AR NA SAOLTA SEO
‘Tuilleadh teannaidh oraibh’, a deir siad leis an Saor-Stát!
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Coimhlint de chineál idir dhá cheann an oileáin, agus gangaid dá dheasca, a bhí sa chumarsáid tráchtála idir mhuintir an dá stat in Éirinn, a deir Robert McMillen. Moladh go ndéanfaí aonad geilleagair amháin den dá stát sna nóchaidí.

Íomhá
Ikea Bhéal Feirste
Íomhá
Bealach isteach i nDún Droma
Íomhá
Dún Droma

@!!@*@! Ní féidir áit pháirceála a fháil i mBéal Feirste na laethanta seo. Tá IKEA mar a

bheadh monarcha gluaisteán sa Chóiré ann, tá clóin Ross O’Kelly Carroll agus a chlann (dá mbeadh sé pósta) ar ruathair threallchogaíochta ar ionaid thráchtála an tuaiscirt, ag tabhairt leo tolgleapacha Sualannacha, artola as an Mheánoirthear, agus a oiread óil is a líonfadh an Life.

Sibhse a bhfuil suim agaibh sa pholaitíocht agus atá eolach ar an idirlíon, beidh eolas agaibh ar an suíomh sluggerotoole.com Agus mé ag amharc air an tseachtain seo, tá iontráil chlasaiceach ann a bhfuil na buanna is ansa liom fán suíomh - meascán de bhinb, greann, ábhar machnaimh, seafóid agus d’eolas.

Bhíothar ag plé líon na ndeisceartach (SaorStátairí mar a deir an chuid sin acu nár fhág riamh an freangadh ama ina bhfuil siad) agus ráiteas roinnt polaiteoirí ó dheas gur easpa tírghrá a sheol na slóite aneas, chan an fhírinne lom go gcosnaíonn buidéal Lucozade €1.80 ó dheas agus 69p i dTesco’s in Iúr Chinn Trá agus míle sampla eile den difir idir na praghsanna ó thuaidh agus ó dheas.

Suíomh idirlín Slugger O Toole

Ag amharc ar an tuairimíocht i Slugger, is léir go bhfuil cuid de mhuintir an tuaiscirt an-tugtha don schadenfreude, ag baint suilt as cruachás daoine eile, go háirithe más deisceartaigh ardnósacha iad.Scríobh fear a thugann Grassy Noel air seo - agus is fiú a fhágáil gan aistriú le go bhfaighidh sibh neart a ghangaide."I see the hubris of the greedy, grasping rip-off Republic has now attracted the forces of nemesis, and boy, am I enjoying their childlike whinges and moans."‘Tuilleadh teannaidh orthu’ is mian leis, is léir. Ní iontas ar bith é go bhfuil an fear seo míshásta. Is cuimhin leis a beith i dteach tábhairne i mBaile Átha Cliath inar thug an fear tábhairne iarraidh airgead a ghearradh air as oighear a chur ina dheoch!

Fáilte roimh a gcuid airgid

Ní nach ionadh, tá na tuaisceartaigh breá sásta fáilte a fhearadh roimh a gcomh-Éireannaigh scartha, go háirithe má bhíonn an póca lán d’eorónna láidre le caitheamh ó thuaidh acu.

Tá an tír ar fad, an dá dhlínse nó oileán na hÉireann mar a thugtar anois ar ár dtrírín iathghlas, go beag de mhaith ó thaobh an gheilleagair de agus a fhad is atá muid sásta díorthaigh airgeadais agus Malartaithe Loicthe Creidmheasa agus mistéirí dothuigthe eile an ardairgeadais a fhágáil ag daoine nach bhfuil fios a ngnoithe acu, .i. polaiteoirí agus lucht an airgeadais, caithfidh muid ag an am céanna a bheith ag treabhadh ghort na sladmhargaí agus an Nollaig ag teannadh linn. Sin an fáth go bhfuil líne tráchta ar an A1 ag síneadh siar go dtí Gleann na bhFiach ar a 8.00 ar maidin

Deir fear eile go tarcaisneach go bhfuil sé thar a bheith sásta gur tógadh a oiread sin sárbhóthar ó dheas le daoine a thabhairt ó thuaidh lena gcuid siopadóireachta a dhéanamh!

Comharthaí sóirt an gheilleagair laig

Ach taobh amuigh den ghreann/tarcaisne/ schadenfreude, tá plé ar an chiall atá le praghsanna a bheith íseal. Measann fear amháin go gciallaíonn sé go bhfuil geilleagar in ísle brí má bhíonn na luachanna earraí íseal - pá íseal, éileamh íseal, praghsanna isle.

Measann fear eile a bhí i Meiriceá nach bhfuil ciall ar bith leis seo. Bhí na praghsanna íseal san Oileán Úr, ach ní tír bhocht í Meiriceá, dar leis.Is í an fhirinne í, áfach, go bhfuil Meiriceá ag éirí níos boichte. Tchífidh muid cad é chomh holc is atá an scéal an bhliain seo chugainn agus an bhliain ina dhiaidh sin. Thosaigh fadhb na n-iasachtaí foshuíomh i Meiriceá agus tá a tionchar le mothú anseo in Éirinn, ach ní raibh muid réidh chun déileáil leis an chúlú dhomhanda eacnamaíochta.

Scéal gan leigheas

Níos measa fós, measann George Lee, comhfhreagraí geilleagair RTE, nach ionann an ghéarchéim seo agus na géarchéimeanna a chuaigh roimhe. “Le blianta anuas, táthar ag cumadh agus ceapadh "táirgí úra airgeadais" le fadhbanna a sheachaint nó a mhaolú ach táthar ag fáil amach go bhfuil na táirgí úra sin féin lochtach," ar sé liom i mbliana.

Tá gach duine faicheallach fá chúrsaí airgid mar sin agus is cuma an tírghrá ann nó as, rachaidh daoine sa tóir ar na hearraí is fearr praghas, is cuma cé acu tá siad le fáil i Sprucefield nó i lár Bhaile Dhún Droma.

An chríochdheighilt geilleagair

"Nach iontach chomh críochdheighilteach is atá Fianna Fail?" a fhiafraíonn fear eile ar bhlag Slugger. Níl an páirtí mar a bhí sé ó caitheadh Ailt 1 agus 2 sa bhosca bruscair, ach aontaíonn gach duine, aontachtaithe agus náisiúnaithe, gur thíos seal, thuas seal atá sé.

Bhí an t-am ann agus ba bhreá le muintir an tuaiscirt dul thart leis an teorainn nár aithin siad le breosla níos saoire a fháil. Bhí sé riamh amhlaidh go mbogfadh daoine le sladmhargadh a fháil, beag beann ar aon teorainn.

B’fhéidir gur seo an t-am ceart le bheith ag breathnú ar smaoineamh a bhí ag Sir George Quigley, iar-Gobharnóir Bhanc Uladh, siar sna 1990í, nuair a mhol sé geilleagair uile-oileánda. Bheadh cuid mhór buntáistí le baint ag an dá dhlínse dá mba aonad amháin eacnamaíochta iad na 32 chontae, dar leis.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.