AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Féiríní agus beannachtaí ó Bhalor
Balor Balor Balor

Insíonn Balor dúinn go heisiach anseo cad iad na bronntanais Nollag atá ceannaithe aige do chuid den dream a bhí i mbéal an phobail i rith na bliana seo.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill
Íomhá
An gluga blonagach
Íomhá
Arlene Foster ón DUP: sásta bliain a chaitheamh ag obair in oifig an Oireachtais
Íomhá
Enda Ó Cionnaith, ceannaire Fhine Gael: cara mór na Gaeilge

Seo chugainn arís an Nollaig agus an fústar ar fad; an putrachán plobartha sa chulaith dhearg agus bhán ag gáire os ard, agus na mná óga dathúla ar fad ag stánadh go grámhar isteach ina shúile, mar dhea. “ fuath na namhad agamsa ar an Nollaig ar na saolta deireanacha seo. Is mithid dúinn an Fear Dearg a chriogadh!a mhaíonn Balor Bodúil agus é ag trácht go tuaisceartach ar Shan Nioclás bocht. “ an dearg-ghráin agam ar an liobar sin agus ar a réinfhianna boigéiseacha. Breast an glugaí blonagach agus a ! ! ! Breast muintir Coca Cola a thionscain an húr an chéad riamh. Breast Rudolph agus a chac réinfhia ar dhíon an . Breast RTÉ agus na scannáin chéanna arís agus arís eile Nollag! Breast na pubanna a bhíonn druidte ar an is fonn óil sa bhliain!” Is beag gairdeas Nollag croí na féile a bhíonn le sonrú ar a chaint chadránta nuair a bhíonn Balor faoi lánseol ag ceasacht go casaoideach.

Ach, in ainneoin na barúla coitianta, boige ag baint le Balor fosta, agus bíonn fial flaithiúil lena chuid bronntanas am seo na Nollag. roinnt chuid féiríní ceannaithe aige cheana féin. meas millteanach ag Balor ar Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, agus is léir sin ón bhronntanas a cheannaigh sheancharaléarscáil na hÉireann. gnáthléarscáil atá ann, áfach, ach ceann a bhfuil roinnt áiteanna méadaithe as cuimse air. Mar shampla, siocair go mbíonn Ó Caoimhnis ag tacú go tréan le Contae na Gaillimhe sa pheil agus san iomáint, agus siocair go mbíonn ag caint faoi mhuintir na Gaillimhe sa chéad phearsa uimhir iolra, Baile Átha Cliath méadaithe go mór ar an léarscáil, agus in ionad ainm na cathrach scríofa Áit Bhreithe Éamoin Úi Chaoimhnisar eagla go ndéanfadh dearmad, mar a dhéanann go minic is léir.

Agus cad é atá scríofa ar an léarscáil san áit a bhfuil Corr na Móna? Cad é eile ach Corr na Móna. Agus in aice leis, i mbloclitreacha móra scríofa Up The Dubs! Agus cad é atá scríofa ar an léarscáil seo in aice le príomhchathair Chorca Dhuibhne? Bhuel, ós rud é gur fear mór comhghéillte é Ó Caoimhnis, mar is eol do chách, agus ós rud é nach féidir an troid idir lucht an Daingin agus lucht Dingle a choinneáil ag gabháil mórán níos faide, rinne Balor tuar agus tairngreacht agus chruthaigh logainm úr a bheas inghlactha don thaobh: Dingle Chúis!

Do Mháire Chlochráin, an bhean a chaith seal sa Roinn chéanna agus atá anois ag déileáil le cuótaí bainne, le coirce, le cruithneacht, le saill mhuice agus le feoil mhairt, bronntanas ar leith ag Balor ina shac Nollagcúpla cloch meáchain de shiúcra candaí. go bhfuil an mhilseacht sin uilig de dhíobháil ar an Aire sách milis cheana féin, ach cuideoidh an bronntanas le tionscal an tsiúcra in Éirinn níos mar a chuidigh cuid cainteanna an Aire san Eoraip an mhí seo a chuaigh thart. sásta cúpla punt a chur suas faoi na másaí ar son na cúise. Tírghráthóir go smior í.

bronntanas ar leith ag Balor do Dhaithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chónra na Gaeilge, é siúd a chuireann mhilliún teachtaireacht ríomhphoist amach in aghaidh an lae chuig muintir na Gaeilge abhus agus i gcéin. Maidin Nollag beidh muifléad faoi chrann Nollag Mhic Cárthaigh, ceann breá fada, agus na focail cháiliúla sin bróidnithe air le snáithe óir: I am one of those who is vaguely interested in Irish. Balor sásta tuar agus tairngreacht eile a dhéanamhis é sin go mbeidh ráchairt níos ar na muifléid sin i rith na bliana seo atá le teacht mar a bheas ar fháinne na Gaeilge.

Balor an-cheanúil ar Liaimín Beag Lách Ó Maolaodhaodhaodha, Stiúrthóir Erectus na Gaeilge, é siúd a rinne jab chomh breá sin d’Erectus Chorcaí ar an mhí seo a chuaigh thart. beirt bhan aoibhne éifeachtacha a chuidíonn leis ina chuid oirbheart dar ndóigh, mar atá Máirín Mhaisiúil agus Emer Álainn. Shílfeadh duine go mbeadh fear ar bith sásta leis an bheirt ainnireacha seo ag déanamh a chuid oibre ar fad ar a shon, ag tabhairt aire , ag amharc i ndiaidh a chompóird, ag freastal air le tae agus caife agus piontaí leanna ó dhubh go dubh... ach chan Liaimín Beag Lách. ag cuartú tuilleadh cuidithe lena chuid pleananna d’Erectus Dhoire 2006 a chur i gcrích. Bhuel Balor sásta teacht i gcabhair air agus triúr ban breise a chur ar fáil. Meas sibh a bheas ag fanacht ag bun chrann Liaimín maidin Nollag? Triúr a thuigeann an dóigh le muintir na Chontae a ghríosú mar is ceart: Rhonda Paisley, Iris Robinson agus Arlene Foster. Cionn is gur seanchairde móra de Bhalor iad triúr siad sásta fostú bliana a dhéanamh saor in aisce le Liaimín Lách, agus nach é an gasúr a bheas iontach sásta gur iarr cuidiú breise. Coimhéad an rud a iarrann ar eagla go bhfaighidh é, a mhic!

Creideann Balor go docht san athmhuintearas, agus ar an chúis sin sásta bronntanas Nollag a thabhairt d’iarpheileadóir sin na hÉireann, an síor-sianaí Roy Rogers Ó Keanó. róshásta a bhí Roy le Balor nuair a chonaic réalta na hiriseoireachta an cladhaire crosta ag gáire oíche amháin. Mhaígh Ó Keanó nach gáire a bhí ann ar chor ar bith ach miongháire, agus gur botún a bhí ann. Bhagair íde fhisiciúil na muc is na madraí ar Bhalor Bocht bhfoilseodh mar scéala eisiach an méid a chonaic . Ba bheag le Balor a chuid bagairtí agus ar Beo ar Éigean ar dtús a léigh an domhan mór is a mháthair gur gháir Keano oíche amháin. Cad é an bronntanas atá Balor ag gabháil a thabhairt d’fhear Chorcaí, más ea? Seanphoóstaer d’fhear óg i ngeansaí sacair na Chontae, gealgháire ar a ghnúis agus loinnir ina shúile; scrábáil mhór faoi bhun an phictiúir ag tiomnú an phóstaera chara Roy Ó Keanó, sínithe ag Seoirse Is Fearr. Níl rud níos fearr a thógfaidh croí Roy maidin Nollag.

Bronntanas d’Enda Ó Cionnaith? Cad é eile ach cóip de leabhar Chiaráin Mhic Mhurchaidh, Who Needs Irish? An chuid eile agaibh amuigh ansin, bígí cúramach agus bígí go maith, seans go bhfaighidh sibhse bronntanas ó Bhalor na Súile Nimhe maidin Nollag faoin chrann.

Guíonn Balor beannachtaí speisialta na Nollag ar bheirt phríomhcharachtar dhráma na bliana 2005: “Ar Tony Bocht Blair, atá faoi léigear ina theach féin, guím Nollaig shéan... shéana... shéanadh is mhai... is mhais... is mheaisínghun nest; agus ar Bhenedict XVI, ag deireadh a chéad bhliana mar Phápa, guím Nollaig a thaitneoidh go mór leis: Nollaig Ó Gadhra.”

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.