CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Fidléir den scoth agus fear uasal séimh
Eithne Ní Ghallchobhair Eithne Ghallchobhair
Íomhá
Grianghraf: Richard Wayman
Íomhá
Grianghraf: Richard Wayman

Beidh féile cheoil ar siúl in Ard an Rátha i nDún na nGall ag tús mhí na Bealtaine chun ómós a léiriú d’fhear a bhfuil a chion féin déanta aige don cheol traidisiúnta sa cheantar sin, JohnThe TaeÓ Gallchobhair. Labhair Eithne Ghallchobhair, ar comharsanach chuid í, leis le gairid.

Beidh lear mór de mhórcheoltóirí Dhún na nGall ag teacht le chéile in iardheisceart an chontae an deireadh seachtaine seo chugainn le fómós a thabhairt agus meas a léiriú ar chlann Chóilín as Gleann na nGleannta. Ceol na fidle is a bheas á bhualadh, go díreach mar a bheifí ag dréim leis sa taobh seo tíre!

Leagan níos mó den ghrianghraf anseo

Cuireadh tús leis an fhéile cheoilAn Cupán Taedhá bhliain ó shin le meas an phobail a léiriú ar fhear áitiúil, JohnThe TaeÓ Gallchobhair. D’éirigh chomh mhaith sin léi mar ócáid gur shocraigh an coiste eagrúcháin an fhéile a chur ar siúl an bhliain dár gcionn i bhfómós Packie Manus Byrne, scéalaí áitiúil. Tharraing an fhéile scaifte deas in athuair agus is cosúil anois go mbeidh mar chuid lárnach d’imeachtaí bliantiúla an phobail tuaithe seo.

Rugadh agus tógadh JohnThe Taesa bhliain 1923. Chaill a athair radharc na súl agus é ina ógfhear agus thosaigh máthair s’aige a dhéanamh tae sa teach laethanta aonaigh le hairgead a shaothrú; The Taemar ainm ar an teaghlach ó shin i leith. Fidléir a bhí ina athair, Paddy, agus bhain cáil amach mar cheoltóir. Bhí fidil sa teach acu, rud nach mbeadh ina chúis iontais san am sin, agus thosaigh John ag stothadh port nuair nach raibh ach ceithre bliana d’aois.

nach raibh múinteoir per se aige ariamh, deir John go bhfuair stiúir is fiche óna athair agus ó na ceoltóirí eile a bhíodh ag airneáil acu sa teach agus é óg. Is cuimhneach leis am a raibh deichniúr fidléirí sa chistin s’aige, iad uilig ag casadh cheol Thír Chonaill. Ba léir go raibh bua ar leith ag John nuair a chas ag ceolchoirm cheantrach an bhliain dár gcionn. Bhí an fhidil rómhór agus a lámha róbheag ach deir gur bhain bualadh bos agus ardmholadh ón lucht éisteachta, rud a spreag ar bhealach na bport crua é.

Bhuaigh an chéad áit i gcomórtas ceoil an Oireachtais sa bhliain 1956, agus sa bhliain 1959 bhuaigh an chéad áit ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Bíodh amhlaidh, níor leag John béim laghad ar chomórtais; bhí - agus go fóill - a chroí, a anam agus a chorp sa cheol mar cheiliúradh agus mar ábhar craice.

Leagan níos mó den ghrianghraf anseo

Trí bliana ó shin, sháraigh ailse sceadamáin. raibh ábalta siúl agus raibh soilbhreas aige, ach bhí a fhidil leis san ospidéil agus chas cúpla port chóir a bheith achan .

Deir John go mbíonn an ceol ag léimnigh fríd a intinn i gcónaí, go mbíonn go síoraí ag smaointiú ar phort amháin ar phort eile. Nuair a fhiafraím de an gcuireann sin isteach air, tosaíonn an straoisearnaíl. “Cuireann as domh níos ,” a deir , “nuair *nach *mbím in inmhe smaointiú ar phort. Tig ainm poirt isteach i m’aigne agus bím ar mo sheacht ndícheall ag iarraidh smaointiú ar an cheol féin. B’fhéidir go mbeadh *rap * dhó agam de, b’fhéidir go mbeadh sna méara agam ach bheinn in inmhe theacht ar an cheol. Cuireann sin tuathal .

Agus an deireadh seachtaine ceoil buailte linn arís, beidh tóir ar an fhidléir seo atá bliain is ceithre scór. Bhéarann misneach agus ardú croí , a deir , ceoltóirí óga a fheiceáil agus iad ag iarraidh stíl fhidléireachta Thír Chonaill a choinneáil ag dul agus na seanphoirt a fhoghlaim, agus buaileann seanchairde nach bhfeiceann ó thús go deireadh na bliana isteach chuige sa bhaile.

Fear uasal, séimh é John a chuireann fáilte roimh achan duine - a fhad is go bhfuil suim acu i gceol na fidle. Bíonn le cloisteáil go measartha minic ag casadh ceoil i dtigh Thaidhg Bhreisleáin in Ard an Rátha agus is cinnte go mbeidh le cloisteáil ann i rith dheireadh seachtaine na féile.

An Cupán Tae, Ard an Rátha, 30 Aibreán - 2 Bealtaine 2004

hAoine

Ceolchoirm i bhfómós chlann Chóilín - Vincent, Jimmy agus Peter - as Gleann na nGleannta. Baileoidh ceoltóirí le chéile san Ionad Pobail ag 8.00 p.m. agus bhéarfaidh siad aghaidh ina dhiaidh sin ar thithe tábhairne an bhaile.

Sathairn

Ranganna uirlisí ceoil. Seisiún scéalaíochta le Breezy Willow i dteach an Choirnéil, ag toiseacht ag meán lae. Ceolchoirm le James Byrne, an Beirneach, agus Marcus Ó Murchú, 3.00 - 5.00 p.m. Seisiún scéalaíochta le Packie Manus Byrne, 8.00 p.m. Damhsa sciobóil sa Tábhairne Lár, ag toiseacht ag 10.30 pm.

Domhnaigh

Ranganna ceoil mar a bhí ar an Satharn. Ceolchoirm le Seán Lee agus Séamus Gibson, 3.00 - 5.00 p.m. Ócáid scoir na féile, Ceolchoirm JohnThe Taesa Tábhairne Lár, ag toiseacht 8.00 p.m.

Is as Ard an Rátha í Eithne Ghallchobair. dochtúireacht á déanamh aici ar lámhscríbhinní leighis ó na meánaoiseanna faoi láthair. Is múinteoir Gaeilge í agus fidléir a d’fhoghlaim a cuid ceoil ó JohnThe Tae”.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.