AGALLAMH BEO
Izabela Chudzicka
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

breis is 100,000 Polannach ag cur fúthu in Éirinn anois ach is beag duine acu a bhfuil oiread aithne air is atá ar Izabela Chudzicka. Bíonn sí le feiceáil go rialta ar chláracha éagsúla cúrsaí reatha agus ealaíne ar an teilifís agus is láithreoir í féin ar stáisiún áitiúil teilifíse i mBaile Átha Cliath chomh maith. Labhair Alan Desmond léi le gairid faoina cúlra, faoina saol nua in Éirinn agus faoi na difríochtaí idir fir na hÉireann agus fir na Polainne.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Baile dúchais Izabela, Zabkowice Slaskie
Íomhá
Tá meas ag Izabela ar David McWilliams

Is beag Éireannach sa lá atá inniu ann nach bhfuil aithne aige ar Pholannach amháin ar a laghad agus daoine den chine sin ag cur fúthu i ngach baile, idir bheag is mhór, ó cheann ceann na hÉireann. I measc na n-inimirceach Slavach seo go léir is í Izabela Chudzicka an Polannach is mó a bhfuil cáil éigin bainte amach aici in Éirinn. Tá clár as Polainnis á chur i láthair aici ar City Channel ó 2005 agus ó shin i leith tá sí tar éis a bheith mar aoi ar chláracha RTÉ “Questions and Answers”, “The View”, “The Late Late” agus “The Tubridy Show” agus cláracha nach iad. Is éacht é seo do bhean nach bhfuil ach 27 bliain aici agus Béarla lochtach, leis.

Mar a fuair mé amach, áfach, ní hé cur i láthair cláracha teilifíse an t-aon phost amháin atá ag an bPolannach óg seo.

Bhuail mé le hIzabela in oifig i bPáirc Ghnó East Point, ceann de na páirceanna gnó is mó sa tír, atá suite gar do Chluain Tarbh, ar thalamh a athghabhadh ó Bhá Bhaile Átha Cliath. Is in East Point atá oifigí ag metoo.ie, comhlacht a bhfuil Izabela ag obair leis le cúpla mí anuas. “Is suíomh gréasáin do Pholannaigh in Éirinn é metoo.ie. Is seirbhís earcaíochta é; bíonn tairiscintí oibre á bhfógairt ann, ach chomh maith leis sin bíonn nuacht ón bPolainn agus go háirithe ó Éirinn ann agus tá fóram ar an suíomh a thugann deis do Pholannaigh in Éirinn ceisteanna éagsúla a phlé le chéile.”

Cé go bhfuil cur amach na nÉireannach ar an bPolainn ag dul i méad le blianta beaga anuas is beag duine sa tír seo a mbeidh ainm áit dhúchais Izabela cloiste aige.

“Rugadh mé in Zabkowice Slaskie, baile beag i ndeisceart na Polainne, tuairim is 20 nóiméad ón teorainn le Poblacht na Seice. Is baile beag é i gcomhthéacs na Polainne,” a deir sí agus déanann gáire beag. “Tá tuairim is fiche míle duine ina gcónaí in Zabkowice.”

Agus í ag fás aníos i mbaile a bhí beag, dar léi, ní foláir nó gur theastaigh uaithi an áit a thréigean a luaithe is ab fhéidir agus an domhan mór a bhlaiseadh.

“Níor theastaigh! Ní raibh sé ar intinn agam Zabkowice a fhágáil in aon chor, bhí mo shaol ar fad ann. Cinnte, bhí brionglóidí agam; theastaigh uaim bheith i m’aisteoir sna blianta a bhí romham, ach níor smaoinigh mé ar an domhan lasmuigh de Zabkowice fad is a bhí mé ann.”

Rugadh Izabela i mí Aibreáin 1980, naoi mbliana roimh thitim an chumannachais sa Pholainn. Naoi mbliana d’anró is easpa a bhí ann agus an ghluaiseacht dhaonlathach ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar an gcóras cumannach a bhí ar an dé deiridh. Cé go raibh sí óg an an am is cuimhin léi fós an ganntanas a thréithrigh na hochtóidí ina tír dhúchais.

“An chuimhne is mó atá agam ar an aimsir sin ná gur bheag a bhí le ceannach sna siopaí agus bhíodh ar dhaoine seasamh i scuainí ar feadh uaireanta an chloig chun earraí bunúsacha mar fheoil a cheannach.”

Bhí an t-ádh ar mhuintir Chudzicka, áfach.

“Bhí a lán cairde ag mo theaghlach sa Ghearmáin agus chuiridís bearta chugainn ina mbíodh nithe mar bhananaí agus nutella, rudaí nach bhfaighfeá sa Pholainn ag an am ar ór nó ar airgead.”

Neamhspleách mar dhuineCé nár rith sé le hIzabela Zabkowice Slaskie a fhágáil le linn a hóige bhí tréithe aici a bheadh ag teastáil ó dhuine chun a thír a thréigean agus slí bheatha a bhaint amach sa teilifís.

“Bhí mé an-neamhspleách riamh; chuaigh mé sna gasóga nuair a bhí naoi nó deich mbliana agam agus níl samhradh tugtha agam i dteannta mo thuismitheoirí ó shin! Bhí mé an-ghníomhach agus an-chróga nuair a bhí mé óg, ní raibh mé riamh cúthail. Is dioscmharcach é m’athair agus bhí baint aige le himeachtaí cultúrtha sa chathair agus d’fhág sé sin go raibh teagmháil agam leis an saghas sin saoil chomh maith. Ghlac mé páirt i ngrúpa amharclainne, mar shampla. Chuireamar drámaí éagsúla ar siúl agus ní raibh aon eagla orm dul suas ar stáitse agus aird an tslua a tharraingt orm féin. Grúpa amaitéarach a bhí ann, ar ndóigh, agus bhain mé an-taitneamh as ach ba é an bhrionglóid a bhí agam ná bheith i mo láithreoir teilifíse.”

Níor moladh do Izabela dul sa tóir ar an mbrionglóid sin, áfach.

“Tógadh mé i mbaile beag. Deireadh gach duine leat go mba chóir duit oideachas maith a fháil agus post a bhaint amach ina dhiaidh sin sa bhanc nó mar dhlíodóir, dá dteastódh uait aon airgead a dhéanamh.”

Ghéill Izabela don bhrú seo ón tsochaí.

“Nuair a bhí an matura déanta agam, nó an Ardteist mar a thugaimid air in Éirinn, fuair mé post sa bhanc in Zabkowice agus rinne mé staidéar ar an dlí go páirtaimseartha in Wroclaw, cathair mhór tuairim is dhá uair ó thuaidh ó Zabkowice ar an traein.”

Ach ba é an post maith sa bhanc a mhúsclódh suim inti in Éirinn.

“Ba in Bank Zachodni WBK a fostaíodh mé, banc ar le AIB é. Sa tslí sin chuir mé an-aithne ar Éireannaigh agus thaitin siad go mór liom. Mar a dúirt mé, ní raibh sé ar intinn agam riamh Zabkowice a fhágáil, gan trácht ar an bPolainn féin – bhí post maith agus árasán deas agam. Ach is cumhin liom go raibh mé i mo shuí sa bhanc lá amháin, bhí mé óg agus fiosrach agus dúirt mé liom féin ‘Mura dtéann tú san amhantar, ní bhainfidh tú mórán amach’. Agus leis sin shocraigh mé éirí as an bpost sa bhanc agus bhog mé go hÉirinn le cabhair ó na hÉireannaigh ar chuir mé aithne orthu.”

Ba i mí Mheán Fómhair 2001 a tháinig Izabela go hÉirinn, seachtain i ndiaidh na n-ionsaithe a rinneadh ar na Stáit Aontaithe agus dhá bhliain go leith roimh an méadú ar an Aontas Eorpach a lig do na mílte Polannach teacht go hÉirinn ag lorg oibre. An raibh sé deacair di agus gan Polannaigh a chabhródh léi a bheith anseo roimpi?

“Chuaigh mé abhaile i gcomhair na Nollag 2001 agus laistigh de sheachtain bhí a fhios agam gur theastaigh uaim a bheith ar ais i mBaile Átha Cliath. Bhí mé an-ghar do na hÉireannaigh ar chuir mé aithne orthu sa Pholainn agus chaith a muintir liom mar dhuine den teaghlach.”

Ag foghlaim an BhéarlaNíor lean an t-inimirceach glas uirthi ag obair leis an gcomhlacht AIB, áfach, ach chrom sí ar an mBéarla a fhoghlaim.

Abair seo linn ...

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?The Pope’s Children le David McWilliams díreach léite agam agus tá 11 Minutes le Paola Coelho á léamh agam faoi láthair.Cén ceol is fearr leat?Aon rud ar féidir liom damhsa a dhéanamh in éineacht leis, go háirithe rithimí anamúla SpáinneachaCén scannán is fearr a chonaic tú riamh?Dirty Dancing. D’fhéadfainn script an scannáin a scríobh amach, tá sé feictheagam chomh minic sin.Cá dtéann tú ar saoire?Go dtí an Spáinn, chun roinnt gréine a fháil!Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh agus cá raibh tú? Bhí mé sa Pholainn dhá uair, in Barcelona na Spáinne, Frankfurt sa Ghearmáin agus Londain.Cén bhialann is fearr leat?The Orchid, bialann Shíneach i nDroichead na Dothra (táim ag ithe ann go rialta ó 2001) agus The Unicorn i lár Bhaile Átha Cliath.Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?Mo thuismitheoirí.Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?Mo thuismitheoirí, i slite éagsúla. Buíochas le m’athair táim cróga, cruthaitheach agus oscailte. Murach na tréithe sin ní bheinn anseo anois. D’fhoghlaim mé ó mo mháthair taitneamh a bhaint as gnáthrudaí an tsaoil, glacadh le tubaistí agus teipeanna, agus bogadh ar aghaidh.Cén rud is mó agus an duine is mó a chuireann isteach ort?Amaidíocht, éad, bréaga. Níor chóir dom é seo a rá ach daoine den saghas a bhíonn ag obair le Concern a léimeann os mo chomhair amach ar an tsráid gach cúig nóiméad.Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?Ní féidir freagra cruinn a thabhairt ar an gceist sin! Braitheann sé ar an tseachtain.Cad iad na rudaí a chuireann strus ortNuair nach dtéann rudaí de réir an phlean agus tuigim nach bhfuil sé ar mo chumas é sin a athrú. Nuair nach mbíonn a fhios agam cad a tharlóidh amárach. Is gá dom plean a bheith agam.An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an méid atá bainte amach agat?An-sásta leis an méid atá bainte amach agam ach tá a lán cuspóirí fós le cur i gcrích agam. Beidh mé lánsásta nuair a bheidh rath ar mo shaol, idir phearsanta is ghairmiúil.

“Ní raibh ach Béarla bunúsach agam nuair a shroich mé Éire. Mar sin thug mé trí mhí in Institiúid Teanga Morehampton ar Shráid Liam Theas agus ansin bhog mé go dtí an Language Centre of Ireland ar Shráid Chill Dara, scoil atá thar barr ar fad. Bhí an-am agam sna scoileanna sin; bhuail mé le daoine ón tSín, ón tSeapáin, ón Spáinn agus ó thíortha nach iad agus bhí sé sin go hiontach, go háirithe domsa, mar chailín ó bhaile beag sa Pholainn nach raibh aon eachtrannaigh ann.”

Níorbh é foghlaim an Bhéarla an t-aon bhuntáiste a bhain Izabela as Language Centre of Ireland.

“Nuair a bhí mo chuid Béarla maith go leor thug siad post dom mar rúnaí cúnta agus d’fhan mé leo ar feadh dhá bhliain. Bhain mé taitneamh an domhain as an bpost sin; chuir mé aithne ar dhaoine ó cheithre chearn na cruinne agus bhí mo chomhoibrithe fíordheas.”

Ní rófhada ón Language Centre of Ireland a fuair Izabela an chéad phost eile.

“Fostaíodh mé mar fhreastalaí in Renards, teach tábhairne agus club oíche ar Shráid Freidric Theas, timpeall an chúinne ón Language Centre, agus chuaigh agam aon oíche amháin a thabhairt ag obair mar fhreastalaí! Bhí mé tubaisteach. Níl aon mhaith ionam chuig obair den saghas sin agus níl ach meas is urraim agam do dhaoine ar féidir leo é a dhéanamh. D’éirigh mé as i ndiaidh na chéad oíche agus thug mé mo CV do Robbie Fox, úinéir an chlub, agus dúirt mé leis gurbh fhéidir liom rud éigin bainteach le cúrsaí margaíochta agus caidreamh poiblí a dhéanamh.”

Ní foláir nó go raibh CV iontach ar fad ag Izabela mar gur thug Fox post di mar bhainisteoir margaíochta na mbialann agus na mbeár atá aige sa phríomhchathair. Thug sí dhá bhliain ag an obair seo chomh maith agus níl focal diúltach le rá aici faoin bpost ná faoin bhfostóir.

“Ba shaoiste seoigh é Robbie Fox, an-réchúiseach. D’fhéadfá labhairt leis ar ábhar ar bith agus tá an-mheas ag daoine air. D’fhoghlaim mé a lán uaidh agus ón obair agus táim fós i dteagmháil leis.”

Domhan na teilifíseThug an obair seo níos giorra do dhomhan na teilifíse í agus an Polannach seo a raibh an t-ádh ag siúl léi ag bualadh le piardaí móra mar Ronan Keating agus baill den ghrúpa The Corrs in Renards.

“Tagann a lán VIPeanna go Renards agus tríd an obair chuir mé aithne ar dhaoine ón tionscal fógraíochta agus ó na meáin chumarsáide agus tháinig muinín chugam agus mé ag labhairt le daoine den saghas sin.”

Bheadh taithí ar an saghas sin timpeallachta úsáideach agus an bhrionglóid a bhí ag Izabela a bheith ina láithreoir teilifíse ar tí a fíoraithe.

“Fuair mé glao ó chara ag rá gur léigh sí san Evening Herald go raibh fear darb ainm David Harvey ag cur stáisiún nua teilifíse ar bun, City Channel, a bheadh ag craoladh i mBaile Átha Cliath ar NTL Digital. Bhí smaoineamh ag David clár a chur ar fáil don phobal Polannach, a bhí ag méadú go tapa, cúig nóiméad déag nuachta go díreach ón bPolainn nó rud éigin den saghas sin.”

Ba ansin a bhain Izabela buntáiste as an dánacht a d’fhoghlaim sí, dar léi féin, agus í fostaithe ag Robbie Fox.

“Chuaigh mé i dteagmháil le David, bhuail mé leis agus dúirt mé nár mhiste dó clár a dhéanamh mar gheall ar an bpobal Polannach in Éirinn. Is féidir teacht ar nuacht in áiteanna iomadúla sa lá atá inniu ann ach ní raibh aon chlár dírithe ar phobal Polannach na hÉireann. Sa tslí sin thionscnaíomar an seó ‘Oto Polska’ (Seo í an Pholainn) atá ar siúl ó tháinig City Channel ar an aer i dtreo dheireadh 2005.”

Ar ndóigh, is í Izabela a chuireann an clár i láthair.

“Tá City Channel le fáil anois ar NTL i mBaile Átha Cliath, i bPort Láirge agus i nGaillimh agus beidh sé á chraoladh i gCorcaigh agus i Luimneach go luath. Clár daichead nóiméad atá ann agus déanaimid ceann nua amuigh is istigh ar gach coicís, ag brath ar an méid atá ar siúl. Taispeántar an clár céanna sin gach lá ar feadh coicíse. Sin an modh oibre atá ag City Channel."

Athraíonn ábhar an chláir ó eagrán go heagrán.

“Ar chláir amháin chuir mé agallamh ar bhuíonta ceoil ón bPolainn a bhí ag teacht anseo, ar chlár eile chuireamar triúr cailíní Polannacha ar choinne le hÉireannaigh agus labhair mé leo go léir faoin eachtra agus faoi na tuairimí a bhí acu dá chéile, agus na difríochtaí idir Polannaigh agus Éireannaigh.”

Agus an bhfuil éagsúlachtaí tugtha faoi deara ag an láithreoir féin sa réimse seo?

“Tá fir na Polainne an-difriúil lena macasamhail in Éirinn. Tá Polannaigh i bhfad níos traidisiúnta. Pógfaidh siad lámh mná, tabharfaidh siad bláthanna di, osclóidh siad an doras duit – tá sé sin fréamhaithe go láidir i gcultúr na Polainne. Níl na nósanna sin ag na hÉireannaigh. Dá mbeifeá ag siúl amach le Polannach nó pósta leis theastódh uaidh go ndéanfadh an bheirt agaibh gach rud le chéile, go rachadh sibh gach áit le chéile. Nó sin a chloisim ó chairde mar gur mó an taithí atá agam ar Éireannaigh um an dtaca seo agus tuigim sa chás sin go mbíonn an caidreamh níos réchúisí; bíonn am ag an mbuachaill dá chairde agus déanann an cailín roinnt aimsire a mheilt i dteannta a cairde chomh maith.”

Luaim éagsúlacht eile le hIzabela atá tugtha faoi deara agam féin idir muintir an dá thír, is é sin go dtéann Polannaigh i dtíos níos luaithe ná Éireannaigh.

“Tá an ceart agat maidir le Polannaigh a fhanann sa bhaile agus nach dtéann ar imirce. Mo lucht aitheantais atá ar comhaois liom agus a d’fhan sa Pholainn, tá siad go léir pósta, níl aon duine singil ina measc. Tá an chéad leanbh beirthe dá bhformhór cheana. Ach a mhalairt de scéal atá fíor maidir leis na daoine a tháinig go hÉirinn.”

Is nuair a bhíonn sí sa bhaile ar cuairt an dtagann iarracht den aiféala uirthi nach bhfuil sí socraithe síos go fóill?

“Agus mé sa Pholainn bíonn brú ann. Measann gach duine go mba chóir duit a bheith ag an bpointe sin sa saol, go mba chóir duit a bheith pósta agus ag tógáil clainne. Fiafraíonn na tuismitheoirí agus gach duine eile díot cén fáth nach bhfuil tú pósta ach anseo in Éirinn braitheann tú go bhfuil tú fós óg, nach bhfuil aon deifir. Agus is in Éirinn atá cónaí orm.”

Ach an in Éirinn a fhanfaidh sí?

“Ní fhéadfainn a rá nach bhfillfidh mé ar an bPolainn choíche ach is aoibhinn liom Éire. Táim ag siúl amach le hÉireannach le mí anuas agus tá a lán bainte amach agam go gairmiúil ó tháinig mé anseo in 2001. Is iad na laochra teilifíse atá agam ná Gráinne Seoighe agus David McWilliams agus teastaíonn uaim a bheith sa tír ina bhfuil siad ag obair. Bhí mé ar chlár Ryan Tubridy, bhí mé ar “The View” agus “The Late Late Show” agus d’fhoghlaim mé a lán ó sin go léir. Is é an aidhm is mó atá agam anois ná a bheith i mo láithreoir ar chlár as Béarla agus dá dtairgfeadh RTÉ nó TV3 jab dom ghlacfainn leis ar an toirt.”

Clár BéarlaGo pointe áirithe tá an uaillmhian seo curtha i gcrích ag Izabela cheana. Meallaim uaithi go mbeidh clár as Béarla á chur i láthair aici ar City Channel sna seachtainí amach romhainn.

“Ní féidir liom mórán a rá, ach clár siamsaíochta a bheidh ann mar gheall ar dheirí seachtaine á gcaitheamh ag cailíní in áiteanna éagsúla. Céim mhór chun tosaigh é dom.”

Agus cén tuairim atá aici de Pat Kenny, duine de na craoltóirí is cáiliúla sa tír seo? “Níl sé sin féaráilte!” a deir sí agus déanann gáire croíúil. “Bhí sé an-chairdiúil nuair a bhí mé ar an ‘Late Late’; rinne sé deimhin de roimh an seó nach raibh aon duine ar tinneall."

Éiríonn le hIzabela comhrá iomlán a dhéanamh faoi Éirinn gan oiread agus focal amháin cáinteach a rá faoin tír ná faoi mhuintir na tíre. An bhfuil aon rud anseo nach dtaitníonn léi?

“An aimsir,” a deir sí go diongbháilte. “Ní hí an bháisteach an rud is measa ach an ghaoth agus an easpa gréine – ní féidir liom cur suas leis. Tagann brón orm de dheasca na haeráide anseo. Ba chóir dom bheith i mo chónaí sa Spáinn!”

Ní fhéadfaí a rá nach suntasach an méid atá bainte amach ag Izabella ó tháinig sí go hÉirinn ach ní fhéadfaí a rá ach oiread nach bean insúl í. An bhfuil éirithe chomh maith sin léi toisc go bhfuil sí tarraingteach dathúil?

“Ba é an rud ba mhó a chabhraigh liom ná feiniméan na bPolannach in Éirinn. É sin agus mise a bheith ar na chéad Pholannaigh a tháinig anseo. Ach b’fhéidir go bhfuil an ceart agat, b’fhéidir go mbeinn ar an raidió seachas ar an teilifís mura mbeinn sách dathúil. Níl a fhios agam; níor smaoinigh mé orm féin sa tslí sin.”

Bean chainteach spleodrach í Izabela a labhraíonn léi go hoscailte. Ach tá ábhar amháin nach ndéanfadh sí comhrá faoi, is é sin a teaghlach.

“Tá mo thuismitheoirí colscartha óna chéile ó bhí mé an-óg agus tá céilí nua acu. Níor mhaith liom dul níos doimhne sa scéal.”

B’fhéidir gurb é an buille seo a bualadh ar Izabela le linn a hóige an fáth go bhfuil sí sásta nach mbíonn aon deabhadh ar Éireannaigh óga an lae inniu pósadh agus socrú síos. Ach pé deacrachtaí a bhí ag an bPolannach seo ina saol pearsanta san am atá caite tá an chuma ar chúrsaí gur ó neart go neart a rachaidh a saol gairmiúil as seo amach. Seans go bhfeicfimid í ar RTÉ nó TV3 sula i bhfad agus ní dhéanfaidh sé aon dochar di go bhfuil sí sách dathúil.Is Corcaíoch é Alan Desmond atá ag múineadh na Gaeilge in Ollscoil Chaitliceach Lublin ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2003 ann. Foilsíodh úrscéal gearr d’fhoghlaimeoirí leis, *An Foghlaimeoir Fásta (Comhar) ag deireadh 2006. Bronnadh an chéad duais air as ábhar léitheoireachta d’fhoghlaimeoirí fásta i gComórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge anuraidh.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.