101
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Cé gur tharla cúpla tragóid dó ina óige, is duine é an Canónach Pádraig Ó Fiannachta atá sásta, mar sin féin, leis an saol atá caite aige agus leis an méid atá bainte amach aige, mar a mhínigh sé d’Aoife Ní Chonchúir.
»»»Ní hamháin gur fear gnaoiúil é, fear na Feothanaí, Dáithí Ó Sé, ach is fear machnamhach é chomh maith. Fear é a thugann am gach bliain do charthanachtaí go leor leis, ach mórán i ngan fhios do dhaoine, tá gné pholaitíochta ann a thabharfar fé deara amach anseo, dar le Seosamh Mac Muirí a bhuail isteach chuige i gceannáras TG4. Ní beag íomhá Fhear na Feothanaí fén am seo i measc lucht féachana teilifíse trí chéile in Éirinn. D’fhéadfaí a mhaíomh gur oidhre íomhá é ar Mhícheál Ó Muircheartaigh, fear a bhfuil ardmheas ag Dáithí air, agus go bhfuil a dhóthain freagrachta air dá réir. Braitheann Fear na Feothanaí freagracht air cheana féin agus liosta fada le háireamh de chláir éagsúla á éileamh i rith an ama.
»»»D’éirigh le Balor agallamh eisiach a fháil leis an aire rialtais atá ag cur pholasaí díláraithe an rialtais i bhfeidhm.
»»»Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin go mbeidh údaráis na hAstráile anuas ar chaitheamh toitíní níos mó ná riamh roimh i bhfad mar cailltear na mílte duine agus na billiúin dollar chaon bhliain dá dheasca.
»»»Ábhar d’fhoghlaimeoirí ag an mheán- agus ardleibhéalMaterial for learners at intermediate and advanced levels
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Marion Gunn, An Chomhdháil Cheilteach
»»»Déanann Liz Curtis cur síos an mhí seo ar Lucca, an áit san Iodáil ar fhreastail sí ar chúrsa teanga.
»»»Tharraing naomh áirithe aird agus méarchlár Kate Fennell amuigh sa Tuirc. Cé eile atá ann ach an naomh de bhunadh na Gréige a d’fhág oidhreacht Dhaidí na Nollag againn, San Nioclás é féin.
»»»Leanann Tony Birtill den tsraith altanna atá scríofa aige i mbliana faoin cheiliúradh atá ar siúl i Learpholl agus an chathair sin mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa. An mhí seo, díríonn sé ar chuid de na taispeántais ealaíne a reáchtáladh go dtí seo.
»»»Tá moladh nach beag ag dul don chompántas Corcadorca dar le John-Paul Mc Carthy as an gcomaoin mhór a chuireann siad ar shaol a chathrach máthardha féin ó dheas, Corcaigh.
»»»Bhuaigh an saothar seo le Michelle Nic Pháidín an dara háit i gcomórtas gearrscéalta an Oireachtais anuraidh.
»»»Léiríonn staidéar cuimsitheach ar tugadh faoi le gairid gur fadhb choitianta í an chibirbhulaíocht i measc an aosa óig. San alt seo, pléann Caoimhe Ní Laighin an éifeacht is féidir a bheith aici ar shaol an íospartaigh. Tá an t-alt seo dírithe ar dhaltaí Ardteiste ó thaobh ábhair de agus ó thaobh leibhéal deacrachta na teanga.
»»»Féachann Uinsionn Mac Dubhghaill ar thionscnamh iompair a bhfuil ag éirí thar barr leis i gceantair iargúlta tuaithe ach nach féidir a bheith cinnte go leanfar leis sa todhchaí.
»»»Bhí Catherine Foley i láthair sa Project Arts i mBÁC (ionas go mbeadh an BEO in ann trácht ar an mBás) nuair a léiríodh an dráma ‘Bás Tongue’ le Manchán Magan.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: polaitíocht na háite oibre.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.