AGALLAMH BEO
Cathy Jordan
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Is maith is aithin le muintir na tíre Cathy Jordan agus Dervish as na blianta ceoil agus as dlúthdhioscaí a eisiúint, gan trácht ar a n-iarracht ar son na hÉireann ag an Eoraifís i Helsinki cúpla bliain ó shin. Is cuimhin le roinnt d’éisteoirí RnaG an dóigh a raibh Cathy in ann gáire le Rónán Mac Aodha Bhuí ar a chlár go gairid i ndiaidh na hEoraifíse. Bhuail Seosamh Mac Muirí léi ar na mallaibh lena ceistiú féachaint cá bhfuil sí féin agus Dervish ar na saolta seo. Bhí sé le hinsint aici, i measc rudaí go leor eile, go mbeidh dlúthdhiosca á sheoladh aici in éineacht le Séamie O Dowd agus le Rick Epping i lár na míosa seo.

Íomhá
Ar Sos
Íomhá
Cathy
Íomhá
Cathy agus Dervish
Íomhá
An trúir fógartha
Íomhá
Fógra Tóra
Íomhá
Kíla

Is bean óg dhathúil í Cathy Jordan, bail ó Dhia uirthi, ach is bean tráthúil í fosta, mar bhuail sí

isteach san óstán a bhí ceaptha go díreach san am a bhí ceaptha agus í réitithe chun cainte. Ba léir an méid sin ar an duilleog páipéir a bhí marcáilte buí ina glaic aici, an bhéim leagtha ar phointe thall is abhus. Turas chun na Seapáine faoin Nollaig a thug orainn an coinne agallaimh seo a chur ar athló go dtí mí Eanáir. Ní luaithe ar ais in Éirinn iad agus bhí turas eile acu mórthimpeall abhus. Sciúird níos mó ná turas, ba léir ar an chnap dátaí a bhí leagtha amach rompu. Tá a n-aghaidh ar turas arís thall i Sasain anois deireadh mí Eanáir. Caithfidh sé nach raibh sé éasca, agus mar sin a thosaíomar an chaint. Caithfidh mé a rá, gur bean í Cathy Jordan, atá an-fhurasta a chur faoi agallamh. Taithí na mblianta atá aici is dóigh.

Cén aicme nó cén roinn den cheol traidisiúnta a rangfadh sí Dervish mar sin? Bhí tionchair éagsúla ar an ngrúpa Dervish, ach d’imir leithéidí Planxty agus an Bothy Band tionchar ar leith orthu a deir sí. Tá an fheadóg mhór, an fhidil, an bosca ceoil an-traidisiúnta mar uirlisí, ach ar an láimh eile, soláthraíonn an mandola agus an bouzouki úire ó thaobh fuaime de. Níl eagla ar Dervish i leith na húire seo sa cheol traidisiúnta. Is minic go gcasann Dervish agus Cathy foinn agus amhráin nach bhfuil sa traidisiún, níos túisce ná daoine go leor eile, b’fhéidir. Is forbairt ar an cheol an méid sin, deir sí. (Thosaigh guthán Cathy ag déanamh gleo ag an phointe seo agus d’ainneoin mise a bheith á scaoileadh leis an scairt a ghlacadh, níor ghlac sí leis an ghlao ach ina áit sin, ghlac sí leithscéal liom faoi! “Tá brón orm” a deir sí agus choinnigh sí ar aghaidh leis an agallamh, “... Sin é an bealach atáimid” a deir sí ag trácht ar an allmhairiú ceoil.

An bhfuil Cathy Jordan san aicme chéanna den traidisiún le Dervish a d’fhiafraigh mé dí ansin?

Deir Cathy go mbíodh a tuismitheoirí agus a muintir go léir tugtha don amhránaíocht agus don cheol nuair a bhí sí óg agus bhíodh an-mhórán seancheirníní sa teach, idir cheol traidisiúnta agus cheol tíre as Meiriceá. “Ní raibh a fhios agam an difríocht idir cineál amháin ceoil agus cineál eile. Nuair a bhínn ag canadh le linn m’óige an t-am sin, is dóigh liom anois go mbíodh tionchar Mheiriceá agus tionchar an cheoil traidisiúnta orm. Tá mo ghlór féin idir an dá cheol, measaim, agus níor chuala mé an rangú difríochta idir an dá cheol go dtí go ndeachaigh mé isteach sa ghrúpa Dervish. Is ansin a thosaigh mé ag foghlaim amhráin an traidisiúin in Éirinn, an dtuigeann tú? Ceapaim go bhfuil fuaim ar leith ag Dervish agus go n-aithníonn daoine an fhuaim sin.”

Ceol ó thús a hóige

Dúirt Cathy in am amháin go mbíodh sí ag drandan ceoil an-luath sa saol, go fiú sula raibh sí in ann siúl, de réir an méid a d’inis a máthair di ina dhiaidh sin. Chuaigh sí isteach sa chór, i gceoldrámaí, nó in aon áit a mb’fhéidir léi teannadh leis an cheol agus is breá léi an saol atá aici anois, deir sí, a bheith ag casadh ceoil timpeall an domhain nó sa bhaile. Tharla an baile luaite aici, cén áit is baile di faoin am seo? Scramóg nó Sligeach? -

“Bheul tá mé i mo chónaí i Sligeach le fiche bliain, áit ar cheannaigh mé teach sé bliain ó shin, ach a mhinice agus is féidir liom, téim go Ros Comáin mar a bhfuil roinnt de mo mhuintir ina gcónaí go fóill. Tá mo thuismitheoirí ar shlí na fírinne, beannacht Dé leo, ach tá mo chuid deartháireacha agus deirfiúr sa timpeall i gcónaí.”

An léann Cathy leabhair? -“Léim, chomh minic agus is féidir. Breathnaím an iomarca ar an teilifís nuair a bhím sa bhaile, ach nuair a théim ar turas fada is maith liom a bheith ag léamh leabhair faoi stair, faoi thíortha agus leabhair a bhfuil scéal maith iontu.” Agus cá bhfágann sé sin ficsean? “Is maith liom ‘Catcher in the Rye’. Is cuma liom ficsean nó non-ficsean ach is maith liom leabhar a bhfuil mé in ann foghlaim as, an dtuigeann tú?”

Cén spéis atá aici sna scannáin? -“Chonaic mé scannán Dé Domhnaigh seo caite a rinneadh i mBéal Feirste, ‘Mickybo an Me.” Labhair Cathy píosa maith faoin scannán seo, ceann a chuaigh i bhfeidhm go mór uirthi, is cinnte. (http://www.belfasthills.org/popular_culture.php?sec=446)

Fiafraím di an bhfuil deireadh tagtha le seisiúin cheoil an tí tábhairne feasta? An ré dlúthdhiosca, Youtube agus íoslódála sa bhaile feasta é? -“Tá an saol ag athrú agus tá tionchar aige sin ar an teach ósta ach tá a lán daoine óga ag seinm ceoil fós. Casfaidh siad ceol ina dtithe féin agus sílim go mbeidh an ceol slán feasta.”

An ndíolann Dervish dlúthdhioscaí go leor ar an idirlíon anois? -“Díolann, ach díolaimid an-chuid dlúthdhioscaí ag na ceolchoirmeacha. Yeh, tá athrú mór ar an mhargadh, níl oiread daoine ag ceannach dlúthcheirníní is a bhíodh, tá an rud ag athrú i rith an ama. Nuair a théann daoine chuig ceolchoirm anois, is maith leo an dlúthcheirnín a bheith leo chun an bhaile.” An réitíonn an taisteal thar lear léi nó a mhalairt? -“Ní maith liom an taisteal ó A go B, an t-aerfort, an scuaine agus mar sin. Bhí muid sa tSeapáin faoi Nollaig agus bhain mé an-taitneamh as ach ní maith liom an t-aistear as Éirinn chun na Seapáine. Tá sé an-fhada ar fad. Ceithre uaire dhéag taistil i suíochán róbheag ar fad. Ach is iontach ar fad an áit féin nuair a bhainfidh tú amach é. Bhí an taisteal sa tSeapáin féin an-eagraithe, an bus, an tiománaí agus duine ón ghníomhaíocht ag feitheamh linn gach maidin agus clár an lae scríofa amach breá soiléir. Ach an t-am a bheith ann chuige, thugadar thart sinn ar na teampaill is ar na hionaid turasóireachta eile. D’fhan muid in óstán a raibh páipéar ríse ar na ballaí móide troscán traidisiúnta, bord íseal agus mar sin de. Sinne inár gcuid stocaí ag suí thart, gan chathaoir, ar an sean-nós. Bhí an-spórt againn i dteach Kareoke.”

Dialann turais

Thagair mé do dhialann idirlín a choinnigh Cathy tráth a raibh Dervish ar turas sna Stáit Aontaithe. -“Níor choinnigh mé suas é ach ba mhaith liom a thosú arís, mí Márta le cúnamh Dé. Chaill mé ceamara is chlis ar mo ríomhaire glúine agus chuir an dá rud sin cúl ar an dialann, ach tá mé ar ais ar an bhóthair arís.

Is doiligh léi a rá cén chathair is fearr léi. Is maith léi Nua-Eabhrac i ngeall ar an fhuinneamh atá le brath ann. Tokyo mar a chéile, is maith léi an fuadar go léir. Is maith léi cathracha cultúir ar nós Milano, an Róimh agus Páras. Níl Cathy róthógtha le cathracha na Gearmáine ar nós Dusseldorf atá róluite le tionscal, deir sí. Níl aon chathair ar leith chun tosaigh orthu go léir, deir sí.

Chuir Cathy ionadh orm ansin nuair a d’fhiafraigh mé di, cé mhéad uair a bhí sí thar lear le bliain? Deir sí go mbíonn Dervish beagnach leath na bliana ag taisteal, tuairim is coicís an ceann ar sé cinn de thurais. Ní beag an méid taistil é sin.

Tuairimí

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi ina hóige? - Luann sí a tuismitheoirí láithreach. “Is as Scramóg mé, áit an-bheag ar fad, gan mórán daoine timpeall. Mise ba óige den chlann. Bhí seachtar againn ann.”

Cén duine is mó a bhfuil meas aici air/uirthi? - “Is deacair a rá. Is maith liom an té a bhfuil meas aige ar an duine eile seachas air féin, daoine cosúil le Mandela agus Mary Robinson. Is bean an-mhaith í.”

Chuireas mar cheist ar Cathy: “Labhair tusa, de réir gach tuairisce ag an am, i ndiaidh na hEoraifíse, ar son Dervish ar fad, agus ba thusa a labhair arís, go siosmaideach, le Rónán Mac Aodha Bhuí ar Raidió na Gaeltachta ina dhiaidh sin. Céard a chomharthaíonn sé sin? An tú croílár Dervish nó cén fáth gur tusa seachas fir go léir an ghrúpa a labhair ar son na buíne ar fad?” -“Cosúil leis an lá inniu anseo, sin é mo chuid oibre. Mar chuid den obair a labhraím thar cheann an ghrúpa, ach déanaím cinnte de go labhraím thar cheann gach éinne acu. Bhaineamar go léir a lán taitnimh as taithí na hEoraifíse agus bhí sé go hiontach go dtí go dtáinig na vótaí isteach. ...” Thosaigh Cathy ag meangadh ansin agus chríochnaigh a cuid cainte le han-racht gáire sa dóigh gur chuir sí mé féin ag gáire nuair a dúirt sí: “... agus thit an tóin as ansin!”

Saol an taistil

An gcuireann aon ní isteach uirthi, agus luaigh mé rudaí éagsúla go leor sa saol le Cathy ag an phointe seo? Dealaíonn sí an saol ina dhá leath, saol an taistil agus saol an bhaile. Bíonn an saol taistil an-eagraithe agus ní gá di cuimhneamh ar a dhath ach a bhfuil le déanamh ar ala na huaire mar atá leagtha amach ag duine éigin a bhfuil an cúram sin air. – “Ó éireoidh tú ar maidin, go ham bricfeasta, go dté tú a luí an oíche sin, tá gach rud leagtha amach. Óna leath i ndiaidh a naoi ar maidin nuair a chéadleagfas tú cos isteach ar an bhus, ní gá duit cuimhneamh ar rud ar bith. Bíonn ord ar gach rud. Buailfidh taom den díomá thú nuair a thig an t-am thart a mbeidh tú ag réiteach le gabháil chun an bhaile, mar ní bheidh a fhios agat céard a dhéanfaidh tú leis an am saor sa lá ar ais sa bhaile. Ach a bheith sa bhaile ar feadh tamaill, beidh greim agat ar an saol sin arís agus ord dá réir, ag glanadh an tí, ag obair sa ghairdín. Ach ansin, droim ar ais, buailfidh taom díoma thú go mbeidh ort aghaidh a thabhairt amach arís ar turas éigin eile. Is é an t-athrú atá deacair a dhéanamh.”

An t-am a mbeidh Dervish sa bhaile, tharla gur dream ceoltóirí iad atá saor ar fad, gan aon cheangal comhlachta orthu, bíonn siad ag brath ar a chéile le sciar den obair agus den fhreagracht a ghlacadh ó thaobh cleachtadh, féilire ceolchoirmeacha agus turais a aontú, ó thaobh am taifeadta agus mar sin de. Bíonn cruinnithe le freastal agus cinní le glacadh. Bíonn obair éigin le cur i gcrích i dtólamh. Le hairgead a thuilleamh, bíonn saothar le déanamh, glaochanna gutháin le cur agus an t-iomlán a tharraingt le chéile chun éifeachta.

The Unwanted

An bhfuil Cathy Jordan sásta leis an saol agus lena bhfuil bainte amach aici? -“Tá, tá. Bhí a fhios agam nuair a bhí mé óg gur mhaith liom a bheith ar an ardán ag canadh is ag seinm. Tá an saol sin agam anois. Tá mé lán sásta mar sin. Tá a lán le déanamh agam go fóill ach tá mé sa treo ceart. Beidh dlúthcheirnín ag teacht amach an mhí seo chugainn le mé féin, le Séamie O Dowd, a bhíodh le Dervish cheana, agus le Rick Epping, as California, a bhíodh le Pumpkin Head. Bhí muid ag seinm le chéile sna seisiúin leis na blianta agus is éard atá taobh thiar den rud ar fad, an ceangal atá idir ceol na hÉireann agus ceol Mheiriceá. The Unwanted’ an t-ainm atá ar an ghrúpa. Thosaigh an t-ainm mar ghreann i dtosach. Bhí grianghraf den triúr againn a raibh cuma ‘wanted poster’ as iarthar fiáin Mheiriceá air. Do cheolchoirm amháin, mar ghreann, thugamar ‘The Unwanted’ air, le gabháil leis an phictiúr. ‘Music from the Atlantic Fringe’ an t-am atá ar an albam agus beidh sé á sheoladh in Ionad na nGleannta, Cluainín Uí Ruairc. Co. Liatroma, an 13 Feabhra 09.”

Is beirt cheoltóirí an-oilte iad an bheirt bhall eile atá le Cathy in Unwanted. An té nach bhfaca ar coirm cheoil roimhe seo iad, b’fhéidir nach dtuigfeadh sé céard tá sa mhaíomh sin, ach is beirt iad a bhfuil gáir mhór leo i measc ceoltóirí chomh maith le lucht leanúna. Ní fios a bhfuil de chumas ceoil agus réimse uirlisí iontu beirt. Tá Rick Epping le feiceáil i roinnt ionad ar Youtube leis féin agus ag áit amháin go háirithe in éineacht le Mick Kinsella mar a bhfuil sé thar a bheith fuinniúil. Tá eolas nach beag le fáil faoi Séamie O Dowd ag www.seamieodowd.com mar a bhfuil dioscaisnéis fad do sciatháin le feiceáil. Tá an triúr acu, Cathy, Séamie agus Rick, le feiceáil in éineacht ag www.myspace.com/theunwantedtrio

Obair chraoltóireachta

Labhair Cathy faoina seal i mbun cláir raidió, Irish Heartbeat, a raibh Dervish ina bhanna ceoil tí agus a raibh Cathy í féin ag cur agallaimh ar aíonna an chláir, leithéidí an tSeanadóra David Norris, John Spillane, Séamas Ó Beaglaoich, Frankie Gavin, Kíla, John Carthy agus Matt Molloy, Máirtín O Connor, The Celtic Tenors, Máire Ní Bhraonáin, The Sawdoctors, Róisín O Reilly, Paddy Maloney agus na Chieftains, Danú, Susan Mc Keown agus Brian Kennedy. Craoladh an clár faoi Nollaig ar RTÉ agus fuarthas aiseolas an-dearfach isteach i ndiaidh an chláir. - “Is maith liom an obair sin agus beidh sraith eile amach anseo le cúnamh Dé. Craolfar an clár i Meiriceá agus d’eascair a lán comhoibriú le daoine eile amach as an chlár sin. Mar gheall gurbh é Dervish banna ceoil an tí, bhí gach duine eile ag seinm linn agus ba mhaith linn é sin.”

Ba léir dom ó thús deireadh an agallaimh seo go bhfuil taidhleoir / urlabhraí den scoth ag Dervish.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.