
Ag deireadh na nóchaidí, bhí Carrie Crowley le feiceáil ar an teilifís an t-am go léir. D’éirigh sí as an obair theilifíse go tobann, áfach, agus is beag trácht a bhí uirthi ar feadh roinnt blianta. Tá sí ar ais ar na scáileáin anois, áfach, agus, mar a mhínigh sí d’Éamonn Ó Dónaill níos sásta ná mar a bhí riamh lena saol.
»»»Tá Des Bishop ar dhuine de na fuirseoirí is mó a bhfuil aithne air in Éirinn. Cuirfear tús le sraith nua teilifíse dar teideal “In the Name of the Fada” ar an 13 Márta ar RTÉ 1. Sa tsraith seo, tabharfar léargas ar thuras pearsanta an fhir grinn seo agus é ag dul i ngleic leis an nGaeilge. Bhuail Caoimhe Ní Laighin leis le gairid le labhairt leis faoi chúrsaí teanga agus faoi chúrsaí an tsaoil.
»»»Aisteoir amharclainne agus teilifíse is ea Darach Ó Tuairisg, a bhunaigh an compántas puipéad Fíbín sa bhliain 2003. Labhair Caoimhe Ní Laighin leis le gairid agus é i mbun dualgas éagsúil mar léiritheoir ar shraith cláracha dar teideal “Raidió na nÓg” atá á craoladh faoi láthair ar Raidió na Life.
»»»Chaith Liam Mac Con Iomaire cúig bliana dá shaol ag obair ar bheathaisnéis an fhonnadóra chlúitigh as Conamara, Seosamh Ó hÉanaí, agus tá toradh a chuid oibre le feiceáil anois sa leabhar Nár fhágha mé bás choíche, a foilsíodh le déanaí. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis faoi scríobh an leabhair seo agus faoin obair eile a bhí ar siúl aige roimhe sin, mar oideachasóir agus mar iriseoir.
»»»Tá Kevin Myers ar dhuine de na hiriseoirí is mó a bhfuil aithne air in Éirinn. Is minic an chonspóid sna sála air mar go gcuireann sé i gcoinne an chomhdhearcaidh ar réimse leathan ábhar. Ach i gcodarsnacht lom lena phrós géar, is duine gleoite é nach bhféadfá gan dúil a chur ann, mar a tharla do Chaoimhe Ní Laighin nuair a bhuail sí leis le gairid.
»»»Tá an comhlacht léirithe Nemeton ar cheann de na comhlachtaí Gaeltachta is mó a bhfuil rath air san earnáil teilifíse Éireannach. Labhair Caoimhe Ní Laighin le bunaitheoir an chomhlachta, Irial Mac Murchú, ar na mallaibh le léargas a fháil ar an bhfoirmle rúnda atá de dhíth le haghaidh comhlachta rathúil teilifíse.
»»»Tá an scannán [i]Kings[/i], a insíonn scéal cairde a chuaigh ar imirce go Londain sna seachtóidí, le feiceáil i bpictiúrlanna in Éirinn faoi láthair. Tá ardmholadh á fháil aige agus táthar ag rá go bhféadfadh sé a bheith san iomaíocht d’ainmniúchán Oscar. Labhair Robert McMillen le Tom Collins, stiúrthóir an scannáin, le gairid.
»»»Tá breis is 100,000 Polannach ag cur fúthu in Éirinn anois ach is beag duine acu a bhfuil oiread aithne air is atá ar Izabela Chudzicka. Bíonn sí le feiceáil go rialta ar chláracha éagsúla cúrsaí reatha agus ealaíne ar an teilifís agus is láithreoir í féin ar stáisiún áitiúil teilifíse i mBaile Átha Cliath chomh maith. Labhair Alan Desmond léi le gairid faoina cúlra, faoina saol nua in Éirinn agus faoi na difríochtaí idir fir na hÉireann agus fir na Polainne.
»»»Is drámadóir, úrscéalaí, file, eagarthóir agus scoláire é Robert Welch, an tOllamh le Béarla in Ollscoil Uladh, a bhfuil clú idirnáisiúnta air ach tá dáimh i gcónaí aige leis an Ghaeilge. Labhair Robert McMillen leis an fhear ildánach seo le gairid.
»»»Tá Gearóid Ó Cairealláin ar dhuine de na daoine is aithnidiúla i ngluaiseacht na Gaeilge sna Sé Chontae. Le cois a bheith ina iriseoir, ina ghníomhaire teanga agus léiritheoir teilifíse, tá complacht drámaíochta dá chuid féin aige fosta. Agus níl an stróc tromchúiseach a bhuail é anuraidh tar éis stop a chur lena chuid oibre, mar a mhínigh sé do Chaoimhe Ní Laighin.
»»»Is duine é Peter Quinn a bhfuil go leor éachtaí déanta aige ina shaol. Le cois an-rath a bheith ar mar fhear gnó le fada anois, bhí baint lárnach aige le forbairt Pháirc an Chrócaigh do Chumann Lúthchleas Gael, bhí sé mar bhall de Choimisiún na bParáidí, agus ceapadh é ag tús mhí an Aibreáin i mbliana mar an chéad chathaoirleach ar TG4 tar éis don stáisiún neamhspleáchas a bhaint amach ó RTÉ. Labhair sé go hoscailte le Caoimhe Ní Laighin faoina óige agus faoina shaol sa spórt, sna meáin chumarsáide agus sa ghnó.
»»»Ní raibh Maighread Ní Dhomhnaill ach ina cailín óg scoile nuair a ghlac sí páirt i dtaifeadadh albam Skara Brae i 1971, albam a áirítear ar cheann de na cinn is fearr a eisíodh i nGaeilge riamh, agus tá sí ag canadh léi ó shin i leith. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoina cúlra ceoil, faoi bhás tragóideach a dearthár Mícheál anuraidh agus faoin ócáid mhór a bheas ar siúl i Vicar Street i mBaile Átha Cliath ar an 24 Bealtaine le saol Mhícheáil a cheiliúradh.
»»»Tá beagnach caoga bliain caite ag an scoláire Michael Krauss ag plé le teangacha bundúchasacha Alasca agus ba é a bhunaigh an Alaska Native Language Center ag tús na seachtóidí. In ainneoin na hoibre sin go léir, áfach, níl sé dóchasach go mairfidh aon cheann den 20 teanga mhionlaigh atá á labhairt sa stát faoi láthair agus measann sé nach bhfuil cúis dóchais ag cainteoirí Gaeilge ach oiread maidir lena dteanga siúd. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis an mhí seo caite faoi bhfuil i ndán do theangacha an domhain san aois seo, dar leis.
»»»Anuraidh, ceapadh Martin Dowling, Meiriceánach de bhunadh Éireannach, mar an chéad Ollamh le Ceol Traidisiúnta in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Labhair Robert McMillen leis an fhidléir, staraí agus socheolaí seo faoina shaol mar cheoltóir agus mar scoláire.
»»»Tá cáil ar an scríbhneoir Maorach Witi Ihimaera ní hamháin mar ghearrscéalaí, úrscéalaí agus drámadóir - fuair an script a scríobh sé don scannán Whale Rider roinnt blianta ó shin an-mholadh go hidirnáisiúnta fosta. Labhair Ruth Nic Giolla Iasachta leis le déanaí in Ollscoil Auckland, áit a bhfuil sé ag obair mar Ollamh le Litríocht Mhaorach, faoina shaothar agus faoina dhúchas.
»»»Tá fás as cuimse tagtha ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann ó bhunaigh Nicholas Carolan agus Harry Bradshaw é trí bliana déag ó shin. Thug Robert McMillen cuairt ar fhoirgneamh úr an Taisce i lár chathair Bhaile Átha Cliath le gairid agus labhair sé le Carolan faoin obair thábhachtach atá ar bun aige féin agus a fhoireann.
»»»Chaith Justine McCarthy tréimhse fhada ag obair mar iriseoir leis an [i]Irish Independent[/i] agus anois tá sí ag feidhmiú mar Leaseagarthóir ar an iris sheachtainiúil, [i]Village[/i]. Labhair sí le hAlan Desmond faoin chaighdeán níos ísle iriseoireachta atá san [i]Independent[/i] anois, dar léi, agus faoi bheith ag obair le Vincent Browne, fear a bhfuil sé mar theist air go bhfuil sé “deacair”.
»»»Tá Risteard Mac Gabhann, Uachtarán an Oireachtais 2006, gníomhach i saol na Gaeilge agus i gcúrsaí oideachais le blianta fada anois, ina chathair dhúchais, Doire, agus go náisiúnta. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis faoina óige i nDoire, a chuid oibre i gcoláistí tríú leibhéal an tuaiscirt, agus na leabhair d’fhoghlaimeoirí Gaeilge atá foilsithe aige le tríocha bliain anuas.
»»»Beidh TG4 deich mbliana ar an aer oíche Shamhna. Labhair Éamonn Ó Dónaill le Leascheannasaí an stáisiúin, Pádhraic Ó Ciardha, faoin chéad deich mbliana sin, agus faoina shaol féin mar chléireach agus mar scoláire i dtús a shaoil agus sna meáin chumarsáide ina dhiaidh sin.
»»»Ar an 8 Meán Fómhair anuraidh, seoladh an comhlacht Stillwater Productions le linn comhdhála a bhí ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. B’ainm nua é ach bhí aithne fhorleathan cheana féin ar dhuine de bhunaitheoirí an chomhlachta, Natasha Fennell, ó na blianta a bhí caite aici le Carr Communications, RTÉ agus Fianna Fáil. Labhair Éamonn Ó Dónaill léi faoina saol ag éirí aníos i gConamara, agus faoin obair atá ar siúl aici anois mar chomhairleoir saoil.
»»»Tá Seán Ó Coileáin, an tOllamh le Gaeilge i Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ag dul ar scor go luath. Labhair sé le hAlan Desmond faoina shaol ag éirí aníos i gCorcaigh, faoin aithne a bhí aige ar Sheán Ó Ríordáin agus faoin obair atá déanta aige i réimse an léinn.
»»»Níl Pádraig Ó hAoláin ag feidhmiú mar Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta ach le bliain anuas ach tá go leor pleananna curtha le chéile aige cheana féin chun dul i ngleic le meath na Gaeilge sa Ghaeltacht. Labhair sé le Sinéad Ní Ghuidhir faoina shaol agus faoin bhfís atá aige maidir leis an nGaeilge.
»»»Tá cáil bainte amach ag Muireann Nic Amhlaoibh le roinnt blianta anuas mar amhránaí agus ceoltóir leis an ghrúpa traidisiúnta Danú. Anois, áfach, agus sos fada á thógáil ag an ghrúpa, tá deis ag Muireann a halbam nua a phoibliú agus cur lena taithí. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin dúshlán nua ina saol.
»»»Tá aithne ar Cholmán Ó Raghallaigh mar fhoilsitheoir agus mar údar leabhar páistí ach is fear é a bhfuil dua caite aige le go leor rudaí eile ina shaol chomh maith, mar a fuair Éamonn Ó Dónaill amach nuair a labhair sé leis le gairid.
»»»Cháin go leor de na criticeoirí teilifíse an clár Ní Gaeilgeoir mé nuair a craoladh é ar TG4 an mhí seo caite ach níl aon aiféala ar an láithreoir, Aoife Ní Thuairisc, go raibh sí bainteach leis. Labhair Éamonn Ó Dónaill léi faoin chlár sin agus faoina saol os comhair na gceamaraí.
»»»Tá Eoin Dillon ag seinm ceoil ó bhí sé cúig bliana déag agus ina bhall den ghrúpa Kíla ó bhí tús na nóchaidí ann ach níl sé ach ag eisiúint a chéad albam aonair anois. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoi thaifeadadh an albaim agus faoina shaol mar cheoltóir lánaimseartha.
»»»Cé gur tógadh an gearrscéalaí, úrscéalaí, drámadóir agus léirmheastóir Éilís Ní Dhuibhne i mBaile Átha Cliath tá oiread scríofa aici i nGaeilge is atá sa Bhéarla. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin dúshlán a bhaineann le bheith ag scríobh i mionteanga agus faoin úrscéal nua dá cuid a foilsíodh le gairid.
»»»Tá Muireann Ní Bhrolcháin ar dhuine de na príomhdhaoine atá bainteach leis an fheachtas atá ar siúl le tamall anuas chun mótarbhealach an M3 a bhogadh níos faide ar shiúl ó Chnoc na Teamhrach i gContae na Mí. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin fheachtas seo agus na cinn eile a raibh sí bainteach leo cheana, faoin drochmheas atá aici ar pháirtí Fhianna Fáil agus faoina saol mar scoláire Sean-Ghaeilge.
»»»Ceapadh Maebh Ní Fhallúin, bean óg as Cill Dara, mar bhainisteoir ar Raidió na Life i mí Mheán Fómhair. Labhair sí le Cóilín Ó Floinn faoina saol roimhe sin agus faoin mhéid ba mhaith léi a bhaint amach sa stáisiún sna blianta atá romhainn.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.