AGALLAMH BEO
Kevin Myers
Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Laighin

Kevin Myers ar dhuine de na hiriseoirí is a bhfuil aithne air in Éirinn. Is minic an chonspóid sna sála air mar go gcuireann i gcoinne an chomhdhearcaidh ar réimse leathan ábhar. Ach i gcodarsnacht lom lena phrós géar, is duine gleoite é nach bhféadfá gan dúil a chur ann, mar a tharla do Chaoimhe Laighin nuair a bhuail leis le gairid.

Íomhá
Íomhá
D'fhreastail Myers ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath sna seascaidí
Íomhá
Íomhá
Bhí baint ag Myers le cainteanna a shocrú idir poblachtánaigh agus an UVF
Íomhá
Joe Duffy: rinneadh alt Myers a cháineadh ar a chlár siúd, "Liveline", agus cláracha eile raidió
Íomhá
Is fada Myers agus Michael D. Higgins in adharca a chéile mar gheall ar cheist na hinimirce
Íomhá
urraim ag pobal náisiúnach Iarthar Bhéal Feirste do James Connolly
Íomhá
Táthar ag tuar go dtiocfaidh méadú mór ar dhaonra na Breataine
Íomhá
shíleann Myers go bhfuil d'acmhainn ag mná strainséirí a shabháil
Íomhá
Bhí údar cogaíochta ag an ANC, dar le Myers

Is beag duine in Éirinn nach mbeadh trácht cloiste aige ar an iriseoir míchlúiteach Kevin Myers. Colúnaí bisiúil atá ann a bhfuil cáil bainte amach aige de thoradh a phróis ghéir, agus suas le ceathrú milliún focal den phrós sin á bhfoilsiú go bliantúil i nuachtáin náisiúnta na tíre ó bhí 1981 ann. Le linn a bheith ag scríobh a cholúin laethúil,An Irishman’s Diary”, don Irish Times spreag altanna Myers níos litreacha chuig an eagarthóir altanna a chomhghleacaithe uilig le chéile. D’fhág an Times anuraidhi gcúinsí nach bhféadfaí cur síos orthu mar scaradh na gcaradagus anois ag scríobh don Irish Independent.D’fhéadfaí a go mbraitheann Éireannaigh go bhfuil aithne acu ar Myers. Bíonn a thuairimía ndéanfadh cuid mhór daoine cur síos orthu mar sheasaimh nimhneachaos ár gcomhair de shíor. Is aoi dofheicthe é ag ár gcóisirí dinnéir, a mbíonn a chuid tuairimí á bplé go fíochmhar inár measc. Is duine é ar breá linn fuath a bheith againn .Dealraíonn go mbaineann Myers spórt asba naofana hÉireann a mharúan Ghaeilge ina meascagus déanann a dhícheall i gcónaí snámh i gcoinne an easa. Cuireann in aghaidh chomhdhearcadh na coitiantachta agus i gcoinne dioscúrsa atá san fhaisean. Bhuail leis le gairid ina theach álainn cuibhiúil i gContae Chill Dara, áit ar chuir fáilte mhór romham. Ach chuir rud amháin díomá orm. Thaitin liom. Go mór.


Rugadh Myers in Leicester Shasana i 1947 ach b’Éireannaigh iad a thuismitheoirí. Tháinig go hÉirinn agus é ocht mbliana déag d’aois de bhrí nár éirigh leis áit a ghnóthú in aon ollscoil sa Bhreatain. Chuaigh bás a athar i bhfeidhm airgo leibhéal tubaisteachagus é ar scoil, agus thosaigh a thorthaí ag dul in olcas bharr.Bhí an t-ádh liom nach raibh cuóta na mac léinn eachtrannach líonta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus d’éirigh liom áit a fháil ansin.” Bronnadh céim céad onóracha sa stair air trí bliana ina dhiaidh sin.

Nuair a tháinig go hÉirinn i dtosach, bhí uaigneas orm. Níor thaitin le daoine agus bhí neart cliques in UCD. Bhraith daoine go raibh pearsantacht ait agam agus níor thaitin mo bhlas aisteach leo ach an oiread.

Leftie amach is amach a bhí ionam. Níor smaoinigh riamh na laethanta sin ar cén ghairm bheatha ar mhaith liom tabhairt fúithi. Is dócha go raibh i gcoinnenóisean na gairme’ ar bhonn idé-eolaíoch mar gur bhain go láidir le polaitíocht na heite clécreid é creid!”Is dócha, mar sin, go n-aontódh Myers le ráiteas cáiliúil Winston Churchill:If a man is not a socialist by the time he is 20, he has no heart. If he is not a conservative by the time he is 40, he has no brain.”Cogaíocht

Seans maith go síleann go leor daoine faoi thríocha bliain d’aois nach bhfuil in Myers ach colúnaí deisbhéalach a raibh post bog sábháilte aige leis an Irish Times ar feadh na mblianta. Caithfidh a admháil go mbeinnse féin den tuairim sin mura mbeadh a leabhar, Watching the Door, léite agam. a thuairimí maidir le coimhlintí éagsúla agus maidir le huafás na cogaíochta bunaithe ar thaithí phearsanta. Chaith tréimhsí ag tuairisciú ó ionaid choinbhleachta i rith chogadh cathartha na Liobáine sna hochtóidí agus sa Bhoisnia le linn na nóchaidí. Ba é an tréimhse ab fhaide a bhí ar láthair chogaíochta faoi leith na blianta a chaith i mBéal Feirste, 1971 go 1978, agus tuairisciú á déanamh aige ar na Trioblóidí mar iriseoir de chuid RTÉ i dtosach, agus ba dhéanaí mar fhostaí de chuid an Observer agus NBC.

Leabhar cumhachtach atá sa saothar Watching the Door, ar cuimhní cinn ar a bhlianta i mBéal Feirste é. Foilsíodh anuraidh é agus scríobh léirmheastóirí, cuid acu nach n-aontódh lena dhearcadh polaitiúil in aon chor, léirmheasanna an-dearfacha mar gheall air. Sampla leithéid é an ceann a scríobh Pat McArt, eagarthóir The Derry Journal, ar an leabhar:

Kevin Myers is just about everything a nationalist detests ... Therefore, I had little doubt that his story of his years covering the Troubles in Belfast would confirm all my prejudices. So hands up - I was wrong! [It] is not only a very honest personal account of his life in Belfast, it is also - despite Myers’ breezy writing style - a very dark story about an awful time in our history.

Caithfidh a gur éirigh mothúchánach agus ag labhairt le hiriseoirí eile mar gheall ar an leabhar. Próiseas mothúchánach a bhí i gceist agus á scríobh, go cinnte. Bhí dlúthbhaint agam le formhór na maruithe a ndearna cur síos orthu sa leabharbhí ag scríobh faoi íospartaigh a raibh cairdiúil leo, a ndearna tuairisciú ar a ndúnmharú a raibh i láthair ag a sochraid.An rud nach féidir liom a réiteach i m’intinn go fóill an dóigh a ndeachaigh teaghlaigh na n-íospartach as radharc. Níl áit ar bith tugtha dóibh sa stair. Agus dealraíonn anois go ndéanann muid na marfóirí ba chúis le hanró na dteaghlach sin a cheiliúradh. fheictear dom go bhfuil cuí ceart cumhacht a bhronnadh ar leithéidí Shinn Féin/IRA mar dhuais.”Aon uair a luann Myers Sinn Féin i rith an agallaimh, nascann an IRA leo - rud a thugann le fios go soiléir cén dearcadh atá aige ina leith.Chonaic Myers rudaí i mBéal Feirste a fhanfaidh leis go deo.Bhí i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite agus chonaic bean ag rith trasna líne Luas. Chuaigh sa seans agus is ar éigean a tháinig slán. Ach caithfidh a admháil,” a deir agus a ghuth ag briseadh air,nach raibh buartha fúithi. An t-aon rud a rith liom féidir liom breathnú ar chorp eile. féidir liom. go ndeachaigh Myers go Béal Feirste mar iriseoir, bhí ról aisteach aige agus é ó thuaidh. Bhí dlúthbhaint aige le muintir Bhéal Feirste agus bhí ar nós gníomhaire faoi cheilt, ach amháin nach raibh ag obair d’aon ghrúpa míleata paraimíleata. Chuir mearbhall ar chuile dhuine raibh daoine cinnte acu ar spiaire de chuid Arm na Breataine é, an raibh ag obair do na Sealadaigh.

Ach dóigh liom go raibh ríshoiléir féin céard a bhí mar aidhm aige, céard a theastaigh uaidh a bhaint amach. Bhraith , ón leabhar, gur bhain taitneamh as dlúthchaidrimh a chothú le muintir Bhéal Feirste, agus gur thaitin leis go mbíodh i lár an aonaigh in amanna. Mar shampla, bhí baint aige le sraith cainteanna a shocrú, idir an UVF agus an IRA Oifigiúil i dtosach, agus idir an UVF agus na Sealadaigh ba dhéanaí. “Bhraith go hiontach aimsir na gcainteanna sin. Sea, d’fhéadfá a gur bhraith tábhachtach. rud iontach domhain i sícé na bhfear. Téann siad sa tóir ar chontúirt, agus taitníonn aon ghníomhaíocht leo a bhfuil baint aici le téististéarónbíodh gnéas bagairt ar shaol.”

MoBsCaithfidh gur chúiteamh é an moladh a fuair Myers as Watching the Door in 2006 ar an annus horribilis a bhí aige in 2005. Ar 8 Feabhra na bliana sin, scríobh alt a tharraing clampar sna meáin chumarsáide agus i gcroí agus aigne mhuintir na tíre.Seans go gcuirfidh na focail thíos an eachtra i gcuimhne daoibh:

how many girls...consciously embark upon a career of mothering bastards because it seems a good way of getting money and accommodation from the State? Ah. You didn’t like the term bastard? No, I didn’t think you would.....Mob members usually have stressed-out MoBs for mothers, and absent FoBs for dads

Roghnaigh an focalbastard mar gur bhraith gur acrainm maith néata a bhí inMoB’i.e. ‘mothers of bastards’.“Úsáideann iriseoirí na seifteanna seo go minic. Uaireanta, éiríonn leo. Sa chás áirithe seo, theip go tubaisteach ar m’acrainm-se. Bhí aiféala an domhain orm gur ghortaigh daoine leochaileacha. Bhí fochialla uafásacha ag baint leis an bhfocalbastard’, go háirithe do mhná ar rugadh páistí dóibh sna Tithe Níocháin Maigdiléanacha. Tuigim go maith go bhfuil cumhacht agam sa tsochaí. Agus

measaim gurb é an rud is déistiní is féidir le duine a bhfuil cumhacht aige a dhéanamh mí-úsáid a bhaint as a stádas. Rinne mise amhlaidh, agus is cúis náire dom é.”

Cáineadh an t-alt go láidir sna nuachtáin agus ar chláracha raidió Pat Kenny, Vincent Brown agus Joe Duffy ar RTÉ. Bhí an scéal mar phríomh-mhír nuachta ar an teilifís agus ar an raidió i ndiaidh fhoilsiú an ailt.

Níl cuntas iomlán tugtha ag Myers ar an taifead go dtí seo ar an tslí a ndeachaigh an eachtra i bhfeidhm air agus go n-aithníonn go raibh an locht air féin go príomha, raibh cuid de na nithe a thit amach tar éis fhoilsiú an ailt tuillte aige, dar leis féin.“Bhí i mbialann áitiúil cúpla i ndiaidh bhriseadh an scéil agus fuair glaoch anaithnid.Bang Bangyou’re a dead mad Kevin, a dúirt an duine ar an líne liom. D’fhág an áit agus bhí an teachtaireachtWho’s the bastard now? scríofa i salachar ar fhuinneog mo ghluaisteáin. B’éigean dúinn Gardaí faoi airm a bheith againn sa teach ar feadh cúpla oíche.” go maíonn Myers nach mbraitheann searbhas ar bithmar gheall ar an eachtra anois de bhrí gurmothúchán amaideach í an tseirbhe”, is léir óna chuid cainte nach bhfuil sin go huile is go hiomlán fíor.Bhí anacair as cuimse ag baint leis an tréimhse sin ó mo thaobhsa de. Bhraith go mór faoi ionsaí hamháin mar gheall ar na bagairtí báis a fuair , ach mar gheall ar gur bhraith gur loic m’fhoireann eagarthóireachta orm go huile is go hiomlán. raibh siad sásta tacaíocht ar bith a chur ar fáil dom, nár luaigh siad sular cuireadh an t-alt i gcló go mb’fhéidir go mbeadh conspóideachníorbh é sin an t-aiseolas a fuair uathu tar éis dóibh an t-alt a léamh. Níor tugadh aon rabhadh dom agus tháinig casaoid an phobail aniar aduaidh orm. Síleadh i dtosach gur gnáthalt a bheadh ann, a mheallfadh litir ghearáin dhó. Bhraith ar an imeall i rith na tréimhse sin, i bhfírinne.

dhearna an nuachtán aon rud le a chosaint. Thug dílseacht don Irish Times ar feadh na mblianta. Ba bheag nach bhfuair bás agus sa Bhoisnia

ag tuairisciú ar an gcogadh thall ar a son. Agus níor fhág an nuachtán nuair a bhí trioblóidí airgeadais acu ceithre bliana ó shin in ainneoin go rachadh go mór chun sochair dom ó thaobh airgid de bhfágfainn mar go raibh tairiscintí fiala faighte agam ó nuachtáin eile.”Is léir go ndeachaigh an eachtra go mór i bhfeidhm airbhí uaigneach agus bhraith go raibh fágtha ar an trá fholamh ag an Irish Times. Tháinig an crú ar an tairne i na Samhna 2005 nuair a d’eisigh Michael D. Higgins ráiteas inar chuir i leith Myers gur chiníochaí a bhí ann tar éis do Myers alt achrannach ar chúrsaí inimirce a scríobh an roimh . D’fhoilsigh The Irish Times cuid mhór de ráiteas Higgins.

chuireann nuachtáin ionsaithe ar a gcuid iriseoirí féin i gcló de ghnáth. Ag an gcéim sin, bhí a fhios agam go raibh rud fíor-thromchúiseach i ndiaidh titim amach, rud nach bhféadfaí a chur ina cheart go deo. Anuas air sin, níor tugadh cead dom alt a scríobh don fhorlíonadh speisialta a cuireadh le chéile mar chomóradh ar nócha bliain Éirí Amach na Cásca. Ba léir dom nach raibh ag teastáil san Irish Times a thuilleadh agus d’fhág .”

MiotasDealraíonn gurbh é an fáth nach raibh seirbhísí Myers ag teastáil agus an forlíonaidh speisialta á chur le chéile go bhfuil Éirí Amach na Cásca i measc nambó naofais mian leis a mharú. Ba é an comhdhearcadh, dar le Myers, ar thángthas air sa tír seo maidir leis an dóigh a ndéanfaí an comóradh a láimhseáil go ndéanfaí é a cheiliúradh agus go mbronnfaí stádas an laoich orthu siúd a bhí ina bhun.

Measann Myers, áfach, nach bhfuil sa leagan sin den scéal ach miotas.Cén chaoi ar féidir linn stádas an laoich a bhronnadh ar dhaoine a bhraith go raibh ceart diaga acu dul i mbun sléachta agus áir ar shráideanna Bhaile Átha Cliath? raibh na hÉireannaigh faoi chois ag Sasana ag an am; raibh a leithéid de rud agus sclábhaíocht sa tír. Bhí daonlathas parlaiminteach in Éirinn mar a bhí in Albain agus sa Bhreatain Bheag. B’amhlaidh go raibh na hÉireannaigh ag baint sochair as an Aontas mar go raibh cuid mhór airgid á dhoirteadh isteach sa tír. hionann sin is a nach bhfuil den tuairim go raibh neamhspleáchas ag teastáil ó na hÉireannaigh nach raibh ceart acu é sin a bhaint amach. Ach déanann gach duine dearmad ar an dul chun cinn a bhí déanta ag John Redmond sna blianta díreach roimh Éirí Amach na Cásca. Déantar dearmad go príomha mar go bhfuil a ról - go caoithiúil - laghdaithe sna leabhair staire. D’éirigh le Redmond

a áitiú ar Londain Acht an Aontais a aisghairm gan úsáid a bhaint as dúnmharú. Bhí tús curtha le próiseas a rabhthas ag súil go dtógfaí air céim ar chéim. Ach ghread na gunnadóirí leo isteach sa scéal agus cuireadh tús le tréimhse áir nach bhfuil muid tagtha slán uaithi go fóill.”Is léir nach bhfuil meas madra ag Myers ar lucht sínithe Fhorógra na Cásca.An duine ba mheasa acu Connolly, dar liomsa. Chuir ina luí ar a mhac ceithre bliana déag d’aois páirt a ghlacadh sa chath. Dúirt Connolly gurbh é an aidhm a bhí aige maidir le rannpháirtíocht an ghasúir óig go marófaí é, go maródh duine éigin eile. raibh an gasúr seo aibí go leor le deimhiú go raibh toilteanach é seo a dhéanamh. dtógfadh Connolly a mhac ceithre bliana déag d’aois chuig striapach, bheadh muid den tuairim gur dhrochrud é. Mar sin, cén fáth a bhfuil muid ag gur laoch é an fear seo? Níos measa fós, urraim ag pobal náisiúnach Iarthar Bhéal Feirste ainm. Connolly ar an íocón is tábhachtaí, dar leosan. Sin léiriú ar chumhacht an mhiotaisgur féidir le fear a bhí ina chiontóir a bheith ardaithe go stádas an laoich.”An GhaeilgeTá Myers an-tógtha ina chuid scríbhneoireachta le cumhacht an mhiotais agus an dóigh a gcruthaíonn miotas comhdhearcadh na coitiantachta.Is miotas eile í an Ghaeilge, dar leis.

Is tionscadal í an Ghaeilgear theip go tubaisteach air. Is mithid dúinn a admháil gur cur i gcéill atá i gceistthe emperor is naked! Cur amú acmhainní agus fuinnimh atá inti ar dúinn a bheith réadúil fúithi anois. Níl aon rud bainte amach ó thaobh an teanga a chur ar bhonn slán. ar leaba a báis.Bíonn daoine i gcónaí ag liom go bhfuil ag éirí go hiontach leis an nGaeilge i gceantair faoi mhíbhuntáiste agus go bhfuil an teanga á tabhairt do lucht labhartha nua. sin an-ghreannmhar! Níl páistí ag labhairt Gaeilge lena chéile i mBaile Munna anois agus bheidh go brách.Come on 24 faoin gcéad de na páistí scoile ag fágáil na meánscoile agus iad neamhliteartha ó thaobh an Bhéarla de, gan trácht ar an nGaeilge. Agus táimid fós ag iarraidh Gaeilge a bhrú ar scoileanna atá ag bun an tábla. go huile is go hiomlán ar mire. Caithfimid ár dtosaíochtaí maidir le cúrsaí oideachais a chur ina gceart.

Ach níl fuath agam don Ghaeilge, mar a shíleann a lán daoine. Is fiú go mór aon teanga a fhoghlaim, go háirithe teanga a bhfuil baint aici le do dhúchas. An fhadhb atá agam leis an nGaeilge nach mbíonn rogha ag daoine. Agus go gcaitear an oiread sin airgid ar thionscadail a bhfuil mar aidhm acu cuma dhátheangach a chur ar an tír. Arís, léiriú ar chumhacht an mhiotais atá ann gur féidir linn cur ina luí orainn féin gur tír dhátheangach í Éire.”

Tuairimí conspóideachaÁbhar eile a bhfuil Myers paiseanta faoi an inimirce agus is minic a chothaíonn a dhearcadh ina taobh an-chuid conspóide.

Féach air seo,” a deir agus é ag taispeáint ailt ón nuachtán Sasanach The Telegraph dom a bhfuilThe UK’s population could almost double within a lifetime to more than 100 million, new figures have shownmar cheannteideal air.Is breá liom an tír seo. Táim paiseanta fúithi. grá agam d’Éirinn agus d’Éireannaigh. Is é an grá sin is cúis le a bheith chomh docht daingean faoi líon na n-inimirceach a theorannú. Níl ag iarraidh go mbeidh an tír comhdhéanta de Pholannaigh agus de Shínightáim ag iarraidh go mbeidh comhdhéanta d’Éireannaigh. faitíos ar dhaoine an t-ábhar áirithe seo a phlé go macánta. Agus cén fáth? Mar gheall ar go gceapann siad go gcuirfear seineafóibe ina leith. Is cladhairí iad ar fad.” tábhachtach a lua go ndeir Myers go bhfuil go mór i bhfách le hinimirce, ach í a theorannú ionas nach mbeidhlíon criticiúild’eachtrannaigh sa tír.“Arís, dealraíonn gurb é is tábhachtaí an idé-eolaíochtis cuma faoi na fíricí. Teastaíonn ó dhaoine iad féin a chur in iúl mar liobrálaithe agus bíonn faitíos orthu líon na n-inimirceach atá ag plódú isteach sa tír a cheistiú.”

Scríobh an méid seo sanIrishman’s Diaryi na Samhna 2005: “Debate becomes a morality contest in which the winners are the side which can most loudly declare their love of immigration as they denounce sceptics as racists.”

Measaim i ndáiríre, agus a fhios agam go dtiocfaidh seo trasna mar shotal, go bhfuil níos cróga daoine eile. Bím sásta rudaí a scríobh nach mbeadh de mhisneach ag daoine eile a go poiblí.” an tuairim chéanna aige mar gheall ar an gcomhionannas fosta.

creideamh sa chothromaíocht ghlan *en vogue *sa atá inniu ann. Ach oibríonn i bprionsabal. áiféiseach go mbíonn daoine ag súil go mbrisfidh bean isteach i dteach atá ar thine chun páistí strainséara a tharrtháil. Bheadh bean sásta bás a fháil ar son a páistí féin, ach ag fir amháin atá an acmhainn fhisiceach agus mhothúchánach le strainséirí a shábháil. Maidir le cuótaí agus a leithéid, siad maslach. Cén fáth a mbeifeá ag iarraidh post a fháil ar an mbonn gur bean, gur fear, gur eachtrannach thú?”Is maith an rud é nach raibh an dearcadh céanna aige maidir le cuótaí agus é ag glacadh lena áit in UCD.Easpa loighceIs léir gur fear fíoréirimiúil é Myers, go gcuirfeadh a chuid loighce mearbhall ar dhuine uaireanta. Mar shampla, rinne na trí ráiteas seo le linn an agallaimh:

chreideann i nDia, níl cead agat duine eile a mharú. Níl eisceachtaí ann.”

Agus: “ síochánaí* *mise. Measaim go mbíonn de cheart ag an stát úsáid a bhaint as foréigean i gcúinsí áirithe rud éigin ina bhagairt do shíocháin dhomhanda, cuir i gcás.”

Mar sin, an ceart ag an stát úsáid a bhaint as foréigean, ach cosc ar gach duine eile a leithéid a dhéanamh.Ach cúpla bomaite ina dhiaidh sin, deir :

mbeinn i m’fhear óg san Afraic Theas aimsir na cinedheighilte, bheinn i mo bhall den ANC. Measaim go raibh údar gearáin acu.”

Admhaíonn an méid seo: “Níl ag maíomh go bhfuil an ceart agam faoi chuile rud. Guth eile sa díospóireacht atá ionam. Ach creidim sa mhéid a scríobhaim, nach n-aontaím leis i gcónaí an dár gcionn.” D’admhaigh go poiblí go raibh malairt tuairime aige maidir leis an gcogadh san Iaráic, cuir i gcás. deacair gan gnaoi a bheith agat ar Myers ar leibhéal pearsanta, go n-easaontóinn féin le cuid thuairimí. Measaim gurb é is cúis le dearcadh an phobail ina leith go mbíonn an tuin chainte in easnamh ina chuid scríbhneoireachta. Bíonn níos fusa glacadh le cuid thuairimí nuair a chloiseann é á os ard, tuairimí a mbeadh cuma an-ghéar go deo orthu mbeidís scríofa síos.Cuireann Watching the Door cumas Myers agus é i mbun pinn i gcuimhne dúinn agus léiríonn go bhfuil i bhfad níos ag baint leis mar scríbhneoir an challaireacht phoileimiciúil a bhíonn ar siúl aige go minic. B’fhéidir, fiú, go mbeidh ar dhuine de na tráchtairí sóisialta ón tréimhse seo is a mairfidh a chuimhne i measc mhuintir na hÉireann.Ach bheadh go deas bhféadfadh diúltú anois is arís don chathú a bhraitheann an scian a shá i ndaoine ... Watching the Door, A Memoir 1971-1978 (2006) ar fáil i siopaí ar fud na tíre.

Beidh an dara bailiúchán d’altanna Myers ónIrishman’s Diary’ (Irish Times) ar fáil go luath. *Is é The Lilliput Press foilsitheoirí an leabhar. *Is í Caoimhe Laighin eagarthóir na hirise seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.