AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Fadhb an chiníochais ag dul in olcas
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

D’fhreastail Liz Curtis ar chruinniú i mBéal Feirste faoin chiníochas an mhí seo caite agus ghoill an méid a chuala sí ansin faoin fhadhb go mór uirthi.

Íomhá
Armie Cerezo, banaltra Fhilipíneach, ag caint in iarthar Bhéal Feirste
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Jamal Iweida, uachtarán an Ionaid Ioslamaigh, ag caint in iarthar Bhéal Feirste.
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Graffiti ag Droichead Seoighe ar imeall Bhéal Feirste
Grianghraf: Liz Curtis

I rith Fhéile an Phobail in iarthar Bhéal Feirste ag tús mhí Lúnasa, d’fhreastail mé ar chruinniú poiblí a chuir isteach go mór orm. Ciníochas i mBéal Feirste an téama a bhí ann, agus an nasc idir an ciníochas sin agus an ciníochas a raibh na hÉireannaigh féin thíos leis ar feadh na gcéadta bliain.

Eagraíocht darb ainm West Against Racism Network (WARN), feachtas i measc an ghnáthphobail atá lonnaithe in iarthar Bhéal Feirste, a d’eagraigh an cruinniú. Reáchtáladh é i seomra léachta i gColáiste Mhuire ar Bhóthar na bhFál, agus bhí sé lán go doras.

Bhí an sagart radacach mór le rá An tAthair Des Wilson mar chathaoirleach, agus triúr feachtasóirí eile as Tuaisceart Éireann ar an ardán - Bernadette McAliskey, Robbie McVeigh agus Claire Hackett. Na cainteoirí is mó a chuaigh i gcion orm ná Armie Cerezo, banaltra as na hOileáin Fhilipíneacha, agus Jamal Iweida, uachtarán an Ionaid Ioslamaigh i mBéal Feirste. Chuir siad síos go géar soiléir ar chomh huafásach is atá sé a bheith i do chónaí i mBéal Feirste agus craiceann dorcha ort.

Tá Armie ag obair in otharlann sa chathair. Ar sise, “Táim i mo chónaí i mBéal Feirste le ceithre bliana anuas, agus tá fadhb an chiníochais ag méadú go fóill.”

Le taithí a pobail a léiriú, d’inis Armie finscéal beag dúinn a chum sí féin: “Tá bean óg ann atá ag obair mar striapach. Téann sí le fear a bhfuil cuma chaoin air, ach tugann sé drochíde di. Téann sí chuig na póilíní, ach cáintear í agus tugtar neamhaird uirthi.”

Arsa Armie: “Is aoibhinn liom áilleacht Thuaisceart Éireann agus tá roinnt mhaith cairde Éireannacha agam anseo. Ach éiríonn sé an-deacair pléisiúr a bhaint as an áilleacht nuair a fheiceann tú an méid drochmheasa agus drochíde agus ciníochais atá dírithe ar dhaoine mar mise.

“Níl cultúr an ghrá ná an mhuintearais le fáil thart anseo - níl ann ach seicteachas. Go bunúsach, ní mhothaím go bhfuil fáilte romham anseo níos mó. Dá mbeadh an seans agam, d’imeoinn amárach. Tá mo theaghlach i bhfad uaim agus caithfidh muid aghaidh a thabhairt ar an drochíde seo gach lá.

“Amharcann páistí orainn mar na daoine is ísle ar domhan. Ní bhraitheann siad gur daoine daonna muid. Mar sin, tá sé furasta acu clocha a chaitheamh orainn, agus buamaí peitril a chaitheamh ar ár dtithe, nó *graffiti *maslach a chur ar ár dtithe, agus ár maoin a scrios. Lá éigin marófar duine againn mar gheall ar dhath ár gcraicinn agus an áit arb as muid.”

Rinne sí cur síos ar eachtra a tharla agus í ar a bealach chuig an Aifreann i Mainistir Chluain Aird (bíonn Aifreann Filipíneach ansin ar an chéad Domhnach de gach mí). Bhuail sí le cara dá cuid a bhí díreach i ndiaidh a seal oibre san otharlann a chríochnú agus a raibh a héide banaltra uirthi go fóill. Agus a cara ag iarraidh dul trasna an bhóthair, tháinig beirt pháistí agus bhuail duine acu í. Ansin rinne na páistí gáire.

“Ní thugann ár n-éide fiú cosaint dúinn,” arsa Armie. “Sa bhaile sna hOileáin Fhilipíneacha breathnaítear ar bhanaltraí mar oibrithe uaisle, mar gheall ar na cúraimí troma a bhíonn orainn agus an aire a thugann muid do na hothair.

“Mar gheall ar an chiníochas, tá orainn maireachtáil inár dtithe mar a bheadh francaigh i bpoill ann. Bíonn eagla orainn i gcónaí.” Tá sí féin agus a fear céile ag aistriú go háit chónaithe eile, mar nach bhfuil siad sábháilte san áit ina bhfuil siad.

Seo rud truamhéalach eile a dúirt an bhean bheag dhóighiúil chliste seo: “Déanann na hionsaithe ciníocha an féinmheas a shú asat. Bhí tréimhse ann i mo shaol nár mhian liom a bheith i m’Fhilípíneach níos mó. Ba mhian liom go mbeadh craiceann bán orm agus srón álainn agus gruaig fhionn.

“Tá rudaí ag éirí níos measa. Tá gníomhartha de dhíth orainn anois. Tá a lán eagraíochtaí thart, ach níl a fhios againn cé atá iontaofa. Tá cuid acu ag baint úsáide as na híospartaigh ar mhaithe lena leas féin. Ba mhaith liom dá dtiocfaidh na daoine as na mionlaigh eitneacha le chéile le réiteach fadtéarmach a aimsiú.”

An teachtaireacht chéanna

Bhí an teachtaireacht chéanna ag Jamal Iweida ón Ionad Ioslamach. “Nuair a tháinig mé anseo ar dtús naoi mbliana ó shin bhí saol suaimhneach agam,” ar seisean. “Ach ansin chonaic mé líon na n-ionsaithe ciníocha ag méadú, go háirithe i ndiaidh 11 Meán Fómhair. Tá an pobal Moslamach ag fulaingt mar is mionlach eitneach agus mionlach creidimh muid. Sílim go bhfuil mórchuid na ndaoine i dTuaisceart Éireann an-deas agus an-chairdiúil, ach tá mionlach beag taobh thiar de na hionsaithe.

“Tá na hionsaithe ag éirí níos boirbe. An bhliain seo caite, cuireadh an ruaig ar ocht dteaghlach Moslamach as a gcuid tithe.”

An bhliain roimhe sin, bhí ar Jamal féin agus a theaghlach a dteach a fhagáil. “Chaith mise agus mo theaghlach dhá bhliain i ndeisceart Bhéal Feirste agus fuair muid drochíde ciníoch gan stad, gan staonadh. Rinneadh damáiste dár ngluaisteán, ionsaíodh teach s’againn, caitheadh clocha orainn, agus bhíodh daoine ag scairteadh linn.” Nuair a d’iarr Jamal ar na póilíní cuidiú a thabhairt dóibh, ní dhearna siad dadaí. Sa deireadh bhí ar an teaghlach an teach a fhágáil.

“Shíl mé uair amháin go raibh roinnt ceantar sábháilte,” ar seisean. “Mar shampla, deirinn le mo bhean gur mhothaigh mé sa bhaile ar Bhóthar na bhFál. Ach ar na mallaibh dúradh rudaí maslacha liom dhá uair ar Bhóthar na bhFál. Tá daoine an-aineolach faoi chultúir eile. Caithfidh siad bualadh le daoine as cultúir eile agus caithfidh muid oideachas a thabhairt do na páistí.

“Tá an ciníochas domhanda ag cur isteach orainn anseo trí institiúidí ollmhóra na meán cumarsáide agus na téarmaí a úsáideann polaiteoirí. Is fadhb idirnáisiúnta é an ciníochas.”

Dála Armie, chuir Jamal an-bhéim ar an ghéarghá atá ann rudaí praiticúla a dhéanamh le cuidiú le daoine. “Níl leor na focail,” ar seisean. “Nuair a chuirtear duine amach as a theach i lár na hoíche, ní leor a rá, ‘Cáinimid é seo.’ Caithfidh duine éigin a bheith ansin díreach le cabhrú leo. Tá lear mór cáipéisí scríofa ag eagraíochtaí mar an Coimisiún Comhionannais, ach ní dhéanann siad difríocht ar bith. Tá tacaíocht phraiticiúil de dhíth.”

Bernadette McAliskey

Tá clú agus cáil ar Bernadette McAliskey mar fheachtasóir a throid ar son cearta sibhialta agus polaitiúla don phobal Caitliceach (nó náisiúnach) i dTuaisceart Éireann nuair a bhí siad faoi chois. Thacaigh sí i gcónaí fosta le daoine i dtíortha eile a bhí faoi chois, mar shampla na daoine gorma sna Stáit Aontaithe nuair a bhí siad ag troid ar son cearta sibhialta, rud a chuir isteach ar roinnt Gael-Mheiriceánach.

Luaigh Bernadette an t-amhrán a thosaíonn leis an líne: “The Irish are a very funny race, sir!” Ansin, dúirt sí: “Tá muidinne ábalta dath ár gcraicinn a roghnú, agus rinne muid sin. Chuaigh muid ar thaobh lucht an ansmachta, mar náisiún, mar phobal, mar chultúr. Mar ní raibh muid ábalta bheith inár n-uachtárán ar na Stáit Aontaithe go dtí go ndearna muid sin.”

Tá stádas an phobail náisiúnaigh athraithe anois, a dúirt sí. “Ní íospartaigh muid anois ach lucht déanta na coire, nó lucht féachana nach bhfuil sásta focal a rá.”

D’impigh sí ar dhaoine a bheith gníomhach in éadan an chiníochais, agus a bheith páirteach i dtógáil an infrastruchtúir. Chuir sí i gcuimhne don lucht éisteachta nósanna an phobail náisiúnaigh i rith laethanta fada na dTrioblóidí:

“Má chonaic muid duine éigin ar thaobh an bhóthair agus é nó í á cheistiú ag na póilíní, bhí an fhreagracht orainn stopadh, agus gan iad a fhágáil ina seasamh ansin ina n-aonar.”

*Is féidir dul i dteaghmháil leis an West Against Racism Network ag *westagainstracism@hotmail.com

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.