AGALLAMH BEO
Gearóid Ó Cairealláin
Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin

Tá Gearóid Ó Cairealláin ar dhuine de na daoine is aithnidiúla i ngluaiseacht na Gaeilge sna Sé Chontae. Le cois a bheith ina iriseoir, ina ghníomhaire teanga agus léiritheoir teilifíse,complacht drámaíochta dá chuid féin aige fosta. Agus níl an stróc tromchúiseach a bhuail é anuraidh tar éis stop a chur lena chuid oibre, mar a mhínigh sé do Chaoimhe Ní Laighin.

Íomhá
Íomhá
Tá Gearóid ag iarraidh seirbhís níos fearr tacsaí do dhaoine atá faoi mhíchumas
Íomhá
Tugadh Gearóid go hospidéal an Royal Victoria
Íomhá
Gerry Adams, Uachtarán Shinn Féin: D'fhreastail sé féin agus Gearóid ar an scoil chéanna
Íomhá
Íomhá
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál

Le blianta anois, tá Gearóid Ó Cairealláin ar dhuine de na daoine is aithnidiúla i ngluaiseacht na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Is beag duine i saol na Gaeilge ó thuaidh nach mbeadh ainm an fhir seo cloiste aige agus dócha gur bhuail formhór na ndaoine sin leis an gCaireallánach go pearsanta agus é ag ól cupán caife i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál, nó é i mbun camchuairte lena chomplacht drámaíochta, Aisling Ghéar.

Is fear é Gearóid a bhfuil an chuid is mó dá shaol caite aige i mbun feachtasaíochta ar son na Gaeilge agus i mbun fiontar chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Bhí baint lárnach aige le bunú na Cultúrlainne, cuir i gcás. Le cois a bheith ina iriseoir ar feadh na mblianta leis an nuachtán laethúil Gaeilge Lá (foilseachán a raibh baint mhór aige lena bhunú), tá complacht drámaíochta bunaithe aige, mar aon le comhlacht teilifíse, Scannán Aisling Ghéar. Chaith sé seal mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge fosta.

Bhuail mé leis le déanaí sa Chultúrlann le labhairt leis faoina shaol, faoin Annus Horribilis, mar a déarfadh Banríon Shasana, a bhí aige anuraidh, agus faoi na spriocanna atá leagtha síos aige don todhchaí.

De bhrí go bhfuil aithne fhorleathan ag muintir Bhéal Feirste ar Ghearóid, is beag duine ón bpobal Gaelach ansin nach dtuigfidh cé chomh tráthúil is atá sé agallamh a chur air i mí Iúil 2007.

Tá sé tráthúil mar go raibh an baol ann i mí Iúil 2006 go gcaillfí Ó Cairealláin, i ndiaidh do stróc tubaisteach é a bhualadh. Léiriú ar dhiongbháilteacht, neart agus chrógacht an Chaireallánaigh atá sa dul chun cinn atá déanta aige ó shin i leith.

Ní hamháin go bhfuil dul chun cinn an-mhór déanta aige ó thaobh na sláinte de, ach tá sé ar ais ag obair agus i mbun feachtasaíochta arís. I measc rudaí eile, tá feachtas curtha ar bun aige le cur ina luí ar thiománaithe tacsaí Bhéal Feirste gur chóir dóibh seirbhís níos fearr a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas.

Is léir nach bhfuil a acmhainn grinn caillte aige ar aon chuma. “Ar chuala tú go bhfuil comhrialtas bunaithe ag Sinn Féin agus Páirtí an Lucht Oibre?” a deir sé. Chuir mé spéis sa mhéid a bhí á rá aige mar ag an am a chuir mé an t-agallamh air ní raibh aon chinnteacht mar gheall ar an rialtas úr go fóill. Ach is léir gur píosa grinn atá ann. “Sea, Guns ‘n’ Roses ainm an chomhrialtais!”

De bhrí go bhfuil baint tar éis a bheith Gearóid leis an oiread sin fiontar i rith a shaoil, is beag agallóir nach mbeadh drogall air díriú isteach ar an stróc agus a shaol ar fad a laghdú go dtí an eachtra sin ina ndearnadh damáiste tromchúiseach don taobh deas dá inchinn agus don taobh clé dá chorp.

Ach labhraíonn Gearóid go hoscailte faoin stróc, ag rá go mbíonn sé mar “eilifint sa seomra” agus é ag labhairt le daoine. Tá sé anois i gcathaoir rothaí agus níl smacht aige ar an taobh clé dá chorp. “Tá sé cosúil, ar bhealach, le go bhfuair an saol a bhí agam bás. Tá saol nua agam anois agus caithfidh mé dul i dtaithí air sin. In amanna, cuireann sé frustrachas orm mar go raibh an-dúil agam sa saol a bhí agam. Bhí mé i gcónaí bríomhar agus lán fuinnimh. Ach tá achan rud ag luas níos moille anois.”

An cuimhin leis céard go díreach a tharla ar an lá sin beagnach bliain ó shin?

“Gnáthlá oibre a bhí ann nuair a tharla sé. Bhí mé istigh in oifig Scannán Aisling Ghéar. B’éigean dom cúpla scairt ghutháin a dhéanamh. Bhí mé ag labhairt le hiriseoir ar an ghuthán agus thug mé faoi deara go raibh mo ghuth aisteach, go raibh na focail ag teacht amach go fadálach. Bhí mo chomrádaí Eoghan Ó Néill sa seomra agus d’fhiafraigh sé díom cad é a bhí cearr liom. Thóg mise dhá choiscéim ina threo agus thit mé as mo sheasamh. Bhí an t-ádh orm go raibh daoine sa seomra liom. Chuir duine éigin eile glaoch ar otharcharr. Is cuimhin liom gur tháinig beirt lads leis an otharcharr agus gur thosaigh mise ag argóint leo ag rá go ndéanfainn cupán caife dom féin agus go mbeinn okay ina dhiaidh sin. Thóg siad mé láithreach.”

Tugadh é go dtí an t-aonad dianchúraim in ospidéal an Royal Victoria i mBéal Feirste. D’fhan sé san aonad sin ar feadh sé seachtaine, go dtí gur bogadh é go Musgrave Park, ospidéal eile sa chathair a bhfuil sainaonad athshlánaithe ann.

Tromchúiseach

Stróc thar a bheith tromchúiseach a bhí ann. “Bhí an brú i m’inchinn chomh hard sin go raibh an chuma ar an scéal go raibh m’inchinn marbh. Mhol na dochtúirí do mo mhuintir dul abhaile agus socruithe tórraimh a dhéanamh.”

Is amhlaidh gur dúradh leis an teaghlach ar an Luan i ndiaidh don stróc é a bhualadh nach mbeadh an dara rogha ag na dochtúirí ach an meaisin tacaíochta beatha a mhúchadh ar an Déardaoin. Tugadh an sprioclá seo don teaghlach mar go raibh an mac is sine ag taisteal abhaile ón Astráil chun bheith ag colbha na leapa. Agus a chairde, a mhuintir agus a mhic bailithe timpeall na leapa, dúradh leo go múchfaí an meaisín. Dúradh i gcogar leis, “Squeeze my hand if you can hear me.” D’fháisc Gearóid lámh an dochtúra go bog. “Is maith an rud é nach bhfuil mé bodhar!” a deir sé.

Ní raibh nóiméad soilsithe ag Gearóid inar thuig sé chomh tromchúiseach is a bhí an rud ar fad. “Tá cuimhne cheomhar agam ar rudaí áirithe le linn na tréimhse sin. Mar sin, thuig mé de réir a chéile cad é a bhí ar siúl. Ach is dócha nár shíl mé riamh go raibh deireadh liom. Ghlac mé leis i gcónaí, fiú agus mé san aonad dianchúraim, go leanfainn ar aghaidh le mo chuid oibre, leis na rudaí ar fad a bhí idir lámha agam. Bhí mé ag déanamh pleananna i m’intinn i dtaobh na rudaí ar fad a bheadh ar siúl i mí na Samhna. Seo i mí Lúnasa agus mé ar thairseach an bháis.”

Tar éis dó an chéad dúshlán a shárú, bhí lúcháir ar a theaghlach agus ar mhuintir Iarthar Bhéal Feirste. Thug siad “Lazarus” air, rud nach gcuireann isteach air mar, “ar a laghad tá Lazarus beo ag deireadh an scéil.” Ach caithfidh go raibh éadóchas air tar éis dó an chéad chéim a bhaint amach nuair a thuig sé an méid oibre a bhí le déanamh aige?

“Ní bhíonn éadóchas orm faoi aon rud. Shocraigh mé go dtiocfainn amach as an rud seo agus b’in an sprioc a bhí agam. Bhí an lucht leighis thar cionn; ní hamháin gur choinnigh siad beo mé, ach bhí an comhairleoir síceolaíoch thar a bheith tábhachtach dom ó thaobh an t-éadóchas a dhíbirt as m’intinn. Ach b’éigean dom a bheith foighneach.”

An GhaeilgeIs fear mór cúise é Gearóid agus níl aon cheist faoi ach gurb é an *raison d’être *atá aige ná an Ghaeilge. D’fhreastail sé ar Scoil Mhuire na mBráithre in Iarthar Bhéal Feirste, scoil a bhfuil alumni thar a bheith mórthaibhseach aici. I measc na ndaoine a d’fhreastail ar an scoil tá Gerry Adams, Máirtín Ó Muilleoir, Pól Ó Muirí agus Joe Devlin. Bhí traidisiún láidir Gaeilge sa scoil.

“Thosaigh mé amach sa scoil sin le linn bhlianta tosaigh na dtrioblóidí. De réir a chéile, thuig cuid againn sa scoil gurbh í an Ghaeilge an chuid ab Éireannaí d’Éirinn. I ndiaidh na n-ionsaithe ar Shráid Bombay, thosaigh muid ag díriú isteach ar an Ghaeilge. Bhí Arm na Breataine achan uile áit. Bhí bratacha móra ar fud na háite agus bhí na saighdiúirí ag stopadh gasúr óg sa tsráid. Thuig mé go raibh na saighdiúirí ag piocadh ormsa toisc gur Éireannach a bhí ionam. Bhrúigh sin mé i dtreo na Gaeilge níos mó. Freagairt ar an ghéarleanúint a bhí ann. Daoine eile, chuaigh siad bealach eile. Bhí bealaí eile le haisfhreagra a thabhairt.”

Ag breathnú siar, céard é an tuairim atá aige i dtaobh na “mbealaí eile” sin? “Tá sé ró-éasca dul siar anois agus na daoine a chuaigh sa treo sin a cháineadh. Ní thig liom a rá an raibh sé de dhíth nó nach raibh sé de dhíth. An t-aon rud a thig liom a rá ná go bhfuil áthas orm go bhfuil sé thart. Nach mbeidh na saighdiúirí ag cur isteach ar mo pháistí-se. Nach ndéanfaidh páistí s’agamsa cinneadh dul leis an lámh láidir.”

Measann Gearóid fosta gur chuir Rialtas na hÉireann leis an bhfadhb leis an gcinsireacht a cuireadh i bhfeidhm. “Theastaigh ó ghluaiseacht na poblachta tús a chur le díospóireacht shíochánta, ach níor ceadaíodh sin. D’éirigh cúrsaí ní ba mheasa ansin de bhrí go raibh a mbealach cumarsáide gearrtha.”

Preas an Phobail agus Tar éis do Ghearóid an scoil a fhágáil, chaith sé cúpla bliain ag staidéar agus ansin d’éirigh sé as le dul ag obair in ospidéal. Ní raibh a chroí san obair chléireachais a bhí ar bun aige, áfach. Tar éis dó plé a bheith aige le leithéidí Sheáin agus Shéamuis Mhic Sheáin ó Bhóthar Seoige i dtaobh an ghá a bhí le nuachtán laethúil trí mheán na Gaeilge, bhunaigh grúpa daoine (Gearóid Ó Cairealláin agus Eoghan Ó Néill ina measc) an nuachtán Preas an Phobail ag tús na n-ochtóidí. Foilsíodh an nuachtán go laethúil den chéad uair i 1984.

In ainneoin na ndeacrachtaí ar fad a bhí ag Lá ar feadh na mblianta, mhair sé. Ag amanna faoi leith, foilsíodh é mar nuachtán seachtainiúil. Ach nuair a chuirtear san áireamh go raibh fadhbanna uafásacha dáileacháin ag an nuachtán (ag pointe amháin b’éigean dóibh dul timpeall an Tuaiscirt ar rothair chun é a scaipeadh) agus go ndeachaigh an clóphreas trí thine, is míorúilt é gur mhair sé. Agus mhair sé trí thréimhsí ina raibh ganntanas airgid dá leithéid d’fhiontar i dTuaisceart Éireann.

“Mhair muid mar go raibh díograis againn don teanga, mar go raibh fonn oibre orainn agus mar gur chreid muid go láidir in athbheochan na teanga.”

Tá an nuachtán ceannaithe anois ag an Andersonstown News Group agus is féidir le Lá Nua (mar a thugtar air anois) leas a bhaint as acmhainní uilig an ghrúpa sheanbhunaithe seo.Tá daoine amuigh ansin, áfach, a bhíonn sásta a cháineadh go minic, rud a ghoilleann go mór ar Ó Cairealláin. “Sa tír seo, má dhéanann tú rud ar bith, cáintear thú. Má chuireann tú nuachtán amach, cáintear thú. Ach tá sé níos fearr nuachtán Gaeilge a chur amach agus cáineadh a fháil ná mar a bheadh sé gan aon rud a dhéanamh.

“Cad é go díreach atá cearr leis? Tá achan ghné den saol clúdaithe ann – an spórt, an Ghaeilge, na healaíona, an pholaitíocht.”

Ach, de réir daoine áirithe, is í an pholaitíocht an ghné a chruthaíonn formhór na bhfadhbanna. Tá sé ráite go minic roimhe seo go bhfuil Lá claonta i leith Shinn Féin.

“Ní ghlacaim leis sin - sin breithiúnas gan bhunús. Cad é mar atá sé claonta? Nuair a fheiceann daoine nuachtán Gaeilge sna Sé Chontae, ceanglaítear sin le polaitíocht agus le gluaiseacht na poblachta. Ní léann siad an nuachtán chun a gcuid réamhthuairimí a thástáil.”

Ach i 1997 cáineadh Gearóid é féin nuair a scríobh sé alt in Lá ina ndúirt sé, “Tá galar i ndiaidh briseadh amach ó thuaidh i measc an phobail Ghaeilge. Ainm an ghalair – an tSlí leis an Ghaeilge a dhéanamh tarraingteach don phobal Protastúnach. Is chuige seo go príomha atá Iontaobhas Ultach.”

Cuireadh seicteachas ina leith tar éis dó an t-alt sin a scríobh, líomhain nach nglacann sé léi ar chor ar bith. “Scríobhadh é sin i gcomhthéacs faoi leith. Agus bhí íoróin ag baint leis. Is cara de mo chuid é John Robb, ar Protastúnach é a bhfuil Gaeilge aige. Shíl seisean go raibh sé thar a bheith greannmhar. Is an rud a bhí i gceist agam ná gur chóir go ndéanfaí achan tionscadal Gaeilge a mheas de réir a bhuanna féin, ní i gcomhthéacs na mbuanna a bheadh aige do phobail eile.”

I measc na ndaoine a cháin Gearóid tar éis dó an t-alt seo a scríobh, bhí Aodán Mac Póilin ó Iontaobhas Ultach agus Pól Ó Muirí, eagarthóir Gaeilge an Irish Times. Is amhlaidh go ndeirtear go minic go bhfuil aighneas idir Gearóid agus lucht na Cultúrlainne ar thaobh amháin, agus Mac Poilín agus Ó Muirí ar an taobh eile. Céard is cúis leis an aighneas seo?

“Na daoine seo, tá seanaithne agam orthu. D’fhreastail mé ar scoil le Ó Muirí, mar sin ní dóigh liom go bhfuil aon rud pearsanta ann. Dearcaidh éagsúla i dtaobh na mbealaí is fearr chun rudaí a chur i bhfeidhm is cúis leis an aighneas, is dócha. Ach tá sé fíor a rá fosta go raibh Iontaobhas fadálach ag tacú leis an Chultúrlann.”

Deir sé nach bhfuil aon rud pearsanta ann idir é féin agus Ó Muirí. Ach nuair a fhiafraím dó an síleann sé go mbíonn Ó Muirí i gcónaí róshásta eagraíochtaí Gaeilge i gcoitinne a cháineadh, deir sé: “Níor mhaith le Pól grúpaí a cháineadh. Ach amháin mise. Agus ní grúpa mise. Ach sílim go n-eascraíonn sé ar fad as míthuiscint, le bheith fírinneach.”

Tá Gearóid an-bhródúil as . Agus is léir go bhfuil údar bróid aige mar gheall ar gur éirigh leis an nuachtán an conradh úr do nuachtán laethúil a fháil ó Fhoras na Gaeilge, in ainneoin go raibh grúpa láidir, an Irish News, san iomaíocht don chonradh sin.“Tá tacaíocht Gaeilgeoirí ar fud na tire tuillte ag ,” a deir sé. “Tá tacaíocht tuillte, ní toisc é bheith ann ach ar an ábhar go bhfuil sé ann agus go bhfuil sé go maith.”An todhchaí Tá neart idir lámha ag Gearóid faoi láthair. Beidh sé féin agus a pháirtí, Bríd Ó Gallchóir, ag pósadh i gceann cúpla mí, cuir i gcás. Chomh maith leis sin, tá sé beartaithe aige leanúint ar aghaidh ag obair leis an dá chomhlacht. Faoi láthair, tá Bríd (atá ina stiúrthóir ar Aisling Ghéar) ag cur le chéile an chláir don bhliain seo chugainn. Ó thaobh an chomhlachta teilifíse de, tá moltaí á scríobh ag Gearóid faoi láthair agus tá sé ag cur cláir faoin gCairdinéal Tomás Ó Fiaich in eagar. Craolfar an clár sin go luath ar TG4.

“Measaim go bhfuil muid ag an chéim sin leis an chomhlacht teilifíse go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go dtig linn a chur in luí ar an lucht maoinithe [An Ciste Craoltóireachta Gaeilge] go dtig linn an obair seo a dhéanamh in ainneoin mise bheith tinn.”

Tá Gearóid thar a bheith tógtha leis na hathruithe atá ag titim amach ina cheantar dúchais faoi láthair fosta. Measann sé, cuir i gcás, gur forbairt an-chorraitheach é an dul chun cinn atá déanta maidir le bunú na Ceathrún Gaeltachta.

“Cad chuige nach mbeadh an Cheathrú Ghaeltachta againn?” a deir sé. “Bunaíodh ceathrúna don Titanic agus i limistéar na hArdeaglaise. Bealach iontach atá ann le hinfheistíocht a mhealladh chuig ceantar. Tá neart dul chun cinn déanta ag lucht a bhunaithe. Níl mise ar an bhord, ach measaim gurb é ceann de na rudaí is tábhachtaí ná go mbeadh fáil ag daoine a bhfuil Gaeilge acu ar thithe agus ar árasáin sa cheathrú. Bheadh sé praiticiúil dá dtiocfadh leo bheith ag obair sa cheantar ina bhfuil cónaí orthu.”

Maidir lena shláinte, aithníonn Gearóid gur saothar idir lámha atá ann. Glacfaidh sé tamall fada air na spriocanna atá aige a bhaint amach, ach tá sé foighneach.

“Ní miste liom tionscadail fhadtréimhseacha. Tá mé ag fanacht ar athbheochan na Gaeilge, ar athaontú na hÉireann agus ar an lá a bhuafaidh Contae Aontroma Corn Mhic Uidhir leis na blianta anois!”

Is as Baile Átha Cliath í Caoimhe Ní Laighin agus tá céim aici san iriseoireacht ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.