tabhair freagratabhair freagra #1 Micilín 1 Iúil 2010, 17:43 GMT
An tIdirlíon a mhúchadh? Sin seafóid. Aon duine a cheapann gur féidir an tIdirlíon a "mhúchadh", sin duine nach dtuigeann cad is ea é an tIdirlíon ná cén dóigh a n-oibríonn sé.

Rud a chuireann sé seo i gcuimhne dom ná an Seanadóir Ted Stevens agus an "the Internet is a series of tubes" aige: http:/​/​multikulti.wordpress.com/​2010/​06/​15/​a-series-of-tubes/​

Ach sin nós na bpolaiteoirí, is dócha, bheith ag tuairimíocht faoi rudaí nach bhfuil tuiscint dá laghad acu orthu.

Dála an scéil, níl mé róthógtha leis an dóigh a gcuirtear "gnúisleabbar" ar Facebook anseo. Is páistiúil an t-imeartas focal é. Facebook atá air, is ainm dílis sin agus ní ceart é a aistriú -- ach amháin más ag iarraidh imeartas focal páistiúil a dhéanamh atá tú, dar ndóigh...
tabhair freagratabhair freagra #2 Eoin Mac an t-saoir 7 Iúil 2010, 23:57 GMT
Is dócha gur gá aghaidh a thabhairt do chúpla fíricí sula nglacfaí leis an dearcadh sin ar fad. Ní dhéanfaidh mé paidir chapaill as seo, só ní luafaidh mé ach an dá rud is práinní díobh. Mar tá Ted Stevens luaite agat, déanfaidh mé buille faoi thuairim gur Meiriceánach thú, cósúil liomsa.

1. Tá breis agus a ndóthain déanta ag rialtas ar nós an Iaráin chun deireadh a chur le saoirse an Idirlín1. D’éirigh leo go réasúnta. Tá an teicneolaíocht coisc ann, agus ag ardú in éifeacht achan lá. Agus má tá siadsan abálta a leithéid a dhéanamh i dtír atá in ainm a bheith ina phoblacht, pé ar bith do thuairim faoin réalaíocht, cad chuige nach mbeadh grúpa teann de ghnólachtaí cliste in inmhe an rud ceanann céanna a dhéanamh áit ar bith eile? Is tearc an duine aonair a bhfuil scaireanna vótála aige nó an mhaoin aige le caitheamh ar chásanna cúirte nuair atá binsí de dhlíodóirí i bpóca na ngnólachtaí móra.

2. Dlúthú san earnáil an Idirlín. I Mericeá, tá sé aitheanta go forleathan gur míshláintiúil mínádúrtha an leibhéal dlúthú sa mhargadh Idirlín. Bhí HHI scór níos airde ná 2000 air sa bhliain 2002. (Dar leis an U.S. Government Antitrust Enforcement Guidelines, tá scór níos airde ná 1800 doghlactha)2. Mura maith leo a ghlacadh le ‘application’ (?bogearra feidhmeannach?) ar bith, nó cúntas féin a dhíol duit, gan trácht ar dhiabhalaíocht ar bith eile a thiocfadh chun cuimhne dóibh, níl aon bhrú ceart iomaíochta orthu, níl an dara suí sa bhuaile duit. Agus, nach cuimhin leat a bhí déanta ag na gnólachtaí teileafóin insna SAM leis an “Domestic Spying Program” faoi Bush II?

Só, caithfidh mé a rá go bhfuil cuma réasúnta chiallmhar ar an chuid sin a scríobh an Cathalach anseo.

1 http:/​/​www.yaleglobal.yale.edu/​content/​iran-cracks-down-internet-use-foreign-media

2 http:/​/​papers.ssrn.com/​sol3/​papers.cfm?abstract_id=1308496 Féach ar lch 2 agus lch 3
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!