CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Ciarraíoch ceolmhar
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Is í Muireann Nic Amhlaoibh, bean óg as Dún Chaoin, atá mar phríomhamhránaí leis an ngrúpa ceoil Danú. gurb iad na hamhráin is a choinníonn gnóthach í leis an ngrúpa seo, seinneann ar an bhfeadóg mhór chomh maith. Labhair Antaine Ó Faracháin léi faoi shaol an cheoil.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Antaine Ó Faracháin: A Mhuireann, a chara, as Dún Chaoin duit, nach ea? Inis dom beagán faoin áit sin.

Muireann Nic Amhlaoibh: Áit aoibhinn, iargúlta is ea í. athrú mór tagaithe ar an áit le blianta beaga anuas ó thaobh thógáil tithe de, go mór mhór tithe samhraidh, ach rud éigin speisialta fós mar gheall ar an áit. na daoine ann lán de spiorad agus craic. Is breá liom dul abhaile nuair is féidir liom é.

AÓF: Agus cén áit a bhfuil cónaí ort anois ?

MNA: cónaí orm i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath.

AÓF: Ar mhaith leat filleadh ar ais go Dún Chaoin le bheith i do chónaí ansin am éigin, an maith leat Baile Átha Cliath?

MNA: láthair níos oiriúnaí dom a bheith i mBaile Átha Cliath agus ag taisteal le Danú. Dún Chaoin i bhfad ó gach áit! B’fhéidir go bhfillfead abhaile am éigin sa todhchaí ach níl aon phleananna agam go fóill. Téim abhaile gach aon chúpla seachtain scéal é.

AÓF: Cén áit ar fhoghlaim do chuid amhrán? An amhráin as d’áit dhúchais féin ar fad iad?

MNA: Canaim as Gaeluinn agus as Béarla. Maidir leis na hamhráin Ghaeluinne, is amhráin ó Chorca Dhuibhne a bhformhór. D’fhoghlaimíos iad ó amhránaithe áitiúla. saibhreas mór amhránaíochta aige baile againn agus ana-chuid amhránaithe nótáilte ar nós ÁineCheaist Chatháin, Eibhlín Chearna, PáidíMharthanMac Gearailt, Éilís Chinnéide agus muintir Bheaglaioch.

AÓF: An bhfuil mórán amhrán agat? Cad iad na cinn atá ar do liosta agat faoi láthair, gur mhaith leat a fhoghlaim?

MNA: Is dócha go bhfuil stór réasúnta agam ach bím i gcónaí ag foghlaim. láthair táim ag foghlaimBeauty Deas an Oileáina chum Seán Ó Duinnshléibhe ón mBlascaod Mór.

AÓF: An dtógann mórán ama ort amhrán a fhoghlaim?

MNA: thógann is dócha, ach tógann tamall go dtí go mbím ar mo shuaimhneas go leor chun é a chanadh os comhair lucht éisteachta!

AÓF: Inis dom faoin bhfeadóg mhór. Cén chaoi ar thosaigh air sin?

MNA: Seinneann m’athair an veidhlín agus thosnaigh féin ar an veidhlín agus ana-óg ach raibh mórán dúile agam ann agus, caithfidh a , rabhas rómhaith. Fuaireas feadóg mhór nuair a bhíos timpeall a deich agus táim á seinnt ó shin. Do bhí cúpla ceacht agam ach d’fhoghlaimíos an chuid is de mo chuid ceoil ag seinnt sna seisiúin aige baile agus i mBaile Átha Cliath. Chaitheas tamall i Luimneach, áit ar bhaineas amach Máistreacht sa Cheol Traidisiúnta. Do b’í an fhliúit an phríomhuirlis a bhí á staidéar agam ann.

AÓF: Cén duine daoine a mhúin an fheadóg mhór duit?

MNA: I dtús báire do mhúin Bríd Donnelly ó Chontae Fhear Manach . Maireann i mBaile an Fheirtéaraigh. Ansin, blianta fada ina dhiaidh sin, do mhúin Niall Keegan i Luimneach .

AÓF: Cén fliúiteadóir is fearr leat?

MNA: ana-chuid fliúiteadóirí maithe timpeall ach is breá liom a bheith ag éisteacht le Conal Ó Gráda, Harry Bradley, agus Tom Doorley a sheinneann sa ghrúpa liom.

AÓF: Agus cén t-amhránaí is fearr leat?

MNA: Is maith liom na hamhránaithe go léir a luas níos luaithe ó Chiarraí, chomh maith le Dolores Keane, Niamh Parsons, Darach Ó Catháin agus Paul Brady.

AÓF: An bhfuil albam ar bith a thaitníonn níos leat aon cheann eile?

MNA: Níl. Éistím le gach sórt ruda! na céadta dlúthdhiosca agam agus is maith liom iad go léir. Braitheann ar cén giúmar atá orm.

AÓF: Cén chaoi ar thosaigh an spéis seo ar fad atá agat san amhránaíocht agus sa cheol?

MNA: ón gcliabhán agam. Bhí ceol i gcónaí sa tigh againn agus bhí an t-ádh liom go raibh an traidisiún mórthimpeall orm agus ag éirí aníos.

AÓF: Inis dom mar sin conas a thit amach gur thosaigh ag canadh agus ag casadh leis an ngrúpa Danú.

MNA: seanaithne agam ar an veidhleadóir sa ghrúpa Oisín Mac Amhlaidh ó Thír Chonaill agus is trí Oisín a chuala na leaids mo chuid amhránaíochta agus a chuireamar aithne ar a chéile.

AÓF: An maith leat a bheith leis an ngrúpa?

MNA: Is breá liom é, go mbíonn dian go leor uaireanta. an t-ádh dearg liom go bhfuil de sheans agam a bheith ag déanamh ceoil mar ghairm bheatha.

AÓF: Inis dom beagán faoi na ceoltóirí eile atá sa ghrúpa leat. hiad agus as dóibh?

MNA: seachtar ar fad sa ghrúpa, Tom agus Éamonn Doorley ó Ghleann na gCaorach i mBaile Átha Cliath, Benny McCarthy ó Dhún Garbhán, Óisín Mac Amhlaidh ón gCarraig i dTír Chonaill agus Donnchadh Gough agus Dónal Clancy ón Rinn.

AÓF: Cén áit a ndéanann sibh cleachtadh mar sin, más as áiteachaí éagsúla sa tír sibh ar fad?

MNA: Tagaimid le chéile, de ghnáth sa Rinn, agus tógaimid tigh ar cíos ar feadh cúpla seachtain agus bíonn cleachtadh den shórt againn ann!

AÓF: Is an t-aon bhean atá sa ghrúpa, i measc scata fear. An maith leat é sin, an gcruthaíonn aon fhadhbanna?

MNA: taithí agam ar a bheith ar an aon chailín amháin. chuireann as dom rómhór. Bíonn deas casadh ar mhná eile agus sinn ag taisteal mar sin féin.

AÓF: a roghnaíonn na píosaí ceoil don ghrúpa?

MNA: Gach éinne. Bíonn ár dtuairimí féin againn go léir. Sin an fáth go bhfuil éagsúlacht mhór sa cheol a sheinnimid.

AÓF: An roghnaíonn tusa do chuid amhrán féin? a dhéanann iad a chóiriú?

MNA: De ghnáth roghnaím féin iad agus ansin téimid ag obair le chéile chun iad a chóiriú.

AÓF: An seinneann sibh aon phíosaí ceoil atá nuachumtha ag duine den ghrúpa?

MNA: Táimid ag seinnt poirt a chum Tom agus Oisín láthair agus táim cinnte go mbeidh a thuilleadh ceoil á chumadh ag muintir Danú amach anso.

AÓF: An dtéann sibh thar lear go minic?

MNA: Téimid thar lear timpeall huaire sa bhliain. Táimid díreach tagaithe abhaile ó Mheiriceá agus Ceanada agus beimid ag tabhart aghaidhe ar Shasana agus ar Albain go luath. Táimid ag dul go dtí an tSeapáin i na Nollag - táimid ag súil go mór leis sin.

AÓF: Cad iad na halbaim atá déanta agaibh?

MNA: ceithre albam déanta ag Danú, Danú, Think Before You Think, All Things Considered agus, an ceann is déanaí, liom féin, The Road Less Travelled. albam nua á sheoladh go luath againn ar a bhfuil ceol aonair uainn go léir. Up in the Air is ainm .

AÓF: An bhfuil aon phlean eile agaibh?

MNA: Táimid ag obair ar DVD beo a chur amach. Beimid ag seinnt i Vicar Street ar an 6 Bealtaine agus beidh an cheolchoirm sin á taifeadadh againn.

AÓF: Cad é an rud is gur mhaith leat a bhaint amach fós, ó thaobh an cheoil de agus ó thaobh na hamhránaíochta de?

MNA: Níor cheapas riamh go mbainfinn amach an méid atá bainte amach go dtí seo agam. Níl uaim ach a bheith dílis don cheol, is dom féin!

AÓF: An éiríonn tuirseach den cheol ariamh?

MNA: éiríonn. Éirím tuirseach den taisteal, áfach.

AÓF: Cén t-amhrán is fearr leat agus an bhfuil aon amhrán ann gur fuath leat?

MNA: mar sin a bhraithim mar gheall ar amhráin. Oireann cinn áirithe dom agus cinn eile ann nach n-oireann dom.

AÓF: An gcasann mórán amhrán i mBéarla? cén saghas meascáin atá ann idir amhráin Ghaeilge agus amhráin Bhéarla i do repertoire?

MNA: meascán mór agam agus ana-chuid amhrán Béarla agam. Cinn chríonna agus cinn nuachumtha.

AÓF: An bhfuil aon chomhairle le tabhairt agat do dhuine a bheadh ag iarraidh a bheith ina (h)amhránaí ina c(h)eoltóir le grúpa ceoil?

MNA: Éist go cúramach le gach aon amhránaí agus ceoltóir a chloiseann . ag foghlaim uathu. Coinnigh leis agus bain taitneamh as.

tuilleadh eolais ar fáil faoin ngrúpa Danú ag www.danu.net agus www.danu.ws.

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.