RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: polaitíocht na háite oibre.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

Ní raibh oifig Aisling a dhath níos fearr nó níos measa ná bunús na n-oifigí ar oibir sí iontu roimhe seo, sé sin go dtáinig Nuala na súl mór agus na gcos fada. Is ansin a tháinig an t-athrú. Bhí cuma ar Stiofán, a comhghleacaí, nach raibh a fhios aige cé acu a bhí sé ag teacht nó ag imeacht ach bhí a fhios ag Nuala go díreach cá raibh sise ag dul.

Suas a thóin má tá a fhios agamsa a dhath,” arsa Aisling léi féin. “Níl ann ach Stiofán seo agus Stiofán siúd ó tháinig sí.”

Bhí na cleasa uilig ag Nuala: an chúlchaint, an feannadh is an scianú, í i gcónaí ag cothú mioscaise. Agus dá ndéarfadh aon duine focal, shílfeá nach leáfadh an t-im ina béal. Ní raibh a dhath le foghlaim ag an bhean chéanna. Ach bhí fios gnaithe ag Aisling í féin agus dhéanfadh sise damanta cinnte nach mbeadh an lá uilig le Nuala.

Ar an drochuair, thit sé ar Aisling a bheith ag obair le Nuala an bhéadáin. Ach ní ag obair léi a bhí Aisling ach a hiompar.

“Amharc uirthi anois ina suí thall údaí agus an dá chos thuas aici agus a gob sáite i Hello Magazine. Nach maith do chorrdhuine.”

Bhí sí dubh san aghaidh ag an fhalsacht seo agus bhí sí ar tí an cheist a thógáil le Stiofán nuair is seo isteach an doras é. I bhfaiteadh na súl bhí *Hello *curtha ar shiúl agus ina áit bhí comhad toirteach.

“A Nuala,” arsa Stiofán, “ar mhiste leat an comhad atá ar an diosca seo a bhualadh amach agus a chur ar aghaidh chuig Fiona Wilkes ar an fhacs. Tá mo phrintéir féin as feidhm.”

“An bhfuil deifre ort leis?” arsa Nuala, “nó tá mé féin sáite san obair seo. B’fhéidir go mbeadh bomaite ag Aisling. Níl cuma róghnaitheach uirthi.”

“Tchím sin,” arsa Stiofán. “A Aisling, seo an diosca. An dtiocfadh leat a dhéanamh anois?”

Cé go raibh Aisling le ceangal ní dhearn sí ach a ceann a chroitheadh. Chuir sí an diosca sa ríomhaire agus tháinig an diabhal comhad aníos ar an scáileán. Thug sí fá dear ansin nach raibh a sáith páipéir sa phrintéir agus dúirt sí le Nuala, “Ar mhiste leat beart páipéir a thabhairt isteach. Tá an páipéar raite anseo. Ní bheidh go leor ann leis an chomad uilig a bhualadh amach.”

“Nach bhfuil dhá chos ort féin?” arsa Nuala. “Nach bhfeiceann tú go bhfuil mise gnaitheach anseo? Tá a fhios agat cá bhfuil sé, ar an tseilf bhun ansin, ar thaobh na láimhe clé. Cibé, ní thiocfadh liomsa ualach mar sin a iompar - bheadh an droim loitthe agam.”

“Níor bhog tú ó do thóin ó mhaidin. Dhéanfaidh siúl beag maith duit,” arsa Aisling.

Bhí an cuircín ag éirí ar Nuala ach dheamhan ar mhiste le hAisling - bhí a sáith aici de bheadaíocht Nuala. Thug sí fá dear fosta gur ann ach nár bhris an gáire ar Stiofán fosta. B’fhéidir nach raibh sé chomh bómánta agus a mheas sí.

Ar ndóighe, níor imigh an méid sin ar Nuala agus dúirt sí le Stiofán, “Nach tusa atá mór le hAisling. B’fhéidir gur noiseán atá agat di.”

“Is beag an baol,” a dúirt sé, agus theith sé ar ais chun a oifige féin.

“Dia idir mé agus na mná,” ar seisean leis féin. “Caithfidh mé rud inteacht a dhéanamh fá Nuala sin.”

Chomh luath agus a bhí Stiofán as éisteacht dúirt Nuala le hAisling, “Má shíleann tusa go dtig leat ceap magaidh a dhéanamh domhsa os comhair an *bhoss *níl aithne agat ormsa. Nó má osclaíonn tú do bhéal arís ní bheidh mé i bhfad ag inse dó go mbíonn tú mall achan lá den tseachtain. Agus creidfidh an clabhstar mise nó tá sé ar slabhrú agam. Coinnigh tú shúil ar an jab sin atá agat, sin a ndeirim.”

Níorbh fhiú le hAisling freagra a thabhairt uirthi. Thiontaigh sí a droim léi agus chrom ar an obair. D’fhéadfadh Stiofán a bheith ar slabhrú ag an bhitseach sin anois ach bhí oiread de chiall aige agus nach gcreidfeadh sé an amaidí sin.

Ach ní raibh Stiofán ina chlabhstar déanta ar chor ar bith nó bhí sé ina sheasamh ar chúl dhoras an tseomra ag éisteacht le deireadh agus bhí plean aige. Ní bheadh miorcaí mar sin ina shuí ina bhun. Rinne sé casachtach beag a thug le fios go raibh sé ar a bhealach ar ais.

“A Aisling,” ar seisean, “an bhfuil sin déanta agat?”

“Tá,” arsa sise.

“A Nuala, ó tharla tusa a bheith ag obair go crua ó tháinig tú, tá mé fá choinne tú a thabhairt amach fá choinne greim bia. An mbeadh faill agat sin a dhéanamh inniu?”

“Fan go bhfeicfidh mé an dialann,” arsa Nuala. “Tá seachtain throm agam, ach fan, beidh mé ábalta rud inteacht a chur siar ar mhaithe leatsa.” Thug sí amharc d’Aisling a bhainfeadh péint den bhalla.

Ní thiocfadh le hAisling a chreidbheáil. Is léir nach raibh a dhath idir an dá chluais aige i ndiaidh an iomláin.

Is é a bheas thíos leis,” ar sí agus tharraing sí uirthi ualach mór páipéir agus níor thóg sí a ceann ar feadh uaire.

Ar bhomaite a dó, seo isteach an bheirt. Bhí cruinniú ag Stiofán leis an *bhoss *agus an Dr. Stokes as Baile Átha Cliath. Bhí cuma shaoithiúil ar Nuala. Bhí rud inteacht nach raibh go díreach i gceart.

“Tá súil agam go mbeidh muid ábalta an Dr. Stokes a mhealladh chuig an chomhlacht seo,” arsa Stiofán, “nó …”

Chuaigh Nuala roimhe sa chaint agus dúirt, “Fág agamsa é. Ní bheidh mise i bhfad á mhealladh.”

“An bhfuil sí ólta?” arsa Aisling.

“Chuir mé vodca san oráiste,” arsa Stiofán. “Tá díoltas bainte amach agam anois. Cuirfidh sin múineadh uirthi.”

“Tá múineadh agus múineadh ann,” arsa Aisling. “Caillfidh sí a post má fheiceann an *boss *í.”

Le siúd seo anall an boss.

“Anois,” ar seisean, “ba mhaith liom An Dr. Stokes a chur in aithne daoibh. Tá comhlacht guthán aige i mBaile Átha Cliath agus tá sé ag iarraidh polasaí árachais a cheannacht uainne.’

“Má tá deich míle agat níl agat ach suí fút ansin agus na páipéir a shíniú,” arsa Nuala agus shleamhnaigh sí anonn i dtreo Stokes. Ann ach nár thit Stokes as a sheasamh.

“A Nuala!” a dúirt an boss. “Cad é faoi Dhia atá ag teacht ort? Cén dóigh sin le gnó a dhéanamh? A Aisling, tabhair síos go seomra an chaife í seo. Nuala, beidh mé ag caint arís leat. A Stiofáin, an dtiocfadh leatsa meastachán céillí a fháil don Uasal Stokes?”

Threoraigh sé an tUasal Stokes i dtreo a sheomra féin.

“Faigh cupa caife dúinne fosta,” ar seisean le Stiofán.

Lean Stiofán Aisling.

“Anois,” ar seisean le hAisling, “Níl feidhm ar bith ort trua a bheith agat di sin. Admhaím go raibh mé meallta ag a suáilcí ar tús.”

“An admhaíonn anois?” arsa Aisling. “Féadann sí a bheith ina falsóir agus ina bréagaire ach níl sé de cheart agat a leithéid sin a dhéanamh. Nach bhfuil tú ag déanamh go mbeidh an *boss *ag iarraidh tuairisc iomlán air seo? Cad é atá tú ag dul a rá leis?”

Ní chuirfidh sin lá buartha orm. Bhéarfaidh sé seans domh inse dó cad é a bhí Nuala a dhéanamh.”

“Cá bhfuil an caife sin?” a scairt an boss.

Beidh mé leat anois,” arsa Stiofán.

“Ádh mór,” arsa Aisling. “Beidh sé de dhíth ort.”

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.