AGALLAMH BEO
Pádraig Ó Fiannachta
Aoife Ní Chonchúir Aoife Ní Chonchúir Aoife Ní Chonchúir

Cé gur tharla cúpla tragóid dó ina óige, is duine é an Canónach Pádraig Ó Fiannachta atá sásta, mar sin féin, leis an saol atá caite aige agus leis an méid atá bainte amach aige, mar a mhínigh sé d’Aoife Ní Chonchúir.

Íomhá
Íomhá

Fear a bhfuil taithí ar an spotsolas aige é an scoláire mór agus iar-Ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad, an Canónach Pádraig Ó Fiannachta, atá anois ina shagart paróiste sa Daingean, gar dá cheantar dúchais i gCiarraí. Bhí sé le clos le déanaí ar *Morning Ireland *agus ar chlár raidió Marian Finnucane ar RTÉ ag cosaint a dhuine muinteartha Páidí Ó Sé, traenálaí fhoireann chaide Chiarraí. Bhain sé úsáid as an Laidin agus an Ghaeilge chun comhthéacs cultúrtha agus teanga a chruthú do ráiteas conspóideach Pháidí Uí Shé gur ainmhithe iad lucht leanúna caide Chiarraí. “Rógaireacht, gan dabht,” arsa Ó Fiannachta agus é ag gáire. Craoladh clár a rinne *Léargas *ar an bhfear léannta seo le déanaí chomh maith ar RTÉ.

Duine é, mar sin, atá go mór sa nuacht agus cad ina thaobh nach mbeadh - tá saol suimiúil á chaitheamh aige, mórobair déanta agus á déanamh fós aige i léann na Gaeilge, agus é deisbhéalach, tapaidh, cneasta agus mórchroíoch ina theannta.

Mar a admhaíonn sé féin, áfach, ní i gcónaí a bhí sé chomh réchúiseach agus chomh socair agus atá anois. Strus oibre a deir sé ba chiontach le hobráid sheach-chonaire croí a bheith aige roinnt blianta ó shin agus bhuail an tragóid a lámh ar a shaol chomh maith agus é ina fhear óg. Cailleadh triúr dá dheartháireacha go hóg, duine acu ag aois a dhá bhliain go leith. Is amhlaidh a bádh an bheirt eile. Chuir bás a athar isteach go mór air chomh maith; ní raibh seisean ach seacht mbliana is daichead d’aois nuair a cailleadh é agus d’fhág sé seachtar clainne ina dhiaidh.

Chaithfeá iontas a dhéanamh den teacht aniar atá sa bhfear seo, a rinne obair fhíorthábhachtach i léann na Gaeilge in ainneoin na ndeacrachtaí seo agus a bhain amach a aidhmeanna pearsanta gan mórán tacaíochta ó údaráis na hEaglaise Caitlicí tar éis dó cliseadh néarach a bheith aige agus é fós ina fhochéimí.

Mianach an scoláire

Ba bhóthar fada go leor a thaistil an Canónach Ó Fiannachta sular éirigh leis post léachtóireachta a bhaint amach i Maigh Nuad. Tuigeadh go luath go raibh mianach an scoláire mhóir ann agus moladh dó tréimhse a thabhairt sa Bhreatain Bheag le Breatnais a fhoghlaim i gceart. Chaith sé bliain ansin ag obair ar fheirm agus ba é an cheád abairt a d’fhoghlaim sé ná “Glan amach ó na muca”. Thug sé leis an Bhreatnais agus d’fhill ar Éirinn. Bhí sé ag obair go crua ar chúrsaí léinn agus ag imirt chaide, agus is timpeall an ama seo a bualadh breoite é.

“Fuaireas droch-chliseadh néarach, duairceas nó *depression *a thugann siad anois air ach bhí cúis fhisiciúil leis. Bhí breis oibre orm nuair a bhíos ag déanamh na diagachta agus an staidéar eile san am céanna, agus bhíos fiáin chun caide an uair sin. D’imrínn ana-dhian agus fuaireas drochchic sa cheann agus ní ligfeadh na húdaráis dom aon am saor a thógaint. Ní leisce a bhí ormsa ach níor tuigeadh é sin dóibh. Sa deireadh fuaireas an cliseadh seo agus cuireadh go dtí an ospidéal mé agus bhíos cúig mhí ansin.”

Bhain sé an tArdteastas san Oideachas amach i gCorcaigh agus ansin moladh dó MA a dhéanamh, rud a rinne. Theastaigh uaidh leanúint ar aghaidh ansan le bheith ina shagart ach dhiúltaigh Easpag Dheoise Chiarraí áit a thabhairt dó ina dheoise féin. “Maynooth won’t have you and I won’t have you either,” arsa an t-easpag leis. Ba dá bharr seo a thug Ó Fiannachta aghaidh ar an mBreatain Bheag arís. Thug sé sé bliana an turas seo ag obair mar shagart agus ag múineadh i mbunscoileanna. Ansin tháinig cuireadh i Laidin, “Veni statim”, “Tair gan mhoill,” ón dream a dhiúltaigh glacadh leis an chéad lá - Maigh Nuad.

An bhfuil sé searbhasach mar gheall ar an drochíde seo? Deir sé nach bhfuil. “Dheara saol eile ab ea é sin, smacht is rudaí mar sin. D’ainneoin an sórt sin saoil, is dóigh liom go mbainimís níos mó spóirt as agus nach raibh an sórt duaircis seo (cé go mbuaileadh mise breoite, ceart go leor) agus an phusadaíl a bhíonn ag daoine óga inniu aon chor ann.” Conas is fearr an ruaig a chur ar an bpusadaíl seo, mar sin? Dar le hÓ Fiannachta gurb é ceann de na teachtaireachtaí is tábhachtaí sa Chríostaíocht ná go dtáinig Críost le go mbeadh lúcháir agus an bheatha go hiomlán ag daoine. Is éard atá i gceist leis seo go praiticiúil, dar leis, ná gur ceart don duine feidhmiú de réir a bhuanna pearsanta féin agus na buanna san a fhorbairt an méid agus is féidir. Deir sé nach é Críost amháin a deir é seo ach go ndeir Aristotle chomh maith é.

Cén leabhar atá á leamh agat faoi láthair?

Tá cúpla leabhar á léamh agam: Christ in Celtic Christianity *agus leabhar a bhfuil baint agam féin leis - *Apocrapha Hibernia Evangelia Infancia. Sé sin na hApocrapha a bhaineann le naíonántacht an Tiarna.

Cén ceol is fearr leat?

An sean-nós.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

Nuair a bhíos óg cheapas gurb é Ben Hur.

Cá dtéann tú ar saoire?

Ar fud an domhain. Ach amháin ní rabhas fós san Astráil ná san Antartach.

Cén bhialann is fearr leat?

Dár ndóigh, bialann atá síos an tsráid - *Fenton’s Seafood *a thugann siad air.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

Is é an fear is mó a bhfuil meas agam air ná an Pápa agus an bhean is mó ná Mary Mac Aleese.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Doicheall agus mímhuintearas agus pusaíocht.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

Dúisím ar a 6 a.m. ach ní thosnaím ag obair go mbíonn paidreacha ráite agam agus machnamh déanta agam. De ghnáth bíonn sé sin tar éis a seacht. Oibrím liom ar an scríbhneoireacht agus an ceartú go dtí a 11 a.m. Bheadh obair pharóiste le déanamh agam as san amach. Téim a chodladh ar a dó dhéag a chlog.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Chuireadh mo chuid oibre strus orm agus conas plé le daoine go dtí le déanaí. Ní chuireann aon ní mar sin strus orm a thuilleadh. Thug mo dheirfiúr tuiscint dom ar conas teannas a cheannsú - is dochtúir í. Smaoiním, chomh maith, ar an ngrá atá ag Dia dom agus dá bharr san, cad ina thaobh go mbeadh aon ní ag cur isteach orm? Ní chuireann faic isteach orm.

Tá a fhios aige Dia go ndeineadh an cinneadh ceart nuair a tugadh an cuireadh thar n-ais go Maigh Nuad dó mar is mó gaisce a rinne sé ansin. Ceithre bliana is tríocha a thug sé ag obair san Ollscoil agus i rith na tréimhse sin bhí sé mar Ollamh le Sean-Ghaeilge agus le Nua-Ghaeilge, d’aistrigh sé an Bíobla go Gaeilge agus d’oibrigh sé ar fhoclóir Sean-Ghaeilge. Dúirt an scoláire cáiliúil Dáithí Ó hUaithne leis gurb í an obair is tábhachtaí a rinne sé riamh ná An *Barrántas *a fhoilsiú. Bailiúchán de na barrántais go léir a bhí ann. Ní rabhadar foilsithe go hiomlán roimhe sin mar cheap daoine áirithe go raibh an chaint rógháirsiúil. Ní réiteodh Ó Fiannachta leis an méid sin in aon chor. Níor chuir sé amach ach imleabhar a haon agus deir sé nach gcuirfidh sé imleabhar a dó amach go deo anois.

Glór na nGael

Cheistíos é an raibh sé deacair an ollscoil a fhágáil agus tosnú ag obair i bparóiste arís? D’fhreagair sé gur mhór an chabhair dó an obair a bhí sé ag déanamh le Glór na nGael agus é i Maigh Nuad. Thaistil sé an tír leis an obair sin agus thug sí taithí dó ar a bheith ag plé le daoine. Thaitin an obair go mór leis. É sin ráite, bhí leisce air Maigh Nuad a fhágáil agus chuir sé iarratas isteach fanacht san ollscoil. Diúltaíodh don iarratas. Ní raibh fonn air fanacht in áit a mbeifí doicheallach roimhe agus thug sé aghaidh ar Bhaile Mhúirne ar dtús. Ar deireadh, tháinig sé go dtí an Daingean, cé gur rud eisceachtúil é sagart a chur thar n-ais go dtí a pharóiste dúchais féin. Is é an chéad rud a rinne sé ná pictiúr den Mhac Drabhlásach a chrochadh ar bhosca na faoistine in aice lena ainm féin! “Mise anois an Mac Drabhlásach tagtha abhaile,” ar sé, sa chéad seanmóir a thug sé.

Bhí éifeacht ní beag ag a thréimhse i Maigh Nuad ar Ó Fiannachta. “Chuaigh sé i bhfeidhm chomh mór san orm go ndúisím gach aon mhaidin ar a sé a chlog,” a deir sé. Éistíonn sé leis an nuacht ansin sula n-éiríonn sé ionas go mbeadh a fhios aige cad ba cheart dó a bheith ag paidreoireacht ar a shon. Déanann sé machnamh sula dtosnaíonn sé a lá oibre. Bíonn sé ullamh ansan le bualadh le daoine.

Is maith an rud go bhfuil béas an mhachnaimh agus na paidreoireachta ar maidin aige mar is dá thoradh seo a cuireadh moill air féin agus ar a chompánach ar maidin an 11 Meán Fómhair 2001. Bhí Ó Fiannachta ar a shlí chun turas a thabhairt ar an Lárionad Trádála Domhanda i Nua-Eabhrac agus nuair a tháinig sé aníos ón subway chonaic sé an smúit agus na brící ar fad ó na túir ag titim. “Bhíos chomh gafa leis ná chuimhníos ar an mbaint a bhí aige liom féin, dáiríre. Ina dhiaidh sin is mó a chuimhníos go bhféadfainn a bheith ann agus sa chás sin ní bheinn ag caint leatsa inniu.”

Institiúid oideachais

Tá sé linn inniu agus, faoi mar a bheifeá ag súil, ní díomhaoin atá sé. Bhunaigh sé an Díseart, institiúid oideachais atá lonnaithe sa Daingean, roinnt blianta ó shin. Is mar seo a chuireann Ó Fiannachta síos air: “Beidh sé ar aon dul le hollscoil; beidh sé ag baint leis an tríú leibhéal ach ní bheidh diancháiliú ag teastáil chun dul isteach ann. Beidh fáilte roimh dhaoine a chuirfidh spéis sna hábhair: ábhair a bhaineann le cultúr na hÉireann - cultúr na Gaeilge go speisialta - le ceol agus béaloideas, cúrsaí a bhaineann le diagacht agus spioradáltacht agus cúrsaí ar mhuireolaíocht agus ar bhia mara.

“Tá cúrsa againn ar gharraíodóireacht órgánach a bhuaigh an chéad áit in Éirinn; ba mhaith liom go bpréamhófaí an fheirmeoireacht orgánach sa dúthaigh seo fad is bheidh na scileanna ag na daoine ar conas prátaí a chur, tuiscint don gcré, don aimsir, don síolchur agus mar sin de.”

Chuireas ceist ar Ó Fiannachta an bhfuil sé sásta leis an méid atá bainte amach aige ina shaol. Luaigh sé trí phríomhrud a bhfuil sé bródúil astu: an foclóir Sean-Ghaeilge ar a raibh sé ag obair ar feadh cúig bliana déag; an Bíobla a d’aistrigh sé go Gaeilge agus a foilsíodh i bhfoirm leabhair i 1981; clárú na lámhscríbhinní sa choláiste agus i gcoláistí na gcléireach chomh maith.

Is breá leis a bheith ag scríobh filíochta leis. “Níor thuigeas é sin go dtí le déanaí … filíocht chreidimh is mó a bhíonn ar siúl agam”. Seo mar a chuireann sé síos ar an spreagadh a mhúsclaíonn filíocht ann:

Ceiliúradh faoi ndear dom tabhairt faoin bhfilíocht an chéad lá. An tsaoirse is an t-áthas a fuair greim ar mo chroí … Bhí gile sa spéir, bhí úire san aer, bhí guth na cuaiche le clos … Bhí mo mhagnificat *féin á chanadh agam. (Deora Dé*, 1987) Is é an ceiliúradh sin is mó a bhraitheas ó Phádraig Ó Fiannachta nuair a bhíos ag caint leis. Bhraithfeá gur fear é atá sásta, a dhéanann a dhícheall daoine eile a dhéanamh sásta agus a chur ar a gcompord chomh maith. An bhfuil aon aidhm eile níos fearr ná san?

Tá níos mó eolais le fáil faoin Díseart ag: www.diseart.ie

Is as Corca Dhuibhne í Aoife Ní Chonchúir. Is múinteoir agus dearthóir acmhainní teagaisc í a chaith tréimhse ina cónaí i Meicsiceo an bhliain seo caite.

Aisíoc

Do Mháire Ní Fhiannachta

Bhí deartháirín agam tráth Ach sciob an bás é, Agus mise i gcoláiste. Ghlaoigh sé ar a mháthair Agus eisean i bpianpháis; Deoch ‘on uisce lena shásamh Ina íota géar a cháiseamh.

Looking for his duck A bhí sé dar leis na húdaráis Ag tabhairt tuairisc’ ar a bhás Dá mháthair larna mhárach ...

An bhearna i mo chroí-se Riamh ó shin níor líonadh

Go bhfaca romham ar bhinse Máirín Óg Ní Fhiannachta Den dara glúin im dhiaidhse Is an gaol eadrainn chomh sínte Nach bhfuil aon seanchaí a ríomhadh Na glúinte trínar síoladh An mianach ceannann céanna Is an Ghaeilge aici chomh líofa Le Micilín i gclúid mo chroí-se.

As an gcnuasach Deora Dé (1987)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.