AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Chuir Balor Béimneach na Súile Nimhe Niata agallamh ághmhar aineaglach ar fhear eas-úmaithe an AIB, Séan Mac Giolla Fáiteallach. Labhair siad ar muintir Thoraigh, ar charchair Chonaing agus ar bhunáit fomhuireán a bheith ag Cabhlach Mheiriceá ann.

Íomhá
Beo ar éigean
Íomhá
An timire teallaigh
Íomhá
Is linne í an Ghaei.., an AIB
Íomhá
Glaise Waterford
Íomhá
Fomhuireán i dToraigh

Ní fhacthas riamh cuma chomh huiríseal umhal ar Bhalor na Súile Nimhe. “Cinnte! Cinnte! Tá an ceart ar fad agat! Fadhb ar bith, a eagarthóir! Cibé rud is mian leat, a shoilse. Am ar bith is maith leat, a mhórgacht!” Bhí an gheonaíl agus an criongán agus an phusaireacht le mothú ina ghlór agus Balor an Meatachán Míghaisciúil ag géilleadh go grod d’údarás eagarthóir Beo Ar Éigean agus ag druidim a ghuthán póca le plimp. Stán Balor go mailíseach ar an ghléas ghránna, scríob sé a gheadán, a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile aonaraí leis, chaith an fearas fuafar ar leataobh agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.

Ní mó ná sásta a bhí an t-eagarthóir úr eatramhach le Fathach na Súile Nimhe le tamall roimhe sin agus bhí sé i ndiaidh luathscor a bhagairt ar Laoch na Litríochta mura dtiocfadh feabhas ar a chuid scríbhneoireachta. “Ní bheidh an darna suí sa bhuaile agam ach dul ar ais chuig mo sheanphost i Timire An Chroí Ró-Naofa,” arsa Balor agus cuma iontach míshásta ar a ghnúis. “Beidh mé ar ais ag cumadh ceisteanna ó léitheoirí nach ann dóibh agus ag cumadh freagraí ó Dhia, mura scríobhfaidh mé alt a mbeidh an guilpín sin sásta leis. Níl mo Shúil Nimhne sách nimhiúil ar na saolta deireanacha seo, dar leis! Bhuel, tchífidh muid!” agus scaoil sé broim mhór fhada dhéistineach shamhnasach shásúil a bhain croitheadh as tithe na gcomharsan le cúpla míle thart ar an phluais.

Shocraigh Balor ar rún láithreach. Bhí sé chun a shúil nimhe a chaitheamh ar chúrsaí nimhneacha na míosa nimhiúla roimhe sin. Chinn sé rudaí eile a chaitheamh chomh maith, ach fágfaidh muid siúd mar atá sé. Dhruid sé a shúil agus chuaigh sé ag smaoineamh ar chruachás na hÉireann agus orthu siúd a chuir leis an tsáinn sin ó thus na bliana úire. Bhí an tír ar fad ar aon intinn gur chuir Seáinín slítheánta sleabhcánta Mac Giolla Phádraig, iarchathaoirleach Anglo Irish Bank go mór leis an trioblóid, ach ní raibh Balor chomh cinnte leis an chuid eile de thuairisceoirí agus d’iriseoirí na hÉireann. Ní dhéanfadh sé a dhath gnoithe dó ach a ghabháil fhad le Seáinín agus agallamh a chur air; agus seo daoibh, a léitheoirí dílse agallamh eisiach idir Balor na Súile Nimhe agus Seáinín bocht clúmhillte tírghrách spídithe Mac Giolla Phádraig.

Balor: Inis dom glan amach, a Sheáinín, cad é a rinne tú leis an chéad million euro a fuair tú ar iasacht ó do bhanc féin, i ngan fhios don bhord, agus cén fáth gur choinnigh tú na hiasachtaí ar fad faoi rún?Seáinín: Bhuel, a Bhaloir, a chara, ós tú an chéad iriseoir a chuir an cheist sin orm, inseoidh mé an fhírinne ghlan duit. Duitse amháin a thabharfaidh mé an scúp, nó tá a fhios agam go gcreidfidh tú mé. Seo mar a tharla: ar dtús cheannaigh mé luach fiche million de scaireanna i do pháipéar nuachta féin – Beo Ar Éigean! Theastaigh uaim tacaíocht a thabhairt duitse go pearsanta mar scríbhneoir den scoth, agus bhí mé ag iarraidh tacaíocht a thabhairt fosta do na hiriseoirí bochta a bhíonn ag streachailt le ceird na scríbhneoireachta, leithéidí Bhreandán Delapdancer agus Cholm Mhic Seilide.Balor: Ach níl scaireanna ag Beo Ar Éigean, agus ní raibh riamh! Is le Leamh Ó Cuinneagáin an rud ar fad – go pearsanta.Seáinín: Óóóóóó!!!??? Ááááááá!!! Bhuel, míníonn sé sin an chéad fiche million Euro!

Balor: Caidé faoin chuid eile den airgead? Agus cad chuige gur choinnigh tú do ghnoithe ina rún ón bhord?Seáinín: Bhuel, daoine deasa iad ar fad muintir an bhoird, agus bhí mé ag iarraidh surprise beag a thabhairt dóibh.Balor: Surprise? Cén cineál surprise?

Seáinín: Waterford Glass.Balor: Bhí tú ag iarraidh roinnt gloiní de chuid Waterford glass a cheannach dóibh mar bhronntanais?Seáinín: Ní raibh. Bhí mé ag iarraidh an comhlacht a thabhairt dóibh mar bhronntanas. Oibríonn muintir an bhoird go dian, bíodh a fhios agat, agus bheadh bronntanas mar sin tuillte acu. Agus féach gur thit an tóin amach as mo phlean. Tóin ghloine! Ina smidiríní anois!

Balor: Bhuel, caidé faoin chuid eile den airgead? Amach leis an scéal iomlán anois. Gheall tú an fhírinne dom.Seáinín: An fhírinne a gheall mé duit, a Bhaloir, agus sin an rud a gheobhas tú. Chuaigh an chuid eile den airgead chun sochair do mhuintir na Gaeilge, an dtuigeann tú...?Balor: Ní thuigim.Seáinín: Bhuel bíodh foighid agat agus is gairid go dtuigfidh. Bhí mé ag iarraidh tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht – an tobar sin nach dtugann muid cuairt air leath rialta go leor le muid féin a thumadh in oidhreacht ár sinsir agus le casadh go hómósach arís leo siúd a choinnigh an lóchrann lasta sna laethanta dorcha...Balor: Arú, a Sheáinín, druid do bhéal agus inis an scéal... má thuigeann tú mé. Shíl mé gur ag éisteacht le hÍosa Mhic Ghiolla Mháire a bhí mé ansin. Ar aghaidh leat in ainm Chroim agus inis an scéal.

Seáinín: Toraigh.com!Balor: Caidé?Seáinín: Toraigh.com! Sin é an scéal!Balor: Áááá! a Sheáinín, ná habair gur thug tú an t-airgead sin ar fad do Phatsaí Dan Mac Ruairí!Seáinín: Caidé mar a bhí a fhios agat, a Bhaloir? Níor inis mé an scéal seo do dhuine ar bith. Mhínigh Patsaí Dan dom go raibh scaireanna nua-eisithe i dToraigh.com aige agus go raibh iad ar díol ar phraghas iontach íseal.Balor: Is dócha go raibh Barack Ó Bama mar chuid dá scéal.Seáinín: Bhí, agus Hilary Clinton fosta. Mhínigh Patsaí dom go raibh na Meiriceánaigh chun rúidbhealaí a thógáil ar an oileán dá gcuid eitleán lasta ollmhóra – na C-5 Galaxies tá a fhios agat.Balor: Ó tá a fhios agam go maith. Agus ar luaigh sé na fomhuireáin leat?

Seáinín: Ó bí cinnte gur luaigh. Dúirt sé liom go rabhthas chun suíomhanna móra dá gcuid fomhuireán núicléach a lonnú i mBaile Thoir agus i mBaile Thiar. Bheadh na mílte Yank thart ag iarraidh ithe agus ól ó mhaidin go hoíche agus bheadh lóistín de dhíobháil orthu ansin. Ní chreidfeá an méid a itheann Yanks. Bheadh bialanna le tógáil gach cúpla céad slat ar fud an oileáin agus bheadh gach aon teach ina óstán. Balor: Agus bheadh Poll na Raithní ina charcair ag na boic sin ó Guantanamo Bay.Seáinín: Caidé mar a bhí a fhios agat sin?Balor: Tá an oiread sin éirí in airde ar Phatsaí Dan anois go bhfuil sé i ndiaidh an scéal a insint do leath na tire.Seáinín: Cá bhfuil an húr sin anois go bhfágfaidh mise rian mo dhoirn air?Balor: Ní raibh sé sásta le Toraigh ní ba mhó agus an oiread sin airgid anois aige. Cheannaigh sé ceann de na Bahamas agus tá sé féin agus muintir Thoraighe i ndiaidh bogadh isteach ann. Tusa agus do chuid iasachtaí... agus do chuid rúndachta... agus do chuid bronntanas... agus do chuid...

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.