AGALLAMH BEO
Colm Mac Con Iomaire
Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin

Is veidhleadóir agus seinnteoir méarchláir é Colm Mac Con Iomaire, arb as an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath ó dhúchas é. Tá sé ina bhall den bhanna clúiteach The Frames ó bhí 1990 ann, ach bhí sé ar dhuine de na ceoltóirí a bhunaigh Kíla sna hochtóidí chomh maith. Rinne sé albam aonair dar teideal [i]Cúinne an Ghiorria[/i] a thaifeadadh i mbliana agus rachaidh sé ar camchuairt náisiúnta le hé a chur chun cinn i mí Mheán Fómhair. Chuaigh Caoimhe Ní Laighin chun cainte leis le gairid faoi chúrsaí ceoil, faoin tionscal ceoil agus faoin dóigh a mbraitheann sé faoin chlú.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Ba mheafar a chum Máirtín Ó Cadhain a spreag Mac Con Iomaire Cúinne an Ghiorria a thabhairt ar a albam
Íomhá
Tarraingíonn Mac Con Iomaire ar shaothar an chumadóra chomhaimseartha Philip Glass ina albam
Íomhá
The Frames
Íomhá
D'fhreastail go leor ceoltóirí clúiteacha ar Choláiste Eoin, Davy Spillane ina measc
Íomhá
Íomhá
Bronnadh Oscar ar Hansard agus Irglova i mí an Mhárta as ucht an amhráin "Falling Slowly" a chum siad don scannán Once
Íomhá

Bhuail mé le Colm Mac Con Iomaire, ar veidhleadóir, fonnadóir cúil agus seinnteoir méarchláir leis an mbanna ceoil The Frames é, lá breá samhraidh i nDumhach Thrá i rith na míosa seo caite. Tá Colm ar tí a chéad albam aonair, Cúinne an Ghiorria, a lainseáil go hoifigiúil agus is cinnte gur seoid d’albam atá ann.

Bunaíodh The Frames sa bhliain 1990. Bhí go leor dúshlán le sárú acu riamh agus iad ag saothrú leo leis an aitheantas a bhí tuillte acu a fháil – ní fhéadfadh duine ar bith a rá gur gan stró a bhain siad clú agus cáil amach.

B’iomaí uair a dúradh ina dtaobh go raibh siad ar tí superstardom a bhaint amach. Agus is dócha go bhféadfaí a rá go bhfuil siad gar go maith don leibhéal sin clú a bheith orthu anois, nó chomh gar dó agus ba mhaith leo a bheith. Is maith an rud é, mar sin, nár thit an lug ar an lag acu riamh in ainneoin na ndeacrachtaí ar fad a bhí acu thar na blianta le comhlachtaí ceirníní, moilleanna agus rudaí eile a bhí ina gcúis díomá dóibh.

Tá ainm an bhanna in airde faoi láthair. Scríobhadh léirmheasanna an-dearfacha faoina n-albam is deireanaí, The Cost (2006), agus tá camchuairt mhór-ráchairte dar teideal “Swell Season” – ar díríodh inti ar cheol ón scannán *Once – *díreach curtha díbh acu. Ar ndóigh, bronnadh Oscar ar phríomhamhránaí an bhanna, Glen Hansard, i mí an Mhárta as ucht an amhráin “Falling Slowly” a scríobh sé féin agus Marketa Irglova don scannán céanna.

Dealraíonn sé go bhfuil cosúlachtaí idir scéal The Frames agus an finscéal cáiliúil de chuid Aesop, An Tortóis agus An Giorria, ach níorbh é sin an fáth ar thug Mac Con Iomaire *Cúinne an Ghiorria *ar a albam. Baineann an teideal, go bunúsach, leis an nGaeilge.

“Lá amháin, agus mé ag labhairt le m’athair [Liam Mac Con Iomaire, an craoltóir agus scríbhneoir], luaigh sé rud éigin fíorshuimiúil a bhain le meafar a chum Máirtín Ó Cadhain. Nós ársa in Éirinn ab ea é, aimsir an fhómhair, barraí gan bhaint a fhágáil i gcúinne amháin de pháirceanna ionas go mbeadh áit éigin ag an ngiorra le héalú chuici. Dúirt Ó Cadhain gur cúinne an ghiorria í an Ghaeltacht, is é sin, go bhfuil sí slán faoi láthair ón spealadóir; tá sí fágtha gan bhaint lena raibh inti. Ach faoiseamh sealadach amháin atá ann – tá sí go mór i mbaol a spealta. Thaitin an meafar sin go mór liom. Tá samhlaíocht ag baint leis agus tá rud éigin cineál osnádúrtha faoi freisin de thairbhe go bhfuil sé bainteach le nós ársa.”

TiomantaIs léir gur duine é Mac Con Iomaire atá tiomanta ó thaobh na teanga de. Gaeilge bhreá dhúchasach a labhraíonn sé lena ghasúir óga – an bheirt acu a bhí in éineacht leis nuair a chas mise air – agus ba mar thoradh ar a shuim sa teanga a rinne The Frames leaganacha Gaeilge de chuid dá n-amhráin a thaifeadadh roimhe seo. Bhí na hamhráin sin – “Lócaistí” agus “Ciúnas” – le fáil ar SnaG ’05 agus Ceol ’06, ar albaim iad a eisíodh le Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh.

Ach ar ais go Cúinne an Ghiorria. Cén chaoi ar tharla sé go ndearna sé cinneadh an t-albam a thaifeadadh i mbliana?

“Bhí sé i gceist agam tabhairt faoi albam aonair le fada. Cheannaigh mé four-track agus mé fiche bliain d’aois, agus is dócha gur theastaigh uaim rud éigin a dhéanamh ón am sin i leith. Ach ar chúiseanna éagsúla ní dhearna mé é roimhe seo. I mí Eanáir na bliana seo, fuair mé amach cén cineál sceidil a bhí leagtha amach don bhliain ó thaobh dátaí agus camchuairteanna de agus ba léir dom go mbeadh orm luí isteach ar an albam chomh luath agus ab féidir dá dteastódh uaim é a dhéanamh in 2008. Chinn mé ar an taifeadadh a dhéanamh i mí an Mhárta, mar sin. Murach gur thug mé faoin obair ansin, bhí gach seans ann go rachadh bliain eile tharam gan an t-albam a dhéanamh.

“Bíonn sé deacair a bheith scartha ón teaghlach agus mé ar camchuairt agus níor theastaigh uaim tuilleadh laethanta leis na gasúir a chailleadh. Mar sin, cheannaigh muid seanteaghais soghluaiste agus chuir mé sa ghairdín cúil é agus réitigh muid chuile rud ann – mé féin agus an fear a léirigh an t-albam, Karl Odlum. Bhí muid beirt in Kíla agus The Frames le chéile tráth den saol. Tá *set-up *iomlán aige ó thaobh an léirithe de – ríomhairí agus gach rud – agus cheannaigh muid micreafóin agus an trealamh agus araile agus chaith muid coicís istigh sa charbhán i mbun taifeadta.”

Agus cén cineál ceoil atá i gceist ar an albam?

“Meascán iomlán. Ceol uirlise amháin atá ann – níl aon ghuthanna le cloisteáil. Dá mbeadh orm cur síos a dhéanamh air, déarfainn go bhfuil an ceol áit éigin idir Philip Glass [an cumadóir comhaimseartha] agus Planxty.”

Agus an mbaineann an meascán seo lena thógáil agus leis an gceol a raibh tionchar aige air agus é ag éirí aníos?

“Is dócha go mbaineann. Is as Conamara é m’athair agus ba uaidhsean a fuair mé an ceol traidisiúnta. Is as Contae Liatroma í mo mháthair agus rinne sise cinnte de go bhfuair muid oiliúint chlasaiceach sa cheol chomh maith.”

CumadóirCaithfear a rá gur albam ar leith atá sa saothar seo. Is saothar é, gan amhras; píosa ealaíne, déarfainn féin. Rith sé liom, agus mé ag éisteacht leis, gur ag éisteacht le cumadóir a bhí mé. Sa Ghaeilge, is éard is brí le “cumadóir” ná composer agus ciallaíonn “cumadóir amhrán” song-writer. Mar sin, ní dóigh liom go ndéanann an Ghaeilge idirdhealú sách soiléir idir an dá rud. Ach sa Bhéarla, tuigeann muid an difríocht chaolchúiseach idir na focail sin. Níl mé ag rá go bhfuil gradam ar leith tuillte ag an gcumadóir thar an ngradam atá tuillte ag an gcumadóir amhrán, ach is duine ar leith é an* composer* gan aon amhras – tuigeann muid ar fad na fochialla a bhaineann leis an bhfocal áirithe sin.

Chuir intreoir an phoirt “Bróga Gorma” saothar an chumadóra Stravinsky i gcuimhne dom (é lán téaduirlisí eangacha) ach is éard atá sa phríomhshéis ná ceol traidisiúnta. Shílfeá nach réiteodh an dá shaghas ceoil lena chéile in aon chor agus táim cinnte go mbeadh an meascán áirithe sin tubaisteach dá ndéanfadh duine éigin eile é. Ach oibríonn sé - ní thuigim cén fáth. Port eile atá iontach maith ná “Ná hIompair Adhmad”. Cuireann sé ceol éigin Slóvacach i gcuimhne dom. Ach tá gnéithe den snagcheol le cloisteáil ann chomh maith – sioncóipiú agus tionchar Miles Davis ar an troimpéad. Arís, d’fhéadfadh a leithéid de mheascán a bheith go huile is go hiomlán tubaisteach, ach éiríonn le Mac Con Iomaire rud éigin fíorshuimiúil a bhaint amach.

Tá stíl ar leith aige, rud a bhaineann, mar a mhíníonn sé, leis an uirlis speisialta atá aige.

“Rinne an déantóir veidhlín Thomas Perry an uirlis atá agam sa seachtú haois déag. Lá amháin, agus mé ag tabhairt cuairte ar mo luthier, Conor Russell, chonaic mé an veidhlín seo ar an gcornchlár. Ba léir dom gur uirlis neamhghnách a bhí inti – bhí sí sáil agus macnasach agus murab ionann agus an gnáthveidhlín, thug mé faoi deara go raibh pionnaí air le haghaidh cúig théad, seachas ceithre cinn, cé nach raibh téada ar bith air ag an am sin.”

Réitigh Russell an uirlis agus cheannaigh Mac Con Iomaire í.

Serendipity a bhí ann. Ba chosúil go raibh mé ag fanacht ar an uirlis seo ar feadh mo shaoil. Tháinig an ceol ar fad le chéile go measartha nádúrtha ón nóiméad sin ar aghaidh. Mar gheall ar go bhfuil an cúigiú téad ar an veidhlín, is féidir liom raon an vióla a bhaint amach air chomh maith agus taitníonn sé sin go mór liom. Braithim go bhfuil nasc an-domhain idir mé féin agus an uirlis seo – an fear ar cheannaigh mé í uaidh [Russell], cheannaíodh mo mhamó téada dá veidhlín óna sheanmhaistirsean sna fichidí.”

Cén chaoi a mbraithfeadh sé dá gcaillfeadh sé í?

“Ní féidir liom smaoineamh air sin, fiú. Bheadh sé tubaisteach.”

Maidir leis an albam, ar bhain sé taitneamh as an bpróiseas taifeadta?

“Bhain, go cinnte. Bhí sé iontach taitneamhach am a chaitheamh le Karl; leithscéal breá a bhí ann am a chaitheamh leis, i ndáiríre. Bhí an próiseas an-phléisiúrtha ar fad mar den chéad uair riamh níor bhraith mé go raibh daoine eile ag iarraidh dul i bhfeidhm orm ná tionchar a bheith acu orm. Bhí mé i gceannas orm féin.”

An mbíonn sé deacair in amanna, mar sin, a bheith i mbanna ceoil?

“Bíonn mar go mbíonn cur agus cúiteamh faoi gach uile rud. Ach bíonn sé iontach chomh maith, ar ndóigh. Tá fealsúnacht ar leith againn sa bhanna: ‘He who cares wins.’ Is éard atá i gceist leis sin ná go dtugtar cead a chinn don duine is mó a bhfuil barúil láidir aige faoi cheist ar leith. Ach ó thaobh an albaim seo de, bhí sé suimiúil agus deas a bheith i gcomhthéacs nua. B’iontach an rud é nach raibh gá le comhréiteach ar bith agus gurbh í m’fhís féin a bhí á tabhairt chun cinn.”

Ceol agus a Óige

Cén chaoi ar tharla sé go ndeachaigh Mac Con Iomaire leis an gceol? An amhlaidh gur léir do dhaoine agus é an-óg go raibh bua an cheoil aige?

“Insíodh scéal dom roimhe seo. Deir mo thuismitheoirí gur fhág siad mé faoi chúram mo mhamó deireadh seachtaine amháin agus nuair a d’fhill siad le mé a bhailiú, gur dhúirt mo mhamó leo gur chaith mé an deireadh seachtaine ar fad ag portaireacht ón ardchathaoir! Tamall ina dhiaidh sin, thosaigh mé ag canadh na bport a bhíodh á gcleachtadh ag mo dheirfiúr ar an veidhlín. B’ansin a cheannaigh mo mháthair veidhlín domsa. “Agus mé i mo dhéagóir, ar ndóigh, bhraith mé go raibh go leor rudaí i bhfad ní ba thábhachtaí ná an ceol – peil agus araile – agus táim iontach buíoch de mo mháthair gur lean sí de bheith ag cur brú orm a bheith ag cleachtadh ar bhonn rialta.”

Ní gá dom a rá, is dócha, cén mheánscoil ar fhreastail Mac Con Iomaire uirthi. Smaoinigh air ar feadh soicind. Duine ó dheisceart Bhaile Átha Cliath (is as an gCarraig Dhubh ó dhúchas é). Ceoltóir. Gaeilge líofa. Cén scoil eile a d’fhéadfadh a bheith i gceist ach Coláiste Eoin! Ó thaobh an cheoil de, cuimsíonn alumni céimiúil na scoile sin Kíla (iad ar fad, go bhfios dom), Liam Ó Maonlaí, Fiachna Ó Braonáin, Davy Spillane, Eoin Dillon, Colm Ó Ciosóig, Mac Con Iomaire é féin agus Dara Ó Briain. (Okay, ní ceoltóir é Ó Briain, ach b’éigean dom é a lua nó tá sé an-cháiliúil!)

Céard a chuirtear san uisce sa scoil áirithe sin?

“Bhí an-ómós ag na daoine a bhí i gceannas na scoile don cheol – Bráthair de Barra agus daoine mar sin. Thugtaí cead dúinn éalú ó ranganna le ceol a chleachtadh. Ní hionann sin agus a rá go mbíodh muid á chleachtadh chuile uair a tugadh cead dúinn éalú, ach spreagadh muid ó thaobh an cheoil de de thairbhe go raibh an-mheas ag na múinteoirí air.”

Timpeall an ama seo, leagadh bunchlocha go leor bannaí ceoil, Kíla, The Mary Janes agus The Frames ina measc.

“Thagadh slua mór daoine le chéile gach Satharn le haghaidh seisiún buscála ar Shráid Grafton agus áiteanna mar sin. Théadh muid go háiteanna éagsúla le go bhféadfaimis ní ba mhó airgid a fháil, ach ansin, thagadh muid ar ais le chéile ag deireadh an lae le seisiún ollmhór a sheinm lena chéile. Bíodh suas le fiche ceoltóir ag glacadh páirte sna seisiúin sin. Tugadh Kíla ar an collective ar fad, agus bíodh Glen Hansard páirteach ann in amanna. Is dócha, mar sin, go bhféadfaí a rá go raibh The Frames mar chuid de Kíla ag tráth faoi leith!”

The FramesBhí Mac Con Iomaire féin ina bhall bunaidh de Kíla. Sa bhliain 1990, agus baill áirithe Kíla istigh i Sun Studios i mBarra an Teampaill ag obair ar albam Choilm Uí Shnodaigh, tharla go raibh Glen Hansard i mbun cleachtaidh lena bhanna nua, The Frames, san fhoirgneamh céanna. I rith an tseisiúin taifeadta chuaigh Colm, ar chuireadh ó Glen, suas chuig a seisiún-na. Is é a deir sé anois ná go ndeachaigh sé suas agus é ina bhall de bhanna amháin, agus gur tháinig sé anuas agus é ina bhall de bhanna eile!

An amhlaidh go raibh Kíla cineál spréachta leis de bhrí gur fhág sé an banna go tobann ?

“Is dócha go raibh ar feadh tamaill. D’fhág mé féin agus David Odlum [deartháir Karl, an duine a léirigh Cúinne an Ghiorria] ag an am céanna agus is dócha gur bhuille mór é an bheirt againn a chailleadh le chéile mar sin. Ach ní raibh mórán ag tarlú ó thaobh Kíla de ag an am sin. Níor tháinig rudaí le chéile ó thaobh Kíla de go dtí an bhliain ina dhiaidh sin, i ndáiríre.

“Bhí cineál buzz faoi The Frames ón tús. Bhí deal faighte againn le Island Records, ach bhí muid ar bheagán taithí ó thaobh an ghnó de – níor thuig muid nach raibh ionainn ach uain i measc na sionnach.”

Chuir siad an t-albam Another Love Song amach le Island Records sa bhliain 1992 agus bhí an chuma ar an scéal go raibh siad ar tí an clú idirnáisiúnta sin a bhaint amach sular chuir an lipéad ceirníní deireadh leis an gcaidreamh. Ar eisiúint an albaim Fitzcarraldo (1995), chuir an léiritheoir Trevor Horn an-spéis iontu agus d’éirigh leo conradh nua a shíniú leis an lipéad ZTT.

“Bhraith muid, le linn dúinn a bheith le ZTT, go raibh muid ar thimpeallán an t-am ar fad. Chuir an lipéad an-mhoill orainn. Bhí go leor airgid acu – bhí leithéidí Frankie Goes to Hollywood i measc a gcuid cliant – ach níor thug siad aon tacaíocht dúinn agus chuir siad a ladar isteach sa scéal. Bhí siad ag cur ár gcuid ama amú agus ní raibh muid ar aon fhocal riamh maidir leis an gcineál ceoil ba mhaith linn a bheith clúdaithe ar an albam.”

Sa deireadh, níor cuireadh an t-albam Dance the Devil amach go dtí 1999 agus ansin, ar chasadh na mílaoise, rinne The Frames cinneadh droim láimhe a thabhairt le comhlachtaí ceirníní feasta.

Ba ar a lipéad féin, Plateau, a d’eisigh siad na halbaim For the Birds (2001), Burn the Maps (2004) agus The Cost (2006), albaim ar scríobhadh léirmheasanna an-dearfacha fúthu agus ar díoladh neart cóipeanna díobh. Ba léir go raibh renaissance de chineál éigin i gceist.

“Bhí sé iontach a bheith neamhspleách agus a bheith i gceannas orainn féin. Bhí go leor trealaimh ceannaithe againn faoin am sin le tabhairt faoin taifeadadh – luíonn sé le réasún go ndéanfaimis amhlaidh; is cuimhin liom, agus muid le Island Records cuir i gcás, go mbíodh muid ag íoc £1,300 sa lá as stiúideo.”

Clú agus cáil

Tá clú agus cáil ar The Frames faoin am seo, agus aitheantas idirnáisiúnta tugtha dóibh. Cén chaoi a mbraitheann Mac Con Iomaire faoin gclú? An rud aisteach é a bheith cáiliúil?

“B’iontach an rud é, dar liomsa, go raibh muid ‘aibí’ nuair a tharla sé; níor chiall muid srian orainn féin. Ach tá an rud ar fad low-key; ní hé go mbíonn paparazzi taobh amuigh den doras agus muid ag dul amach leis an tsiopadóireacht a dhéanamh. Níor mhaith liom sin in aon chor. Agus tú i mbanna, tarlaíonn sé go minic go ndíríonn daoine ar an bpríomhamhránaí. Feileann sé domsa go ndíríonn daoine ar Glen.”

An raibh aon éad i gceist sa bhanna nuair a bronnadh an Oscar ar Hansard?

“Ní raibh in aon chor. Bhí sé iontach go bhfuair sé an t-aitheantas a bhí tuillte aige, cuireann sé lúcháir orm. Ach tá sé ag teacht ar an tuiscint anois go bhfuil an-difríocht idir an clú a bhaineann le ballraíocht i mbanna éigin, agus an clú atá i gceist agus tú i d’aisteoir ar bronnadh Oscar air.”

Ní shamhlóinn gur duine é Mac Con Iomaire a dtaitneodh an cineál sin clú leis. Ritheann rud éigin liom a d’inis an damhsóir Breandán de Gallaí dom tráth. Dúirt sé go dtaitníonn an cineál clú atá air go mór leis – go mbíonn deis aige damhsa os comhair sluaite móra agus aitheantas a fháil as ucht na mbuanna agus na scileanna atá aige. Ach ag deireadh an lae, tá saoirse iomlán aige mar nach n-aithníonn daoine ar an tsráid é. Déarfainn gurb amhlaidh atá sé i gcás Mhic Con Iomaire.

In ainneoin go bhfuil sé drogallach roimh chlú, tabharfaidh Mac Con Iomaire faoi chamchuairt lena albam nua a chur chun cinn i mí Mheán Fómhair. Beidh sé ag seinm timpeall na tíre sna háiteanna seo a leanas:

Meán Fómhair

4 Busker Brownes, Gaillimh

5 Belltable Theatre, Luimneach

6 Station House, An Clochán, Conamara

7 Whelan’s, Baile Átha Cliath

8 Sirius Arts Centre, Cobh

9 Cyprus Avenue, Cathair Chorcaí

Mholfainn go láidir don té a bhfuil spéis aige i gceol úrnua agus uathúil cuairt a thabhairt ar YouTube le Colm a fheiceáil ag seinm an phoirt “Na Bróga Gorma” (http://www.youtube.com/watch?v=dPDyEg2Y6_Y)

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin albam agus faoin gcamchuairt ar an suíomh gréasáin seo: *www.theharescorner.com*. Is féidir an t-albam a íoslódáil ón suíomh áirithe sin ar chostas €10 agus beidh sé ar fáil sna siopaí chomh maith i ndiaidh dó a bheith seolta go hoifigiúil i mí Mheán Fómhair.

Is í Caoimhe Ní Laighin eagarthóir na hirise seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.