CÚINNE NA nEALAÍON
Leabharmheas
Pól Ó Muirí Pól Ó Muirí

Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: Éile Rua: an chéad seilchí le Gabrielle Ní Mheachair (Cois Life). Léirmheas le Pól Ó Muirí.

Íomhá
An t-údar, Gabrielle Ní Mheachair
Íomhá

Is iad an Gúm an teach foilsitheoireachta is mó a aithnítear le leabhair do pháistí agus is iad is mó a leagann síos an tslat tomhais don réimse seo léitheoireachta. Bíonn caighdeán an-ard ag baint le leabhair pháistí an Ghúim, idir dhearadh agus scríbhneoireacht. Is maith a fheiceáil, mar sin féin, nach bhfuil drogall ar thithe foilsitheoireachta eile a ndúshlán a thabhairt ó am go ham.

Tá leabhar nua do dhaoine óga idir 7-10 mbliana foilsithe ag Cois Life, Éile Rua: an chéad seilchí, agus tá an leabhar ar chaighdeán chomh maith agus a d’iarrfá. Bunaithe ar scéal as an bhéaloideas atá an scéal. Tá cónaí ar Éile ar oileán lena tuismitheoirí agus is iad na rónta a cairde. Déanann rí na rónta seilchí de Éile Rua ar ball, is é sin, créatúr miotaseolaíochta mara, seal ina rón, seal ina dhuine daonna, agus maireann Éile idir dhá shaol – idir muir agus talamh.

Dálta mórán scéalta béaloidis, bainfidh daoine fásta pléisiúr as an scéal ar leibhéal amháin – téamaí an ghrá agus an teaghlaigh agus scéal faoi dhaoine bheith difriúil óna chéile – agus bainfidh páistí pléisiúr as mar scéal eachtraíochta agus, gan amhras, tuigfidh siad é mar fhabhalscéal fosta. Cuireann léaráidí Olivia Golden go mór le pléisiúr na léitheoireachta; tá a cuid pictiúr daite thar barr.

Caithfear moladh a thabhairt don údar, Gabrielle Ní Mheachair, as a cumas scríbhneoireachta. Tá teanga an leabhair beacht ina cur síos ar charachtair agus ar mhothúcháin; níl na línte rófhada ach tá siad lán eolais; tá an scéal soiléir gan a bheith róshimplí agus tá an teanga saibhir gan a bheith doiléir. Gluaiseann an scéal ar aghaidh go galánta. Is maith mar a spreagfadh Éile: an chéad seilchí páiste ar bith le dul i mbun léitheoireachta agus is maith mar a chuireann an leabhar i gcuimhne don léitheoir fásta seo an pléisiúr a bhain leis na chéad choiscéimeanna a thógáil ar chosán na leabhar fadó fadó.

Éile Rua: an chéad seilchí

Gabrielle Ní Mheachair

Cois Life, Baile Átha Cliath, 2007€9

Tháinig Pól Ó Muirí ar an saol i mBéal Feirste Lá Nollag, 1965. Is Eagarthóir Gaeilge de chuid an Irish Times* é; colúnaí spóirt le Foinse agus scríobhann sé colún ar an Belfast Telegraph. Le cois bheith ina iriseoir, is file agus scríbhneoir é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.