AR NA SAOLTA SEO
Ábhar dóchais i dtuaisceart Aontroma
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Cloiseann muid i gcónaí na drochscéalta faoi na Sé Chontae, ach measann Robert McMillen gur ábhar dóchais an méid atá ag titim amach i mbaile i dtuaisceart Aontroma.

Íomhá
David Trimble - an-bhrú air i gcónaí
Íomhá
Jason, Mark agus Richard Quinn a fuair bás go tragóideach i mBaile Monaidh ar an 12 Iúil, 1998

Tchí Dia an cruachás ina bhfuil muid. Tá an dóchas ag trá. Ceist reitriciúil a bhíodh ann nuair a d’fhiafraífí: “An dtig linn dul siar go dtí laetha dorcha an fhoréigin laethúil?”

Tá freagra anois ann. Thig cinnte.

Chonacthas aghaidheanna brónacha seanlanúin Phrotastúnach a bhí ag fágáil an tí ar shíl siad a mbeadh siad ann an chuid eile dá saol mar gur caitheadh buama peitril air agus gur scriosadh an teach. Bombay Street pearsanta an tseanphéire sin.

Bhí racán ar Bhóthar Cluanaí nuair a baineadh úsáid as canóin uisce den chéad uair leis na cianta i ndiaidh do mháirseáil Oráisteach teacht fríd geata a d’oscail an PSNI dóibh le siúl ar an chuid Chaitliceach den bhóthar.

círéibeacha ar siúl i gceantracha eile sa chathair gach oíche, an IRA, UVF agus UDA páirteach iontu. Deir foinsí slándála go bhfuil na mílte ógánach ag dul isteach sna paramílitigh dhílseacha, go háirithe an UDA.

Tá muinín sa phróiseas síochána ag titim as a chéile. Chaill David Trimble a mhí-thapaí ar chlár theilifíse. Tá an Trimbleach ar ndóigh ag smaoineamh anois ar an chéad olltoghchán Tionóil eile ar an chéad lá de Bhealtaine 2003, agus chan é amháin go bhfuil sé ag déanmah na *splits *leis an dá thaobh den pháirtí a choinneáil le chéile ach tá an síorsceitheadh líomaintí ó “fhoinsí slándála” ag cur an-bhrú air; agus tá caint arís ann fá smachtbhannaí in éadan Shinn Féin, constaic eile ar an bhóthar iarainn a bhfuil traein na síochána air.

Níl freagra sásúil tugtha ag poblachtánaigh ar na liomhaintí ag baint leis an triúr Sinn Féineach a bhí sa Cholóimbe. Más ag beartú uirlisí úra foréigin a bhí siad, is droim láimhe é do na náisiúnaithe sin a raibh an dóchas acu go raibh deireadh ag teacht le lámh láidir na bpoblachtánach.

Deir an PSNI go bhfuil na Sealadaigh páirteach san fhoréigean in oirthear Bhéal Feirste. An ag cosaint a muintire féin atá siad nó ag gríosú an taoibh eile chun troda?

Agus tá an spotsolas ag díriú arís ar an rúnpháirteachas. I ndiaidh dhá chlár teilifíse John Ware ar “Panorama”, tá léargas níos glinne againn ar mhodhanna oibre fhórsaí “slándála” na Breataine. Is léir go raibh an RUC, gardaí na síochána, páirteach i ndúnmharú ní fios cá mhéad duine.

Gan a bheith ag caint ar Drumcree.

A Dhia, cá bhfuil an dóchas?

Cothú nascanna

Well, actually, tá sé ann agus tá baint indíreach aige le Drumcree. Ar 12 Iúil, 1998, maraíodh Jason, Mark agus Richard Quinn nuair a cuireadh teach s’acu a thine i mBaile Monaidh, Contae Aontroma i gceann de na huafáis ba mheasa sna trioblóidí. Ó shin i leith, tá athmhacnamh á dhéanamh in eastáit tithíochta an bhaile.

Ceantar a bhí faoi smacht an UDA a bhí in Glebeside i mBaile Monaidh. Seacht mbliana ó shin, tháinig athrú bunúsach ar an cheantar. I 1995, glacadh Cumann na nÁitritheoirí (ainm eile ar ghrúpa paramíliteach) ar bord an Chumainn Pobail Logánta, an Glebeside Community Association. Thosaigh an Cumann sin ag cothú nascanna leis an eastát náisiúnaíoch agus le heastát eile, Carnany, mar a maraíodh na deartháireacha Quinn. Tá an-tairbhe á bhaint as an cheangal úr seo.

I suirbhé a rinne an Roinn Sláinte ó thuaidh fuarthas Glebeside i measc na n-áiteanna ba bhoichte sna Sé Chontae. Nuair a chuaigh John Robb, iarmháinlia agus bunaitheoir an New Ireland Movement go Baile Monaidh, thosaigh sé ag caint ar fhorbairt pobail. Ní bhfuair sé éisteacht. Bhí blas ró-náisiúnaíoch ar na focail sin “forbairt pobail.”

Fiche bliain níos maille, tá athrú poirt ann.

Is Caitlicigh iad Cathaoirleach agus leas-Chathaoirleach an Glebeside Community Association - ceantar dílseach ná déan dearmad - agus is imreoir peile Gaelaí as Dún Geibhinn é an tOifigeach Forbartha Pobail.

Mar bhaile a bhfuil clú an tseicteachais air, tá oscailteacht iontach ann ó fhoinsí nach mbeifeá ag dúil le mórán uathu.

Bhí beirt Mhéara de chuid an bhaile ón DUP. Rud a rinne siad ná Fóram an Mhéara a chur sa tsiúl. I gcomhair leis an Mediation Network, bhailigh siad le chéile aontachtóirí, dílseoirí, náisiúnaithe, poblachtánaigh agus daoine gan polaitíocht ar bith le ceisteanna tromchúiseacha (i dtéarmaí Thuaisceart Éireann) a phlé. D’éirigh thar barr leis an Fhóram.

Baineadh anuas bratacha agus comharthaí dílseacha agus, in ainneoin go bhfuil cuid acu ann ar fad, agus beidh tuilleadh ann le linn Fhéile an Dara Lá Déag, níl siad chomh “in your face” is a bhíodh siad, a dúradh liom.

Tá ceithre nó cúig ghréasán curtha le chéile sa mhórcheantar atá ag iarraidh fadhbanna ilgnéitheacha an cheantair a réiteach. Tá foirgneamh úr acu, tá siad ag cruthú caitheamh aimsire agus eagna chinn i measc daoine óga na háite, agus ag tabhairt féiniúlachta do bhunadh an cheantair. Níl sa tseicteachas ach cuid den fhadhb agus tá na mílte eile ann nach bhfeictear ar na scáileáin teilifíse.

Ach nuair atá uafáis leanúnacha ar siúl in oirthear agus i dtuaisceart Bhéal Feirste agus in oirthear Aontroma, tá a mhalairt de scéal ag titim amach i dtuaisceart Aontroma.

Ábhar dóchais, cinnte.

Is iriseoir leis an Irish News* i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.