AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Filleann an feall …
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

príomh-aire nua ag muintir na hAstráile. Tá laoch nua spóirt acu fosta, an galfaire Won Joon Lee. Ach cén fáth a bhfuil an dá fhíric seo bainteach lena chéile? Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin an scéal.

Íomhá
An galfaire Won Joon Lee: laoch nua spóirt san Astráil
Íomhá
Arthur Calwell, a bhi ina aire inimirce san Astráil sna daichidí
Íomhá
Pauline Hanson: ba í a bhunaigh an páirtí polaitíochta One Nation
Íomhá
Maxine McKew ag ceiliúradh a bua (chun tosaigh), ach imní ar John Howard (sa chúlra)
Íomhá
Ba dheireadh náireach le saol poiblí John Howard cailliúint a shuíocháin san olltoghchán

Cuireadh deireadh oifigiúil le John Howard mar phríomh-aire na hAstráile go luath i mí na Nollag anuraidh. Bhí an tUasal Howard i gcumhacht ar feadh aon bhliain déag agus ocht mí, rud a chiallaíonn gurbh é an dara príomh-aire ab fhaide seirbhíse i stair na tíre. Cúpla seachtain tar éis gur theip ar John Howard san olltoghchán, tháinig galfaire óg Astrálach darb ainm dó Won Joon Lee sa dara háit i gComórtas Oscailte na hAstráile.

Shílfeá nach bhfuil baint dá laghad ag an dá eachtra seo le chéile. Ach, mar a deir an seanfhocal, ní mar a shíltear a bítear.

Rugadh Lee sa Chóiré i 1985, agus tháinig sé ar imirce chun na hAstráile lena thuismitheoirí agus é ceithre bliana d’aois. Faoin am sin, bhí díospóireacht ghéar ar siúl sa tír seo mar gheall ar inimirce ón Áise.

Maítear gur cuireadh tús leis an díospóireacht seo sa bhliain 1988 de bharr ráitis a rinne John Howard le linn agallaimh ar an raidió. Bhí Howard ina cheannaire ar an bhfreasúra ag an am, agus dúirt sé san agallamh gur mheas seisean – agus go leor daoine eile sa tír – go raibh an iomarca daoine ag teacht ar inimirce chun na hAstráile ón Áise. Níor ceadaíodh do dhaoine ó na tíortha Áiseacha teacht ar imirce chun na hAstráile go dtí lár na seachtóidí, tráth a cuireadh deireadh leis an mbeartas inimirce ar tugadh “White Australia Policy” air.

I rith na mblianta sular tháinig athrú faoin mbeartas inimirce thuasluaite, bhí an-imní ar mhuintir na hAstráile faoin daonra ollmhór san Áise. Sa bhliain 1947, mar shampla, dúirt aire inimirce na linne, Arthur Calwell: “We have 25 years at most to populate this country before the yellow races are down on us.” Bhí a lán daoine san Astráil in amhras fós maidir le cé acu ar cheart nó nár cheart inimircigh ón Áise a ligean isteach sa tír nuair a tarscaoileadh na srianta sna seachtóidí. Agus, gan aon agó, bhí ciníochaithe ina measc.

Dualgas

Sa chomhthéacs sin, is dóigh liom, bhí dualgas ar pholaiteoirí – go háirithe orthu siúd a bhí i gceannas na bpáirtithe móraráitis a mhúsclódh fuath a sheachaint. Ghoill ráiteas John Howard i 1988 ar go leor daoine de bhunadh na hÁise a raibh cónaí orthu san Astráil. Ghabh sé leithscéal leo blianta fada ina dhiaidh sin, ach níl aon dul as ach gur bhain sé sochar polaitiúil as an méid a dúirt sé i 1988 ar feadh tamaill fhada ina dhiaidh sin.

Ceapadh John Howard mar phríomh-aire sa bhliain 1996, nuair a bhuaigh an Páirtí Liobrálach (The Liberal Party of Australia) agus an Páirtí Náisiúnta (The National Party of Australia) an t-olltoghchán. Toghadh bean darb ainm Pauline Hanson, iarbhall den Pháirtí Liobrálach, mar fheisire neamhspleách san olltoghchán céanna.

Ina céad óráid i dTeach na nIonadaithe mhaígh Hanson go raibh an Astráil “in danger of being swamped by Asians”. Mhaígh sí freisin san óráid go bhfuil cultúr agus creideamh difriúil ag muintir na hÁise, agus go gcónaíonn siad i ngeiteonna san Astráil.

Ní ba dhéanaí, bhunaigh sí an páirtí polaitíochta One Nation, a bhí glan in aghaidh na hinimirce ón Áise, agus in olltoghchán na bliana 1998 fuair an páirtí beagnach naoi faoin gcéad den vóta náisiúnta. Sa dá olltoghchán is déanaí, sheas Pauline Hanson mar fheisire neamhspleách don seanad in Queensland, agus fuair sí os cionn ceithre faoin gcéad den vóta.

San óráid thuasluaite, luaigh Pauline Hanson gur as na tíortha Áiseacha a tháinig os cionn daichead faoin gcéad d’inimircigh na hAstráile. Bhí an ceart aici. Ach, ar an meán, ní thagann ach timpeall 130,000 duine chun na hAstráile ar imirce gach bliain – agus fágann timpeall 60,000 duine an tír go buan gach bliain.

Ciallaíonn sé sin nach bhfuil ach 40,000, ar a mhéad, ag teacht ar imirce chun na hAstráile ón Áise in aghaidh na bliana. Tá daonra de 21 milliún duine sa tír, agus is léir nach mbeidh muid “swampedgo ceann roinnt mílaoiseanna eile.

Cáineadh Pauline Hanson go forleathan de bharr go raibh sí ag cothú easaontais idir grúpaí éagsúla san Astráil, ach bhí leisce ar John Howard ionsaí a dhéanamh uirthi. Measann go leor tráchtairí go raibh sé lánsásta sochar a bhaint as an easaontas céanna, agus go raibh sé ag súil go meallfadh One Nation agus Pauline Hanson tacaíocht chuig a pháirtí féin. De réir dealraimh, mheall.

BennelongAch cén fáth a mbaineann sé seo ar fad leis an ngalfaire óg, Won Joon Lee?

Bhuel, chaill John Howard a shuíochán féin san olltoghchán. Is é Bennelong an t-ainm atá ar thoghcheantar Howard, a ainmníodh as fear bundúchasach áitiúil. Thug an fear céanna an-chabhair do na céad inimircigh Eorpacha nuair a cuireadh tús leis an gcoilíneacht mar áitreabh pionóis sa bhliain 1788.

Is daoine de bhunadh na hÁise iad níos mó na daichead faoin gcéad de na vótálaithe in Bennelong, a bhformhór as an tSín agus as an gCóiré. Níl siad ina gcónaí i ngeiteonna, ach i gceantair mheánaicmeacha. Bheifeá ag súil, mar sin, go mbeidís ag tabhairt tacaíochta do pháirtithe coimeádacha, ar nós an Pháirtí Liobrálaigh (páirtí Howard).

Rinne iarrthóir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre (The Australian Labor Party), Maxine McKew, sáriarracht tacaíocht na nÁiseach a mhealladh le linn a feachtais.Mandairínis ag ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Kevin Rudd, agus ag a iníon, Jessica. Tá Jessica pósta le fear as Hong Cong, Albert Tse, a bhfuil an Chantainis aige ón gcliabhán.

Thug an lánúin óg seo a lán cuairteanna ar Bennelong i gcaitheamh an fheachtais, go minic i gcuideachta Maxine McKew, agus labhair siad le grúpaí Síneacha ina dteangacha dúchais. Chomh maith leis sin, bhí go leor daoine óga, ar de bhunadh na hÁise iad, ag obair ar son Maxine McKew – ag scaipeadh ábhar bolscaireachta, ag bualadh ar dhoirse agus mar sin de. Ó am go ham, tagraíodh don ráiteas diúltach a rinne John Howard maidir le hinimirce ón Áise thiar sa bhliain 1988.

Rinneadh pobalbhreith díreach tar éis vótála in Bennelong inar nochtadh go raibh méadú ollmhór i gceist ó thaobh líon na vótaí a fuair iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre ó vótálaithe Áiseacha sa toghcheantar ón uair dheireanach a bhí

olltoghchán ar siúl. Bhí farasbarr de thimpeall 2,400 ag McKew, tar éis aistriú na vótaí. Agus de réir cosúlachta, bhain a bua in Bennelong leis an méadú a tháinig faoi líon na nÁiseach a chaith vóta ar son Pháirtí an Lucht Oibre an iarraidh seo.

Bhí John Howard ar an dara príomh-aire ab fhaide seirbhíse i stair na hAstráile, agus, gan aon agó, ba dheireadh náireach lena shaol poiblí í cailliúint a shuíocháin féin. B’fhéidir nach mbeadh an deireadh dearóil seo i gceist dá mbeadh sé níos báúla le muintir na hÁise i 1988 – daoine mar thuismitheoirí Won Joon Lee. Mar a scríobhadh i nuachtán amháin faoin bhfear óg: “Is é Won Joon Lee aghaidh nua an ghailf san Astráil.” As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach tá cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann. Ba mhúinteoir Béarla é i gColáiste Mhaolmhaodhóg i mBéal Feirste ar feadh sé bliana sular thug sé féin, a bhean chéile agus a bheirt iníonacha aghaidh ar an Astráil. Lean sé ar aghaidh ag múineadh i gcathair Canberra go dtí go ndeachaigh sé ar scor i 1999

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.