CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Transcript - iris liteartha nua ar líne
Diarmuid Johnson Diarmuid Johnson

Tá sé mar aidhm ag an iris idirlín Transcript pobal léitheoireachta níos mó a chruthú d’údair chumasacha Eorpacha nach mbíonn díol mór ar a saothar, mar a mhíníonn eagarthóir na hirise, Diarmuid Johnson.

Íomhá

Más spéis leat an litríocht, tabhair cuairt ar *Transcript *(www.transcript-review.org), iris nua ar líne i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis. Is é is sprioc do *Transcript *ná lucht léitheoireachta a aimsiú do scoth na n-údar ar fud na hEorpa nach mbíonn díol an-mhór ar leabhra ina dteanga dhúchais.

Orthu sin tá na teangacha Bailteacha, na teangacha Ceilteacha, na teangacha Lochlannacha, na teangacha Balcánacha, cuid de na teangacha Slavacha, agus cuid de theangacha na hIbéire, an Phortaingéilis agus an Chatalóinis, cuir i gcás. Foilsíonn *Transcript *eolas faoi rogha údar i ngach eagrán, mar aon le sonraí faoin saothar atá foilsithe acu, agus faoi na haistriúcháin atá ar fáil. Ar an gcaoi seo, is féidir le lucht foilsitheoireachta i dtíortha go leor súil a chaitheamh ar leabhra ón iasacht, agus cuid acu a chur á n-aistriú, má thaitníonn siad leo.

Cén fáth a bhfuil lena leithéid seo? Seo fíric daoibh: níor foilsíodh ach 2,000 cóip d’úrscéal nua Drago Jancar na Slóivéine, Katharina, The Jesuit and The Peacock. Agus seo: níor foilsíodh leabhar de chuid Imre Kertész i Sasana sular bhuaigh sé an Duais Nobel. Maidir le Wil Roberts na Breataine Bige, £500 a íocadh leis anuraidh ar Paradwys (Parthas), úrscéal nach dóigh gur scríobhadh a shárú sa mBreatnais riamh. Is í obair *Transcript *saothar na scríbhneoirí seo agus a macasamhail a chur chun cinn. Seo fíric eile: na leabhra a bhíonn ar díol i Sasana, ní aistriúcháin ach 3% díobh. Na leabhra a dhíoltar sa nGearmáin, is aistriúcháin suas le 60% díobh. Is í obair *Transcript *féachaint le héagsúlacht a chur i margadh na leabhar, go mór mór i dtíortha an Bhéarla.

Mar ar fud na hEorpa tá scríbhneoirí fuinniúla, dúshlánacha ag inseacht scéal an duine. Scéal an duine i dtíortha gan daonlathas. Scéal an duine i dtíortha gan saibhreas. Is í obair *Transcript *an scéal seo a chur á inseacht i mBéarla, i nGearmáinis agus i bhFraincis. Dá mhéad de scéal an duine a bheidh le léamh is ea is mó an tuiscint a bheidh ag pobail na hEorpa ar a chéile. Agus i ndeireadh na dála, ní síocháin go tuiscint.

Cé hiad na scríbhneoirí a bhfuil cur síos orthu sa gcéad eagrán de Transcript, más ea? Chomh maith leis an triúr atá luaite thuas, tá Olga Tokarczuk na Polainne. Tá fáil ar úrscéal leisean, House of Day, House of Night, ó Granta Books. Úrscéalta staire atá i dtrí leabhar a bhfuil cur síos orthu i Transcript. Sin iad *Treading Air *le Jaan Kross na hEastóine, *The Life of Ismail Ferik pasha *le Rhea Galanaki na Gréige, agus *All Things Transient are but a Likeness *le Steve Sem-Sandberg na Sualainne. Leabhar faoi phoblachtaí an lucht oibre sa nGearmáin i ndeireadh an Chéad Chogadh Domhanda atá ag fear na Sualainne; baineann saothar Kross le forlámhas na Rúise san Eastóin idir an dá chogadh; cur síos ar éirí amach sa gCréit in aghaidh na dTurcach thart ar 1870 atá i leabhar Galanaki. Tá breis eolais le fáil orthu ach dul go www.transcript-review.org.

Is foilseachán de chuid Literature Across Frontiers (LAF) atá i Transcript. Is tionscadal trí bliana é atá á urrú ag Coimisiún na hEorpa. Páirtíocht thrasnáisiúnta is bunús don tionscadal agus do LAF chomh maith. Is ón bhFionlainn, ó Phoblacht na Seice, ón gCatalóin agus ón mBreatain Bheag do na príomhpháirtithe, agus tá lámh ag ILÉ (Idirmhalartán Litríochta Éireann) san obair freisin. I measc na ndaoine atá luaite go mór le *Transcript *tá Alexandra Büchler, stiúrthóir LAF, Ned Thomas (Mercator) agus Sioned Rowlands (Welsh Literature Abroad).

Má tá eolas agat féin ar údar arbh fhiú a shaothar a aistriú ó mhionteanga, nó ó theanga nach mionteanga í, cuir scéala cuig eagarthóir na hirise, Diarmuid Johnson, ag an seoladh ríomhphoist seo: idj@aber.ac.uk.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.