146
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh sna Stáit Aontaithe faoiseamh a fháil ón ealaín tar éis uafáis an 11 Meán Fómhair.
»»»Bhí an saol ag múineadh Aire Oideachais na Sé Chontae, Caitríona Ruane, sa dóigh gur shiúil sí cuid de Mheiriceá Láir, taithí a thug uirthi a hamhail a dhíriú ina dhiaidh sin ar dheacrachtaí an Tuaiscirt. Chuaigh Robert McMillen chun cainte léi i mBeannchar, Contae an Dúin.
»»»Tá suim ag na Gearmánaigh i gceol traidisiúnta na hÉireann le fada agus tá siad ag cur an-spéise sa Ghaeilge anois chomh maith, mar a mhíníonn Stiofán Ó Foghlú, Éireannach atá ag cur faoi i Frankfurt.
»»»Is múinteoir meánscoile é Brian Richter in Kent Shasana. Míníonn sé anseo cén fáth ar chinn sé ar an Ghaeilge a fhoghlaim.
»»»Tá foirne iomána na hÉireann i mbliana curtha in ord feabhas a n-imeartha ag Colm Mac Séalaigh agus is cosúil iad lenar chruthaigh siad anuraidh.
»»»Bhí aithne ag Antaine Ó Faracháin le fada ar an amhránaí Frank Harte as Séipéal Iosóid i mBaile Átha Cliath a fuair bás ag deireadh na míosa seo caite.
»»»Tá na blianta fada caite ag Adi Roche, arb as Cluain Meala ó dhúchas di, i mbun feachtais ar son dí-armála núicléiche agus cúiseanna eile. Is í an chúis is mó a bhfuil sí i ndiaidh a bheith bainteach léi le dhá bhliain is fiche anuas, áfach, ná feasacht a chruthú i leith fhulaingt pháistí Shearnóbail agus is chuige sin a bhunaigh sí The Chernobyl Children’s Project ag tús na nóchaidí. Agus clár faisnéise faoi obair na heagraíochta seo le bheith craolta ar RTÉ 1 an mhí seo, labhair Caoimhe Ní Laighin leis an mbean feachtais dhíograiseach dhothuirsithe seo.
»»»Tá Tony Birtill faoi imní mhór leis an dóigh a chaithfear airgead le Sliabh a Liag a ‘fhorbairt’ trí dhaoine a choinneáil ar shiúl ó áille agus ó fhiántas aiceanta na háite
»»»Tá Colm Mac Séalaigh an-sásta leis an gcaoi a chruthaíonn dornálaithe na hÉireann, idir ghairmiúil agus amaitéarach, go seasta agus tá sé ag súil le roinnt bonn a fheiceáil anall as Londain leo an bhliain seo chugainn.
»»»Canúint láir na Francaise a fuair Diarmuid Johnson roimhe i Liège ‘cois Meuse na sreabh’ sa mBeilg, cathair a mheabhraigh dó Corcaigh.
»»»Bhí sé de phribhléid ag Colm Ó Snodaigh páirt a ghlacadh le déanaí i dtaifeadadh amhráin in ómós do cheoltóir Ronnie Drew agus seal a chaitheamh i gcuideachta an fhir féin.
»»»Déanann an comhfhreagraí idirnáisiúnta Alex Hijmans cur síos ar léirsiú a chonaic sé i gcathair Salvador, sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí air.
»»»Bhí Donncha Ó hÉallaithe ag a chéad chluiche sacair i Sasana le gairid - cluiche sa Phríomhshraith idir Arsenal agus Manchester City. Chuir feabhas na himeartha agus díocas na coimhlinte gliondar air. Ardaíonn sé an cheist faoi cé chomh Sasanach is atá cluiche dúchais Shasana!
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag ócáid i gcoinne do thola.
»»»Is comhshaolaí mór le rá é Maurice Strong a bhfuil na blianta fada caite aige ag obair ar bhonn comhairliúcháin le heagrais mar na Náisiúin Aontaithe. Agus an cineál stíle maireachtála atá aige féin, áfach, ar chóir dó a bheith ag seanmóireacht faoi róthomhaltas an ghnáthdhuine? Pléann Maidhc Ó Cathail an scéal.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.