AGALLAMH BEO
Donal Lunny
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

I an Aibreáin 1968 bhain an grúpa Emmet Spiceland, a raibh an ceoltóir Donal Lunny ar dhuine bhaill, uimhir a haon amach i gcairteacha na hÉireann leis an amhránMary from Dungloe”. cáil idirnáisiúnta bainte amach ag Lunny le daichead bliain anuas agus áirítear é ar dhuine de na ceoltóirí is tábhachtaí i gceol traidisiúnta na hÉireann san fhichiú haois. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis le gairid faoina shaol sa cheol.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
An ceoltóir Andy Irvine
Íomhá
Clúdach céad albam Planxty (1972)
Íomhá
The Bothy Band
Íomhá
Íomhá
An t-amhránaí Sinead O'Connor: léirigh Lunny cuid halbam Sean Nós Nua
Íomhá
Iarla Ó Lionáird

I Iúil i mbliana déanfaidh an ceoltóir Donal Lunny an turas fada óna áit chónaithe na laethanta seo, Okinawa sa tSeapáin, go Dún na nGall, áit a mbeidh páirteach i gceithre cheolchoirm a bheas mar chuid de bhuaicphointí Fhéile an Earagail. Rinne an fhéile Lunny a choimisiúnú le ceol nua a scríobh do na ceolchoirmeacha seo agus i measc na gceoltóirí cáiliúla a bheas páirteach iontu beidh Máire Bhraonáin ón ghrúpa Clannad, Mairéad Mhaonaigh ó Altan, an píobaire Liam O’Flynn, Andy Irvine, agus Paddy Glackin.

daichead bliain anois ó bhí Lunny agus an grúpa ina raibh páirteach, Emmet Spiceland, ag uimhir a haon i gcairteacha na hÉireann leis an amhránMary from Dungloe” (amhrán a spreag bunú na féile ar an Chlochán Liath) ach chomh fuinniúil agus lán de smaointe is a bhí riamh.

Nuair a labhair le Lunny le gairid bhí 6,000 míle uaim, ina bhaile nua, ach bhí a éadan le feiceáil go soiléir ar scáileán mo ríomhaire agus a ghuth le cloisteáil go glé glinn, a bhuíochas sin ar an bhogearra iontach sin Skype.

Rinneadh an t-albam cáiliúil sin de chuid Emmet Spiceland a thaifeadadh in De Lane Lea i Londain, an stiúideo cáiliúil ar thaifead Jim Hendrix an t-amhránHey Joeann agus a raibh grúpaí mór le de chuid na seascaidí agus tús na seachtóidí mar The Beatles, The Rolling Stones agus Deep Purple ag tarraingt air go rialta.

Nuair a chuaigh Lunny isteach sa stiúideo i 1968 le baill eile Emmet Spiceland, Michael agus Brian Byrne, leis an taifeadadh a dhéanamh ba é Phil Coulter, an ceoltóir agus léiritheoir as Doire, a bhí i gceannas ar chúrsaí.

Ba é Coulter a d’eagraigh an seisiún taifeadta agus a rinne an léiriú chomh maith. raibh a fhios againn go mbeadh ag cóiriú an cheoil chomh maith go dtí gur bhain muid an stiúideo amach. Bhí ceoltóirí téadacha ansin romhainn agus fliúit agus óbó cibé dearmad déanta agam. Bhain sin an-gheit asainn ach sin mar a bhí cúrsaí ag am sin.

Bhain siar asam go raibh tar éis é seo a dhéanamh. Ag féachaint siar anois, den tuairim go mbeadh muid an-bhuíoch de rachadh i gcomhairle linn faoi seo ar fad. Ach sin mar a bhí na laethanta sin. Bhí ag iarraidh réaltaí a dhéanamh dínn, a fhios agat.”

An raibh sásta leis an albam nuair a chuala é?“Bhí laigí móra ag baint leis, agus mar gheall ar an bhealach a rinneadh an cóiriú amháin. Bhí laraingíteas ar Bhrian agus sílim go raibh baint ag sin le néaróga go pointe. Thóg cithfholcthaí agus mil agus d’oibrigh sin go pointe áirithe. Bhí guth iontach ag Brian agus go fóill. Bhí muid go hiontach ag canadh le chéile ach shílim go bhfuil sin le cloisteáil ar an taifeadadh. Ach bhí buiséad an-teann i gceist ag an am agus raibh an rogha againn an taifeadadh a chur ar athló.

gur éirigh go maith leMary from Dungloeagus le singlí eile marBáidín Fheidhlimíagus na Báid”, níor mhair an grúpa Emmet Spiceland i bhfad eile. D’fhág Donal an banna agus ghlac an ceoltóir Leo O’Kelly a áit. I 1969, áfach, sheinn Donal leis an ghrúpa den uair dheireanach, díreach sular tháinig deireadh leis.

Ghlac páirt i gcamchuairt i gCeanada mar, ar chúis éigin, raibh Leo ábalta dul. Agus b’in an uair dheireanach a chas muid le chéile, ar thuras aisteach go Talamh an Éisc agus Toronto. Chaith muid coicís in Toronto in áit darbh ainm The Golden Nugget, ag seinm ceithre huaire gach oíche, ar feadh 45 nóiméad ag an am, rud a bhí an-tuirsiúil go deo agus an-aisteach. Níl a fhios agam an raibh ar dhaoine íoc isteach chuige, fiú. Ach bhí orainne seinm óna naoi go dtí a haon, rud éigin mar sin.”Ag seinm le hAndy Irvine

Chuir Lunny aithne ar an amhránaí agus ceoltóir Andy Irvine sna seascaidí i mBaile Átha Cliath ach raibh go leor muiníne aige as a chuid tallainne mar cheoltóir le seinm leis go poiblí.

raibh ag seinm ceoil leis sna blianta tosaigh ach bhí aithne agam air agus bhí ar an eolas faoi. Theastaigh go mór uaim a bheith ag seinm leis ach níor mheas go raibh maith go leor leis sin a dhéanamh, agus go deimhin raibh maith go leor. Ach thosaigh muid a sheinm ceoil le chéile sa deireadh agus is cuid den stair an chuid eile den scéal. Ba eisean a thug basúcaí dom an chéad riamhbhí ag seinm giotáir go dtí sin.”Sa bhliain 1970, fuair Lunny cuireadh a bheith páirteach i dtaifeadadh dara halbam Christy Moore, an t-amhránaí as Cill Dara a áirítear anois ar dhuine de laochra móra cheol na hÉireann san fhichiú haois. Bhí Lunny agus Christy ar scoil le chéile i nDroichead Nua agus chónaigh siad le chéile i mBaile Átha Cliath i lár na seascaidí.“Bhí aithne agam ar Christy ó bhí ar scoil agus nuair a chuaigh chuig an choláiste ealaíne i mBaile Átha Cliath chónaigh muid le chéile in árasán beag ar Shráid an Phiarsaigh ar feadh bliana. Bhí Christy ag obair sa bhanc agus aistríodh é go Baile Átha Cliath ag an am sin. Ansin, bhí stailc sna bainc, i 1965, sílim, agus d’imigh Christy leis go Sasana. Agus nuair a tháinig ar ais chun an dara halbam a thaifeadadh, bhí mise ar dhuine de na chéad daoine a ndearna teagmháil leo. Prosperous a tugadh ar an albam mar gur taifeadadh sa bhaile sin i gCill Dara.”Bhí Liam Óg O’Flynn and Andy Irvine páirteach sa taifeadadh chomh maith agus ba é Bill Leader, an léiritheoir agus innealtóir clúiteach as Sasana, a bhí i mbun cúrsaí fuaime.Bhí an seisiún sin an-taitneamhach go deo. Chuir Bill Leader muid in áiteanna éagsúla in íoslach Rynne’s sa Chorrchoill, shocraigh cúpla micreafón steirió ansin agus bhog timpeall an tseomra muid chun an fhuaim a chothromú. Bhí Liam [O’Flynn] ina shuí i gcúl an tseomra ag , ‘ féidir leat fuaim na bpíob a ísliú! Ach bhí an t-albam go hiontach sa deireadh.”Níor shíl Lunny ag an am sin go raibh aon rud nua radacach faoin cheol a bhí á sheinm aige féin agus ag a chairde ach nuair a tháinig féin Moore, O’Flynn agus Irvine le chéile leis an ghrúpa Planxty a bhunú gan mhoill ina dhiaidh sin, tuigeadh dóibh go raibh daoine an-tógtha leis an fhuaim a bhí acu.

Bhí a fhios againn go raibh nua agus suimiúil, dar le go leor daoine. Bhí meascán chomh mór sin daoine ag na ceolchoirmeacha go raibh a fhios againn go raibh rud éigin speisialta faoin cheol. Bhí go leor daoine sa lucht éisteachta a d’éist le rac-cheol amháin go dtí sin ach a shíl go raibh an ceol a bhí againne cool go leor dóibh. Ansin bhí daoine níos óige iad sin i láthair agus daoine i bhfad ba shine a bhí tógtha leis an cheol traidisiúnta.”In ainneoin na drochthaithí a bhí ag Lunny le Phil Coulter agus albam Emmet Spiceland á thaifeadadh, bhí baint lárnach ag fear Dhoire le Planxty i mblianta tosaigh sin an ghrúpa. Cad é mar a tharla sin?

a fhios agat an t-amhrán sin de chuid Bob Dylan, ‘Stuck Inside of Mobile With the Memphis Blues Again’? Bhuel, línte san amhrán sin atá an-oiriúnach sa chás seo: ‘And here I sit so patiently, Waiting to find out what price, You have to pay to get out of, Going through all these things twice’! Bhí drogall orm ag an am, bhí amhras orm faoi dhul síos an bóthar céanna. Ach bhí Phil agus fear darbh ainm Bill Martin tar éis comhlacht léiriúcháin a bhunú agus chuaigh siad chuig Polydor agus, mar gheall ar gur chomhlacht léiriúcháin iad, fuair siad conradh dúinn a raibh airgead ollmhór i gceist leis, tríocha míle [punt], sin timpeall trí chéad míle in airgead an lae inniu. Ach b’in tríocha míle thar albam. “An t-albam a rinne muid a thaifeadadh, ‘an t-albam dubh’, bhí ceol air a bhí muid tar éis a bheith ag cleachtadh le bliain roimhe sin, mar sin raibh mórán athruithe le déanamh air.”

Dúshlán nuaTá an t-albam áirithe sin ó 1973 ar cheann de na cinn is tábhachtaí i gceol traidisiúnta na hÉireann agus chomh húr céanna sa atá inniu ann is a bhí ag an am sin. Rinne Planxty dhá albam eile a thaifeadadh i 1973 agus 1974 ach chinn Donal ar an ghrúpa a fhágáil. go raibh an-tóir ar a gcuid ceoil, deir go raibh an-deacair slí bheatha cheart a dhéanamh as a bheith ag seinm leis an ghrúpa. raibh bréan den cheol, a deir , ach theastaigh uaidh rudaí nua a thriail, mar sin féin.

Nuair a bhíonn ag déanamh gigeanna an t-am ar fad le grúpa bíonn deacair aon rud nua a dhéanamh agus ar an bhótharcaithfidh féinsmacht a bheith agat le píosaí nua ceoil a fhoghlaim. Bhí dúshlán nua uaim. Thosaigh a chleachtadh le Shaun Davey, a bhí scríobh amhrán den chéad scoth ag an am. Shíl go raibh na liricí thar barr agus go raibh an ceol an-úr. Mheas go mbeinn ag coinneáil Planxty siar agus bhrí sin chinn ar an ghrúpa a fhágáil.”Rinne Lunny agus Davey cúig cheolchoirm le chéile ag an am ach níor éirigh go rómhaith leo agus rinne Donal cinneadh díriú ar léiriú albam agus ar obair sheisiún lena bheatha a thabhairt i dtír.

Gan mhoill ina dhiaidh sin, thug Tríona Dhomhnaill agus a deartháir Micheál cuireadh seinm leo i ngrúpa ar a tugadh Seachtar, ar eascair The Bothy Band, grúpa tábhachtach eile, as taobh istigh de chúpla .

Nuair a chuaigh mise isteach sa ghrúpa bhí Tony McMahon ansin go fóill agus Paddy Glackin. Ag an phointe sin, ar ndóigh, raibh caint ar bith ar cheol a sheinm go proifisiúnta, ar bhonn lánaimseartha. Ach lean muid orainn ag cleachtadh agus d’fhás rudaí de réir a chéile.”Bhí The Bothy Band le chéile ar feadh trí bliana agus d’eisigh siad ceithre albam thábhachtacha le linn na tréimhse sin. An síleann Lunny go bhfuil úire ag baint le ceol an ghrúpa go fóill?

Ceapaim go bhfuil, is ea. Níor éist le cuid albam an Bothy Band ar feadh deich mbliana níos faideníl de nós agam éisteacht le rudaí atá déanta agamach d’éist leis na halbaim sa deireadh agus thuig gur éirigh linn an fuinneamh a bhaineann le bheith ag seinm beo a athchruthú sa stiúideo.”Molann go hard triúr príomhcheoltóirí an ghrúpa (mar a thugann orthu), Matt Molloy (fliúit), Tommy Peoples agus, ina dhiaidh sin, Kevin Burke (fidil) agus Paddy Keenan (píb uilleann). Deir nach mbíodh na ceoltóirí sin in iomaíocht lena chéile ach go mbíodh siad i gcónaíar thóir na splaince, an mhothúcháinagus gur éirigh leo é sin a chur in iúl fiú sa stiúideo taifeadta. Deir Lunny gur onóir mhór a bhí ann a bheith ag obair le beirt amhránaithe den scoth, mar a bhí Tríona and Micheál Ó Domhnaill.

Deir nár éirigh leo mórán airgid a dhéanamh riamh ón Bothy Band, áfach.

Bhí camchuairteanna againn sa Ghearmáin agus chuaigh muid go dtí an Bhriotáin cúpla uair sa bhliain, uaireanta ar feadh cúpla seachtain ag an am. Bhí lucht leanúna mór againn ar an mhór-roinn ach raibh comhordú ceart déanta ar chúrsaí. Bhí an-dian, raibh muid ag éirí saibhir agus go deimhin ba mhinic a bhí muid bocht go maith. bharr sin, ba chrá croí a bhí sa rud ar fad go minicag dul i mbun camchuairteanna agus ag teacht abhaile gan mórán de luach saothair a bheith faighte agat. Rinne an fuinneamh a shú asainn.

Bhí Lunny ar dhuine de bhunaitheoirí an lipéid ceoil Mulligan Records sna seachtainí ach, arís, daoine eile seachas eisean a ghnóthaigh airgead ón tionscadal sin.

Is ea, sin mar a bhí. bhfuair The Bothy Band dleachta riamh, cuir i gcás. Táthar tar éis teacht ar shocrú éigin le blianta beaga anuas, rud a chiallaíonn go bhfuil an rud ar fad curtha chun leapa. Ó thaobh airgid de, bhfaighimid ach sciar beag den mhéid atá ag dul dúinn. Ach rómhall agus in am scaoileadh leis mar scéal.

Nuair a tháinig deireadh leis an Bothy Band ag deireadh na seachtóidí, tháinig Planxty le chéile arís agus rinne siad trí albam eile a thaifeadadh: After The Break (1979), The Woman I Loved So Well (1980) agus Words and Music (1983). Deir Lunny go bhfaigheann baill an ghrúpa dleachta áirithe ó na halbaim sin ach daoine eile, seachas iadsan, atá ag gnóthú as na chéad trí albam a thaifead siad.

Treo nua le Moving HeartsAg deireadh na seachtóidí, bhí Lunny ag iarraidh Planxty a thabhairt treo eile ar fad agus cnaguirlisí agus dordghiotáir a bheith mar chuid d’fhuaim an ghrúpa. bhfuair deis é sin a dhéanamh ach ag tús na n-ochtóidí bhunaigh féin agus Christy Moore an grúpa Moving Hearts agus chuaigh siad beirt treo nua ar fad ó thaobh an cheoil de.

Bhí roinnt mhaith amhrán ag Christy nár ghlac Planxty leo mar nach luífeadh siad isteach leis na hamhráin eile a bhí ag an ghrúpa. Na hamhráin a bhí ag chéad albam Moving Hearts, amhráin marNo time for love’ agusHiroshima Nagasaki Russian Roulette’, sin amhráin a d’fhéadfadh Planxty a sheinm, níor fheil siad don ghrúpa.”

Tugadh cuireadh do cheoltóirí éagsúla, leithéidí an racghiotáraí Declan Sinnott agus an dordghiotáraí Eoghan O’Neill, a bheith páirteach in Moving Hearts, nach raibh cur amach ar bith acu ar an cheol traidisiúnta. Deir Lunny nach raibh aon taithí aige ar a bheith ag obair le rac-cheoltóirí ag an am agus gur chaill smacht ar chóiriú an cheoil. Deir mbeadh níos ama aige nuair a tháinig an grúpa le chéile an chéad riamh go bhfuil seans go rachadh an ceol treo eile ar fad, treo a bheadh níos sásúla.

Ba é Christy Moore príomhamhránaí Moving Hearts agus nuair a d’fhág seisean tar éis eisiúint an dara halbam, bhí deacair ag an ghrúpa leanúint ar aghaidh. Chaith Mick Hanly seal mar amhránaí an ghrúpa agus Flo McSweeney ina dhiaidh sin ach fhéadfadh ceachtar acu áit Christy a ghlacadh.

Sílim gur botún a bhí ann iarracht a dhéanamh comharba a fháil ar Christy. Bhí Mick Hanly go hiontach sa ghrúpa ach ba mhíbhuntáiste mór é go raibh daoine ag teacht chuig na ceolchoirmeacha ag súil go mbeadh ag canadh mar a chan Christy. Bhí ag iarraidh cuid bróg Christy a líonadh, rud a bhí fíordheacair, mar go bhfuil pearsantacht chomh láidir sin ag Christy ar an stáitse.”

Ag obair mar léiritheoirBhí Lunny ag obair mar léiritheoir ó bhí lár na seachtóidí ach nuair a tháinig deireadh le

Moving Hearts i 1985, luigh isteach ar an obair sin agus léirigh albaim le réimse leathan daoine agus grúpaí, leithéidí Paul Brady, Elvis Costello, Rod Stewart, Sinéad O’Connor, the Waterboys agus Clannad. Sna nóchaidí, bhunaigh Coolfin agus thaistil an grúpa sin go háiteanna i bhfad i gcéin mar an tSeapáin. Deir Lunny gur bhain sásamh ar leith as an obair a rinne ar albaim de chuid an amhránaí Frank Harte, nach maireann.Bhí cur chuige iontach ag Frank; chonaic albam mar entity iomlán, cosúil le leabhar agus na hamhráin mar chaibidlí.D’oibrigh Lunny agus Harte le chéile den chéad uair ar an albam And Listen to My Song i 1975 agus ansin ar thrí cinn eile: *My Name Is Napoleon Bonaparte *(2001),

The Hungry Voice: The Song Legacy Of Ireland’s Great Hunger (2004) agus There’s Gangs Of Them Digging: Songs Of Irish Labour (2007), a eisíodh tar éis bhás Harte.

Bhí i gceist aige tuilleadh a dhéanamhba mhian leis albam d’amhráin ghrá a thaifeadadh fosta. Ach bhí sáinnithe i gceann an Ghorta ag am ina shaol nuair a bhí a shláinte go dona agus atmaisféar an-ghruama ag baint leis an cheann sin. Agus ghlac tamall fada é a chur de. Bhí an-dian air agus bheadh níb fhearr rachadh i ngleic leis na hamhráin ghrá ag an staid sin shaol. “Rinne Frank rudaí iontacha agus bhí thar barr a bheith ag obair leis. Bhí caidreamh maith eadrainn; dhéanadh iarracht bulaíocht a dhéanamh orm ach ligfinn ag an am chéanna! Mar sin, bhí an caidreamh an-sláintiúil!”Ós rud é gur duine é Lunny a bhíonn i gcónaí ag iarraidh foirfeacht a bhaint amach, an raibh féin dian ar cheoltóirí eile thar na blianta?

Go deimhin, bhí. roinnt ceachtanna foghlamtha agam faoi sin, mar a fhios agam go raibh i bhfad ró-uaillmhianach mar léiritheoir, nuair nach raibh eolach go leor ar an cheird, agus ag iarraidh rudaí a bhaint amach nach bhféadfaí a bhaint amach. cinnte gur crá croí a bhíonn ionam do go leor daoine!”Ar ais le chéile raibh Lunny díomhaoin ó bhí tús na mílaoise ann. In 2004, mar shampla, tháinig Planxty le chéile in athuair agus rinne roinnt seónna i mBaile Átha Cliath agus i Londain, agus Moving Hearts ag seinm le chéile ó am go chéile chomh maith. Deir go bhfuil cúrsaí i bhfad níos eagraithe na laethanta seo agus go bhfuil ag éirí leis an ghrúpa ioncam ceart a shaothrú ó na ceolchoirmeacha a dhéanann siad. Deir go mbeidh Moving Hearts ag teacht le chéile ag deireadh na bliana seo arís agus ar an bhliain seo chugainn chomh maith agus go b’fhéidir go ndéanfaidh Planxty roinnt ceolchoirmeacha sna blianta atá amach romhainn fosta.

Lunny ag cur faoi sa tSeapáin lena bhean, an ceoltóir Hideko Itami, le roinnt blianta anuas. An mbraitheann uaidh a thír dhúchais?

raibh deis agam an baile a bhraith uaim mar go bhfuil ag caitheamh leath mo chuid ama in Éirinn go fóill. B’fhéidir nach sin an rud is fearr ó thaobh caighdeán saoil de ach in Éirinn atá an obair. Is beag obair atá déanta agam sa tSeapáin ó thosaigh a chur fúm anseo.” Bhí baint lárnach aige le tionscadal sa Nua-Shéalainn i an Mhárta, Green Fire Islands, a

raibh ceoltóirí agus amhránaithe Éireannacha (Iarla Ó Lionáird agus Steve Cooney ina measc) agus Maoracha páirteach ann agus deir gur éirigh thar barr leis mar thionscadal. Deir go bhfuil cosúlachtaí suntasacha idir na hÉireannaigh agus na Maoraigh mar gur imríodh cos ar bolg orthu le cúpla céad bliain anuas agus gur seo an téama lárnach a bhí sa tionscadal. Lunny ag léamh mhórshaothar Sheosaimh Mhic Grianna, Mo Bhealach Féin, faoi láthair agus beartaithe aige sleachta as an leabhar sin a fhí isteach sna píosaí ceoil atá á scríobh aige d’Fhéile an Earagail. B’as Gaeltacht Rann na Feirste é Mac Grianna agus sin an áit ar tógadh máthair Lunny, a cailleadh le gairid.

Tír Chonaill mar chuid an-mhór de mo shaol agus leabhar Mhic Grianna ag múscailt go leor leor seanchuimhní agus ag tabhairt na teanga ar ais i mo shaol, rud atá go hálainn.”

ráflaí ann go raibh i gceist ag Lunny saothar de chuid Chathail Shearcaigh a úsáid sa tionscadal ach nach bhfuil sin chun tarlú anois. Deir nach bhfuil fonn air labhairt ar an taifead faoi Ó Searcaigh agus an chonspóid ar fad a bhí ann maidir lena iompar i Neipeal ach deir go dtuigeann féin go maith an tslí ar féidir leis na meáin chumarsáide duine a chrá. Bhí Lunny ag siúl amach leis an rac-cheoltóir Sinead O’Connor agus theastaigh ó na meáin fáil amach arbh é athair an linbh a rugadh di in 2004.

An t-aon uair a dhírigh na meáin ormsa i rith an debacle ar fad le Sinead O’Connor. Ba chéasadh amach is amach é sin. raibh bealach ar bith le dul i ngleic leis. Bheadh cosúil le peitreal a chaitheamh ar thine. Chuir siad líomhaintí sna haltanna a scríobh siad agus bhain siad casadh as an fhírinne, ag iarraidh mise a ghríosú chun cainteb’in an aidhm a bhí acu. Bheadh rud ar bith a déarfainn ar na leathanaigh tosaigh, mar sin choinnigh mo bhéal dúnta agus mo chloigeann cromtha. Bhí léanmhar. an-trua agam do Chathal agus an méid atá fulaingthe aige.” Lunny dhá bhliain is seasca anois ach níl iomrá ar bith aige éirí as an cheol. Deir nach n-éireoidh as cúrsaí ceoil go dtí gostopfaidh an t-airgead a theacht isteach!” Is dea-scéala é sin dóibh siúd a bhfuil a bhfuil suim acu i gceol dúchasach na hÉireann agus a bhfuil oiread pléisiúir faighte acu ó shaothar Dhonal Lunny le daichead bliain anuas.

Is iareagarthóir ar an iris seo é Éamonn Ó Dónaill. ag obair le Gaelchultúr (www.gaelchultur.com) agus an comhlacht díreach tar éis leabhar gramadaí nua chuid, *Gramadach gan Stró!, a fhoilsiú.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.