CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Súil ghéar na satailítí
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Tá cuid den teicneolaíocht a d’úsáid iriseoirí le linn an chogaidh san Iaráic á húsáid ag comhlachtaí tacsaí i mBaile Átha Cliath agus i roinnt de na gutháin nua shoghluaiste atá ag teacht ar an margadh le tamall anuas. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.

Íomhá
Fón satailíte soghluaiste
Íomhá
Glacadóir GPS

Anois agus an phríomhchuid den chogadh san Iaráic thart, tá roinnt mhaith de na hiriseoirí a bhí “neadaithe” le harm na Stát Aontaithe ar a slí abhaile - agus is cinnte go mbeidh na heagraíochtaí nuachta a chuir ann iad ag súil go dtiocfaidh a gcuid fón daor satailíte abhaile leo freisin. Baineadh roinnt de na fóin sin de na hiriseoirí ag tús an chogaidh toisc go raibh eagla ar arm Mheiriceá go bhféadfadh arm na hIaráice na comharthaí a bhí ag teacht uathu a úsáid chun láthair an iriseora a aimsiú agus a ionsaí.

Bhain na fóin satailíte a bhí cuid mhaith de na hiriseoirí ag úsáid leis an tsatailít Thuraya, agus bhí gléas speisialta iontu a cheangal iad leis an gcóras loingseoireachta satailíte GPS nó Global Positioning System. D’fhéadfaí suíomh na bhfón a aithint le cruinneas 100 méadar leis an gcóras sin. Cé gur cosúil go mbeadh sé deacair suíomh na bhfón a aimsiú le gléasra ar an talamh, tá an chuma ar an scéal nach raibh muinín ag na Meiriceánaigh as an tslándáil ag ceanncheathrú an chórais, atá lonnaithe in Abu Dhabi. Is cosúil gur cheap siad go bhféadfadh dream éigin mianadóireacht a dhéanamh ar na sonraí a bhí bailithe ar chomhordanáidí na bhfón. Is é an córas Iridium, a fheidhmítear ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus nach dtugann eolas chomh cruinn céanna ar láthair na bhfón, a úsáideann lucht míleata Mheiriceá agus is cosúil nár baineadh fóin ón gcóras sin de na hiriseoirí le linn an chogaidh.

Tá loingseoireacht satailíte a bhaineann úsáid as córais ar nós GPS ag éirí níos saoire agus, mar sin, níos coitianta le bliain nó dhó anuas. Bíonn roinnt comhlachtaí tacsaí i mBaile Átha Cliath á húsáid chun súil a choimeád ar shuíomh a gcarranna, agus tá daoine ann a úsáideann iad nuair a bhíonn siad ag siúl ar chnoic nó ag seoltóireacht. Is córas Meiriceánach é an córas GPS, agus tá córas eile ar a dtugtar GLONASS curtha i bhfeidhm ag an Rúis freisin. Ach ba mhaith leis an Aontas Eorpach go mbeadh smacht iomlán acu siúd ar chóras satailíte freisin, agus tá sé i gceist acu an tseirbhís GALILEO a chur ar fáil sa bhliain 2008.

Srian

Nuair a tháinig GPS ar an bhfód i dtosach, chuir an Roinn Cosanta sna Stáit Aontaithe srian ar an gcruinneas a bhí ar fáil go forleathan chun nach bhféadfadh airm eile é a úsáid. Cuireadh deireadh leis an srian sin sa bhliain 2000, agus in áit an chruinnis de 100 méadar a bhí ar fáil go dtí sin, bíonn cruinneas de chúig mhéadar déag ar fáil de ghnáth anois. Is féidir é sin a fheabhsú go dtí 3 mhéadar, ag baint úsáide as córais a chraolann comharthaí speisialta ón talamh a cheartaíonn an t-asléamh.

Tá na córais seo ar fad bunaithe ar an bprionsabal céanna. Bíonn gréasán de os cionn 20 satailít i bhfithis thart ar an domhan ag craoladh comhartha raidió go leanúnach. Bíonn glacadóir sa ghléas loingseoireachta ar an talamh a théann i dteagmháil le trí shatailít ar a laghad, agus a thomhasann an méid ama a thógann sé ar na comharthaí éagsúla an glacadóir a shroichint. Ón difríocht ama idir na comharthaí sin, bíonn an glacadóir ábalta a fhad ó na satailítí a ríomh agus, uaidh sin, a shuíomh ar dhromchla an domhain a dhéanamh amach. Léirítear an t-eolas sin don úsáideoir i bhfoirm asléamh dhigitigh leis na comhordanáidí, nó ar léarscáil leis an láthair reatha marcáilte air.

Tá an córas GPS mar chuid de roinnt fón soghluaiste nua den tríú glúin atá ag teacht ar an margadh anois agus, cé gur féidir suíomh aon fón soghluaiste a aimsiú cheana féin, cuirfidh an cruinneas nua seo go mór leis na seirbhísí bunaithe ar an láthair atá ar fáil. Ach cruthóidh sé seo fadhbanna freisin - ní arm Mheiriceá amháin atá ag iarraidh a láthair a cheilt.

Tá leagan nua den litreoir Gaeilge “GaelSpell 3” do Microsoft Word foilsithe ag an údar ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com agus beagnach 300,000 iontráil ann. Bíonn sé ag obair le hAgtel freisin mar thaighdeoir ar an irischlár “An Tuath Nua” a chraoltar ar TG4 gach Déardaoin agus Domhnach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.