AGALLAMH BEO
Des Bishop
Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Laighin

Des Bishop ar dhuine de na fuirseoirí is a bhfuil aithne air in Éirinn. Cuirfear tús le sraith nua teilifíse dar teidealIn the Name of the Fadaar an 13 Márta ar RTÉ 1. Sa tsraith seo, tabharfar léargas ar thuras pearsanta an fhir grinn seo agus é ag dul i ngleic leis an nGaeilge. Bhuail Caoimhe Laighin leis le gairid le labhairt leis faoi chúrsaí teanga agus faoi chúrsaí an tsaoil.

Íomhá
Íomhá
Craolfar an chéad chlár ón tsraith "In the Name of the Fada" ar RTÉ ar an 13 Márta
Íomhá
Chaith Des an chuid is den bhliain seo caite i Leitir Móir, áit ar fhoghlaim Gaeilge
Íomhá
Cuirfidh Des an chuid dheireanach den dúshlán i gcrích in Vicar Street ar an 13 Márta
Íomhá
D'fhreastail Des ar Mheánscoil Naomh Pádraig i bhFearna
Íomhá
Bhí cumann drámaíochta an-mhaith i gceist i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ag deireadh na nóchaidí
Íomhá
Bhí an-rath ar fhuirseoirí Éireannacha mar Tommy Tiernan sa Bhreatain
Íomhá
Íomhá
Chuaigh Des i mbun feachtais le haird a tharraingt ar ailse magarlach
Íomhá
Cailleann daoine smacht orthu féin i ndiaidh meán oíche, dar le Des
Íomhá
Íomhá a tógadh le linn na sraithe "Des Bishop Work Experience" agus Des ag obair in Superquinn

Is duine é Des Bishop a bhfuil a ainm in airde faoi láthair. Bhí an fear grinn seoarb as Nua-Eabhrac ó dhúchas páirteach go dtí seo in dhá shraith teilifíse a raibh ráchairt an-mhór orthu. Craoladh na sraitheanna, “Des Bishop Work ExperienceagusJoy in the Hood”, araon ar RTÉ. Bhí páirteach fosta inDon’t feed the Gondolas”, sraith nach n-áiríonn i measc na ngaiscí proifisiúnta is a bhfuil bródúil astu (ach níos ina thaobh sin ar ball!)Níl Des Bishop ach 32 bliain d’aois, ach an t-uafás bainte amach aige cheana féin. Ón uair a chuaigh i mbun fuirseoireachta proifisiúnta i 1997, háibhéil é a go bhfuil na mílte seó grinn ar a bhoinn déanta aige, in Éirinn agus i gcéin. Lena chois sin, chruthaigh ceoldhráma hip hap dar teideal Rap Éire *i bpáirt le hArthur Riordan agus bhí páirt bheag aige sa scannán *In America a stiúir an tÉireannach mór le Jim Sheridan.

Anois, is féidir le Des an t-éacht atá déanta aige ó thaobh an Ghaeilge a fhoghlaim taobh istigh de thréimhse ghearr a chur leis an liosta rudaí atá bainte amach aige ina shaol. Léiriú é an dul chun cinn atá déanta aige ar an méid is féidir le duine a bhaint amach dhíríonn a aird i gceart ar thasc. stór focal thar a bheith leathan ag Des cheana féin agus tuiscint an-mhaith ar an tuiseal ginideach agus ar ghnéithe casta eile de chuid ghramadach na teanga. Éacht nach beag é sin i dtír ina mbíonn daoine ag maíomh go bhfuil gramadach na Gaeilge tar éis damáiste síceolaíoch a dhéanamh dóibh!Bhuail le Des i Vicar Street, an t-ionad i lár Bhaile Átha Cliath, ag deireadh mhí Feabhra agus é ag déanamh réidh le haghaidh seó. Bhí meanma an-mhaith aige agus caithfidh a go raibh thar a bheith béasach agus siamsúil. Níl bhíonn ag iarraidh jóc a insint duit gach cúig nóiméad agus is duine oscailte é a bhfuil scileanna an-mhaithe cumarsáide aige. Is minic a bhíonn an sean-cliché sin le cloisteáil mar gheall ar fhuirseoirí a bheith gruama agus duairc nuair nach mbíonn an persona poiblí i gceist. Níl sin fíor in aon chor i gcás Des Bishop, áfach.

fhéadfaí a gur duine é a dhéanann dhá leath dhícheall. Léiríonn na tionscadail teilifíse atá roghnaithe aige go gcuireann roimhe ceisteanna agus fadhbanna móra sóisialta agus cultúrtha a phlé.

Agus eisceacht ar bith í an tsraith is déanaí chuid. "In the Name of the Fada"

Sraith teilifíse chlár is eaIn the Name of the Fadaa gcuirfear tús léi ar RTÉ 1 ar an 13 Márta ag 10.15 pm. Ba é bunchuspóir na sraithe seo eispéiris Des a scannánú agus é ag cur roimhe an Ghaeilge a fhoghlaim taobh istigh de bhliain amháin. Ba i gConamara a chaith an chuid is den bhliain seo caite. Ach cén chaoi ar thángthas ar an gcoincheap uaillmhianach seo?

Bhí suim agam riamh sa Ghaeilge,” a deir . “Níor tháinig go hÉirinn go dtí go raibh ceithre bliana déag d’aois, mar sin raibh orm an Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil. Ansin, le linn dom a bheith i mbun léirithe ar an tsraithWork Experience’, dúirt leis an stiúrthóir Mike Casey amháinagus muid beirt istigh in Abrakebabragur bhreá liom clár a dhéanamh faoin nGaeilge am éigin sa todhchaí. Dúirt seisean go mbeadh spéis aige ann chomh maith.”Sa tsraithWork Experience”, b’éigean do Bishop maireachtáil ar feadh tréimhse áirithe ar phá íosta amháin. Ghlac le postanna i ngnónna éagsúla chun a phá íosta a thuilleamhAbrakebrabra agus Superquinn ina measc. Rinne amhlaidh le léargas a fháil ar na deacrachtaí a bhíonn ag inimircigh agus ag cuid mhór daoine eile sa tír seo agus iad ag iarraidh maireachtáil ar bheagán airgid. aisteach anois nuair a bhreathnaím siar ar an gclár sin a rinneadh agus ag obair in Abrakebabra. Bhí radharc amháin sa chlár inar taispeánadh i m’aonar i mo shuanlann uaigneach chónaithe. Bhí na pinginí an-ghann agus bhí trua agam dom féin. Bhí amhrán sean-nóis á sheinm sa chúlra ar Raidió na Gaeltachta. Thosaigh ag spochadh as, cineál de, ag os ord, ‘Ó, mo léan géar! Tuigim cás na n-amhránaithe seo anois. Tuigim an phian. Tuigim an briseadh croí. Tuigim an bhochtaineacht agus an cruatan. Ach ag an am céanna, bhí ag liom féin, ‘an mbeidh in ann an fkin’ teanga seo a fhoghlaim? na fuaimeanna an-deacair.

Bhí na léirmheasanna a scríobhadh mar gheall arWork Experiencean-dearfach agus mheall lucht féachana an-ard.Tar éis na sraithe sin, bhí coincheap do shraith eile faoi chúrsaí inimirce á fhorbairt againn. Ach caitheadh an coincheap sin i dtraipisí ar chúiseanna éagsúla agus shocraigh go luífinn isteach ar an tsraith faoin nGaeilge.”Seal sa Ghaeltacht

I an Mhárta anuraidh chuir Bishop faoi i dTír an Fhia i Leitir Móir, i nGaeltacht Chonamara - áit a ndeachaigh i mbun dianstaidéir ar an teanga. Nuair a chuir Kevin Myers faoi agallamh díreach roimh an Nollaig, dúirt go raibh an Ghaeilgeabsurdly difficult and so guttural it renders it impossible for a foreigner to pronounce”. Ach ag éirí go breá le Bishop ó thaobh na bhfuaimeanna deis geall le dúchasach de chuid Chonamara anois é agus focail marbheadhaguscén chaoiá aige! Níl aon fhadhb aige leis na fuaimeanna scornúla.

Socraíodh ag tús an phróisis léirithe gurbh é an sprioc a bheadh i gceist go mbainfeadh Des go leor líofachta amach le gig a dhéanamh trí mheán na Gaeilge os comhair lucht féachana lán Gaeilgeoirí. na scéalta grinn Gaeilge á gcleachtadh aige le tamall anuas agus faoi láthair an dlaoi mhullaigh á cur ar an obair sin. Beidh siad le cloisteáil ar an 13 Márta mar chuid de sheó speisialta a bheas á reáchtáil ag Club Sult in Vicar Street le linn Sheachtain na Gaeilge, tráth a dhéanfaidh Des an chuid dheireanach den dúshlán a chur i gcrích mar gur daoine a bhfuil Gaeilge acu, den chuid is , a bheas sa lucht féachana.

Is féidir ticéid a cheannach ó www.ticketmaster.com. Mura féidir leat freastal ar an seó beo, beidh mír Des le feiceáil ar an teilifís nuair a chraolfar clár deireanach na sraithe ar an 24 Aibreán.

Is de bhunadh Éireannach é Des, agus tháinig go hÉirinn agus é ceithre bliana déag d’aois.

Bhí roinnt deacrachtaí agam agus sna déaga. D’fhéadfaí a go raibh cineál mífheidhmiúil sular fhág Nua-Eabhrac agus díbríodh as an scoil .”

Níor smaoinigh ar an gceist ag an am, ach is díol spéise é, dar liomsa, go bhfuil an cineál seo cúlra aige. fheadar an é sin an fáth a raibh ag iarraidh a bheith páirteach inWork ExperienceagusJoy in the Hood”? An é go dtuigeann cás na n-íochtarán agus go dtuigeann go maith tharlaíonn dóibh casadh áirithe ina saol go mbeidh bealach a leasa i ndán dóibh?

Mar is eol duit, gaolta agam in Éirinn, agus dúirt le mo thuismitheoirí gur dheas liom teacht anseo chun mo chuid oideachais a chríochnú. Shíl siad go raibh lúb ar lár ionam i dtosach. Thosaigh muid ag caint faoi i ndáiríre ansin. Agus go tobann, bhí ag tarlú.

Tamall beag ina dhiaidh sin, bhí i scoil chónaithe i Loch GarmanScoil Naomh Peadar i bhFearna. Dar ndóigh, an scoil sin i ndiaidh a bheith sa nuacht cuid mhór le blianta beaga anuas. Is amhlaidh gur chaith an tAthair Dónal Collins -a fuarthas ciontach i 1998 i mí-úsáid ghnéasach a thabhairt do bhuachaillí - cúpla i dteach mo thuismitheoirí i Nua-Eabhrac samhradh amháin. sásta a bhí nuair a thosaigh na líomhaintí ag teacht chun cinn. Deirtear go raibh na coireanna seo fós ar siúl le linn na mblianta a chaith mise sa scoil sin.”

Leoga, bíonn Bishop an-cháinteach mar gheall ar an Eaglais Chaitliceach ina chuid fuirseoireachta. Cuireann dearcadh na heaglaise i leith homaighnéasachta agus moráltachta déistin air.

Look, níl mise ag iarraidh conspóid a chothú ar fud na háite. Is rud thar a bheith pearsanta é creideamh. Mar sin, bheinn sásta é a phlé ar an teilifís. Agus ar an teilifís, bhíonn a fhios agat hiad na daoine atá ag breathnú ort. Bíonn daoine ag bhrabhsáil trí na cainéil éagsúla. Bíonn siad ag teacht ar chláracha nár chuala siad trácht orthu riamh agus bíonn siad ag breathnú orthu ar feadh cúpla

nóiméad. Mar sin, d’fhéadfadh daoine a ngoillfeadh mo sheasamh maidir leis an Eaglais Chaitliceach go mór orthu a bheith ag breathnú ar mo cuid cláracha, daoine nach bhfuil taithí acu ar an dearcadh atá agam ar an stíl fuirseoireachta atá agam.

Is scéal eile ar fad iad na seónna. Bíonn comhaontú neamhscríofa i gceist idir féin agus an lucht féachana. na daoine i ndiaidh airgead maith a íoc as ticéidmar sin, chuile sheans go dtaitníonn mo chuid stuif leo cheana féin. Mar sin, tuiscint eadrainn agus bím ag tabhairt cuiridh dóibh teacht isteach i mo spás pearsanta.”

Rud eile ar labhair faoi ina chuid seónna go minic thar na blianta an suaitheadh cultúir a bhí i gceist nuair a tháinig go hÉirinn i dtosach.

Oh yeah, saol iomlán difriúil ar fad a bhí i gceist. Cuireann soir go minic nuair a bhíonn daoine ag fúmsa gur *Yank * nach bhfuil tuiscint cheart aige ar an tsochaí Éireannach; gur duine ón taobh amuigh atá ag déanamh tráchtaireachta ar a bhfuil ag titim amach sa tír. Ach bhí mise sa tír seo sna blianta deireanacha sin sular thosaigh tréimhse an Tíogair Cheiltigh. Níl a leithéid de théarma ann agusan Dara Domhan”, ach mbeadh, d’úsáidfí é le cur síos a dhéanamh ar an tír i rith na tréimhse sin.”

Is cuimhin liom, le linn dom a bheith ar an ollscoil, go bhfaca seó de chuid Des ina ndearna cur síos an-chliste ar na difríochtaí idir Nua-Eabhrac agus Éire. Thug suntas ar leith don mhéid a dúirt faoi mhuintir na hÉireann a bheith ciaptha de shíor ag imní faoin tumthéitheoir agus acu ar fágadh ar siúl é, ar múchadh é! Dar leis, bhí neamhord éigníoch dúghafach ag muintir na tíre ina hiomláine faoi! Chuaigh i bhfeidhm go mór orm mar go bhfuil mo thuismitheoirí féin díreach mar sin.

Céim ollscoileI ndiaidh do Bishop a chuid meánscolaíochta a chríochnú, thug aghaidh ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, áit a ndearna céim sa Bhéarla agus sa Stair.

Bhí an-tógtha le drámaíocht agus ar an ollscoil, ach fós féin raibh a fhios agam ag an am sin go rachainn leis an bhfuirseoireacht mar ghairm bheatha. Bhí thar a bheith gníomhach i gcumann drámaíochta na hollscoile. Bhí dream maith sa chumann ag an am sinCillian Murphy, an scríbhneoir Úna Carney agus na haisteoirí Cathal Murray agus Ed Wilson ina measc. “Thosaigh ag freastal ar chlub fuirseoireachta go rialta. Bhí aithne agam ar an bhfear a bhí ina bhun agus shíl seisean go mbeadh mianach ionam ó thaobh na fuirseoireachta de. Mar sin, rinne mo chéad gig sa chlub sin. Thug siad fiche nóiméad dom, rud a bhí i bhfad rófhada. Bhí tús agus deireadh maith i gceist, ach bhí an chuid sa lár cineál shit!”

Ag an am sinsa bhliain 1997 – bhíothas sa tóir ar thallann úr i mBaile Átha Cliath mar go raibh ráchairt as cuimse i ndiaidh a bheith ar fhuirseoirí Éireannacha sa Bhreatain. Bhíothas ag iarraidh an chéad ghlúin eile a chothú.

Bhí Dylan Moran díreach i ndiaidh The Perrier Comedy Award a bhaint agus bhí

Tommy Tiernan i ndiaidh So You Think You’re Funny a bhuachan ag an bhféile fuirseoireachta i nDún Éideann. Tharla go sciobtha go rabhthas ag tuar go mbeinnse, i measc daoine eile, ar thús cadhnaíochta.”

Bhí lucht leanúna díograiseach ag Bishop faoin mbliain 2000, ach ba sa bhliain seo a tarraingíodh aird an phobail i gcoitinne air nuair a ghlac le ról leanúnach ar chlár teilifíse den chéad uair. Tugadh cuireadh le bheith mar chaptaen foirne ar an gclárDon’t feed the Gondolasar RTÉ. Clár painéil ab ea é, ar nósHave I got News for Youna Breataine.

Bhí an ghráin agam ar an gclár sin. Níl ag iarraidh a bheith rócháinteach faoi RTÉd’fhéadfaí rudaí a ina leith agus ina éadan. Ach ó mo thaobhse de, ba é ceann de na rudaí ba mhó ina éadan nár thuig na daoine a raibh mise ag plé leo an tábhacht a bhaineann le tallann úr a chothú, a spreagadh agus a thabhairt ar aghaidh. Bhí mise thar a bheith glas ag an am sin agus braithim gur fágadh ar mo chonlán féin níor tugadh treoir ar bith dom. dhearnadh rud ar bith le a threorú ach amháin mo chuid lochtanna a chur in iúl dom; níor cuireadh comhairle ar bith orm maidir leis an dóigh a bhfeadfainn na lochtanna sin a leigheas. Bhí an

clár lag le linn domsa a bheith ag obair air. Ach bhain sin leis an gclár a bheith lochtach, liomsa a bheith lochtach. Braithim gur cuireadh cuid mhór brú orm agus gur tugadh drochbhail orm agus go mbítí ag tabhairt le fios gur bhain lochtanna an chláir liomsa. The whole experience was a fking nightmare. raibh sásta leis an obair a bhí ar siúl agam thaitníonn cláracha painéil liom ar aon nós agus níor thaitin riamh. quick gag merchant mise.”AilseTréimhse dheacair ab ea é do Des. Le linn a bheith páirteach sa chlár, fuair amach go raibh ailse magarlach air. Chuathas i ngleic leis an ailse sciobtha go leor, agus bharr sin níor chuir chois é agus bhí ar ais ar a sheanléim tamall gairid i ndiaidh na hobráide.

Ach fuair taithí ar rud nua agus é san ospidéal: sárú príobháide.

Chuala iriseoir éigin de chuid an Evening Herald faoin scéal le linn dom a bheith san ospidéal agus an chéad rud eile, bhí an ceannteidealRTÉ star in cancer shockle feiceáil ar chéad leathanach an nuachtáin. raibh ar intinn agam go mbeadh a fhios ag an domhan mór faoin scéal.

Mar gheall ar go raibh an scéal anois i mbéal an phobail, dúirt le Cumann Ailse na hÉireann go mbeinn sásta cuidiú leo, mbeadh an chabhair sin ag teastáil, ó thaobh m’ainm mo chuid *celebrity *– a chur le feachtas feasachta.

áthas orm anois go ndearna é sin. gurb é an cineál galair é ailse magarlach nach bhfuil aon teacht aniar ann don atá thíos leis. go huile is go hiomlán inchóireáilte éiríonn leat dul i ngleic leis in am.”

Osclaíonn a sheaicéad lena t-léine a thaispeáint dom an mana, “Protect your vital organ”, scríofa air.

Lean Bishop de bheith ag obair in RTÉ i ndiaidhagus i rithan tinnis. go bhfuil cuma ghéar ar an méid a dúirt thuas faoin drochbhail a thug RTÉ air le linnDon’t feed the Gondolas”, deir fosta go bhfuil an-chuid gnéithe dearfacha ag baint leis an institiúid. Cibé rud a tharla le linnDon’t feed the Gondolas”, is léir gur éirigh le Des agus le RTÉ an chloch a chaitheamh as an muinchille mar go bhfuil caidreamh sláintiúil proifisiúnta i gceist eatarthu ó shin i leith.Go pearsanta, shíl go raibhWork Experiencei bhfad níb fhearr Joy in the Hood” – shíl gur léirigh an chéad cheann a luadh an t-uafás faoin tsochaí Éireannach.Iompar frithshóisialtaDeir Des gurb é an dóigh a mbíonn muid sásta glacadh le cultúr an óil ar cheann de na rudaí is a mhairfidh ina chuimhne ón tréimhse sin a chaith i mbunWork Experience”.

sochaí shibhialta i gceist in Éirinn. bhíonn muid sásta glacadh le rudaí áirithe i rith an lae. Ach ansin, i ndiaidh meán oíche, cailleann daoine smacht orthu féin. Déanann siad rudaí drochbhéasacha, aineolacha agus, i gcásanna áirithe, cóiriúla. Bíonn iompar míchuí ar siúl acu agus léiríonn siad dímheas ar dhaoine eile. Bítear ag glacadh le hiompar frithshóisialta istoíche mar gurcuid den chraicé. Níl ag iarraidh go smaoineoidh daoine gur piúratánach , ach an ghráin agam ar iompar frithshóisialta, orthu siúd a mbíonn dhá thaobh an bhóthair leo agus iad ag dul abhaile.”

gach cuma ar an scéal go mbeidhIn the Name of the Fadathar cionn. na jócanna ar na bacáin le tamall anuas, agus is amhlaidh go bhfuil comhairleoir teanga anois ag cabhrú le Des le cinntiú nach gcaillfear an ghramadach sa ghreann. a mhalairt.

Gaeilge na leabhar agam féin, mar sin, ar an drochuair, níl Gaeilge ag an gcuid is de na daoine a bhfuil aithne agam orthu. Ciallaíonn sin nach mbíonn fonn orthu de ghnáth labhairt faoi chúrsaí Gaeilge rithfeadh leo a leithéid a dhéanamh mar nach bhfuil an teanga, mar a deirtear sa Bhéarla, ar an radar acu. Ach tharla go raibh an Ghaeilge faoi chaibidil agam le cairde éagsúla de mo chuid ceithre cúig huaire ar leith le seachtainí beaga anuas. Tháinig an t-ábhar chun cinn sna comhráite ar fad mar gheall ar an gceist chéanna a bheith curtha orm: Have you heard about Des Bishop learning Irish?Is cuma acu smideadh, púdar níocháin, bróga spóirt teanga atá i gceist, níl aon dabht ach gur féidir le daoine cáiliúla aird an phobail a tharraingt ar na rudaíidir tháirgí agus chúiseannaa mbíonn siad ag tacú leo.

Dar ndóigh, níl ag maíomh go dtosóidh gach duine sa tír ag labhairt Gaeilge mar gheall ar go bhfuil Des Bishop ag déanamh amhlaidh dóigh liom go bhféadfadh duine ar bith an mhíorúilt theangeolaíoch sin a bhaint amachach is cosúil go gcruthóidhIn the Name of the Fadadea-thoil sa bhreis i leith na teanga i measc mhuintir na hÉireann. bhfios céard a thiocfaidh chun cinn: d’fhéadfadh tarlú go gcuirfidh daoine áirithe rompu an teanga a fhoghlaim de thoradh iad a bheith spreagtha ag an tsraith.Maidir le Des, ar intinn aige féin leanúint ar aghaidh leis an nGaeilge i ndiaidh an tsraith a chur i gcrích. Agus deir go mbeidh mic an Easpaig i gceist sa todhchaíagus gur Gaeilgeoir a bheidh i ngach duine acu.

Is í Caoimhe Laighin eagarthóir na hirise seo

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.