AGALLAMH BEO
Julian de Spáinn
Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin

Is duine é Julian de Spáinn a bhfuil cáil nach beag bainte amach aige mar fhear cúise. Bhí sé ina Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn in 2000-01 agus d’éirigh leis branda Sheachtain na Gaeilge a threisiú go mór le linn dó a bheith ina bhainisteoir ar an bhféile. Ceapadh é ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge sa bhliain 2006. Labhair Caoimhe Ní Laighin leis le gairid mar gheall ar pholaitíocht na Gaeilge agus mar gheall ar a fhís i leith na teanga.

Íomhá
Tá cinneadh déanta ag an gConradh a cheannáras ar Shráid Fhearchair a dhíol
Íomhá
Bhíodh Michael Collins ag feidhmiú ón bhfoirgneamh a bhfuil an Conradh lonnaithe ann
Íomhá
Táthar ag féachaint le foirgneamh nua an Chonartha a thógáil in áit níos lárnaí mar Bharra an Teampaill
Íomhá
Bhí de Spáinn ina Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn in 2000-'01
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Tá Orla Nic Shuibhne anois ina bainisteoir ar SnaG
Íomhá
Íomhá
Tá de Spáinn ina stiúrthóir ar an gcomhlacht Gaelchultúr chomh maith

Tá aithne agam ar fhear a bhfuil post sinsearach aige in eagraíocht Ghaeilge. Rinne sé cur síos thar a bheith siamsúil, tráth den saol, ar chuid de na daoine a fhreastalaíonn ar na comhdhálacha móra a reáchtálann eagraíochtaí teanga – “Anoraks na Gaeilge”, a thug sé orthu, “ a mbíonn orgasm acu nuair a bheireann siad greim ar an micreafón lena gcuid a rá!”

D’fhéadfaí a rá go mbíonn gothaí móra agus buillí beaga i gceist go minic i saol na Gaeilge. Ach ba léir dom i ndiaidh agallamh a chur ar Julian de Spáinn, atá ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge ó bhí 2006 ann, gur fear gnímh é – ní fhéadfadh mo chara a rá riamh gur duine de na Anoraks é!

Chuir mé agallamh air ag tús na míosa seo, agus tar éis dom éisteacht leis an téip, rith rud éigin liom: cuireann de Spáinn agus an méid atá bainte amach aige – i gcomhar le daoine eile, dar ndóigh – ré órga na heagraíochta Gael Linn i gcuimhne dom. Fear físe ab ea é Dónall Ó Móráin, duine de lucht bunaithe na heagraíochta sin, a bhí in ann daoine eile a spreagadh agus a thabhairt leis, mar aon le rudaí a bhaint amach a chuaigh i bhfeidhm go mór ar dhaoine agus a raibh tionchar inbhraite acu ar chur chun cinn na Gaeilge.

Is amhlaidh atá sé i gcás an Spáinnigh. Is léir ó bheith ag caint leis nach mbíonn drogall air riamh a bheith uaillmhianach nó pleananna móra a bhrú chun cinn. Is “fear cúise agus feachtas” é, agus níl aon dabht ach go mbeidh an Ghaeilge thuas lena chinneadh a aird agus a chuid fuinnimh a dhíriú ar an teanga. Is fear é fosta, áfach, nach mbíonn leisce air fiacail a chur ann agus é ag caint ar na rudaí agus ar dhreamanna áirithe a chuireann bac air agus é i mbun a chuid oibre. (Ach níos mó ina thaobh sin ar ball!)

Nuair a bhuail mé le de Spáinn, bhí meanma an-mhaith aige agus é ag caint faoi na nithe corraitheacha atá ag titim amach sa Chonradh faoi láthair. Tá bunreacht nua i gcomhair na heagraíochta ar na bacáin acu agus is léir go bhfuil sé ar bís le tabhairt faoi mhórphlean uaillmhianach a bhfuil cinneadh díreach déanta faoi.

Cinneadh suntasach

“Tá cinneadh déanta anois ag Coiste Gnó an Chonartha an ceannáras ar Shráid Fhearchair a dhíol, láthair nua a aimsiú agus foirgneamh nua-aimseartha a thógáil,” a deir sé.

An raibh sé iontach deacair cur ina luí ar an gCoiste an cinneadh seo a ghlacadh de thairbhe na staire agus an traidisiúin a bhaineann leis an bhfoirgneamh áirithe sin?

“Níor chuir mise ina luí ar aon duine aon rud a dhéanamh – tá mise fostaithe leis na fíricí a chur os comhair an Choiste le go mbeidh siad in ann teacht ar chinneadh. Chuir mé an t-eolas ar fad i dtoll a chéile mar gheall ar an drochbhail atá ar an bhfoirgneamh faoi láthair agus faoi na costais ar fad a bheadh i gceist dá bhfanfaimis ansin. Ach ó dhuine éigin eile a tháinig an moladh agus vótáladh ar a shon.

“Ach déarfaidh mé an méid seo faoi: bhí díospóireacht bhreá ann ar an lá! Tá dlúthbhaint ag an bhfoirgneamh sin le tús an Stáit – bhí banc Shinn Féin lonnaithe istigh ann ag tús na haoise seo caite, cuir i gcás, bhíodh Michael Collins ag feidhmiú as an áit ag tráthanna éagsúla agus rinneadh toghchán na bliana 1918 a phleanáil ansin. Ach i ndeireadh na dála, beidh an stair sin ar fad fós ann cibé eagraíocht a bheas lonnaithe ansin amach anseo. Foirgneamh liostaithe is ea é; ní bheidh cead ag dream ar bith é a leagan chun talaimh riamh. Ach ní féidir linne ár gcuid spriocanna a bhaint amach a fhad is a bheidh muid lonnaithe ansin – níl sé oiriúnach a thuilleadh do na rudaí is mian linn a dhéanamh sa todhchaí.”

Agus is é is mian leis a dhéanamh san am atá romhainn – an mórphlean uaillmhianach seo – ná lárionad Gaeilge a bhunú i lár Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a dtiocfaidh pobal na Gaeilge le chéile – idir dhaoine aonair a bhfuil spéis acu sa teanga agus eagraíochtaí a bhfuil a gcuid spriocanna féin acu, ach arb í a gcomhchuspóircur chun cinn na Gaeilge agus an traidisiúin Ghaelaigh. Plean réabhlóideach is ea é, i ndáiríre.

“Tá an taighde ar fad déanta faoin am seo. Tá muid i ndiaidh dul i ndáil chomhairle le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, leis an Aire [Éamon Ó Cuiv - an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta] agus le hailtirí maidir leis an bplean seo. Tá muid chun foirgneamh nua a thógáil a mbeidh iliomad rudaí ann – spás le haghaidh ceolchoirmeacha, drámaí, ceardlanna agus imeachtaí sóisialta, cuir i gcás. Chomh maith leis sin, beidh bialann phoiblí ann, mar aon le naíolann, siopa leabhar agus seomraí ranga.

“Beidh na heagraíochtaí Ógras, Seachtain na Gaeilge, An tOireachtas agus an Coimisiún le Rincí Gaelacha – atá lonnaithe i gceannáras an Chonartha ar Shráid Fhearchair cheana féin – sa bhfoirgneamh nua chomh maith, agus teastaíonn ó Gaelscoileanna Teo agus Forbairt Naíonraí Teo bogadh isteach nuair a bheas sé tógtha.

“Rachaidh sé chun sochair do gach aon dream a bheith ag obair as lámh a chéile mar seo. Beidh custaiméirí inmheánacha i gceist – beidh Forbairt Naíonraí Teo in ann úsáid a bhaint as an naíolann le haghaidh cúrsaí traenála, cuir i gcás, agus beidh an tOireachtas agus an Coimisiún le Rincí Gaelacha in ann úsáid a bhaint as na seomraí ceardlainne. Ach ní do na heagraíochtaí amháin a bheidh muid ann, ach do phobal na teanga trí chéile.

“Táimid ag iarraidh go mbeidh an t-ionad an-tarraingteach do phobal na Gaeilge agus go mbeidh sé lárnach; faoi láthair táimid in áit thar a bheith ciúin. Deir daoine, ‘oooh, Sráid Fhearchair, nach bhfuil an t-ádh libhse go bhfuil sibh in áit

chomh lárnach.’ Cinnte, bíonn an tsráid seo lán daoine i rith an lae agus iad san obair, ach istoíche, bíonn an chuid den tsráid a bhfuil muidne lonnaithe uirthi thar a bheith ciúin. Tá sé rud beag scoite amach ó chroílár na cathrach, agus ní rithfeadh sé le gach duine teacht anseo ar bhonn sóisialta. Táimid ag breathnú ar láithreacha ar Shráid Loch Garman, Sráid San Seoirse agus i mBarra an Teampaill faoi láthair, cuir i gcás, mar go bhfuil muid ag iarraidh go mbeidh an t-ionad thar a bheith feiceálach agus go mbeidh an pobal in ann teacht air go héasca.”

Is cuimhin liom gur léigh mé foilseachán le Helen Ó Murchú dar teideal Dúshlán agus Treo d’Eagraíochtaí Gaeilge le linn dom a bheith ag staidéar inar mhol sí a leithéid de lárionad don teanga. Ba léir dom nuair a léigh mé é gur coincheap iontach a bhí ann – níor thuig mé cén fáth nár smaoinigh duine ar bith riamh air. Bhraith mé cineál spreagtha i ndiaidh dom an foilseachán sin a léamh, ach dar ndóigh, ní dhearna mé aon rud go pearsanta lena chinntiú go gcuirfí an coincheap i gcrích! Rinne de Spáinn an MSc céanna agus a rinne mise – le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath – mar sin, b’fhéidir gur léigh sé an foilseachán céanna. Ach is é an difríocht idir an bheirt againn ná go bhfuil seisean sásta dul i mbun gnímh.

Fear gnímhIs cosúil gur fear gnímh a bhí i de Spáinn riamh agus ní dóigh liom go mbeadh deacracht ar bith acu siúd a dhéanann taighde ar an bhfiontraíocht é a rangú mar fhiontraí sóisialta. Cé nár chuir sé an t-eagras a bhfuil sé ag plé leis ar bun, teastaíonn uaidh é a thabhairt ar aghaidh go leibhéal nua éifeachtúlachta. Dála Michael O’Leary agus Ryanair, is dócha, cé nach dtaitneodh an chomparáid sin leis, táim cinnte!

Céard iad na tréithe a bhaineann leis, dar leis, a chuireann ar a chumas feachtais a reáchtáil go héifeachtach?

“Bhuel, measaim go bhfuil na buanna seo ag gach duine ach iad a mhúscailt iontu féin. Ach is dócha gurb é an cur chuige atá agam agus mé i mbun cúis a chur chun cinn ná go ndéanaim na daoine ar fad a bhfuil comhchúspóir ar leith acu a thabhairt le chéile le go mbeidh guth aontaithe i gceist.”

Ní neart go cur le chéile, mar deirtear, agus is fealsúnacht í seo a bhí i gceist agus é ina Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn in 2000-’01, tráth a bhí sé i gceannas ar fheachtas a bhí ar bun ag mic léinn altranais chun maoiniú breise a fháil ón rialtas, feachtas ar éirigh leis £15 milliún breise a fháil.

“Rinneamar iarracht le linn an fheachtais áirithe sin na páirtithe leasmhara ar fad a thabhairt le chéile – mic léinn altranais ó na hinstitiúidí tríú leibhéal uilig, cuir i gcás, agus na ceardchumainn CSTGT agus INO – go dtí nach raibh dream ar bith i gcoinne aidhmeanna an fheachtais ach amháin rialtas an lae! Aon áit a dtéadh Mícheál Martin, a bhí ina aire sláinte ag an am, bhíodh grúpa mac léinn altranais ag fanacht air le hé a chrá!”

Nuair a tháinig deireadh lena théarma mar Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn, thug de Spáinn aghaidh ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath lena MSc a bhaint amach, agus ba le linn na tréimhse sin a chonacthas dó go bhféadfadh sé cuid mhór a bhaint amach i saol na Gaeilge mar go raibh tiomantas aige don teanga.

SnaG

Ceapadh é ina bhainisteoir ar Sheachtain na Gaeilge, ar phost páirtaimseartha é ag an am, agus thuig sé an poitéinsiúil a bhí ag baint leis an bhféile ó thaobh líon na ndaoine a d’fhéadfaí a mhealladh chuig an teanga lena linn dá ndéanfaí í a reáchtáil ar bhealach ní ba phroifisiúnta. Thug sé faoi mhaoiniú sa bhreis a fháil ó Fhoras na Gaeilge le go bhféadfadh foireann lánaimseartha a bheith ag obair uirthi i rith na bliana ar fad. Rinne sé branda na féile a threisiú go mór agus é ag obair uirthi, agus i mo thuairimse, is é an rud is suntasaí a d’éirigh leis a dhéanamh ná albam na féile a thionscain. Chuile bhliain ó bhí 2005 ann, tá albam á eisiúint leis an bhféile a chomóradh. Is éard a bhíonn i gceist ar na halbaim seo ná leagan Gaeilge d’amhráin le ceoltóirí mór le rá – Kíla, Liam Ó Maonlaí, The Corrs agus The Frames, mar shampla. D’éirigh le halbam na bliana seo, Ceol ’08, an chéad áit a bhaint amach sna cairteacha Éireannacha.

“Is cuimhin liom go raibh mé ar bhus blianta ó shin le linn dom a bheith ag obair le Coláiste na bhFiann. Bhíomar ag dul siar go Gaillimh ar thuras éigin le daoine óga. Bhí Hector Ó hEochagáin agus roinnt daoine eile linn chomh maith. Bhí an t-amhrán sin ‘Take a Parachute and Jump’ le Something Happens le cloisteáil ar an raidió agus thosaigh muid ag aistriú na liricí go Gaeilge ar an toirt, go

spontáineach agus go spleodrach. Chuaigh sé sin go mór i bhfeidhm orm; go raibh muid ag canadh as Gaeilge ar thuras Gaelach go Gaillimh. Agus ní hé gur amhráin ar an sean-nós a bhí á rá againn, ach ba cheol comhaimseartha a bhí i gceist. Is dócha gurbh as an eachtra sin a d’eascair na halbaim.

“I dtosach, bhí sé an-deacair na ceoltóirí a fháil [do SnaG ’05], mar ní raibh táirge ar bith agam le taispeáint dóibh. B’éigean dom a bheith rud beag ceanndána agus scairt a chur orthu agus mo speil a thabhairt dóibh ar feadh cúig nóiméad.

“Literally, bhinn ar nós, ‘mise bainisteoir Sheachtain na Gaeilge ... agus seo an rud is mian linn a dhéanamh ... agus beidh sé iontach ... ní gá go mbeidh Gaeilge líofa agat ... so ... beidh sé thar cionn ... so, céard a shíleann tú?!’

“Bíonn na ceoltóirí iad féin thar a bheith báúil leis an gcoincheap de ghnáth, ach ansin, caithfidh tú a bheith a déileáil le bainisteoirí agus araile. Agus de bhrí go bhfuil an-tóir ar na halbaim anois, tromluí is ea cúrsaí cóipchirt. Ach is comhartha é sin go bhfuil ag éirí go han-mhaith leis; ní bheadh na lipéid cheoil buartha faoi na cúrsaí sin dá mba rud é gur shíl siad nach mbeadh tóir ar na halbaim nó mórán airgid le déanamh astu.”

FrustrachasIs léir ón dóigh a labhraíonn sé faoi Sheachtain na Gaeilge go bhfuil sé thar a bheith bródúil as an bhféile, ach tá frustrachas éigin le cloisteáil ina ghuth chomh maith.

“D’éirigh linn an fhéile a thabhairt ar aghaidh go leibhéal nua, ach ní féidir le hOrla Nic Shuibhne, an té atá ina bainisteoir ar an tSeachtain anois, dul níos faide. Theastaigh uaimse agus uaithise dul i bhfeidhm ar i bhfad níos mó daoine ar an talamh – bhí pleananna iontacha againn. Ach ní féidir dul i bhfeidhm ar na daoine sin i réimsí éagsúla mura féidir ábhar a chur ar fáil dóibh – na bileoga agus araile

a bhíonn de dhíth le himeachtaí a reáchtáil le linn na féile, cuir i gcás.”

Agus céard ba chúis leis na pleananna sin a bheith caite i dtraipisí?

“Ní raibh Foras na Gaeilge sásta maoiniú sa bhreis a chur ar fáil dúinn.”

Tá sé léite agam go bhfuil Foras na Gaeilge cáinte ag de Spáinn roimhe seo cúpla uair.

“Ní úsáidfinn féin an focal ‘cáineadh’. An rud atá ann ná gur chuir mé pleananna ar aghaidh chucu arís agus arís eile, ach saothar in aisce a bhí ann. Sílim gur deis ollmhór í an fhéile ach nach bhfuil muid ag baint úsáide aisti mar is ceart. Ach ní bhíonn an Foras sásta an t-airgead a chur ar fáil, agus níor mhínigh siad dom riamh a gcinneadh.”

Cuirim ceist dhíreach air mar gheall ar an rud is mó a chuireann bac air agus é i mbun a chuid oibre.

“Go macánta, caithfidh mé Foras na Gaeilge a rá. Níl aon tairbhetoradh i ndiaidh a bheith ar na pleananna móra a chuir mé chucu. Tá mé buartha in amanna nach léir dóibh an mórphictiúr. Mar shampla, chuir Conradh na Gaeilge iarratas faoi bhráid an Fhorais roimhe seo le maoiniú a fháil chun tabhairt faoi phlean teanga do gach contae. Táthar ag diúltú do na pleananna móra go leanúnach, agus níltear ag tabhairt mar leithscéal ach amháin, ‘níl ach méid áirithe airgid tugtha ag an Rialtas d’Fhoras na Gaeilge.....’

“Cinnte, caithfidh an Rialtas go leor airgid a thabhairt don Foras, ach tá mise buartha nach mbíonn an Foras ag cur ár gcuid pleananna ar aghaidh chuig an Roinn agus iad sa tóir ar mhaoiniú sa bhreis. Tá mé buartha faoin struchtúr atá i gceist le teacht ar chinntí chomh maith. Tá mé buartha nach bhfeiceann siad an tábhacht nó an ról a bhaineann leis na smaointe atá ag teacht ó na daoine ar an talamh, ó phobal na Gaeilge é féin.”

An síleann sé go bhfuil easpa físe i gceist i bhForas na Gaeilge, mar sin?

“Sílim é. Ach tá bord nua ceaptha anois agus tá súil agam go mbeidh athrú ar an scéal as seo amach. Tá súil agam go mbeidh muid in ann a bheith ag obair lena chéile agus tá súil agam go mbeidh siad sásta cluas le héisteacht a thabhairt dúinn.”

GaelchultúrRud suntasach eile atá bainte amach ag Julian le blianta beaga anuas ná go bhfuil comhlacht nua, Gaelchultúr Teoranta, curtha ar bun aige i gcomhar le hÉamonn Ó Dónaill (iar-eagarthóir na hirise seo) agus le Darren Ó Rodaigh (a bhunaigh an comhlacht ríomhaireachta Zamano). Tá siad lonnaithe i lár Bhaile Átha Cliath i mBarra an Teampaill. Cuireann siad ranganna Gaeilge ar fáil. Agus ceardlanna. Agus ....

Tá sé seo ag cur rud éigin i gcuimhne dom: an lárionad a theastaíonn ó de Spáinn a bhunú. I lár Bhaile Átha Cliath. B’fhéidir i mBarra an Teampaill. A chuirfidh ranganna Gaeilge ar fáil. Agus ceardlanna ...

An bhfuil coinbhleacht leasa i gceist mar gheall ar go bhfuil de Spáinn ina stiúrthóir ar an gcomhlacht Gaelchultúr agus ina Ard-Rúnaí ar an gConradh agus an fiú don lárionad na ranganna agus na ceardlanna a chur ar fáil más iad sin na rudaí atá á ndéanamh ag Gaelchultúr cheana?

“Níl aon choinbhleacht i gceist. Tá an Conradh ag iarraidh go mbeidh Gaelchultúr lonnaithe sa bhfoirgneamh linn. Tá Gaelchultúr anois ag díriú isteach ar nideoga ar leith: forbairt acmhainní teagaisc, cuir i gcás, agus seirbhísí a chur ar fáil atá bainteach le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Is éard atá i gceist ná go mbeidh gach eagraíocht a bheas lonnaithe sa lárnionad i mbun a gcuid oibre féin, ach go mbeidh comhoibriú i gceist idir na heagraíochtaí sin nuair is cuí.”

Is léir nach bhfuil an obair seo ar bun ag Julian lena bheatha a thabhairt i dtír amháin; is léir go bhfuil spreagadh intreach aige chomh maith.

An dóigh leis sé go mbaineann chuile rud a dhéanann sé lena chuid oibre agus an mbraitheann sé nach féidir leis idirdhealú a dhéanamh idir uaireanta oibre agus uaireanta saoire?

“Braithim sin, go pointe áirithe. Ach is é an dóigh a mbreathnaím ar chúrsaí ná go ndéanfaidh mé an obair seo ar fad ar feadh roinnt mhaith blianta. Agus ansin beidh mo chuid déanta agam. Bealach eile a mbreathnaím ar chúrsaí ná go ndéanann

cuid mhór daoine obair dheonach ina n-am saor. Sin an rud atá ar bun agamsa, ach tarlaíonn sé go ndéanaim mo chuid obair dheonach san áit chéanna a mbím ag obair go lánaimseartha. Tá obair dheonach thar a bheith tábhachtach don Chonradh, táimid ag brath uirthi. Mar sin, is maith liom mo chuidse a dhéanamh chomh maith.”

Dearcadh neamhchoitianta go maith sa lá atá inniu ann is ea é sin. Bheadh Julian ar comhaois liom féin, cúpla bliain níos sine b’fhéidir, agus molaim an seasamh atá aige i leith na hoibre deonaí – níl aithne agam ar mhórán daoine a mbeadh an dearcadh céanna acu. Mar a dúirt mé, is cinnte go bhfágfaidh sé a rian ar phobal na Gaeilge agus más féidir le haon duine an lárionad sin a bhaint amach, is féidir leisean.

Is í Caoimhe Ní Laighin eagarthóir na hirise seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.