AR NA SAOLTA SEO
Cé atá ag Iarraidh an tIdirlíon a Mhúchadh?
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

An mbogann ábhar do leathanach gnúisleabhair thart ded’ ainneoin? B’fhéidir nach mbeidh cuntas gnúisleabhair féin agat amach anseo mura mbíonn garda an idirlín sásta le do dhearcadh polaitíochta. Tá an scéal ag Maidhc Ó Cathail.

Is ar éigean a rinne aon duine eile níos mó dochar do shaoirse shibhialta na Meiriceánach ná Joseph Lieberman. In ainm an ‘chogaidh ar sceimhle,’ tá an t-uafás reachtaíochta tugtha isteach ag an seanadóir neamhspleách ó Connecticut ó bhí 9/11 ann a bhfuil bonn bainte aige de chearta bunreachtúla na saoránach ansin. Má tá na Stáit Aontaithe geall le bheith ina stát póilíneach anois, is ar Lieberman, thar éinne eile, is mó atá an locht.

Ar 11 Deireadh Fómhair, 2001, mí i ndiaidh na n-eachtraí uafáis, thug Seanadóir Lieberman bille S.1534 isteach, bille a bhunaigh Roinn Slándála Dúiche. Ó shin i leith, eisean a bhí taobh thiar de reachtaíocht smachtúil ar nós an tAcht um Chosaint Mheiriceá, an tAcht um Namhaid Cogaíoch, Ceistiúchán, Coinneáil agus Ionchúiseamh, agus an tAcht um Easaoránacht Sceimhlitheoirí.

Chuile sheans gur cuma le mórchuid na Meiriceánach faoi chearta na ‘sceimhlitheoirí.’ Ach ní féidir leo neamhiontas a dhéanamh den togra is déanaí dá chuid, mar tá Lieberman ag iarraidh an t-idirlíon a mhúchadh anois.

De réir an bhille a thionscain Lieberman sa Seanad le gairid, is “sócmhainn náisiúnta” de chuid na Stát Aontaithe é an t-idirlíon domhanda. Agus má éiríonn leis an Acht um Chibear-Spás a Chosaint mar Shócmhainn Náisiúnta, bheadh Uachtarán SAM in ann an t-idirlíon iomlán a mhúchadh i gcás “cibear-éigeandála náisiúnta.” Níl an dara rogha ag rialtas Mheiriceá, dar leis an seanadóir, má tá siad chun ‘cibear-ionsaí 9/11’ – finscéal eile ó na daoine céanna a chum na scéalta faoi ‘airm ollscriosúla na hIaráice’ agus ‘buama eithneach na hIaráine’ – a sheacaint.

In Amhras faoi na hAmhrasáin

Ní hé seo an chéad uair go raibh Lieberman imníoch faoin idirlíon. Agus é mar cathaoirleach, d’fhoilsigh Coiste an tSeanaid SAM um Shlándáil Dúiche agus Cúrsaí Rialtais tuarascáil i 2008 dar teideal ‘Antoisceachas Foréigneach Ioslamach, an tIdirlíon, agus an Bhagairt Sceimhlitheoireachta Bhaile.’ De réir na tuarascála, tá dreamanna ar nós al Qaeda ag úsáid an Idirlín le haghaidh síolteagaisc, le sceimhlitheoirí a earcú, agus le cumarsáid a dhéanamh lena chéile. Díreach i ndiaidh fhoilsiú na tuarascála, d’iarr Lieberman ar Google, ar leis You Tube, “ábhar a léirigh eagraíochtaí sceimhlitheoireachta Ioslamacha a bhaint den suíomh láithreach bonn.” Dar le Lieberman, is eagraíochtaí sceimhlitheoireachta iad Hamas, Hezbollah, agus Garda Réabhlóideach na hIaráine fiú.

Ní doiligh a dhéanamh amach cad é an ceannfháth atá ag Lieberman sa chás seo – ach an oiread lena shaol polaitiúil ar fad. Mar a dúirt Mark Vogel, cathaoirleach den choiste um ghníomhú pholaitiúil is mó ar son Iosrael i Meiriceá, uair amháin: “Joe Lieberman, without exception, no conditions … is the No. 1 pro-Israel advocate and leader in Congress. There is nobody who does more on behalf of Israel than Joe Lieberman.”

Agus níl amhras ar bith ann ach go ndearna sé go maith as a thírghrá do stát eile. Le sé bliana anuas, fuair Lieberman – an faighteoir is mó sa Seanad – $1,226,956 i ndeonacháin pholaitiúil ó thacadóirí Iosrael.

Ag Obadh Obama agus ag Neartú Netanyahu

Ní hamháin gurb é Iosrael an chloch is mó ar a phaidrín, ach is cosúil nach bhfuil cloch ar bith eile air. Nuair a bhí Barack Obama ag cur leasú le cúram sláinte chun cinn le déanaí, cuireadh iontas ar go leor go raibh Lieberman, iarbhall de na Daonlathaigh, ag taobhú leis an bPáirtí Poblachtánach i gcoinne an uachtaráin. Dar leis an iriseoir Robert Parry, áfach, bhí an chuma ar an scéal go raibh Lieberman ag iarraidh Obama a lagú ionas nach mbeadh sé in ann brú a chur ar Netanyahu maidir leis na lonnaíochta in Iarúsailéim agus ar an mBruach Thiar.

Ach cad chuige a bhfuil Lieberman chomh buartha faoin idirlíon? Céard atá le ceilt ag Iosrael? Fíricí. Fíricí a thabharfadh le fios cén sórt “carad” é Iosrael dá éarlamh flaithiúil. Fíricí atá ceilte ar mhuintir Mheiriceá ag na mórmheáin.

Meas tú céard a cheapfadh an gnáth-Mheiriceánach faoi leithéidí Lieberman, a mhaíonn gurb é an stát Giúdach an comhghuaillí is fearr atá acu, dá mbeadh a fhios aige gur chuir gníomhairí Iosraelacha buamaí loiscneacha i saoráidí Meiriceánacha san Éigipt i 1954 le heasaontas a chothú idir Nasser agus SAM; gur mharaigh Iosrael 34 Meiriceánach nuair a d’ionsaigh siad an USS Liberty d’aon ghnó ar 8 Meitheamh, 1967; go ndearna spiaireacht na nIosraelach, go háirithe spiaireacht Jonathan Pollard, an-dochar go deo do SAM; go raibh cúigear gníomhairí Mossad ag scannánaíocht agus ag ceiliúradh ionsaithe 9/11; gurb é Iosrael agus a gcairde i Meiriceá foinse na faisnéise bréagaí i dtaobh na hIaráice; agus faoi go leor gníomhartha fill eile nach iad?

Lena iarracht seo an t-idirlíon a mhúchadh, an é muintir Mheiriceá atá á chosaint ag Lieberman ó sceimhlitheoirí? Sin, nó an iad a leathbhádóirí fealltacha atá á chosaint aige ó mhuintir Mheiriceá?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.