AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Pacáistíocht Phléineáilte do Thoitíní
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin go mbeidh údaráis na hAstráile anuas ar chaitheamh toitíní níos mó ná riamh roimh i bhfad mar cailltear na mílte duine agus na billiúin dollar chaon bhliain dá dheasca.

Íomhá
An tAire Sláinte Nicola Roxon
le Fernando de Sousa ar Flickr.com
Íomhá
Fógra in ardaitheoir otharlainne
le Thanh Thuan Nguyen ar Picasaweb
Íomhá
Tariana Turia, Aire Sláinte na Nua-Shéalainne
le Aaron Caskey ar Flickr. com

Chuir muid fúinn san Astráil thiar sa bhliain 1972 agus bhí beagnach gach saghas fógraíochta, coimircíochta agus spreagadh díolacháin i dtaca le táirgí tobac ceadaithe abhus um an dtaca sin. Cuireadh an chéad srian mór le cur chun cinn an tobac an bhliain dár gcionn nuair a toirmeascadh aon fhógraíocht tobac ar an raidió agus ar an teilifís. Neartaíodh na rialacha agus rialúcháin i ndáil le srianta ar chur chun cinn tháirgí an tobac le himeacht na mblianta ó shin i leith.

Chuir na húdaráis toirmisc ar chaitheamh tobac in áiteanna poiblí éagsúla i rith an ama. Anuas air sin, mhaoinigh siad fógraí sna meáin inar baineadh feidhm as íomhánna grafacha scéiniúla le rabhadh a thabhairt do chaiteoirí faoin gcineál dochair a dhéanann tobac don cholainn. B’éigean do na monaróirí tobac na rabhaidh urghránna chéanna a chur ar stucóga toitíní. Bhí Tony Abbott, atá ina cheannaire ar an bhfreasúra anois, ina Aire Sláinte ag an am a reáchtáladh an tionscnamh deireanach seo.

Níl aon amhras ach gur éirigh go maith le hiarrachtaí na n-údarás thuas líon na gcaiteoirí tobac a laghdú, mar a léiríonn an staidreamh seo a leanas. Chaith 43 faoin gcéad d’fhir na hAstráile agus 33 faoin gcéad de mhná na tíre tobac sa bhliain 1976. Bhí na céatadáin seo tite go 18 faoin gcéad de na fir agus 15 faoin gcéad de na mná faoin mbliain 2007, an bhliain deiridh a bhí staidreamh oifigiúil ar fáil.

An Cur i gCoinne

Níor tharla fiú ceann amháin de na srianta thuasluaite gan agóid ina gcoinne ag lucht tionscail an tobac. Ní hionadh é mar sin, go bhfuil feachtas fíochmhar ar siúl ag na monaróirí móra idirnáisiúnta tobac in éadan na hiarrachta atá ar na bacáin ag an rialtas cónaidhme srian eile a bhrú ar chur chun cinn an tobac. Tugtar pacáistíocht phléineáilte ar an togra seo agus tá reachtaíocht chun an rialú nua seo a chur i bhfeidhm faoi bhráid na parlaiminte náisiúnta faoi láthair.

Mhol an tAire Sláinte, Nicola Roxon, reachtaíocht an mhí seo caite le deireadh a chur le haon fhógraíocht ar phaicéid toitíní. Is é bunchuspóir na reachtaíochta toirmeasc a chur ar aon fheathal, ar dhath an bhranda nó ar bhlaisín ar phaicéid toitíní tar éis thús na bliana seo chugainn. Ní bheidh ar na paicéid, de réir fhorálacha na reachtaíochta, ach ainm an mhonaróra, i bhfoirm agus méid caighdeánach, agus na rabhaidh urghránna thuasluaite, ach iad níos mó ná na híomhánna atá ar phaicéid faoi láthair. Beidh gach branda ar fáil i bpaicéid den dath céanna, glasbhuí. Roghnaíodh an dath seo de bharr gur léirigh taighde gurb é seo an dath ba lú tarraingt do chaiteoirí tobac.

Bheifí ag súil go mbeadh tacaíocht dhépháirteach do thogra mar seo líon na gcaiteoirí tobac a laghdú, ach go háirithe mar gur duine é ceannaire an fhreasúra, Tony Abbott, atá an-tógtha le cúrsaí sláinte. Bhí sé ina Aire Sláinte san iar-rialtas coimeádach ar feadh tréimhse, mar a luaigh mé thuas, agus tá clú agus cáil air mar fhear an-aclaí, a théann ag rothaíocht go moch gach maidin agus a ghlacann páirt i gcomórtais trí-atlain.

$1.7 Milliún de Dhrogall

Baineadh siar as daoine go leor, mar sin, nuair a thug Abbott le fios i dtús báire go raibh sé in amhras faoin reachtaíocht. Ba léir go raibh deighilt ina pháirtí, ámh, nuair a dúirt aicme dá chúlbhinseoirí go neamhbhalbh go dtacóidís leis an togra, beag beann ar sheasamh an cheannaire. Anuas air sin náiríodh Abbott nuair a léiríodh go bhfuair a pháirtí tuairim is $1.7 milliún mar shíntiús polaitíochta ó na monaróirí tobac le sé bliana anuas. B’éigean dó a rá go drogallach faoi dheireadh nach vótálfadh a pháirtí in éadan na reachtaíochta.

Chuir togra an rialtais lucht thionscail tobac le báiní agus reáchtáil siad feachtas ina choinne láithreach. Rinne siad beag is fiú de thairbhe na n-athruithe, ag maíomh nach raibh aon fhianaise ann a léirigh go n-éireodh leo líon na gcaiteoirí a laghdú. Chuir comhlacht amháin, Phillip Morris, tús le dúshlán don reachtaíocht sna cúirteanna, ag maíomh go sáraíonn sí a gcearta maoine intleachtúla agus conarthaí feathal tráchtála idirnáisiúnta an rialtais. Mhaígh siad freisin go gcuideodh pacáistíocht phléineáilte leis na smuigléirí atá ag díol toitíní “góchumtha” abhus agus níl aon “phróiseas rialaithe cáilíochtaag déantóireacht a leithéide. Ní dóigh liom gur aon chúiteamh dóibh siúd atá ag fáil bháis mar gheall ar chaitheamh tobac go raibh na toitíní a chaith siad déantúsaithe faoi phróiseas rialaithe cáilíochta!

Chuir lucht an tobac tús le feachtas sna nuachtáin chomh maith, ag maíomh nach raibh sa togra ach céim amháin eile i dtreo an stáit róchaomhnaigh (NoNannyState.com.au). D’fhoilsigh siad fógraí ollmhóra ina raibh buime (nanny) ag amharc anuas thar a chuid spéaclaí ar na léitheoirí agus ag fiafraí díobh ar mhaith leo maireachtáil i stát róchaomhnach.

Faire an tSaoil Mhóir

Chuir an tAire Sláinte sa Nua-Shéalainn, Tariana Turia, fáilte roimh an togra agus thug sí le fios go bhfuil a rialtas ag cuimhneamh ar an reachtaíocht chéanna a chur i bhfeidhm. Maraíonn caitheamh tobac na milliúin duine ar fud na cruinne gach bliain agus is baolach go mbeidh na rialtais i dtíortha go leor eile ag faire ar conas a éireoidh le pacáistíocht phléineáilte abhus – ábhar imní eile do lucht tionscadail an tobac.

Tá caitheamh tobac ar an gcéad trúig inchoiscthe le bás agus le haicíd san Astráil, ag marú tuairim is 15,000 duine gach bliain. Is é is siocair le 20% de na hailsí sa tír agus 21% de na galair croí. Meastar go gcailleann an tír $31.5 billiún, sea, B(illiún), in aghaidh na bliana, idir íocaíocht as cúram sláinte, tháirgiúlacht laghdaithe agus chostais ghaolmhara eile nach iad a eascraíonn as caitheamh tobac.

dream an tobac go maith in ann feachtas seiftiúil i gcoinne pacáistíochta pléineáilte a reáchtáil, ach is dóigh liom gur saothar in aisce é. Léirigh an phobalbhreith is déanaí faoi thogra an rialtais go raibh 73% de na rannpháirtithe i bhfabhar na reachtaíochta. Ní ba thábhachtaí fós, léirigh 57% de na rannpháirtithe a chaith tobac go raibh siadsan ar a son freisin.

Tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh pacáistíocht phléineáilte ar thoitíní i bhfeidhm abhus gan mhoill. Agus ní bheidh an dara suí sa bhuaile ag lucht an tobac ach é sin a chur faoina bhfiacail agus é a chogaint.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.