AR NA SAOLTA SEO
Is dream idéalaíoch iad na léirsitheoirí
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

ceachtanna le foghlaim againn uilig ó na léirsitheoirí a bhí amuigh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ar 1 Bealtaine, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill.

Íomhá
Léirsitheoirí ar na sráideanna le linn chruinniú an G8 in Genoa na hIodáile,Iúil 2001
Íomhá
Léirsitheoirí agus póilíní ag tabhairt aghaidhe ar a chéile le linn chainteanna an WTO, Cancun, Meicsiceo, Meán Fómhair 2003

Céard a spreag na léirsitheoirí a tháinig amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath le linn chruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh i dtús na míosa? Sa bplé ar fad sna meáin roimh ré leagadh an-bhéim ar an mbaol foréigin a bhí ann, ach is beag plé a rinneadh ar na cúiseanna agus ar na haidhmeanna a bhí ag an lucht agóide. Cháin na grúpaí a d’eagraigh na hagóidí an easpa sin go géar, agus dúirt gur léirigh sé cé chomh ceansaithe agus chomh “ceannaithe” a bhí na mórmheáin chumarsáide in Éirinn.

Ní miste, sa gcomhthéacs sin, súil a chaitheamh ar chuid de na cúiseanna sin. Ar ndóigh, ní lia duine ná tuairim, agus is iomaí cúis a bhí acu. Ach bhí a bhformhór míshásta a bheag nó a mhór leis an Aontas Eorpach agus leis an gcaoi a bhfuil an tAontas ag forbairt. Dúirt grúpaí éagsúla nach raibh siad i gcoinne leathnú an Aontais agus nach grúpaí “frith-Eorpacha” iad, ach go raibh siad buartha faoin leagan amach a bhíonn ag institiúidí an Aontais maidir le cúrsaí eacnamúla, sóisialta agus comhshaoil, agus faoin easpa smachta a bhíonn ag an bpobal ar pholasaithe na n-institiúidí sin. Cháin formhór na ngrupaí an meon “nualiobrálach” a bhíonn i réim, dar leo, agus polasaithe eacnamúla an Aontais á gcur le chéile - sa mbaile agus i gcéin. Ba é an domhandú a bhí mar chúlbhrat ag na díospóireachtaí sin ar fad.

Ní deacair teacht ar argóintí fónta a léiríonn go bhfuil cás le freagairt ag na hinstitiúidí Eorpacha. Is beag plé a rinneadh sna meáin ar an méid cainte a bhí ar siúl ag Coiste Alt 133 den Aontas Eorpach nuair a tháinig baill an choiste le chéile i mBaile Átha Cliath mí Feabhra seo caite. Tá cúis shimplí leis sin. Ní bhíonn cead isteach ag iriseoirí chuig cruinnithe den choiste rúnda seo, agus ní eagraítear preasócáidí ina ndiaidh chun an saol mór a chur ar an eolas faoin méid a thit amach iontu. Ina dhiaidh sin féin is coiste fíorthábhachtach agus cumhachtach atá ann, agus baint lárnach aige i ndréachtú pholasaithe trádála an Aontais.

Cuireann Coiste Alt 133 comhairle ar Choimisiún na hEorpa maidir leis an seasamh ba chóir dó a thógáil agus idirbheartaíocht ar bun chun teacht ar chomhaontaithe trádála idirnáisiúnta. Cuireann sé moltaí agus dréacht-pholasaithe ar aghaidh chuig an gCoimisiún ar an ábhar céanna. Ach coinnítear an plé sin ar fad ina rún daingean, agus ní bhíonn cead ag saoránaigh an Aontais fáil amach céard a bhíonn ar bun ag an gCoiste.

Má cheapann tú gur ábhair thura theibí, nach mbaineann leis an ngnáthdhuine, a bhíonn faoi chaibidil acu, tá dul amú ort. Ar na nithe a bhí le plé ag an gCoiste ag an gcruinniú i mBaile Átha Cliath bhí moltaí rialtas na hÉireann chun tús a chur leis an trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí poiblí - oideachas agus sláinte ina measc. Bheadh sé deacair teacht ar dhá ábhar cainte is mó a bhíonn i mbéal an phobail seachas oideachas agus sláinte! Bhí moltaí eile ann maidir leis an trádáil i seirbhísí leis na tíortha neamhfhorbartha - an ghné is conspóidí den chaidreamh a bhíonn ag na tíortha forbartha leis na tíortha bochta.

Bíonn Coiste Alt 133 ag dréachtú polasaithe do Choimisiún na hEorpa maidir leis an Eagraíocht Trádála Idirnáisiúnta (WTO) agus a Chomhaontú Ginearálta um Thrádáil Seirbhísí (GATS). Cuireann sé moltaí le chéile faoin gcaidreamh ba chóir a bheith ag an Aontas le blocanna trádála ar nós MERCOSUR i Meiriceá Theas, nó le tíortha aonair ar nós Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bíonn an-tionchar ag na comhaontaithe sin ar chúrsaí eacnamaíochta sna tíortha neamhfhorbartha, agus ar fheidhmiú na seirbhíse poiblí iontu.

Saorchead isteach

Tá an-imní ar chuid mhaith eagraíochtaí in Éirinn (a bhíonn ag plé leis na tíortha neamhfhorbartha) faoi na hiarrachtaí atá ar bun faoi láthair ag an Aontas Eorpach, agus ag SAM, chun saorchead isteach sna tíortha neamhfhorbartha a chinntiú do thionscail seirbhísí Mheiriceánacha agus Eorpacha. Deir siad go bhfuil baol mór ann go dteipfidh ar chuid mhaith tionscal dúchasach sna tíortha sin má thugtar cead a gcinn do na hEorpaigh agus do na Meiriceánaigh. Deir siad nach bhfuil sé ceart ná cóir go dtarlódh a leithéid nuair a dhiúltaíonn an tAontas agus SAM deireadh a chur le bacanna ar importálacha bia agus eile ó na tíortha sin, agus nuair a leantar le polasaithe éagóracha ar nós an Chomhpholasaí Talmhaíochta. Tar éis an tsaoil, theip ar na cainteanna WTO i gCancun anuraidh díreach ar an ábhar sin - toisc go raibh an tAontas Eorpach ag cur an oiread sin brú ar na tíortha neamhfhorbartha na doirse a oscailt tuilleadh don lucht infheistíochta ó na tíortha saibhre.

Níos gaire do bhaile tá imní ar go leor daoine san Eoraip maidir leis na pleananna atá ag an gCoimisiún agus ag an gcoiste rúnda seo do sheirbhísí poiblí mar shláinte, oideachas, soláthar uisce, agus iompar. Tá imní orthu go mbainfear smacht náisiúnta sna cúrsaí sin de rialtais na mballstát, agus go ndéileálfar leo mar earraí atá le díol is le ceannach ag cuideachtaí móra ilnáisiúnta. Tá sé ráite ag ceardchumainn éagsúla go gcaithfear riachtanais shóisialta i dtraipisí má tharlaíonn sin. Má dhéantar Bus Éireann a phríobháidiú, an leanfar ar aghaidh ag soláthar seirbhísí bus do cheantair chúlráideacha nuair nach bhfuil aon bhrabús le déanamh astu?

Ceisteanna dlisteanacha iad sin ar fad, ach ní heol dúinn cén seasamh a ghlacann rialtas na hÉireann orthu ag cruinnithe rúnda Choiste Alt 133. I ndiaidh an dara reifreann ar Chonradh Nice, cuir i gcás, cuireadh 32 éileamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise isteach maidir leis an gcoiste sin agus maidir le gníomhaíochtaí na n-ionadaithe Éireannacha ann. Diúltaíodh do 31 ceann de na 32 éileamh sin.

Deirtear go minic go bhfuil an tsaint i réim in Éirinn na linne seo, go bhfuil radharc caillte ar na seanluachanna agus nach spéis leis an dream óg ach an lipéad faiseanta is déanaí. Léirigh na hógánaigh ídéalaíocha shíochánta a thug na sráideanna orthu féin i mBaile Átha Cliath nach fíor sin i gcónaí. In áit a bheith ag caitheamh go tarcaisneach agus go héagórach leo, b’fhearr dúinn éisteacht go cúramach leo.

Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit a bhfuil sé ag obair mar iriseoir físe le Nuacht TG4. Chaith sé seal freisin ag obair mar eagarthóir Gaeilge an Irish Times.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.