AGALLAMH BEO
Joe Higgins, Teachta Dála
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Is guth aonair an Pháirtí Shóisialaigh i nDáil Éireann é Joe Higgins. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis an pholaiteoir seo a bhfuil cáil air mar dhuine neamhspleách atá sásta an fód a sheasamh go daingean don lucht oibre.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Is cuimhin liom agallamh raidió a chur tráth ar dhuine a bhí an-ghafa i bpolaitíocht na heite clé. Bhí tréimhse caite aige ag obair i Meiriceá Láir agus bhí sé breá toilteanach a chuid tuairimí a nochtadh faoi cheisteanna a bhain le polaitíocht an réigiúin sin. Chomh luath, áfach, is a rinne mé iarracht é á cheistiú faoina shaol féin, thosaigh sé a thabhairt freagraí aonsiollacha orm. B’fhearr leis a bheith ag cur is ag cúiteamh faoi chúrsaí idé-eolaíochta agus faoi cheisteanna tromchúiseacha eile.

Smaoinigh mé ar an eachtra seo arís ag deireadh mhí Lúnasa agus mé i mo shuí in oifig Joe Higgins, an polaiteoir Ciarraíoch agus an t-aon Teachta Dála atá ag an Pháirtí Sóisialach i nDáil Éireann. Dala an té a chuir mé faoi agallamh ar an raidió an uair úd, is fear é Higgins atá an-tógtha leis na ceisteanna móra polaitiúla agus idé-eolaíocha agus braitheann tú gur beag fonn atá air labhairt faoina shaol féin.

Léigh mé áit éigin gur chaith sé seal ag dul le sagartóireacht sna Stáit Aontaithe agus theastaigh uaim go ndéanfadh sé roinnt cainte faoin tréimhse sin. Chuir na freagraí gonta a thug sé ar mo chuid ceisteanna in iúl go soiléir dom, áfach, gur beag spéis a bhí aige díriú ar an ghné sin dá shaol. An t-aon eolas a fuair mé uaidh ná go raibh sé ag cur faoi i Minnesota agus go raibh sé ag staidéar i gColáiste Winona.

Cúlra

Rugadh Higgins i gCorca Dhuibhne corradh le caoga bliain ó shin agus deir sé go bhfuil an saol sa cheantar sin athraithe ó bhonn ó bhí seisean óg. Ní raibh mórán carranna ag bunadh na háite agus capaill seachas tarracóirí a úsáideadh chun obair na feirme a dhéanamh. Bhí an córas meithle forleathan go maith go fóill ina cheantar dúchais agus chuir sé seo ina luí air gurbh fhearr i bhfad do dhaoine a bheith “ag comhoibriú agus ag obair as lámh a chéile, ag maireachtaint ar scáth a chéile.”

Ceist againn ort...

Cén leabhar ata á léamh agat faoi láthair?

Hidden Agenda le John Pilger.

Cén ceol is fearr leat?

Réimse leathan ceoil: ceol traidisiúnta, an sean-nós, ceol clasaiceach, ceol opera.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

Scannáin pholaitíochta agus scannáin faoin troid a bhí ag gnáthdhaoine chun cearta ceardchumainn agus a leithéid a bhaint amach - Matewan, mar shampla.

Cá dtéann tú ar saoire?

Go Corca Dhuibhne i gCiarraí den chuid is mó. Gach cúpla bliain, is maith liom dul go dtí an Fhrainc nó go Meiriceá.

Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?

Cúpla uair (ní ar junkets!)

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air?

Laochra móra ghluaiseacht an lucht oibre: Séamas Ó Conghaile, Tomás Dáibhis, Lenin, Trotsky, Rosa Luxembourg. Na gnáthdhaoine ina milliúin atá ag troid do chearta daonna.

Cé is mó a chuaigh i bhfeidhm ort nuair a bhí tú níos óige?

N’fheadar an ndeachaigh éinne go speisialta.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Na príomhpháirtithe polaitíochta agus na polasaithe atá á gcur chun cinn acu maidir le príobháidiú agus cearta do lucht iarrtha tearmainn.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach lá?

Suas le ceithre huaire déag.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

An t-éileamh ar do chuid ama - go bhfuil tú i gcónaí ag rith.

Fuair sé a chuid meánscolaíochta i Scoil na mBráithre sa Daingean agus ansin thug sé aghaidh ar mheániarthar Mheiriceá. Le linn dó a bheith ag staidéar agus ag obair sa tír sin bhí na hagóidí i gcoinne an chogaidh i Vítneam ag bailiú nirt, rud a d’fhág rian air. Chaith sé seal ag obair san Astráil chomh maith sular fhill sé ar Éirinn i lár na seachtóidí chun a chuid oideachais a chríochnú.

Rinne sé céim sa Bhéarla agus sa Fhraincis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus an tArdteastas san Oideachas ina dhiaidh sin san institiúid chéanna. Le linn a thréimhse san ollscoil bhí sé gníomhach i bPáirtí an Lucht Oibre agus chaith sé bliain mar chathaoirleach ar an chumann.

Fuair sé post i ngairmscoil i lár chathair Bhaile Átha Cliath ach d’éirigh sé as an obair sin tar éis trí bliana. “Thaitin sé go mór liom i slite ach bhí sé ana-dhian. Cinnte tá scoileanna áirithe níos deacra ná a chéile. Tá an-fhuinneamh riachtanach sa mhúinteoireacht. So, do thaitin sé liom ach do chonac chomh maith na fadhbanna móra a bhain leis an gcóras oideachais. Ní raibh na hacmhainní á gcur isteach ann a bhí ag teastáil.” Bhí daltaí óga ag teacht isteach ón bhunscoil chuige a raibh scileanna léitheoireachta páiste ocht mbliana acu.

“Ní raibh an infheistíocht á cur isteach chun déileáil leis an bhfadhb seo. Is é a cheapas i gcónaí ná go raibh dearcadh ana-chiniciúil ag na rialtais i dtaobh na faidhbe seo. Na leanaí a bheith as na sráideanna, istigh i bhfoirgneamh: b’in an méid a theastaigh uathu.”

Measann sé gur éirigh leis maitheas éigin a dhéanamh sa scoil ina raibh sé agus gur chabhraigh sé le go leor de na daltaí forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna scríbhneoireachta agus léitheoireachta. Thuig sé, áfach, go raibh sé riachtanach “freagra polaitiúil” a lorg ar na fadhbanna sa chóras agus dá bhrí sin d’fhág sé an mhúinteoireacht chun go mbeadh deis aige a bheith ní ba ghníomhaí go polaitiúil. Thosaigh sé ag obair go lánaimseartha leis an nuachtán radaiceach Militant agus ansin i 1991 toghadh é mar bhall de Chomhairle Contae Átha Cliath.

Bhí sé gníomhach go maith i bPáirtí an Lucht Oibre i rith na n-ochtóidí. Chaith sé seal ar an ardchomhairle, fiú, ach i rith na tréimhse sin bhí coimhlint ar bun taobh istigh den pháirtí. “Is ag an am sin a bhí conspóid ar siúl mar gheall ar an bpáirtí a bheith sáite i gcomhrialtas le Fine Gael. Bhí an-díospóireacht agus an-deighilt sa bpáirtí.” Bhain Higgins leis an chuid den pháirtí a bhí glan i gcoinne a bheith istigh i gcomhrialtas.

I 1987, i ndiaidh do Pháirtí an Lucht Oibre ceithre bliana a chaitheamh i gcomhrialtas le Fine Gael, thit a vóta san olltoghchán go 6%, an toradh ba mheasa ó bhí na tríochaidí ann.

“Bhí an-díospóireacht ann ina dhiaidh sin. Tugadh dúshlán do cheannaireacht an pháirtí agus ba bheag nár buadh ar an eite dheis. Ach ina dhiaidh sin, bhí sé soiléir gur theastaigh uathu an eite chlé a bhascadh sula mbeadh tromlach ag an eite sin taobh istigh den pháirtí. Thosnaíodar linne, an eite Militant. Bhí ana-chuid propaganda á chur amach ag an gceannaireacht inár gcoinne agus bhí roinnt áirithe de na meáin chumarsáide ag cabhrú le ceannaireacht an pháirtí.”

Tugadh bata agus bóthar do Higgins agus dá chomhghleacaithe i 1989 agus briseadh an chumhacht a bhí ag eite chlé an pháirtí. Measann sé gur chinn Teachtaí Dála áirithe, leithéidí Emmet Stagg agus Michael D. Higgins, ar thacú leis an cheannaireacht ag an phointe sin agus an sóisialachas a thréigean.

“Níl aon eite chlé sa pháirtí anois - is páirtí de chuid na heite deise atá i gceist. Níl aon bhonn láidir ansin, daoine atá gníomhach. Níl aon díospóireacht i ndáiríre sa pháirtí ó thaobh fealsúnachta de. Tá glacadh ag Lucht Oibre leis an meon seo atá ag na páirtithe eile: nach bhfuil aon chóras polaitíochta ná eacnamaíochta eile le fáil seachas an caipitleachas. Sin an fáth go raibh an páirtí in ann dul isteach i gcomhrialtas sna nóchaidí le Fianna Fáil ar feadh dhá bhliain go leith agus ansin le Fine Gael ar feadh dhá bhliain eile.”

Páirtí nua

Bhunaigh Higgins agus a lucht tacaíochta Militant Labour agus d’athraigh siad an t-ainm sin go dtí An Páirtí Sóisialach i 1997. Ar an dara hiarracht, in olltoghchán na bliana 1997, d’éirigh leis suíochán a bhaint amach i ndáilcheantar Liam Lawlor, Baile Átha Cliath Thiar.

I measc spriocanna an pháirtí, tá seachtain oibre 30 uair an chloig do gach oibrí, mar aon le laethanta saoire sé seachtaine, agus ba mhaith leo go mbeadh smacht iomlán ag an stát ar an tionsclaíocht agus ar sheirbhísí. Tuigeann sé, áfach, nach féidir an córas a athrú sa tír seo amháin, gur gá go dtiocfadh athrú go hidirnáisiúnta.

“Is féidir an domhan iomlán a athrú. Is féidir acmhainní an domhain a phleanáil ar mhaithe le daoine seachas le brabús na gcomhlachtaí móra idirnáisiúnta. I m’aignese, tá sé thar a bheith scannalach agus náireach go bhfuil na billiúin dollar á gcaitheamh ar airm agus ar armlón gach bliain nuair atá daoine bochta ag fáil bháis den ocras agus de ghalair. Sin an córas atá i réim. Sin an córas a seasann na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach féin leis. Tá an lucht táirgthe arm is mó ar domhan san Aontas.”

Ní theastaíonn ón pháirtí dul ar ais go dtí an córas a bhí i gceist in oirthear na hEorpa (sna tíortha Stailíneacha) - is éard a theastaíonn uathu ná pleanáil dhaonlathach agus rialtais de chuid an lucht oibre.

Tá Higgins agus an páirtí go mór i gcoinne phríobháidiú comhlachtaí stáit. “Sa phríobháidiú is mó a deineadh sa tír seo, Telecom Eireann, tá sé soiléir anois gur ar mhaithe leis na boic mhóra a deineadh é agus gurb iad na daoine beaga, an lucht oibre, atá agus a bheas thíos leis.” Deir sé go bhfuil gá le leasuithe sa tslí ina ritear na comhlachtaí stáit, gur cheart go mbeadh níos mó daonlathais i gceist agus go gcaithfí níos fearr leis na hoibrithe. Luann sé Iarnród Éireann mar chomhlacht, dar leis, ina gcaitheann an bhainistíocht go dona leis na fostaithe. “Is éard a theastaíonn uainne ná go mbeadh níos mó daonlathais taobh istigh de na comhlachtaí stáit, go mbeadh riarachán i lámha an lucht oibre, go daonlathach.”

Cuireann sé déistin air go bhfuil an rialtas sásta seilbh a thabhairt do chomhlachtaí ilnáisiúnta ar acmhainní nádúrtha na tíre (luann sé an gás amach ó chósta Mhaigh Eo agus na Gaillimhe mar shampla de seo). “Cad ina thaobh go dtabharfaimis smacht ar chodanna éagsúla d’ár ngeilleagar do chomhlachtaí mar seo? An trioblóid ná go bhfuil na príomhpháirtithe ar meisce leis an bhfealsúnacht chaipitleach agus dá bhrí sin ní fheiceann siad aon slí eile chun rudaí a dhéanamh ach géilleadh don chumhacht atá ag na comhlachtaí móra ilnáisiúnta.”

Tithíocht

=======

Measann sé go bhfuil an ghéarchéim i gcúrsaí tithíochta ar cheann de na fadhbanna is mó atá sa tír. Ní ghlacann sé leis go bhfuil praghas na dtithe chomh hard de bharr nach féidir an t-éileamh atá ann faoi láthair a shásamh - cuireann sé an locht ar na hamhantraithe. Measann sé go bhfuil an dream seo ag déanamh “riaradh ar an margadh”, nach bhfuil siad ag tógáil go leor tithe chun a chinntiú go méadóidh na praghsanna.

“Tá sé scannalach gur ligeadh do ghrúpa beag, lucht spéacláireachta, praghas tithe a ardú oiread taobh istigh de cheithre nó cúig bliana, nár cuireadh srian ar bith orthu.” Ba cheart, dar leis, go mbunófaí comhlacht stáit chun talamh a cheannach ar a dtógfaí tithe ar phraghas réasúnta agus go gcuirfí teorainn le brabús lucht tógála.

An todhchaí

Tá sé dóchasach go n-éireoidh le ball den Pháirtí Sóisialach, Claire Daly, suíochán eile a bhaint amach don pháirtí i mBaile Átha Cliath Thuaidh in olltoghchán na bliana seo chugainn. Tá súil aige go dtoghfar roinnt polaiteoirí eile ag an am sin a mbeidh an idé-eolaíocht chéanna acu is atá aige féin agus go mbeidh siad in ann grúpa a bhunú sa Dáil, rud a thabharfaidh tionchar breise dóibh.

Is beag teagmháil a bhíonn aige le polaiteoirí eile sa Dáil. Uaireanta, bíonn comhoibriú idir é féin agus Seamus Healy, an Teachta Dála neamhspleách as Tiobraid Árann Theas, ach ní bhacann sé leis na páirtithe móra mar nach bhfeiceann sé aon difríocht eatarthu. Ní théann sé riamh go beár na Dála agus deir sé nach dtiocfaidh an lá riamh a dtabharfaidh sé vóta do Theachta ó cheann de na mórpháirtithe nuair a bheas Taoiseach á thoghadh. Is léir nach bhfuil an oiread sin measa aige ar Tony Gregory, fiú. Feiceann sé é mar pholaiteoir a bhíonn ag feidhmiú ar bhonn áitiúil, duine nach bhfuil idé-eolaíocht cheart forbartha aige.

Tá sé dochásach faoin todhchaí. Deir sé go bhfuil daoine ag éirí an-chiniciúil faoi na polaiteoirí. “Measaim go bhfuil athrú mór ag teacht ar dhearcadh polaitiúil na ngnáthdhaoine. Na hagóidí móra seo i gcoinne an Aontais, i gcoinne globalisation, atá ag dul i dtreise i gcónaí, tugann siad sin le fios cad atá síos an bóthar don tír seo. Tá daoine óga, agus lucht oibre, ag teacht i gcoimhlint le príomhpholasaithe an Aontais Eorpaigh. Is próiseas é seo a leanfaidh ar aghaidh agus a mbeidh tionchar aige ar an tír seo. Is ansin atá an fhéidearthacht d’athruithe móra polaitiúla sna blianta atá romhainn amach.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.