248
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Bhuail Seosamh Mac Muirí isteach chuig Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga leis an chraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí a chur faoi agallamh. Bhí deis ag Rónán bualadh soir chuig a theach Cois Claidigh, braon tae is caife a réiteach don bheirt acu, aghaidh a thabhairt ar an mhicreafón agus labhairt amach, rud a bhfuil Rónán go maith in ann a dhéanamh. Cúrsaí ceoil, an Cabaret Craiceáilte, Oileán Thoraigh, Poblachtachas agus Aontachtachas, Raidió na Gaeltachta agus an iliomad gné eile de réabhlóid Rónáin, tháinig siad faoi thrácht aige.
»»»Bhí fearg ar Chaitlicigh agus Protastúnaigh de bhunadh Éireannach i Meiriceá le déanaí de bhrí go rabhthas ag spochadh astu i gclár de chuid The Simpsons. Míníonn Tom Deignan cad go díreach a chuir olc orthu.
»»»Tá go leor den aos ealaíne an-tógtha le saothar an Albanaigh Richard Wright. Síleann Ciara Nic Gabhann go bhfuil siocair mhaith acu leis.
»»»Míníonn Colm Ó Snodaigh cén fáth a bhfuil sé chomh tógtha sin le cuid ceoil Dee Armstrong, an bhean a sheinneann an fhidil le Kíla.
»»»Cíorann Colm Mac Séalaigh gné thiochar an spóirt ar an saol mhór lasmuigh de chúrsaí spóirt. Léirigh mhórlaochra gorma an chéad seo caite, ó Jack Johnson go Muhammad Ali agus eile an tionchar sin.
»»»Chaith Ciara Nic Gabhann súil siar ar dhearcadh lucht ealaíne ar cheann d’eachtraí móra suntasacha an domhain, an bolcán, agus a thionchar ar shamhlaíocht an duine.
»»»Thosaigh ‘Teilifís na Gaeilge’ ag craoladh as Baile na hAbhann Oíche Shamhna sé bliana déag ó shin, i ndiaidh feachtas fada a troideadh d’fhonn bealach teilifíse a fháil le freastal ar lucht na Gaeilge. San alt seo ceistíonn duine de na daoine a bhí páirteach sa bhfeachtas sin, Donncha Ó hÉallaithe, dearcadh TG4 i leith na Gaeilge
»»»Ag an am seo den bhliain, tagann an ghrian amach (má bhíonn an t-ádh orainn), tagann na hOráistigh amach, agus tagann na páistí amach fosta. Tosaíonn mórshiúil na nOráisteach ar Luan Cásca. Cruinníonn siad le chéile taobh amuigh den Halla Oráisteach agus téann siad suas síos, arís is arís eile, ag bualadh a ndrumaí ollmhóra Lambeg. Plimp! Plimp! Plimp! Deir lucht ardnósach na n-ealaíon gur rud cultúrtha é an Lambeg ach tá go leor daoine anseo nach mbeadh den bharúil chéanna.
»»»Beidh deis ag lucht iomraimh gabháil ar bord longbhád Lochlannach ar an Life agus in ionaid go leor eile an bhliain seo chugainn. Tá roinnt sonraí ag Tony Birtill.
»»»Taispeánann spárálaí scáileáin na míosa seo grianghraif de cheantar Iorrais, Contae Mhaigh Eo.
»»»An t-ealaíontóir gur mhór aici an damhan alla agus gur mhór a cuid damhan alla, Louise Bourgeois, fuair sí bás ar na mallaibh. Chuir Ciara Nic Gabhann an t-alt mar chuimhne ar a carn.
»»»Bhuail Tony Birtill le himreoir óg sacair as Contae na Mí a bhfuil gealladh faoi agus atá faoi oiliúint ag Blackburn Rovers i Sasana le bliain.
»»»Tá go leor airgid á chaitheamh ar iarnróid na hÉireann faoi láthair. Féachann Pádraig Mac Éamoinn ar an dul chun cinn atá déanta.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.