AGALLAMH BEO
Alan Titley
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill
Íomhá
Íomhá
Íomhá
An tAire Airgeadais Charlie McGreevy: sásta go raibh na Sasanaigh in Éirinn
Íomhá
Dealbh sa Chóbh, Contae Chorcaí i gcuimhne ar na milliúin a chuaigh ar imirce ón tír seo. An dtiocfaidh an lá in athuair nuair a bheas Éireannaigh ag bualadh ar dhoras Mheiriceá?

Fógraíodh an mhí seo caite go raibh Amach, úrscéal do dhaoine óga leis an scríbhneoir agus scoláire Alan Titley, ar ghearrliosta Ghradaim Bisto, a bhronntar gach bliain ar údair leabhar páistí. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoi scríobh an tsaothair seo, faoin saol acadúil agus faoin easpa measa atá aige ar an Aire Airgeadais agus ar bhaill eile de Rialtas na hÉireann.

Is minic a deirtear gur duine é Alan Titley a bhíonn gealgháireach agus dearfach i gcónaí, a chaitheann go cóir lena chuid mac léinn agus lena chomhghleacaithe. Ní cúis iontais ar bith a bhí ann, mar sin, gur chuir sé fáilte chroíúil romham nuair a bhuail mé isteach chuig a oifig i gColáiste Phádraig, Droim Conrach ag deireadh na míosa seo caite chun agallamh a chur air.

Nuair a chuirim in iúl dó gur mian liom labhairt leis faoina shaol, “Agallamh eile acu sin” a deir sé, ag osnaíl. Ní bhíonn deacracht ar bith agam, áfach, caint a mhealladh uaidh mar gur fear é a dtaitníonn an chumarsáid go mór leis agus a bhaineann an-sásamh as an imeartas focal.

Tá Titley ag léachtóireacht i Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig ó bhí 1974 ann agus tá sé ina cheann roinne le trí bliana is fiche. Bhain sé cáilíocht amach mar mhúinteoir bunscoile i 1967 agus chaith sé dhá bhliain ansin ag obair sa Nigéir, le linn bhlianta corracha Chogadh Bhiafra. Gearradh téarma príosúin seachtaine air agus é ansin de bharr gur labhair sé amach i gcoinne rialtas na Nigéire agus chonaic sé go leor uafás, daoine á gcur chun báis go poiblí mar shampla, agus é ag cur faoi sa tír. Thug sé roinnt blianta ag múineadh buachaillí bodhra tar éis dó filleadh ar Éirinn i 1969, go dtí gur ceapadh é ar fhoireann Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, ar coláiste oiliúna é do mhúinteoirí, mar aon le gnáth-ollscoil.

Ní ar an saol acadúil a labhraíonn muid i dtosach ach ar an leabhar is déanaí uaidh, úrscéal do dhaoine óga dar teideal Amach. Ainmníodh an saothar seo ar ghearrliosta Ghradaim Bisto (a bhronntar ar údair leabhar páistí) le gairid. Is scríbhneoir bisiúil é Titley a bhfuil úrscéalta, gearrscéalta, fabhalscéalta agus drámaí tagtha óna pheann. Tá a shaothar dúshlánach, go háirithe ó thaobh na teanga de, agus ní mór do go leor daoine dul i dtuilleamaí an fhoclóra agus iad á léamh. Deir Titley nach raibh sé deacair an leabhar seo do dhaoine óga idir deich mbliana agus dhá bhliain déag a scríobh, áfach, agus gur cabhair a bhí sa taithí a bhí aige cheana féin.

“Is dócha go gcaitheann tú rudaí a chur in oiriúint, go háirithe má tá drámaí á scríobh agat don raidió, don phobal. Ní féidir leat a bheith go hiomlán leithliseach má tá dráma á scríobh agat - caitheann tú díriú ar na daoine. Agus, ar ndóigh, tá sé seo fíor leis má tá tú ag tabhairt léachtaí do dhaoine gach aon lá sa bhliain, daoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu, ach nach bhfuil an Ghaeilge chomh maith acu is atá ag daoine a bhíonn á cleachtadh go rialta.”

Deir sé gur cuidiú mór a bhí ann fosta eagarthóirí cumasacha a bheith ag plé leis an saothar.

“Bhí eagarthóirí den scoth agam sa Ghúm - Seosamh Ó Murchú, Antain Mag Shamhráin, Máirtín Ó Cadhain - a bhí ana-dhian go deo. Bhí an scian amuigh acu, bhí an tua amuigh acu, bhí an leabhar gramadaí amuigh acu. Ach bhí sé go hiontach, caithfidh mé a rá. Ní miste liomsa é sin mar rachainn ar seachrán agus ar fálróid ar fud na háite, mar sin é an dóigh a scríobhaim.”

Tá go leor eachtraí a tharla dó féin agus dá chairde agus iad ag éirí aníos i gcathair Chorcaí le fáil sa leabhar áirithe seo. Iarracht atá ann, a deir sé, léiriú a dhéanamh ar an “mbligeardaíocht agus go deimhin maistínteacht agus amaidí” a bhíonn ar siúl ag leanaí. Deir sé nach ndéantar léiriú fírinneach go rómhinic i leabhair do dhaoine óga ar na rudaí a tharlaíonn “do lads *ar chúl sceiche nó ar chúl seide de réir mar a bhíonn siad ag fás” agus theastaigh uaidh féin méid áirithe de sin a léiriú in *Amach.

Drámaíocht na Gaeilge

Tá roinnt drámaí curtha ar an stáitse ag Titley go dtí seo agus cinn scríofa aige don raidió chomh maith. Nuair a fhiafraím de an measann sé, mar a mheasaim féin, go bhfuil caighdeán na drámaíochta Gaeilge an-íseal, seachnaíonn sé an cheist agus díríonn sé ar fhadhb eile a bhíonn acu siúd ar mian leo dráma a léiriú.

“Is dóigh liom gurb é an deacracht atá ann nach bhfuil dlúsphobal in áit ar bith, seachas b’fhéidir i nGaillimh, ar thairseach Chonamara, agus fiú amháin ansin tá sé ana-dheacair tabhairt ar dhaoine an bóthar fada polltach ón gCeathrú Rua a chur orthu isteach go Gaillimh le dul go dtí an Taibhdhearc. I mBaile Átha Cliath, tá sé níos casta fós, mar cé go bhfuil traidisiún áirithe drámaíochta anseo, tá roinnt deacrachtaí móra ann. An chéad cheann ná nach bhfuil leanúnachas de shórt ar bith ann. Is é sin, ní féidir leat a rá go mbeidh dráma Gaeilge ar siúl go rialta, ná go neamhrialta. Dá ndéarfadh duine, ‘Beidh séasúr drámaíochta ar siúl i mí na Samhna gach aon bhliain nó i mí Aibreáin gach aon bhliain, agus beidh cúig cinn de dhrámaí Gaeilge ar siúl’, cuir i gcás sa Phéacóg, dob fhéidir, dar liom, lucht na Gaeilge a thabhairt le chéile nó fuinneamhinstealladh díocais éigin a chur isteach iontu.”

Cáineann sé iad siúd i bpobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath nach bhfuil sásta tacaíocht a thabhairt do dhrámaí a chuirtear ar an stáitse. Luann sé, mar shampla, léiriú den dráma *An Druma Mór *a raibh sé aige roinnt blianta ó shin agus nach raibh ach cúigear i láthair aige. Tá sé den tuairim nach bhfuil meas ceart ag go leor de lucht na Gaeilge ar a litríocht féin.

“Tharla rud diamhair dom oíche amháin, nuair a dhein Micheál Ó Conghaile aistriúchán ar Banríon Álainn an Líonáin le Martin McDonagh agus bhí sé ar siúl sa Samuel Beckett Theatre i gColáiste na Tríonóide, b’fhéidir dhá bhliain nó trí bliana ó shin. Bhíos ann an chéad oíche agus bhí sé lán go doras (agus chuala go raibh an tarna hoíche mar an gcéanna). Glacann an amharclann sin trí chéad duine nó níos mó. Bhí daoine ag titim amach as na doirse. Agus Gaeilge ar fad a bhí ar siúl acu - níor chuala mé focal Béarla. Agus formhór na ndaoine, níor aithin mé iad. Agus dob ait liom ar fad é agus nílim tar éis teacht chun réitigh go hiomlán leis. Ach sílim go mb’fhéidir go bhfuil aigne choilínithe ag go leor de mhuintir na Gaeilge, fiú daoine a bhfuil Gaeilge den scoth acu. Go ndúradar, ‘Is dráma é seo a bhfuil ráchairt mhór air sa Bhéarla, tá cáil ar Mhartin McDonagh, dá bhrí sin is dráma maith é. Níor éirigh linn é a fheiscint sa Bhéarla, mar sin táimid chun é a fheiscint sa Ghaeilge.’ Sin an léamh atá agamsa air.

“Na daoine céanna sin, ní bhacfaidís beag ná mór le teacht go dtí dráma Gaeilge. Braithim go minic go bhfuil easpa muiníne ag lucht na Gaeilge as a gcuid litríochta féin. Abair, níl mé ag iarraidh a bheith dian ar dhaoine mar tá daoine díograiseacha ann i gcónaí, ach ar éigean go bhfuil scríbhneoir ar bith Gaeilge arb é an cháil atá air gurb í an drámaíocht an chloch is mó ar a phaidrín, rud atá spéisiúil.”

Níl sé róthógtha le haistriúcháin a bheith á ndéanamh go Béarla ar shaothar scríbhneoirí Gaeilge, ach tuigeann sé cén fáth a bhfuil sé seo riachtanach.

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

The New Era Grammar of Modern Irish le Gerald O’Nolan.

Cén ceol is fearr leat?

Rud ar bith le Daniel O’Donnell

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

The Wizard of Oz.

Cá dtéann tú ar saoire?

Isteach im shamhlaíocht.

Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?

Seacht n-uaire.

Cén bhialann is fearr leat?

Fusciardi’s.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

Mary O’Rourke, ceannaire an tSeanaid.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

Eminem.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

An greann.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

Ó gheal go geal.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

An greann.

An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an mhéid atá bainte amach agat?

Níl, agus tá.

“Ní miste cúrsaí aistriúcháin, mar mura mbeadh aistriúchán ann, ní bheadh a fhios ag daoine go bhfuil an Ghaeilge ann. Is crá croí agus pian é an méid sin a admháil ach ní bheadh a fhios ag daoine go bhfuil sí ann. Dá bhrí sin, tá leis an aistriúchán. An baol atá ann i gcónaí ná má sholathraíonn tú an t-aistriúchán gur dóigh le daoine gur sin an bunleagan. Bíonn aighneas síoraí ann idir an dá rud sin. Níl aon réiteach simplí air. Is geall le tionscal é a bheith ag aistriú fhilíocht na Gaeilge go Béarla.

“Ach is cuma cén t-aistriúchán a dheintear, dá fheabhas é, tá sé ciotrúnta, tá sé bacach, níl sé dílis. Mídhílseacht go bunúsach atá san aistriúchán ach tá gá leis. Ach tá baol ana-mhór ag baint leis. Mar shampla, déantar plé ar Nuala Ní Dhomhnaill mar fhile Béarla ar chúrsaí Béarla ar fud na hÉireann, dá bhrí sin tá gabháltas á dhéanamh uirthi.”

Easpa ama

Ba bhreá le Titley a bheith in ann luí isteach ar an scríbhneoireacht chruthaitheach níos mó ach tá sé deacair é sin a dhéanamh agus ualach trom oibre air i gColáiste Phádraig. Deir sé go bhfuil sé sásta ansin, áfach, agus gur breá leis a bheith i dteagmháil leis an dream óg go laethúil. Tá sé sásta a admháil nach bhfuil caighdeán na Gaeilge chomh hard i measc na mac léinn is a bhí nuair a chuaigh seisean i mbun oibre sa choláiste i dtosach.

“Níl aon amhras nach bhfuil an caighdeán chomh hard is a bhí. Ach cuireann sé iontas orm a fheabhas is atá an Ghaeilge ag go leor leor daoine fós, ach níl aon amhras nach bhfuil sí chomh maith. Ina choinne sin - agus níl a fhios agam an aon chúiteamh é seo - ní bhraitheann tú an naimhdeas céanna. Ní bhraitheann daoine gur namhaid dóibh an Ghaeilge níos mó nó go bhfuil an Ghaeilge á brú orthu mar a bhíodh. Agus, dá réir sin, na daoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu oscailte, tá siad fáilteach, tá siad bríomhar agus is daoine den scoth go leor díobh. Ach is athrú saoil é agus is dócha gurb é an dúshlán atá ann do lucht na Gaeilge ar gach leibhéal den oideachas ná dul i ngleic leis sin.”

Go minic le linn an agallaimh, luann sé go bhfuil níos mó mac léinn ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge i gColáiste Phádraig ná mar atá sna coláistí tríú leibhéal eile sa tír le chéile, thuaidh agus theas (ag fágáil Choláiste Mhuire gan Smál i Luimneach as an áireamh). Deir sé cúpla babhta chomh maith go bhfuil caighdeán na mac léinn an-ard, go bhfuil siad fiú níos fearr ó thaobh na Gaeilge de ná go leor de na mic sna coláistí eile. Braithim go dtuigeann sé go maith go mbíonn cuid den dream acadúil ag caitheamh anuas ar an Ghaeilge mar ábhar i gColáiste Phádraig agus nach bhfuil oiread measa acu ar Roinn na Gaeilge ansin is ba cheart dóibh.

“Tá scéalta cloiste agam thall is abhus. Bhí mé mar scrúdaitheoir seachtrach in áiteanna thall is abhus agus bhí leisc ar dhaoine cead a thabhairt do mhic léinn a dhein an B.Ed dul isteach i gcúrsaí MA i gcoláistí eile. Ach is easpa eolais níos mó ná rud ar bith eile é sin, go samhlaíonn siad go bhfuil an B.Ed ar shlí éigin ar chéim níos ísle ná an BA s’acu féin. A mhalairt ar fad atá fíor! Trí chéile, bíonn caighdeán lucht an B.Ed anseo, ar an meán, i bhfad níos airde ná caighdeán an ghnáthmhic léinn BA in aon cheann des na coláistí ar fud na tíre.”

Molann sé a chomghleacaithe go hard fosta.

“I gcomparáid le ranna eile Gaeilge, go deimhin i gcomparáid le ranna eile anseo, tá scoláirí den scoth againn, a bhfuil míle leabhar curtha ar fáil acu, atá i lár an ghoirt maidir leis an nGaeilge féin. Is pléisiúr é a bheith ag obair leo.”

Is cúis frustrachais dó, áfach, nach bhfuil foireann mór go leor ag obair leis. Nuair a fhiafraím de an féidir leo seirbhís cheart a chur ar fáil do na mic léinn, ag cur san áireamh a laghad sin daoine a bheith ag obair sa roinn, tugann sé freagra macánta.

“Ní féidir. Ar an gcomhaireamh deireanach, bhí deichniúr ag obair go lánaimseartha againne. Dá mbeadh an coibhneas céanna againne is atá i gColáiste na Tríonóide nó sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, nó go deimhin féin i gColáiste na Ríona i mBéal Feirste, déarfainn go mbeadh tríocha duine lánaimseartha san fhoireann againn féin. Dá bhrí sin, is é freagra gonta na ceiste ná nach féidir linn. Agus níl mise ag ceilt nach féidir linn. Sin bun agus barr an scéil.

“Níl aon tsocrú ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, ag an Údarás um Ardoideachas agus, i ndeireadh na preibe, níl aon tsocrú ag an rialtas go gcaithfí leis an nGaeilge ar aon phioc difriúil le haon ábhar eile. Agus sin é náire an stáit.”

Deir sé go bhfuil meas aige ar an Aire na Gaeltachta Éamonn Ó Cuív ach gur dóigh leis nach n-éiríonn leis dul i bhfeidhm ar dhaoine eile sa rialtas ó thaobh na Gaeilge de. Creideann sé go bhfuil an tAire Sláinte Mícheál Martin dáiríre faoin obair atá ar bun aige fosta ach, seachas an bheirt sin, níl meas aige, a deir sé, ar éinne eile sa rialtas.

“Déarfainn go bhfuil daoine sa rialtas - agus cloiseann tú ráflaí - gur cuma leo agus a bheadh, go deimhin, naimhdeach don teanga. Tá ráflaí cloiste agamsa, mar shampla, go raibh an tAire Airgeadais [Charlie McGreevy], go raibh sé go binbeach in aghaidh TG4 an chéad uair riamh.

“Chuala le linn an toghcháin dheiridh - agus chuala mé ar an nuacht é - go ndúirt sé, ‘It was a good thing that the English were here, because if they weren’t here we wouldn’t have had as many fine buildings.’ Ghlaoigh mise isteach chuig Fianna Fáil agus dúirt mé, ‘An é sin an meon atá ag Aire Airgeadais na tíre seo?’ Baineadh an rud den chéad nuacht eile - is léir go ndúirt sé é. Agus má cheapann an tAire Airgeadais go bhfuil an tír seo go maith toisc go raibh na Sasanaigh ann, is dóigh liom go bhfuilimid caillte dáiríre, nach bhfuil dóchas dá laghad ann. In ainm Dé, cén fáth a mbeadh duine mar sin mar aire i rialtas Éireannach? Agus ní bheadh puinn dóchais agam as go leor díobh.”

An reifreann

Éiríonn Titley feargach agus tagann crith ina ghlór nuair a thosaíonn muid a phlé an reifrinn ar shaorántacht a bheas ar siúl in Éirinn ar an 11 Meitheamh. Is iarracht é an reifreann seo a chinntiú nach mbeidh cead saorántachta a thuilleadh ag páistí inimirceach a shaolófar in Éirinn ach nach mbeidh ach tréimhse ghearr caite ag na tuismitheoirí sa tír.

“Sílim gur rud buile ar fad atá ann. Sílimse gur cheart go gcuirfimis fáilte roimh chách, gach aon sórt duine. Tógann muidne isteach an líon is lú d’inimircigh as tíortha ar fad na hEorpa. Goilleann sé go mór orm. Nuair a bhí mise ag fás aníos, bhí caint ar na leanaí dubha san Afraic, bhí caint ar an gcinedheighilt san Afraic Theas. Bhí gach duine in aghaidh na cinedheighilte san Afraic Theas, ach an túisce is a tháinig siad go leic an dorais againn féin, d’éiríomar sprionlaithe, agus ceachartha agus just fucking barbartha i ndáiríre. Agus caithfeadsa a rá ná beadh fonn ar bith ormsa a bheith i mo shaoránach de chuid na tíre seo dá gceapfaimis ar aon tslí go rabhamar níos fearr ná cine ar bith eile ar domhan. Tá sé uafásach.

“Tá díomá an domhain orm le gach aon cheann des na páirtithe; níl sé de *spunk *ná de mhisneach ag páirtí teacht amach agus diúltú glan dó seo. Ba cheart na doirse a oscailt agus ligint do bhochtáin an domhain teacht isteach, ar ár son féin agus ar a son-na. Is fearrde Éire na daoine seo go léir a theacht isteach.

“Tá súil agam go dtiocfaidh bochaineacht thar n-ais sa tír seo go luath agus go mbeidh daoine ag iarraidh dul go Meiriceá agus go ndéarfaidh Meiriceá, ‘No, tá an doras dúnta oraibh.’ Agus go dtuigfear ar feadh tamaill bhig arís conas mar a bhí sé agus conas mar atá sé ag na daoine seo.

“Is beag rud a chuireann oiread feirge orm is a chuireann an sprionlaitheacht agus an ciníochas. Is ciníochas atá ann mar bhí daoine ag teacht chun na tíre seo ina mílte agus ina mílte le scór bliain anuas - Sasanaigh, agus Meiriceánaigh agus Astrálaigh den chuid is mó. Ní raibh aon chaint gur cheart aon chosc a chur orthu agus ní chuirfinn aon chosc orthu. Ach an túisce is a thagann daoine a bhfuil imir bheag dhorcha ar a gcraiceann, agus teanga eile ar a mbéal acu, ansin cuirtear cosc orthu. Sin ciníochas. Tugtar ainm ar bith eile air nó déantar leithscéal ar bith, sin ciníochas, dar liom.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.