Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #37 · BEALTAINE 2004
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Táthar ag dul i ngleic le fadhb an bhruscair in Éirinn le roinnt blianta anuas ach tá go leor le déanamh fós sa réimse seo.

»»»
Íomhá
AGALLAMH BEO
Éamonn Ó Dónaill
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON/AG LÉAMH DOM
Antain Mag Shamhráin

Déanann Antain Mag Shamhráin a léamh féin ar línte tosaigh ghearrscéal Dhonncha Uí Chéileachair, "Bullaí Mhártain", a foilsíodh ar dtús i 1955.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Tom Deignan

Féachann Tom Deignan siar ar shaol Pat Buckley, fear a d’fhág Wall Street le dul i mbun gairm eile ar fad.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON/AN DINNSEANCHAÍ
Mearbhall Ua Piacháin

Beidh cur síos sa tsraith nua seo ag an dinnseanchaí iomráiteach Mearbhall Ua Piacháin ar áit-ainmneacha i gcéin is i gcóngar.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Beidh taispeántas de shaothar an ealaíontóra Mheiriceánaigh Edward Hopper (1882-1967) ar siúl i Londain an samhradh seo. Féachann Ciara Nic Gabhann ar shaol agus ar shaothar an aonaráin seo a ndeachaigh a chuid pictiúr i bhfeidhm ar go leor daoine, lucht déanta scannán ina measc.

»»»
Íomhá
TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Liz Gabay

Tá cónaí ar Liz Gabay i mBellingham, Washington agus bhí Gaeilge líofa aici sula bhfuair sí deis an teanga a labhairt den chéad uair riamh.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Antaine Ó Faracháin

Is í Muireann Nic Amhlaoibh, bean óg as Dún Chaoin, atá mar phríomhamhránaí leis an ngrúpa ceoil Danú. Cé gurb iad na hamhráin is mó a choinníonn gnóthach í leis an ngrúpa seo, seinneann sí ar an bhfeadóg mhór chomh maith. Labhair Antaine Ó Faracháin léi faoi shaol an cheoil.

»»»
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Dáithí Ó Colchúin

taighde suimiúil ar siúl i Melbourne na hAstráile a thugann léargas ar an tionchar a bhíonn ag foghlaim teangacha ar an inchinn. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Anois teacht an tsamhraidh tá fonn ar Bhalor a phluais a fhágáil agus aghaidh a thabhairt ar an saol mór arís. Má tá tusa sásta lóistín saor in aisce a chur ar fáil do ar feadh cúpla mí, seo do sheans!

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Tá sé deacair an ceann is fearr a fháil orthu siúd a sheolann teachtaireachtaí spam chuig gutháin shoghluaiste agus tríd an ríomhphost, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Dónall Ó Maolfabhail

Tá Dónall Ó Maolfabhail den tuairim go leanfaidh praghas na dtithe ag ardú in Éirinn, fiú má chuireann an rialtas i bhfeidhm moltaí coiste dá chuid atá tar éis tuarascáil a fhoilsiú ar chúrsaí sealúchais.

»»»
Íomhá
TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Damian Mac Gabhann

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Damian Mac Gabhann, Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Eithne Ní Ghallchobhair
LIAM AGUS BAIRBRE
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Liz Curtis

Fuair Liz Curtis léargas níos fearr ar an phobal dílseach le linn di a bheith ag obair mar rúnaí sealadach ar Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste.

»»»
CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Michelle Nic Pháidín

Bhuaigh an saothar seo le Michelle Nic Pháidín an dara háit i gcomórtas gearrscéalta an Oireachtais anuraidh.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

cúis iontais é nach bhfuil muinín ag na Protastúnaigh as na Caitlicigh sna Sé Chontae, dar le Robert McMillen, nuair a smaoiníonn tú ar an dearcadh diúltach i leith na gCaitliceach a bhí agus atá ag a gceannairí.

»»»
Íomhá
SPÁRÁLAÍ SCÁILEÁIN

Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantair éagsúla, cinn Ghaeltachta san áireamh, le fáil i ngach eagrán de Beo!. An mhí seo: Carna i gConamara.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Léiríonn seasamh na bhfoirne as Cúige Laighean sa sraithchomórtas náisiúnta go bhfuil an ceart acu siúd a deir go bhfuil an iománaíocht sa chúige sin ag dul i léig, dar le Colm Mac Séalaigh.

»»»
Íomhá
RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag roghnú éadaí d’ócáid shóisialta/ag cur góirín i bhfolach.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

Faigheann na mílte bás i Learpholl agus i gceantair eile sa Bhreatain gach bliain mar gheall ar chaitheamh tobac ach táthar chun dul i ngleic leis an fhadhb sna blianta atá amach romhainn trí chosc a chur ar an tobac in áiteanna poiblí. Tuairisc ó Tony Birtill.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Uinsionn Mac Dubhghaill

ceachtanna le foghlaim againn uilig ó na léirsitheoirí a bhí amuigh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ar 1 Bealtaine, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.