AR NA SAOLTA SEO
An Grá agus an Buam’ – de Ghrá an Réitigh
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Is ait an mac an pholaitíocht; Martin McGuinness le labhairt ag Comhdháil na gCoimeádach? An DUP, na Tóraithe móide LibDem agus Sinn Féin, b’fhéidir, a deir Robert McMillen, gurb shin an meascán a bhéarfas an chaoinfhulaingt agus an fhíorpholaitíocht chun tosaigh.

Íomhá
David Cameron le Maggie Thatcher
Íomhá
Triantán na Cumhachta, Peter Robinson, Owen Paterson agus Martin Mc Guinness

Dá mbeadh sé chomh feidhmiúil agus bhí na déantóirí ag dúil leis, bheadh an buama a réab tríd an Grand Hotel i mBrighton ag 2:54rn ar an 14 Deireadh Fómhair 1984 ar cheann de na hionsaithe ba mhó tionchar ar stair na hÉireann riamh. Mar is eol do chách, bhí comhdháil bhliantúil an Pháirtí Choimeádaigh ar siúl agus iarracht a bhí ar bun ag an IRA Príomh-Aire na Breataine ag an am, Margaret Thatcher, agus a comhaireacht a mharú.

B’fhada nimh san fheoil ag an dá dhream dá cheile, le linn na dtrioblóidí ach ag dul siar sa stair fosta sular tháinig an tIRA ar an saol. Riamh anall, bhí an páirtí coimeádach naimhdeach do náisiúnachas na hÉireann.
Bhí siad in éadan na mBillí Riail Bhaile i 1886 agus i 1893 agus nárbh é an coimeádach Lord Randolf Churchill a dúirt: "Ulster will fight, and Ulster will be right" agus "The Orange card was the one to play". I ndiaidh na críochdheighilte, bhí siad sásta - dála Pháirtí an Lucht Oibre - neamhaird a dhéanamh de Sé Chontae agus a raibh de leatrom ann. Bhí na Tóraithe i gcumhacht 52 bhliain den 89 mbliain ó bunaíodh an stát ó thuaidh go dtí i mbliana agus le linn an ama sin, nuair ba ghá, thug Coimeádaigh lántacaíochtgcomhghleacaithe i rialtas Aontachtach Stormont. ‘The Conservative and Unionist Party’ an t-ainm atá air ar ndóigh.
Ach tá an cogadh thart agus tá difear mór amháin ann - tá Sinn Féin i gcroílár an rialtais sa tuaisceart i gcuideachta an DUP.

Entente Cordiale

Mura bhfuil an entente iontach cordiale idir an dá pháirtí mhóra sa Tionól, tá comhoibriú, dá neamhthoilteanaí é, ar siúl eatarthu. An féidir an rud céanna a rá fá Shinn Féin agus Coimeádaigh David Cameron agus a Rúnaí Stáit, Owen Paterson.

Nach raibh sé i ‘gConradh’ Cameron le bunadh na Sé Chontae “Tuaisceart Éireann a chur ag croí an aontais”? Nárbh é Paterson a thionscain na cainteanna rúnda a raibh sé mar aidhm aige aontas Aontachtach a chothú i dTeach Hadfield? Tá an chuma ar an scéal go bhfuil UCUNF - más ann dó go fóill - ag déanamh neamhaird ar, cuir i gcás, lán Pháirc Mhic Easmainn, daoine nach mbeadh ag iarraidh a bheith i gcroí an aontais?

Sin ráite, nárbh é Ted Heath a chuir Stormont ar ceal i 1972? Nárbh í Margaret Thatcher a chuir an Comhaontú Angla-Éireannach i bhfeidhm i 1987? Agus nárbh é Peter Brooke a dúirt nach raibh “selfish economic or strategic interest” ag an Bhreatain i dTuaisceart Éireann? Triúir Coimeádach!

An tseachtain seo caite, fógraíodh gur cuireadh cuireadh ar Martin McGuinness labhairt ag bricfeasta ar imeall Chomhdháil na gCoimeádach in Birmingham i mí Dheireadh Fómhair.
Níl an ócáid chomh neamhghnách agus a shilfeá. In 2009, chuir an Grúpa Parlaiminte Uile-Pháirtí um Cheisteanna Coimhlinte (the All-Party Parliamentary Group on Conflict Issues) agus an cumann carthanachta, The Forgiveness Project, cuireadh ar Patrick Magee, an fear a leag an buama in óstán an Grand i mBrighton i 1984, labhairt taobh istigh i Westminster féin i gcuideachta Jo Berry ar maraíodh a hathair, Sir Anthony Berry, san eachtra. Mar a dúirt Gary Streeter, Feisire Coimeádach: Dá mbeadh sé furasta maithiúnas a thabhairt, dhéanfadh muid uilig é. Níl sé furasta agus sin an fáth go bhfuil an ócáid seo a eagrú againn.” Beidh sé doiligh ag leithéidí Norman Tebbit bogadh ar aghaidh agus ní nach ionadh. Gortaíodh a bhean go dona sa phléascán agus tá sé ag tabhairt aire di ó shin ach is éigin a léiriú go bhfuil ag éirí leis an pholaitíocht.

An Fhíorpholaitíocht

Ag caint le baill Shinn Féin agus an SDLP, is mó i bhfad an aird atá acu ar pholasaithe sóisialta na dTóraithe ná ar oibríochtaí phróiseas na síochána.
“Ní athróidh próiseacht s’againne,” arsa Sinn Féineach amháin liom agus é ar nós cuma liom, ach beidh cath fíochmhar le troid acu féin agus ag an SDLP faoi leasa sóisialaigh, faoi fhostaíocht, faoi aire a chinntiú do sheandaoine agus do pháistí, a thuar sé. Dúirt sé gur aithin David Cameron na buanna a bhain le próiseas na síochána agus nach gcuirfeadh An Príomh-Aire i mbaol iad.

An féidir, le theacht na dTóraithe i gcumhacht - i gcomhrialtas leis na Lib-Dems ar ndóigh - go bhfuil an ‘fíorpholaitíocht’ ag briseadh amach ó thuaidh? Ó bunaíodh an stát, b’annamh a tháinig Protastúnaigh agus Caitlicigh le chéile. Tharla sé in 1932 le linn na Outdoor Relief Riots nuair ba léir nár leor íocaíochtaí do dhaoine gan obair, beag beann ar a gcreideamh. Dúirt an Eaglais Phreispitéireach nár leor é le daoine a choinneáil beo agus ba bheag seicteachas a léiríodh - bhí racáin ar an dá bhóthar in éineacht, Bóthar na Seanchille agus Bóthar na bhFál. Ar íorónaí an tsaoil é, Ramsay Macdonald agus Páirtí an Lucht Oibre a bhí i gceannas sa Bhreatain, ach Aontachtaithe Uladh a bhí i réimeas ó thuaidh ach sna tríochaidí ní raibh san aontas trasphobail sin ach splanc.

Tá an tsochaí athraithe as a riocht ó shin, ar ndóigh, ach an féidir go gcruthóidh géarchéim gheilleagair an 21ú haois caoinfhulaingt níos buaine?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.