AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Fonn cuartaíochta ar Bhalor
Balor Balor Balor

Anois teacht an tsamhraidh tá fonn ar Bhalor a phluais a fhágáil agus aghaidh a thabhairt ar an saol mór arís. Má tá tusa sásta lóistín saor in aisce a chur ar fáil do ar feadh cúpla mí, seo do sheans!

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

“Bhí mé á rá! Nach é sin a bhí mé á rá!” a mhaíonn Balor an Baothán. Cad é a bhí á rá aige, meas sibh? Bhí a fhios aige, dar leis, nach dtréigfeadh muintir na hÉireann an spórt fola is ansa leo ar fad: an cuntas fada. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an fheachtas polaitíochta agus tá éifeacht áirithe ag baint le lá an toghcháin féin. Bíonn spórt ag baint leis an stocaireacht a dhéanann na hiarrthóirí agus a lucht tacaíochta, le dó phóstaeirí na bpáirtithe eile, le ciceáil mhuintir na bpáirtithe eile, le scrios oifigí na bpáirtithe eile; leis na mionnaí móra agus na mionnaí beaga, leis an bhualadh bos agus an buaileam sciath, leis na bréaga agus na gealltaí, leis an gheáitseáil agus leis na gothaí, ach fós níl sárú an chuntais fhada ann.

Níl rud ar bith níos fearr amuigh, dar le Balor an Scolardach, ná bheith cuachta cois tine ó oíche go maidin, do chosa ar an bhac, do thóin ar an chúisín, gloine lán i nglac amháin agus an cianrialaitheoir sa dorn eile, tú ag grinniú grafanna agus táblaí, ag éisteacht le Brians Ó Fearghaíl ag bladar leis agus tú ag fanacht go foighdeach le toradh an naoú cuntas déag ó Scibirín Thoir Theas. Sin é an saol, a mhic ó! Sky Spórt? Níl barúil acu cad é an rud é fíorspórt. “Buíochas le Dia, le Bertie agus le Máirtín Ó Coillín (san ord sin),” a ghuíonn Balor, “gur caitheadh an vótáil leictreonach amach ar an charn aoiligh. Ár mbuíochas leis an triúr acu nach bhfuil seanspórt náisiúnta na hÉireann ag gabháil a bheith caillte. Cad é a dhéanfadh na glúnta atá fós le teacht, gan trácht ar a shleachta sin agus ar shleachta a sleachta.”

Is doiligh labhairt ar mhí ar bith gan an chéad lá a chur sa chuntas, go háirithe nuair is é Lá Bealtaine an chéad lá sin. “Dia go deo leis na seanlaethanta nuair a d’fhágadh Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna na dúnta Lá Bealtaine leis an chéad sé mhí eile a chaitheamh ag seilg ar na sléibhte agus ag spraoi ar na bánta,” a deir Balor an Réamhstaraí. Tamall i ndiaidh na Féinne, agus go maith sular tháinig an Chríostaíocht, tháinig an Caitliceachas leis na bláthanna Bealtaine, na mórshiúlta Bealtaine, na cléirigh túise, na cléirigh choinnle, na hiomainn agus na buachaillí sagairt.

Ach sa lá atá inniu ann, ní ar Fhionn Mac Cumhaill agus ar na Fianna a chuimhníonn muid Lá Bealtaine, ná ar na mórshiúlta Caitliceacha, ná go fiú ar na mórshiúlta Cumannacha, ach ar na hainrialaithe. Is leo sin anois Lá Bealtaine, dar leo féin, agus ag iad ag sleamhnú amach as a gcuid pluaiseanna le trioblóid a chothú sa tírín seo nach bhfuil taithí ar bith aici ar thrioblóid. “Ach cé hiad féin?” a cheistíonn Balor. “An Wombles Shasana iad uilig nó an bhfuil ár muintir ainrialach féin sa bhaile againn?” Is léir go bhfuil, nuair a chuimhníonn muid ar an Aire Éadóchais a mhaíonn nach bhfuil sé de cheart ná de chead ag Taoiseach na tíre é a lochtú. Nach deas an eiseamláir é don chuid eile againn a ghlacann le cáineadh, le tabhairt amach agus le caitheamh anuas gan cheist, gan cheasacht, gan chasaoid? Ó sea! Is mór an náire é!

Lá Bealtaine na bliana seo rinne rialtas na hÉireann éacht thar éachtaí dá ndearna siad riamh roimhe, níos tábhachtaí agus níos mó ar leas na tíre ná go fiú an pinsean a bhaint de na baintreacha. Is é atá i gceist ná cúig thír is fiche a aontú le chéile in aon aonad amháin. Ach cad é mar a d’éirigh leo sin a dhéanamh nuair nár éirigh leo fós aon tírín beag amháin a aontú? Nó aon rialtas amháin a aontú? Nó, go fiú, aon pháirtí beag baoideach amháin a aontú? Sin ceist do na saineolaithe - nó b’fhéidir do na síceolaithe - nó b’fhéidir do na diagairí.

Ach is mí fhriseáilte, íocshláinteach, athbhríoch í mí seo na Bealtaine, dar le laoch na litríochta: an t-am a dtagann duilliúr ar na crainn agus bláthanna ar na sceacha, an t-am a dtosaíonn suán na beatha ag sníomh aníos arís fríd a chuid féitheacha. Cuireann an borradh seo sa dúlra croí Bhalor, agus níos mó ná a chroí, ar crith. Ar nós laochra na Féinne fadó, agus ar nós na n-ainrialaithe féin, tagann fonn air an phluais a fhágáil agus dul ar cuairt. Má tá léitheoir dílis ar bith de chuid *Beo Ar Éigean *amuigh ansin a bheadh sásta Balor bocht a ligean thar an tairseach isteach, díreach le lóistín saor in aisce a thabhairt dó ar feadh cúpla mí, ní gá ach d’ainm agus do sheoladh a fhágáil le heagarthóir na liarlóige, Éamonn Ó Doornail, agus an chuid eile a fhágáil faoi féin. Ná bíodh díomá oraibh, a léitheoirí mo chroí, má chailltear bhur n-ainmneacha i measc na mílte ainmneacha eile. Ná bígí idir dhá thine Bhealtaine - tiocfaidh bhur mí. Slán tamall agus bíodh Bealtaine mhaith agaibh.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net.).

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.