teacht salach ar gach ar chreid riamh ann.

Seolfar *Máire Mhic Ghiolla Íosa - Beathaisnéis le Ray Mac Mánais in oifigí Fhoras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar 20 Márta 2003. Is iad Cló Iar-Chonnachta na foilsitheoirí. Praghas: €25 (clúdach crua)*

Ar leanúint an mhí seo chugainn.

GluaisGlossary

beathaisnéis údaraitheauthorized biography

a dialanna pearsantapersonal diaries

páipéir phríobháideachaprivate papers

go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President

dódh tréigeadh 1,800 teach1,800 houses were burnt or abandoned

lámhachshooting

rachtoutburst

acraí household utensils

as go brách leooff they went

léiriúproduction

cheanncheathrúheadquarters

coistí cosanta áitiúlalocal defence committees

dírbheathaisnéisautobiography

gan strówithout difficulty

i dtaiscesaved

do na coise tinnefor a rainy day

bhí cúrsaí chomh dona sinthings were so bad

mba gháif it was necessary

leithleachasselfishness

scoilt aduainstrange split

chiap Máire ar fadit really tormented Máire

easpa suimelack of interest

tragóidítragedies

Cumann Naomh Uinseann de PólVincent de Paul Society

baill shinsearacha na heagraíochta sin cois Lifethe senior members of that society in Dublin

tuairisc suas lena bhéal a report up to his face

géarchéimcrisis

chun an Cumann a ghríosadhto spur the Society into action

saothar in aiscewaste of time

déistindisgust

ag cáineadhcriticising

ciúnaithe go mórgreatly quietened

línte síochánapeace lines

ruathair laethúladaily raids

polarúpolarization

girseacha ógayoung girls

nóibhéinenovena

cailín aonaira lone girl

ba ghaire don ghráscarnearer to the scuffle

le dul i gcabhair ar Catherineto go to Catherine’s help

an cúigear a ruaigeadhto drive the five off

riochtstate

a cuid néarógher nerves

clocharconvent

ar an Iúrin Newry

tachrántoddler

eachtraincident

círéibriot

faoi lán seoilin full swing

ag glioscarnachglistening

bréan le boladh gáissmelling bad from gas

comhracfight

otharcharrambulance

formhór an bhealaighmost of the way

ag dul ar foscadhsheltering

ag sciorradhsliding

ag lámhacáncrawling

fras lámhaighvolley

babhlaíbowls

a gciarsúirtheir hankies

leachtliquid

cosaintprotection

bodhardeaf

bhí scolaíocht speisialta de dhíth airhe needed special schooling

ba ghnách leishe used to

d’fhaigheadh síob abhailehe used to get a lift home

stad an bhusthe bus stop

thuirling séhe disembarked

neamhurchóideachinnocent

bábántainnocent

ag cogarnaíl taobh thiar dewhispering behind him

trup na mbrógthe sound of the shoes

neamhchoireachinnocent

níor shamhlaighhe didn’t imagine

an t-uafásthe horror

anfaterror

cortwist

dírithe ar a chloigeann lomaimed at his bare head

scáilshadow

scoilteadh a bhlaoschis skull was split open

scréachascreams

na hionsaitheoiríthe attackers

níos truacántamore plaintive

go prasquickly

ag maothú an chairpéidmoistening the carpet

Ba dhóbair bás a fháilHe nearly died

go raibh an t-ádh dearg airthat he was extremely lucky

ar mire le feargmad with rage

beaginmhehelplessness

a bhí ciontachwho was responsible

níor cúisíodh duine ar bith riamhnobody was ever charged

ciontach i ndúnmharúguilty of murder

go gairid i ndiaidh an ionsaitheshortly after the attack

ag maíomhstating

seanphionós na fuipethe old whip punishment

i gcás coirpeach a gheofaí ciontach i dtromionsaíin case of criminals found guilty of assault

peann a chur le párto put pen to paper

aiféalaregret

gur éiligh pionós corparthathat she demanded corporal punishment

ag teacht salach ar gach ar chreid riamh anngoing against everything she ever believed in

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.