CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Baile na mBlaincéad
Michelle Nic Pháidín Michelle Nic Pháidín

Bhuaigh an saothar seo le Michelle Nic Pháidín an dara háit i gcomórtas gearrscéalta an Oireachtais anuraidh.

Thiocfadh an oíche agus an mhaidin go tobann san áit seo. Nuair a mhusclóinn ar maidin bheadh grian líomóideach shearbh Van Gogh mo dhallú báisteach throm Bhleá Cliathach ag stealladh in éadan m’fhuinneoige, do mo mhúscailt ó mo chodladh sócúlach de phreab. An oíche seo thit an dorchadas ba throime mar ba ghnách ar m’árasán beag. D’fhan go diansmaointeach ag tnúth leis an oíche.

Tharraing an dorchadas pictiúir scanrúla ar m’urlár mar is dual . Thosódh na scáthanna seo ar m’urlár gach oíche, ag at agus ag at go dtí go gcuirfinn an lampa beag a bhí in aice an chaibinéid ar siúl. Nuair a thiocfadh an solas d’imeodh siad ag cogarnaíl agus ag siotgháire isteach i measc na gciaróg faoi mo leaba, ag feitheamh leis an chéad oíche eile. raibh dabht ar bith dtaobh de: fhaca ariamh seomra a bhí chomh hait leis an cheann seo agus an oíche seo raibh ach ag gríosú mo chuid samhlaíochta mar a bhí ag súil. Bhí an searmanas seo ag tarlú chóir a bheith gach oíche anois agus an geimhreadh ag druidim liom.

Nuair a chluinfeadh Máire, bean an , i mo shuí go mall bhuailfeadh ar an bhalla ag go raibh súil aici go raibh liom féin agus nach raibh bean ar bith istigh sa tseomra liom. Stop freagairt i ndiaidh tamaill. Bhí a fhios agam gur mhian léi féin a bheith sa tseomra liom.

Bhí tinn tuirseach den dóigh a leag amach mo bhricfeasta ar maidin. D’amharcódh go drúisiúil orm thar mo chuid uibheacha bruite agus tae. Shuífeadh romham, a léine foscailte píosa fada agus í ag teannadh liom. Ba ghnách liom amharc uirthi agus smaoineamh ar mhadra fireann a bhí agam den tsaol. Bhí i dtólamh ag iarraidh marcaíocht ar rudaí - ar tháblaí, ar chathaoireacha agus ar chosa daoine. Is é an t-amharc céanna a bhí sna súile ag an bhean seo agus a bhí i súile Brandy bocht agus é i mbun gnaithe.

nach raibh ag lorg teas mnaoi - bhí, ach ón bhean seo. Bhíodh i dtólamh ag siúl thart agus toitín ina béal aici, fiú agus í ag cócaireacht dom. Bhíodh éadach gairid uirthi i gcónaí agus bhí a cuid leasracha scanrúla móra ag sileadh síos thar a cuid glúine. Bhíodh de shíor mo leanstan thart ag cur ceisteanna orm faoi mo chuid scríbhneoireachta, agus rudaí den chineál sin nach raibh eolas ar bith aici féin fúthu. Shíl in amanna go raibh deas duine a bheith chomh tógtha sin liom ach, oícheanta áirithe, ghoillfeadh go dtí an croí orm.

raibh eadrainn ach balla beag éadrom agus nuair a bhí i mo luí ar shlat mo dhroma bhí ábalta gach rud a rinne a chluinstin - í ag análú, análú trom an chodlata, í ag tiontú, í tochas féin, í ag casachtáil, í ag a cuid paidreacha, í ag guí chuig Dia go bhfaigheadh mise isteach ina leaba agus a lán rudaí eile nach bhféadfainn cur i scéal mhacasamhail seo.

Is beag scríobh a rinne na laethanta sin. Is doiligh scríobh nuair atá rudaí ag goillstean ort sa tslí seo. Ba ghnách liom cuid mhór caife a ól agus cuid mhór toitíní a chaitheamh agus ag amharc amach ar mhuintir Bhaile Átha Cliath ag siúl síos agus aníos lasmuigh de m’fhuinneog. Bhí ábalta iad a chluinstin ag caint agus iad ag teacht i dtreo m’fhuinneoige agus nuair a d’fhágfadh a gcuid glórtha , ar chúl na gcuirtíní, thiocfadh drochspionn orm, nuair nach bhféadfainn iad a chluinstin níos .

Bhí a fhios agam iad. Gach duine ariamh acu na laethanta sin. raibh strainséirí ar bith fán bhaile san am sin. Bhí cuid mhór seandaoine ann agus bhí deas iad a fheiceáil ag déanamh a mbealach go dtí an siopa choinne pionta bainne bulóige. Chífinn iad corruair agus ag dul go dtí an siopa féin agus is beag a bhí fhios acu go raibh an oiread sin aithne agus measa agam orthu. Bhí mise i mo strainséir acu agus bhí siad sin ina mbuanchairde agamsa le linn mo bhlianta ar an bhealach sin.

Ba é an rud ab fhearr liom a dhéanamh san am sin bheith i mo chodladh. Thiocfadh gliondar agus áthas orm nuair a thitfeadh an geal dorchadais ar mo sheomra. Bhí a fhios agam nach mbeadh i bhfad ann go mbeinn i saol eile. Go n-imeoinn mar a bheadh taibhse ann go Baile na mBlaincéad.

Bhí a fhios agam ó bhí óg go raibh ábalta slí mo chuid brionglóidí a chur faoi smacht. Tarlaíonn do chuid mhaith daoine nuair a éiríonn siad aosta ach tharla domsa agus i mo bhuachaill óg.

Nuair a bhí seacht mbliana d’aois, tharla go raibh brionglóid agam agus sa bhrionglóid sin bhí traein agam. D’éirigh an arna mhárach agus chuardaigh bosca na mbréagán. raibh ábalta an traein seo a fháil thuas thíos. Chaoin agus chaoin go dtí gur ghéill m’athair agus gur cheannaigh traein dom. Is é an fhadhb a bhí leis seo gur cheannaigh ceann glas dom. Chuir seo isteach go mór orm agus nuair a a thiocfadh an oíche rachainn isteach go bosca na mbréagán i mBaile na mBlaincéad i mo chuid brionglóidí agus bhéarfainn amach mo thraein bheag dhearg a raibh an chlog uirthi.

Gach oíche ansin ag dul a chodladh dom bhíodh brionglóid agam faoi bhréagan úr agus bhíodh áthas orm i dtólamh a dhul suas na staighre sin agus isteach a luí bhí a fhios agam cad é a d’fhéadfadh a bheith romham. Bhí mo chuid tuismitheoirí ag gur an gasúr ab fhearr ann Éirinn gach oíche. Anois, d’fhéadfadh nach mbeinn ábalta na brionglóidí a choinneáil faoi smacht an t-am ar fad ach ar a laghad bhí seans ann go mbeadh brionglóid ar dóigh agam corroíche.

Maidin amháin mhúscail le grian nimhe Van Gogh, a ghoill go mór ar mo chuid súl. Chuaigh síos chuig mo bhricfeasta agus léigh an páipéar, ag amharc os a chionn anois agus arís ar bhean an a bhí ag tógáil smúite den urlár. raibh ábalta m’intinn a choinneáil ar an pháipéar agus chaith uaim é.

Ghlac bean an leis go dtug seo cuireadh di suí romham, agus a brollach mór ag scaipeadh amach as a léine, agus a toitín a chaitheamh i mo chuideachta. Thóg a cuid gruaige óna haghaidh agus tharla , leis an ghníomh seo, go dtáinig an bhrionglóid a bhí agam an oíche roimhe sin ar ais chugam mar a bheadh rachtanna na fírinneachta ann i ndiaidh oíche óil.

Dhruid mo dhá shúil sa chisteanach agus leag mo cheann siar ar an chathaoir. Bhí an áilleacht a bhí i mo cheann ag baint an shúil asam; bean óg dhóighiúil ina seasamh romham agus a cúl liom. Bhí gach cineál toradh bhfaca ariamh ar an chrann ar sheas faoi. Iad go léir aibí, ag dúil le bheith ite. Nocht faoina culaith a cuid murnán beag bán. Bhí gruaig fhada, chatach dhearg uirthi a thit síos go dtí a tóin agus í ard, bródúil agus fial.

D’fhág an chisteanach le hosna. Bhí orm dul ar ais go dtí mo sheomra agus an bhean óg mhilis seo a cheapadh ó mo bhrionglóid ina hiomláine. Rith isteach sa tseomra, shuigh i mo chathaoir scríbhneoireachta agus bhain iomlán de shúil mo chuimhne as an chailín óg seo.

Sheas romham agus a cúl liom. Thiontaigh thart mar a dhéanfadh ballerina i mbosca ceoil, píosa ar phíosa, go raibh ina seasamh romham. Bhí marc dearg ar a haghaidh a thosaigh ag barr a malaí agus a lean síos a haghaidh go dtína smigead. Bhí cosúil le toradh a scoilteadh ina dhá chuid. Bhí taobh amháin de maith agus bhí an taobh eile lofa. Stán uirthi ar feadh tamaill agus stán sise ormsa. Chonaic féin inti. Is é mo chuid lochtannasa a d’fhág í mar a bhí, bhí a fhios agam sin. Bhí sise mar íomhá domsa. Bhí ag taispeáint mo chuid lochtanna dom. Thuig an oiread sin. Más ionúin an chráin is ionúin an t-ál. Thuig tuilleadh lena chois sin. Bhí a fhios agam go raibh bunús an tráthnóna caite agam ag amharc ar an mhaighdean gheal seo agus go raibh an oíche ag teacht. Bheadh agam i mBaile na mBlaincéad. Thiocfadh chugam agus dhoirtfeadh mo choinsiasa orm le deora na caointe.

Shuigh an sin sa chathaoir agus muid ag stánadh ar a cheile. Níor chaith agus níor ól . dhearna faic ach ag amharc isteach sna súile ba ghlaise de bhfaca ariamh. Bhí coillte na gcrann laistigh de thobar síoraíochta na súl sin. Tháinig an oíche agus léim isteach i mo leaba, b’fhéidir píosa ba luaithe ba ghnách, ach a bheadh ina dhiaidh orm.

D’fhan le sráideacha Bhaile na mBlaincéad iad féin a nochtadh chugam go ndéanfainn mo bhealach chuig an chailín galánta seo, ach faraor, raibh toradh ar mo shaothar. raibh an dorchadas ach ag magadh fúm agus i mo luí ansin agus leaspáin i mo chuid súl.

Thig liom féin a shamhailt anois. i mo luí sa leaba sin sa dorchadas agus mo dhá shúil ag foscailt agus ag druid. Iad ag gliosarnach mar a bheadh dhá liathróid mearcair ann ag bogadh anonn agus anall le míshuaimhneas.

Tháinig báisteach throm Bhaile Átha Cliath an mhaidin sin ach bhí réidh di. Níor mhúscail de phreab mar ba ghnách léi. Bhí múscáilte, ag feitheamh léi.

Shuigh an chéad eile ag mo chlóscríobhán ag cuardach focla le cur síos uirthi. Bheinn ábalta úsáid inteacht a bhaint aisti. Scríobh i sruthanna an sin. Litir i ndiaidh litreach, focal i ndiaidh focail, abairt i ndiaidh abairte, alt i ndiaidh ailt agus leathanach i ndiaidh leathanaigh - tap, tap, tap an chlóscríobháin ag briseadh an chiúnais a bhí sa tseomra. An oíche sin, agus i mo shuí os coinne mo scéil, ghuigh chuig Dia gur cheap an mhaighdean seo laistigh de mo chuid scríbhneoireachta. Í a choinneáil mar a bheadh ainmhí fiáin ann taobh istigh de theorainneacha mo chuid leathanach. Bhí ag guí gur nocht í agus go bhfuair greim cúil na háilleachta uirthi agus gur leag síos in aibhneacha mo chuid dúigh í. Thosaigh ag léamh an scéil le solas an lampa. Chuir déistin orm, chuir samhnas orm, bhí a fhios agam nárbh fhéidir liom an áilleacht is bhfaca ariamh a cheapeadh le mo pheann. Chaith uaim na leathanaigh agus thit siad mar a bheadh sneachta ann ar urlár an tseomra.

Thosaigh féin ag bualadh ar an bhalla. Í ag go raibh ag dul a theacht isteach go bhfeicfeadh an raibh bean ar bith istigh sa tseomra liom. “Níl,” a scread os ard agus ag tarraingt na léine allasaí de mo chorp. “Níl, níl, níl,” a scread arís. Tháinig ciúnas ón taobh eile den bhalla. Den chéad uair ariamh níor bhog . Bhog siar go dtí taobh na leapa agus d’éist go ciúin. Chuala í ag caoineadh. Chaoin mar a bheadh scuab ann. Racht beag caointe agus ansin osna mór, racht beag caointe agus ansin osna mór. Bhí a fhios agam go raibh a croí istigh ag scoilteadh an oiread céanna agus a bhí mo chroí féin agus scairt oíche mhaithléi. Den chéad uair ariamh, bhí buartha fúithi.

An chéad mhaidin eile, agus gan codladh ar bith agam ach an oiread, raibh agam ach Cornflakes scallta don bhricfeasta. Bhí siad ina luí fós sa bhosca nuair a tháinig anuas an staighre. Bhí sise ina suí agus a cúl liom agus í ag léamh Sweet Savage, leabhar de chuid Mills and Boon. Bhí a corp clúdaithe inniu aici agus raibh píosa d’fheoil le feiceáil ag brú amach as coirnéal ar bith. Bhí ar nós cuma liom liom agus d’éirigh léi drochspionn a chur orm. D’éirigh ón tábla agus briste mar gheall ar gach a tharla agus dúirt nach raibh ocras ar bith orm. “Mar sin,” a dúirt , “ bheidh lón dinneár de dhíth ort.” “ bheidha bhéic agus mhothaigh mo ghlór ag briseadh sa bhúireach mar a bheadh glór gasúir óig bliana déag ann. Thiontaigh ar mo chos agus chuaigh go tiubh géar gasta go dtí mo sheomra, mo chroí ag preabarnaíl. Shuigh sa tseomra ar feadh tamaill ag meas go scairteodh orm choinne rud inteacht le hithe, ach níor scairt. D’amharc ar na leathanaigh scaipthe thart urlár an tseomra agus an dúch greamaithe dóibh mar a bheadh aicíd ghallda inteacht ann.

Thit an mhaidin siar isteach sa agus nuair a tháinig a haon déag a chlog d’ardaigh mo chroí. Bheinn ag dul a luí anocht le mo chailín álainn. Ghlac folcadh mór fada. Nigh mo ghruaig agus mo chuid fiacla. Chuir aftershave orm féin agus shuigh arís sa chathaoir ag fanacht leis an chodladh a theacht le comhluadar a choinneáil leis an dorchadas.

Shuigh agus shuigh agus shuigh . Sa deireadh d’éirigh agus rinne cupa bainne te dom féin. Bhí a haon a chlog ar maidin agus rinne oiread trup agus a thiocfadh liom. Níor dhúirt bean an rud ar bith. Thosaigh ag feadaíl, ach raibh focal aisti. Shuigh liom sa dorchadas ag ól mo chuid bainne te agus mo dhá shúil mar a bheadh tintreacha ifrinn ann ag amharc anseo agus ansiúd, ag cuardach rud inteacht le a chur a chodladh.

arna mhárach raibh bricfeasta ar bith romham ach litir ag gur dhiúltaigh tionónta a choinneáil a raibh an oiread sin trup aige san oíche. raibh chomh dona sin uilig mar gur dhúirt n-athróinn mo chuid nósanna go mbeadh seomra i dtólamh sa teach aici dom. Chaith uaim an litir. Thiontaigh ar mo shál agus amach an doras liom. Bhí trom tuirseach faoin am seo agus bhí galar na dúiseachta orm. fhéadfainn dul a chodladh, nós a tháinig liom ó bhí óg. Dhruidfinn mo dhá shúil agus d’imeoinn liom isteach go Baile na mBlaincéad. Thug Dia fís dom agus bhain díom mo thicéid go Baile na mBlaincéad. Sin an rud. Bhí geaftaí an bhaile seo dúnta romham anois ó chonaic an mhaighdean álainn.

Síos an tsráid liom agus siúl fir mire liom. Chonaic an teach bándearg ag éirí as an bhealach romham. D’oscail doras an tábhairne agus isteach liom. “Pionta leann dubh agus Séamaisína dúirt leis an bhean óg ar chúl an chuntair. Dhoirt amach an deoch lena lámh mhór fhada láidir agus smaointigh ar mo chailín a bhí fós gafa i mo cheann. Shuigh síos sa choirnéal, féin, mo chuid toitíní agus mo dheoch. Níor chuir duine ar bith chugam uaim sílim go mbíonn a fhios ag daoine, fiú lucht an óil, nuair a bhíonn drochspionn ar dhuine. a bheadh ag iarraidh labhairt leo ar scor ar bith, a gcuid méar fada buí ó bheith ag caitheamh tobac, a gcuid seileog ag fliuchadh d’aghaidhe agus iad ag iarraidh a gcuid mioneolais a léiriú duit an oiread agus go bhfuil fhios acu rud ar bith a mbeadh suim ag mo mhacasamhailse ann.

D’ól agus d’ól go dtí nach raibh leathphingin rua fágtha i mbun mo phóca agus d’éirigh le haghaidh a thabhairt ar an bhaile. Ghlac seal fada dom mo bhealach a dhéanamh chun an bhaile, nach raibh ann ach siúl cúig bhomaite. raibh ariamh chomh doiligh agam cos amháin a chur roimh an chos eile. Is iomaí uair a phioc féin suas ón talamh, mo phluc ag cur fola mo chuid brístí stróicthe. B’fhéidir anocht go gcodlóinn, b’fhéidir anocht go ligfí dom mo chodladh a fháil.

Faoi dheireadh shroich an teach, nimhneach agus lán trua dom féin. Thosaigh ag cuardach na n-eochracha - raibh siad le fáil. háit a raibh siad? I mo phóca b’fhéidir. Chuardaigh mo chuid pócaí arís agus arís eile. raibh siad le fáil. Thit as mo sheasamh agus shuigh ansin ar na céimeanna taobh amuigh. Cad é a dhéanfainn? Cheolfainn amhrán, sin an rud go díreach a dhéanfainn. CheolfainnAn Cailín Gaelach bhí cuimhne agam é a cheol don mhúinteoir sa tríú rang ar an scoil. Thosaigh a cheol ó mo chroí istigh is iomaí a cheol an t-amhrán sin ó shin i mo chloigeann. Is iomaí duine a déarfas leat go bhfuil ceol galánta sa chloigeann ag daoine. Cheolfá gach uile nóta gan botún ar bith agus déarfá leat féin go raibh níos fearr ag dul den cheol fiú Ó Riada é féin. Thosaigh an bháisteach agus thosaigh a cheol níb airde. Bhí i mo shuí ansin, báite go craiceann, conáilte agus achan ailleog cheoil asam agus i mo chuid samhlaíochta ag gríosadh fhir na hÉireann le dul amach a throid ar son na hÉireann ag an GPO. “Is maith amach a bhí ag liom féin tríd na creatha fuachta.

Chuala trup ar mo chúl agus thiontaigh thart. Siúd í ina seasamh i solas an halla ag amharc orm agus a shúil ag dul amach as a ceann. Chonaic í an dóigh chéanna is a chífeá na Mhaighdean Mhuire - í ina seasamh ansin, an t-éadach oíche bán sin uirthi, a gruaig leagtha síos aici agus blaincéad caite thairsti leis an bháisteach a choinneáil uaithi. Bhí solas an halla ag cur na réaltaí ag damhsa ina cuid súl agus bhí a gnúis lasta suas mar a bheadh teach solais ann ar fharraige fhíochmhar mar threoraí d’iascaire i mbaol.

D’éirigh de léim agus rinne mo sheacht ndícheall fáil go dtí an doras go bhfaighinn isteach sa teas. Sheas ar gcúl, a béal foscailte aici gan toitín ar bith ag crochadh as. Bheir greim cúil uirthi agus chaith an blaincéad di. Rug uirthi agus í ag cuardach anála mar a bheadh goldfish ann i mbabhla, a cuid súl fuar uisciúil ag amharc go fuarbhruite orm, agus tharraing trasna an urláir í mar a dhéanfá le cailín crosta.

Bhí a cuid slippers ina luí ar urlár an halla mar a d’fhag iad, coiscéim ar choiscéim. Dhruid doras an tseomra agus bhí ina seasamh romham, í cúthaileach, gan fios aici háit le hamharc. Phóg a béal agus, leis sin, tharraing ar ais na blaincéadaí ar mo leaba agus isteach linn. Bhí a fhios agam nach mbeadh ag cur isteach orm anocht anocht bhí le mo thaobh.

An oíche sin d’éalaigh chuig Baile na mBlaincéad agus chonaic í. Bhí a cúl liom. An chulaith gheal chéanna uirthi agus í ina seasamh ag taobh locha ghoirm a raibh ealaí ar snámh air. Thiontaigh chugam, an dóigh chéanna, píosa ar phíosa gur nocht romham. Chonaic go raibh an marc imithe óna haghaidh agus go raibh ag gáire liom.

Maidin arna mhárach nuair a mhúscail bhí bean an imithe fosta. Bhuail faitíos millteanach agus ag amharc thart ar an tseomra agus an ghrian ag cur dath éadrom donn ar an urlár. Buaileadh cnag ar an doras agus isteach léi féin agus aoibh na hóige ar a haghaidh, tráidire léi agus mo bhricfeasta ina luí go néata air.

An sin agus ag fágáil, chonaic pictiúr nach bhfaca roimhe. Pictúir di féin ina seasamh ag taobh locha ghoirm agus ealaí ar snámh air. Dhruid an doras i mo dhiaidh.

Is as Gaoth Dobhair í Michelle Nic Pháidín ach ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois le roinnt mhaith blianta. Is iriseoir í leis an nuachtán .

GluaisGlossary

grian líomóideach shearbh Van GoghVan Gogh’s bitter lemon sun

mo dhallúblinding me

sócúlachcomfortable

go diansmaointeachextremely thoughtful

mar is dual as it usually does

scáthannashadows

ag atswelling, expanding

in aice an chaibinéidbeside the cabinet

ag siotgháiresniggering

dtaobh deabout it

aitstrange

ag gríosú mo chuid samhlaíochtainciting my imagination

searmanasceremony

chóir a bheithnearly

ag druidim liomapproaching

freagairtanswering her

go drúisiúillustfully

ag teannadh liomgoing close up to me

ba ghnách liom amharc uirthiI used to look at her

fireannmale

i dtólamhalways

marcaíocht ar rudaíto ride things

leasrachathighs

de shíor mo leanstan thartalways following me around

chomh tógtha sin liomso taken with me

ghoillfeadh go dtí an croí ormit would really upset/bother me

tochas féinscratching herself

ag casachtáilcoughing

mhacasamhail seolike this

ag goillstean ortbothering you

drochspionna bad mood

bulógloaf

corruairsometimes

buanchairdefriends for life

gliondarjoy

faoi smachtunder control

bosca na mbréagánthe toy box

go dtí gur ghéill m’athairuntil my father gave in

brionglóid ar dóigha great dream

corroíchethe odd night

smúitdust

gníomhaction

rachtanna na fírinneachtabouts of truthfulness

dóighiúilgood-looking

aibíripe

a cuid murnán beag bánher little white ankles

osnasigh

ag barr a malaíat the top of her brows

smigeadchin

toradhfruit

a scoilteadhwhich was split

stán uirthiI stared at her

mo chuid lochtannasamy faults

íomháimage

Más ionúin an chráin is ionúin an t-ál.Love me love my dog.

bunúsmost

a bheadh ina dhiaidh ormwho would blame me

faraoralas

leaspáindancing, coloured lights before eyes

ag gliosarnachglistening

dhá liathróid mearcairtwo balls of mercury

le míshuaimhneasuneasily

clóscríobhántypewriter

úsáid inteachtsome use

i sruthannain torrents (of words)

ainmhí fiáinwild animal

teorainneacha mo chuid leathanachthe borders of my pages

aibhneacha mo chuid dúighthe rivers of my ink

déistinnausea

samhnasdisgust

ag tarraingt na léine allasaípulling the sweaty shirt

buarthaworried

scalltawretched, puny

sa bhúireachin the roaring

ag preabarnaílthrobbing

aicíd ghallda inteachtsome foreign disease

folcadh mór fadaa very long bath

tintreacha ifrinnthe sparks of hell

i dtólamhalways

galar na dúiseachtathe disease of wakefulness

bándeargpink

níor chuir duine ar bith chugam uaimnobody bothered me

seileogaspits

mo mhacasamhailsethe likes of me

doilighdifficult

mo phlucmy cheek

nimhneachsore

conáiltefreezing

ailleog cheoilburst of song

i mo chuid samhlaíochtain my imagination

creathashivers

trupnoise

gnúisface

farraige fhíochmharferocious sea

go fuarbhruitelistlessly

ealaíswans

faitíos millteanacha great fear

tráidiretray

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.