AR NA SAOLTA SEO
Ealaín - de gach saghas! - i bPríomhchathair Chultúrtha na hEorpa
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Leanann Tony Birtill den tsraith altanna atá scríofa aige i mbliana faoin cheiliúradh atá ar siúl i Learpholl agus an chathair sin mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa. An mhí seo, díríonn sé ar chuid de na taispeántais ealaíne a reáchtáladh go dtí seo.

Íomhá
An damhán alla ollmhór a bhí le feiceáil ar shráideanna Learphoill le gairid
Íomhá
An eilifint ollmhór atá cruthaithe ag Delaroziere agus a fhoireann
Íomhá
"Golgotha", saothar de chuid an ealaíontóra Derek Culley a bhí ar taispeáint le linn Fhís 2008
Íomhá
Bhí an íomhá seo, mar aon le píosa d'ealaín suiteála a bhain leis, ar taispeáint i Learpholl

Damhán alla, damhán alla, ar an mballa, ar an mballa. Tháinig éan, tháinig éan. Ó mo léan, ó mo léan (Gabriel Rosenstock)

Bhuel, leis an fhírinne a rá, níorbh éan ach crane, nó crann tógála, a tháinig chun damhán alla ollmhór a bhaint den bhalla i lár Learphoill ar na mallaibh.

50 troigh ar airde, 37 tonna meáchain, bhí sé dochreidte an t-aracnóideach seo a fheiceáil ar thaobh Concourse House, ar seanbhloc oifigí é atá suite in aice leis an bpríomhstáisiún. Bhí an taispeántas mar chuid den cheiliúradh atá ar siúl agus Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa agus mhair an seó seo ar feadh cúig lá. Bhí an damhán alla ag bogadh timpeall lár na cathrach faoi smacht aon oibrí dhéag. Bhí duine amháin i mbun gach coise agus triúr ar bharr an struchtúir, a rinneadh sa bhFrainc as cruach agus adhmad. Bhí banna ceoil ag seinm ag é ag dul timpeall – dáréag ceoltóirí, iad uilig ard san aer ar chliabháin mhóra ag bogadh ar aghaidh chun tosaigh.

Meastar go bhfaca breis agus 200,000 duine an seó beo seo, agus bhain an chuid is mó acu sult as, mo mhac óg san áireamh. Chonaic muid an damhán alla "ag éalú" trí Thollán an Mersey ar an oíche dheireanach, le linn do thaispeántas tinte ealaíne agus solais a bheith ag cruthú radharc iontach osréalach os comhair na mílte duine a bhí sa slua.

Ba é Francois Delaroziere a bhí i gceannas ar an tionscadal seo (www.lamachine.co.uk). Thosaigh sé ag obair le grúpa ealaíontóirí, dearthóirí agus teicneoirí ag tús na nóchaidí agus é mar aidhm acu struchtúir iontacha mar seo a chruthú agus a thaispeáint do phobail ar fud na hEorpa. Tá sioráf, srónbheannach, eilifint agus Gulliver mór déanta acu go dtí seo. Bhí an Symphonie Méchanique le feiceáil i gcathracha sa Spáinn agus sa bhFrainc ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Tá gailearaí acu fosta, Machines de L’Ile, atá suite i sean longchlós ar

bhruach abhainn an Loire agus is féidir leis an ghnáthphobal na struchtúir seo a fheiceáil agus a bheith ag marcaíocht ar an eilifint, fiú.

AracnafóibeNí raibh gach duine sásta an damhán alla seo a fheiceáil i Learphoill, áfach, iad siúd a bhfuil aracnafóibe orthu ina measc: fuair líne chabhrach Anxiety UK a lán glaonna gutháin ó mhuintir Learpholl faoi. Dúirt Nicky Lidbetter, príomhfheidhmeannach Anxiety UK, go ndearnadh an taispeántas seo gan beann ar mhothúcháin an ghrúpa mhóir daoine a bhfuil eagla orthu roimh dhamháin alla. Dúirt sí :"We have had a number of calls and text messages to our helpline from extremely distressed people in Liverpool. La Machine was meant to provoke a response and it has done, at the expense of anxiety sufferers. People are affected in different ways, they see the spider and think they are going to die or are going crazy."

Bhí a lán daoine eile míshásta faoin chostas mór a bhain leis an seó, ina measc an t-ealaíontóir Éireannach Derek Culley, duine a bhfuil cónaí air sa cheantar le fada. "Chosain an taispeántas seo beagnach £2 milliún. Bhí crann tógála 300 tonna meáchain sa bhreis curtha ar fáil ar feadh cúig lá agus bhí 250 duine ag teastáil chun an damhán alla a bhogadh thart timpeall. Airgead amú. Smaoinigh cad go bhféadfaí a dhéanamh sna healaíona áitiúla le hairgead mar sin," a dúirt sé liom.

Bhí Derek páirteach sa taispeántas Fís 2008 a bhí ar siúl ó mhí Iúil go mí Mheán Fómhair sa Novas Arts Centre i Learpholl.

D’eascair an taispeántas seo as alt a scríobh mé in Beo! (c.f. eagrán Beo! mhí na Bealtaine, 2007) faoin deontas a fuair Derek Culley ón Pollocj-Krasner Foundation. Léamh an t-ealaíontóir Martin Campbell, arb as Iúr Chinn Trá dó, an t-alt agus thosaigh sé ag caint le Derek mar gheall ar thaispeántas a reáchtáil i Learpholl. I measc na n-imeachtaí éagsúla a bhí ar siúl le linn Fhís 2008, bhí taispeántas d’ealaín chomhaimseartha na hÉireann, sraith de chainteanna ar ról na nÉireannach i stair Learphoill agus cláracha faisnéise Gaeilge. Fís 2008Bhí an Ghaeilge mar chuid lárnach d’Fhís 2008, a bhí maoinithe ag Foras na Gaeilge le tacaíocht ó Reel Ireland agus ó Chultúr Éireann. Mar shampla, ba go dátheangach a rinneadh an seoladh.

Dúirt Derek Hannon, ar oifigeach cultúrtha é le hAmbasáid na hÉireann in Londain: "Is deis iontach é seo ceiliúradh a dhéanamh ar na ceangail idir Éire agus Learpholl, go háirithe i mbliana agus Learpholl mar Chathair Chultúrtha na hEorpa agus na sluaite móra cuairteoirí ag tarraingt ar an áit."

Bhí saothar iontach, ildaite Derek lárnach sa taispeántas ar ndóigh, íomhá dar teideal "Golgotha” ina measc.

Bhí scoth d’ealaín chomhaimseartha na hÉireann le feiceáil ag an taispeántas; saothar leithéidí Éamon Colman, Elizabeth Cope, Martin Campbell, Mary Fitzpatrick, Fiona Ní Mhaolir, Pauline O Connell, Geraldine O Neill agus David Quinn, cuir i gcás.

Bhí sé go maith saothair de chuid mo sheanchara Rodney Dickson a fheiceáil ansin. Is as Béal Feirste ó dhúchas dó, ach bhí sé ina chónaí i Learpholl ar feadh na mblianta sular bhog sé go Nua Eabhrac i 1997 agus ba mhinic dom scríobh faoina chuid pictiúr roimh chasadh na mílaoise.

Labhair mé le Béal Feirsteach eile, Anna Marie Quinn, ag an taispeántas. Dála Rodney, rinne sí céim san ealaín i Learpholl agus thit sí i ngrá leis an chathair. "15 Minutes" ba theideal don phíosa ealaíne suiteála a bhí aicise ag an taispeántas."Tá sé bunaithe ar mo thaithí phearsanta in Ard Eoin sa bhliain 1969 nuair a fuair muid foláireamh de chúig bhomaite dhéag sular chuir na dílseoirí ár dteach trí thine. D’fhiafraigh mé de 200 duine ar fud an domhain dá mbeadh cúig bhomaite dhéag acu chun tralaí beag siopadóireachta a líonadh leis an stuif is luachmhara

leo go pearsanta agus iad ar tí gach rud eile nach mbeadh curtha ann a chailleadh, cad é a roghnóidís?" a dúirt sí.

Léirigh sí sa taispeántas rogha na ndaoine ar chuir sí an cheist orthu, na píosa uilig ina luí ar bhlaincéid i sraith ar na urlár. Píosa fíorspéisiúil d’ealaín suiteála a bhí ann.

“The Cold Floor” an teideal a bhí ar shaothar suiteála Raymond Watson, ealaíontóir eile arb as Béal Feirste dó. Iarphríosúnach Poblachtánach is ea é, a chaith na blianta sa Cheis Fhada. Ba éard a bhí ann ná cillín déanta as barraí iarainn agus urlár déanta as reoiteoir. Bhí bíobla ina luí ar an urlár agus péire cos a bhí déanta as plástar ina seasamh ar an bhíobla. I rith agóid na mblaincéad, agus na príosúnaigh i gcillín fuar, lom – iad cosnochta gan éadaí ar bith orthu ach blaincéad amháin – ba ghnách leo seasamh ar bhíobla leis an fhuacht a choinneáil óna gcuid cos. De réir an dlí, ba é an Bíobla Naofa an t-aon rud amháin a bhí ceadaithe i ngach cillín. Arís, saothar an-láidir a bhí ann.

Bhronn sé an píosa seo ar Novas agus tá sé sa chnuasach buan anois. Beidh rian eile de chultúr na hÉireann le feiceáil i Learpholl go brách.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh agus tá sé ag obair mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir i Learpholl.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.