AR NA SAOLTA SEO
An DUP agus Sinn Féin ag obair as lámh a chéile: An dtiocfaidh an ?
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

fhaigheann an DUP an lámh in uachtar ar an UUP sna chéad toghcháin eile, beidh ar an pháirtí ceannaireacht dhearfach a thabhairt seachas a bheith i gcónaí diúltach, a deir Robert McMillen.

Íomhá
An comhairleoir Pat McGeown, Sinn Féin
Íomhá
Sammy Wilson ón DUP
Íomhá
Richard Haass: Beidh in Éirinn an mhí seo

Comhairleoir Sinn Féineach a bhí i Pat McGeown. An t-aonú stailceoir déag a tugadh air mar gur ghlac páirt i stailc ocrais 1981, nuair a fuair deichniúr poblachtánach bás. Nuair a d’éag Joe McDonnell, ghlac Pat McGeown a áit. Bhí 43 ar stailc bia nuair a cuireadh deireadh leis an fheachtas le stádas polaitiúil a bhaint amach do chimí poblachtánacha.

Rinne an stailc an-damáiste shláinte. Tháinig galar croí ar McGeown, rud a chuir isteach air an chuid eile shaol, ach in ainneoin na heasláinte, toghadh é mar chomhairleoir ar Chomhairle Chathair Bhéal Feirste i 1989.

Fuair bás de thaom croí ar an 29 Meán Fómhair 1996. Bhí cruinniú de choiste na Comhairle le bheith ann an oíche sin ach dúirt feisire an DUP, Sammy Wilson le bunadh Shinn Féin go gcuirfi ar ceal é le go dtiocfadh leo ómós a thabhairt gcomrádaí. Luaím seo mar léiriú ar dhearcadh an DUP ar Shinn Féin. Ba é, agus is é go fóill, Sammy Wilson an namhaid is géire atá ag Sinn Féin i Halla Chathair Bhéal Feirste. Fear a labhraíonn go binbeach Chaitlicigh, agus fán chultúr Éireannach, an fear a dúirt gur teanga leipreachán a bhí sa Ghaeilge, a thugleadbellyar Alex Maskey i ndiaidh do dhílseoirí é a scaoileadh sa bholg, an fear a dúirt gurb é Cumann Luthchleas Gael eite spóirt an IRA.

Is daoine daonna iad baill an DUP, lán contrárthachtaí agus coimhlintí inmheánacha cad is ceart agus cad is contráilte ann, ainneoin na híomhá a chuirtear chun tosaigh go bhfuil siad mar phictiúr Andy Warhol, ina gclóin ag Ian Paisley. Ar an teilifís an mhí seo caite, dúirt Gregory Campbell go raibh gach uile bhall den pháirtí ar aon intinn achan rud, íomhá scanrúil mbeadh fíor, ach níorbh fhíor do Ghregory.

Dúirt Willie Hay, a bhí mar Ard-Mhéara ar Dhoire den tsaol, go bhfeicfeadh an t-am nuair a thiocfadh le páirtí s’aige bheith ag comhoibriú le Sinn Féin. Measann poblachtánaigh gur ag iarraidh tuilleadh brú a chur orthu a bhí an tUasal Hay, ach tháinig freagra láithreach ó cheanncheathrú an pháirtí ag nach mbeadh comhoibriú idir iad féin agus Sinn Féin choíche.

Greim ag éirí lag

Tuairiscítear go gcaithfidh gach ráiteas a eisítear ar son an DUP dul fríd oifig lár an pháirtí. Ach ó tharla gur thug Hay an chaint, tchím féin é mar chomhartha go bhfuil greim *eminence grise *an pháirtí ag éirí lag. Le dul in aois Ian Paisley, níl le feiceáil le cluinstin oiread agus ba ghnách. seo ag tabhairt spáis do bhaill an pháirtísmaointiú os ard”. éiríonn leo an bhua a fháil ar an UUP - bhíonn toghcháin ann i Áibreáin - beidh siad in áit nach raibh siad roimhe. In ionad a bheith ina shíorfhreasúra, gan ach an focalNoina bhfoclóir, beidh ar an DUP moltaí réadúla a chur chun tosaigh mar cheannairí an phobail aontachtaigh. Beidh air ceannaireacht dhearfach a thabhairt, eispearas nua don DUP, agus beidh air déileáil le Sinn Féin mar atá siad a dhéanamh i gcomhairlí fud fad na Chontae.

céim ró-mhór chun tosaigh é sin. Ainneoin shéanadh na bpoblachtánach, meastar go bhfuil siad ag ullmhú gníomh tógtha muiníne, gníomh críochnaithe le tuilleadh brú a chur ar Rialtas na Breataine maidir ledímhíleatú”. bhíonn drámatúil mar ghníomh, b’fhéidir go dtiocfaidh tuar thairngreacht Hay. Ach níl aon fhianaise ann go bhfuil poblachtánaigh réidh lena leithéid de ghníomh a thionscnamh agus an oiread sin diúltachais i gcaint an DUP gur an seans, bhí seans riamh ann, go ndéanfadh an IRA iarracht an DUP a mhealladh.

Ag an am chéanna, an UUP ag rith thart mar a bheadh sicín gan chloigeann ann. Níl an chuma ar Trimble go bhfuil fís dhearfach aige den bhealach chun tosaigh. cuma thuirseach air. Ba é an masla a chaith an UUP ar an DUP gur éalaigh siad ón choimhlint le Sinn Féin agus gur sheas an UUP an fód sna cainteanna ilpháirtí as ar fáisceadh Comhaontú Aoine an Chéasta. Anois, Trimble agus a chomhghleacaithe ag seachaint cainteanna ag Stormont oiread agus is féidir, ag cuartú gach uile leithscéal le fanacht ar shiúl.

Ar a laghad beidh an Thaoiseach, Bertie Ahern agus Tony Blair, i mBéal Feirste ar an 12 Feabhra le fuinneamh a chur sa phróiseas. Ábhar suntais eile go bhfuil Martin McGuinness i Meiriceá choinne cainteanna le Richard Haass, Comhairleoir George W. Bush ar Éirinn. Beidh an tUasal Haass in Éirinn an mhí seo. seo uilig ag éirí cosúil le choreography, nach bhfuil?

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.