AR NA SAOLTA SEO
Maireann oidhreacht Brooke agus Craig
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

cúis iontais é nach bhfuil muinín ag na Protastúnaigh as na Caitlicigh sna Chontae, dar le Robert McMillen, nuair a smaoiníonn ar an dearcadh diúltach i leith na gCaitliceach a bhí agus atá ag a gceannairí.

Íomhá
An Comhairleoir Bob Stoker: measann daoine áirithe go mbaineann le heite fhorásach an UUP
Íomhá
Íomhá
An PSNI: cén fáth nach bhfuil siad ag fiosrú an scéil?

We want these people to leave, but if it comes to it they could be ordered out at just 24 hours’ notice.”

B’in a dúirt fear amháin le hiriseoir agus b’ionannthese peopleagus Caitlicigh atá ina gcónaí in aice le Sandy Row, ceann de an ceantracha dílseacha is clú i mBéal Feirste.

Ag deireadh mhí Aibreáin, scaipeadh bileoga ar thithe sa cheantar ag iarraidh ar bhunadh na háite bata agus bóthar a thabhairt do Chaitlicigh a bhí ina gcónaí in árasáin i gCearnóg Whitehall. Níos moille, scríobhadh graffiti frith-Chaitliceach ar bhallaí sa chearnóg.

An rud ba shuimiula na himeachtaí seo ar fad an méid a dúirt comhairleoir de chuid an UUP, Bob Stoker.

Dhiúltaigh an tUasal Stoker an graffiti a cháineadh.

Mhaígh gur caitheadh liathróidí gailf ar mhná Protastúnacha, agus gur tugadh gríosáil mhillteanach do Phrotastúnaigh ag an deireadh seachtaine.

daoine ag dul a thabhairt drochíde do mhuintir an cheantair, caithfidh siad na hiarmhairtí a fhuilstin,” a dúirt le UTV.

Ba mhaith liom go n-imeodh na daoine seo as a stuaim féin siad freagrach as na hionsaithe as an drochíde,” arsa an Comhairleoir Stoker, abairt a bhí cosúil leis an abairt ag tús an ailt seo.

Bhí ráiteas Stoker suimiúil mar, an oíche roimhe sin, dhamnaigh an comhairleoir na bileoga, ach nuair a chonaic an graffiti bhí a mhalairt de scéal aige. Thaobhaigh leis na biogóidí seicteacha.

Seo an dearcadh náisiúnach. séasúr na máirseála ar toiseacht gan mhoill (an stopann i ndáirire?) agus an UDA ag iarraidh teannas a chruthú fríd an chineál seo seicteachais. chreideann náisiúnaithe go ndéanfadh Caitlicigh ionsaithe ar Phrotastúnaigh i gceann de na ceantracha dílseacha is fíochmhaire ó thuaidh.

Amharcann siad ar na heachtraí seo - na bileoga agus an graffiti - mar chuid de pholasaí lebensraum de chuid na ndílseoirí.

Ionsaithe

Le roinnt blianta anuas, líon na n-ionsaithe ar mhionlaigh eitneacha ag méadú go tapaidh - agus maraíodh fear as an Áis, Brij Sharma, ag deireadh mhí Aibreáin ar an Mhuine Mhór, baile dílseach. an UDA agus an UVF araon taobh thiar den fheachtas. Daoine ón Afraic agus ón Áis atá thíos leis an chiníochas seo ach, ainneoin gur Sínigh níos leath na ndaoine atá ina gcónaí i gCearnóg Whitehall, an bhéim anois á cur ar Chaitlicigh arís.

An rud is scáfara go bhfuil Bob Stoker luaite le heite fhorásach an UUP agus measann náisiúnaithe go bhfuil ag tabhairt tacaíochta go hindíreach d’fheachtas seicteach a bhfuil mar aidhm aige Caitlicigh a ruaigeadh amach as ceantracha Protastúnacha.

An UUP! An páirtí is atá i bhfach le dlí agus ceart, dar leo féin. Ba é David Trimble a mhol bunú an IMC le solas a dhíriú ar na paramílitigh.

ceist thábhachach á hardú ag na náisiúnaithe. Cad é an PSNI a dhéanamh? An bhfuil thar a gcumas fáil amach atá ag cur na mbileog seo amach agus stop a chur leis. Beart measartha simplí in áit chomh beag le Sandy Row, dar leat.

Tchí náisiúnaithe *pan-unionist front *ar obair - an PSNI, polaiteoirí aontachtacha agus na paramílitigh dhílseacha - ag teacht le chéile le múineadh a chur orthu, agus déanfaidh ráfla ar bith gnaithe le tús a chur le himeaglú in aimsir seo an Lambeg agus na fífe.

Ach, ó thaobh na n-aontachtach de, is bagairt é Caitliceach ar bith a bheith ina chónaí i gceantar s’acu. Fáisceann seo as éiteas an stáit, ó Sir James Craig agus a pharlaimint Phrotastúnach do Phobal Protastúnach anuas fríd na blianta. I Márta 1934, dúirt Basil Brooke: “Molaim do dhaoine gan Caitlicigh Rómhánacha a fhostú - 99 faoin chéad acu mídhilis.”

Sin teachtaireacht rialtas na linne, agus chreid daoine i gceantracha bochta Protastúnacha gur dream iad na Caitlicigh nach dtiocfadh leat muinín a bheith agat iontu.

Spiadóirí poblachtánachaceann de na *graffiti *a bhí scríofa ar Chearnóg Whitehall. Maireann oidhreacht Brooke agus Craig i gcónaí.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.