CÚINNE NA nEALAÍON/AG LÉAMH DOM
Men have always fought after dances’
Antain Mag Shamhráin Antain Mag Shamhráin

Déanann Antain Mag Shamhráin a léamh féin ar línte tosaigh ghearrscéal Dhonncha Chéileachair, "Bullaí Mhártain", a foilsíodh ar dtús i 1955.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Ar dhul as radharc a athar lig glam as. Nós aige ab ea é sin i gcónaí nuair a bheadh ag dul ar rince.

Is leis na focail sin a thosaíonn ceann de na scéalta is iomráití i litríocht Ghaeilge an fichiú haois, “Bullaí Mhártainle Donncha Ó Céileachair. Bhíodh mioneolas ar an scéal tráth ag a lán d’fhoghlaimeoirí agus de mhic léinn na Gaeilge bhíodh ar chúrsaí scoile agus ar chúrsaí ollscoile ar feadh na mblianta. Níl a fhios agam an léitear mórán ar scoil anois é ach ar éigean a dhéanfaí cúrsa tríú leibhéal ar nualitríocht na Gaeilge a reáchtáil gan trácht arBullaí Mhártainuair éigin, creidim. Ar an ollscoil a léigh féin de chéaduair é, seal fada ó shin anois is oth liom a , ach caithfidh a admháil nár léigh arís é go dtí ar na mallaibh. Bhí ag éisteacht le caibidil raidió na himeachtaí tubaisteacha taobh amuigh de chlub oíche Anabel i mBaile Átha Cliath tamall gairid de bhlianta ó shin, nuair a maraíodh fear óg le linn scliúchais i ndeireadh na hoíche. “Men have always fought after dances,” arsa Evelyn Conlon ar an raidió. “Bullaí Mhártain,” arsa mise liom féin. Agus go gasta ina dhiaidh sin mheabhraigh arís eile an tseancheist shíoraí: an í an litríocht a bhíonn ag aithris ar réaltacht an tsaoil réaltacht an tsaoil a bhíonn ag aithris ar an litríocht?

Gearrscéal atá inBullaí Mhártain”. Is é raison d’être an ghearrscéil scéal a insint go hachomair. Saothar teanga é dála gach saothair litríochta agus is iad na focail is dlúth agus inneach . Saothar cumadóireachta é, cruthúchán liteartha, réaltacht fhíorúil; réaltacht a bheadh cosúil le réaltacht a bheadh fíor. Níl a fhios agam an bhfuil cineál ar bith eile réaltachta ann le fírinne. dabht orm nach bhfuil, ach cionn is nach nós linn leas ar bith a bhaint as an aidiacht sin agus sinn ag caint ag meabhrú ar ghnáthréaltacht ár saoil laethúil, is fada ó chuir muid ina luí orainn féin nach dtéann an fhocal, “réaltachtagusfíorúil”, nach dtéann siad le chéile taobh amuigh de dhomhan nuaghinte nuafhaiseanta na ríomhaireachta. Ach téann, agus táimid seanchleachta leis sa litríocht fiú mura raibh na focail an smaoineamh féin ar eolas againn go comhfhiosach go dtí gur fhoghlaim muid ó na leanaí sa bhaile os comhair an ríomhaire iad. Leis an litríocht a chloífidh anseo, áfach. Scéal eile gnáthréaltacht fhíorúil ár saoil laethúil agus is ar an tanalacht atá ag siúl go fóill.

An nóisean seo den litríocht a bheith ina réaltacht fhíorúil, bunaithe ar thuiscint na dteangeolaithe ar nádúr na dteangacha atá . Córas de chomharthaí tagartha atá i dteanga. An is a thuigeann an rud is dtaobh den chaint, tuigeann go gcuireann a theanga ar a chumas tagairt do ghnáthrudaí an tsaoil, agus do rudaí nach gnách fosta. Is féidir tagairt do na rudaí ann as dóibh mar, le fírinne, do na rudaí a thagraíonn an teanga ar chor ar bith ach do choincheapa. Córas de choincheapa idirghníomhacha atá sa teanga, agus is ansin, sa chóras tagartha sin, i gcóras sin na gcoincheap, atá cumas iontach na litríochta fréamhaithe.

An réaltacht shamhalta

Baineann an litríocht leas as cumas tagartha na teanga, ach mar mhaithe le tagairt don ghnáthréaltacht a dhéanann amhlaidh. Ina áit sin tagraíonn do réaltacht shamhalta, do réaltacht fhíorúil a chumtar leis na focail féin de réir mar a ritheann siad, ceann ar cheann, frása ar fhrása, abairt ar abairt, ó thús deireadh an scéil. An t-údar a roghnaíonn na focail a chuirtear os comhair an léitheora, agus cuireann friotal pearsanta sin an údair dhá chuspóir i gcrích ag aon am amháin. amháin go gcuireann an friotal síos ar an réaltacht fhíorúil a chumann an t-údar, thig a go gcumann an friotal féin an réaltacht sin os comhair shúile an léitheora gach uair a léitear an saothar; go gcumann an léitheoir an réaltacht le focail an údair le linn a chuid léitheoireachta.

Agus an a léann an saothar, bhíonn dul as aige ach a bheith páirteach sa tagairt seo uilig a bhíonn ag titim amach de shíor sa teanga. Tuigeann an léitheoir nach é amháin go dtagraíonn friotal an tsaothair do réaltacht shamhalta an údair ach go dtagraíonn do ghnáthréaltacht taobh amuigh den litríocht chomh maith. Fitear fáinne ón ghnáthréaltacht, amach trí mheán na litríochta agus ar ais. go dtugann an litríocht radharc eile don léitheoir ar an ghnáthréaltacht; is amhlaidh a thugann réaltacht eile le suí taobh leis an ghnáthréaltacht. Ar léas a chéile a tchí an léitheoir an ghnáthréaltacht agus an réaltacht fhíorúil beirt.

Rinne Breandán Ó Doibhlin deighilt tráth idirléamhagusléitheoireacht”, idirscil a chuireann ar ár gcumas ciall a bhaint as an chóras comharthaí sin ar a dtugaimid scríbhinnagus scil a chuireann ar ár gcumas córas comharthaí de chineál eile a léamh. “An lorg a fhágann pearsantacht an údair ar a shaotharan dara gné atá i gceist aigesean (Litríocht agus Léitheoireacht (1973), lch 21) ach níl ansin ach cuid de, dearcadh amháin ar an litríocht, gur slán an deighilt aige í.

B’fhearr a go ndéanaimid an téacs a léamh agus, ag an am chéanna, go léimid ar an téacs. Téann an scil lámh ar lámh. A fhad is a bhímid ag baint céille as na focail in alt a chéile, i gcomhréir le chéile, cuimhnímid i gcónaí air gur saothar litríochta atáimid a léamh agus gur dual níos gnáthchiall na bhfocal a thóraíocht le linn na léitheoireachta againn. Nuair a léimid abairtí tosaighBullaí Mhártainleanaimid ord na bhfocal go dtuigimis a gciall agus, ag an am chéanna, cuirimid ceann ar phróiseas taiscéalaíochta agus fionnachtana a osclaíonn réaltachtBullaí Mhártaindúinn diaidh ar ndiaidh.

a fhios againn ónár dtaithí ar an léitheoireacht gur dual don ghearrscéal a bheith achomair. Mura mbeadh againn ach an t-eolas sin bheimis ar ár n-aire ón chéad fhocal amach. Tosaímid a mhúnlú ár n-ionchas le cuidiú na bhfocal a léimid. Ar léamh chuid focal an údair dúinn, tosaímid a chumadh bhrí an scéil a d’fhág seisean le hoidhreacht againn. Is iontach a oiread a thig a léamh ar abairtí tosaighBullaí Mhártainagus is iontach an doras a bhriseann na habairtí céanna dúinn ar réaltacht an scéil.

An gníomhaí

Neach fireann éigin nach n-ainmnítear atá ina ghníomhaí sa chéad abairt ar fad, agus is é gníomh a rinne glam a ligean as ar dhul as radharc theach a athar . Duine é a d’fhág ina dhiaidh clúid an bhaile agus, a luaithe a bhí ina aonar, a lig scread as a mheabhródh ainmhí dúinn: madra a mbeadh fearg air agus a bheadh ag bagairt foréigin ar an saol, a bheadh i bpianaigh, an rud. Níl a fhios againn go fóill an gníomhaí ach ós éBullaí Mhártainteideal an scéil, agus ó eolas againn ar chóras traidisiúnta na hainmníochta sa tsochaí Ghaelach, glacaimid leis - agus an ceart againn - gurb é Bullaí an gníomhaí agus gurb é Mártan an t-athair. Glacaimid leis fosta - agus an ceart againn arís - go bhfuil bunchloch an scéil á leagan sna focail sin agus á daingniú sa chéad abairt eile. amháin go n-iompraíonn Bullaí Mhártain é féin ar an dóigh sini gcónaínuair a fhágann an baile le dul ar rince, nós atá ann. Iompar seanbhunaithe aige an teach a fhágáil agus triail go bagrach ar rince. Déanann a ndéanann as siocair go ndearna riamh é. mar a bheadh faoi gheasa feidhmiú ar an dóigh sin taobh istigh de réaltacht seo an scéil atáimid ar a léamh.

Is é an chéad rud eile a mbeadh dúil ag an léitheoir leis sa scéal ar léamh na n-abairtí tosaigh sin - ós rud go gcastar Bullaí Mhártain air agus é ag imeacht as baile ag fógairt catha ar shaol sin an rince nár casadh ar an léitheoir go fóill - go léireofar sa scéal contrárthacht a bheith fada buan idir an ghné de shaol Bhullaí Mhártain, idir saol an bhaile agus saol an rince. Bheadh an léitheoir céanna ag dúil lena fháil amach gur saol traidisiúnta a fhágann ina dhiaidh sa bhaile, saol athartha a mbíonn ar a sheascaireacht ar bhealach éigin ann, agus go mbeidh ar a mhíshocracht réir san áit a bhfuil a thriall. Agus bheadh an léitheoir ag déanamh nach mbeidh comhréiteach ar bith idir an shaol, go dtarlóidh scliúchas ag an rince agus go mbeidh Bullaí Mhártain ina cheartlár. Beidh duine éigin thíos leis, thuas leis.

Níl a mhaíomh go bhfuil sin ar fad le léamh sa abairt tosaigh ach le léamh orthu. Ó a fhios ag an léitheoir gur thrasnaigh tairseach na réaltachta liteartha ar léamh na n-abairtí tosaigh , tuigeann go bhfuil ag plé anois le domhan a dhéantar a struchtúrú ar bhealach áirithe mar mhaithe le scéal a insint, le téamaí a phlé agus le hipitéisí a chur i gcás. Ón léitheoireacht féin a fhaigheann an tuiscint sin agus murach í bheadh gan an scil a chuireann ar a chumas léamh ar an scéal. Murach í aithneodh tús pléascach casadh tobann i scéal cor i gcinniúint na bpearsana na múrtha ábhar eile a gcuireann léitheoirí, idir lucht acadúil agus eile, suim iontu sa litríocht.

*Men have always fought before, during and after dances *ba cheart d’Evelyn Conlon a leis an scéal iomlán a insint, ach amháin nach n-inseodh na focail sin iomlán an scéil. Bheadh scéal againn mar sin féin agus thiocfadh linn léamh air, dul amach air, féachaint cén cor a chuirfí inár n-ionchas de réir mar a léifimis linn.

Saothar léitheoireachta an saol uilig ó thús deireadh, ag déanamh. Modh léitheoireachta an scríbhneoireacht féin, bhfeicimse. Is ionann brí a bhaint as réaltacht an tsaoil agus réaltacht fhíorúil a chumadh. An fhírinne féin, is cumadóireacht í de thoradh a léimid ar a gcastar dúinn in imeacht ár laetha. Agus mar atá a fhios againn, is beag cruthú atá againn go mbíonn an fhírinne fíor.

Is é Antain Mag Shamhráin údar *Litríocht, Léitheoireacht, Critic (1986), agus ba é comheagarthóir an irisleabhair bhliantúil* Oghma* (1989-98). Is ball é d’fhoireann eagarthóireachta an Ghúim ó 1980 i leith. Is as Contae Dhoire ó dhúchas é ach cónaí air i mBaile Átha Cliath anois.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.