CÚRSAÍ SPÓIRT
An bhfuil Cúige Laighean in ísle brí?
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Léiríonn seasamh na bhfoirne as Cúige Laighean sa sraithchomórtas náisiúnta go bhfuil an ceart acu siúd a deir go bhfuil an iománaíocht sa chúige sin ag dul i léig, dar le Colm Mac Séalaigh.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Ag deireadh bhabhta a haon de Shraithchomórtas Iomána Náisiúnta Allianz, is mar seo a leanas a bhí seasamh na bhfoirne:

Roinn a hAon A

  1. Gaillimh8 bpt
  2. An Clár 8 bpt
  3. Port Láirge6 pht
  4. Cill Chainnigh6 pht
  5. Laois2 pht
  6. Áth Cliath0 pt

Roinn a hAon B

  1. Corcaigh9 bpt
  2. Tiobraid Árann7 bpt
  3. Luimneach6 pht
  4. Uíbh Fháilí6 pht
  5. Loch Garman2 pht
  6. Aontroim0 pt

Faoin gcóras atá i bhfeidhm i mbliana agus le cupla bliain anuas, chuaigh trí fhoireann ó gach roinn chun cinn le himirt in aghaidh a chéile agus an dá fhoireann leis an méid is mó pointí le bheidh i gcoinne a chéile sa chraobh. Is cuimhin linn craobh na bliana seo caite idir Chill Chainnigh agus Tiobraid Árann mar chluiche breá, drámatúil ina raibh cuid de na cúil ab fhearr a scóráladh i rith na bliana sin le feiceáil; bhí an bua ag Cill Chainnigh nuair a shíl gach a bhí i láthair gur ag Tiobraid Árann a bheadh an lá suas go dtí na nóiméid dhrámatúla dheireanacha úd. Ach ní bheidh ceachtar den dá fhoireann sin sa chraobh i mbliana ach péire an-neamhchoitianta ar fad: Gaillimh agus Port láirge. Go n-éirí sé leo.

Ach is é an leath íochtair de Roinn a hAon is cás dúinn san alt seo dáiríre. Sa leath sleamhain sin den Sraith Náisiúnta Iomána, Roinn a hAon, imríonn na sé fhoireann is ísle sa roinn i gcoinne a chéile. Agus an duais? Fanacht i Roinn a hAon don chéad bhliain eile nó a bheith díbeartha go dtí iargúil Roinn a Dó! Faoin gcóras seo bhí sé fhoireann réasúnta sona (Gaillimh, etc.), agus trí fhoireann míshona (toisc nár cháiligh siad do na babhtaí ceannais) agus trí cinn faoi bhrú (mar go raibh an baol ann go dtitfidís go Roinn a Dó). Agus cé a chaill amach agus na cluichí go léir imeartha? Uíbh Fháilí bocht, in ainneoin gur bhuadar trí chluiche sa chéad bhabhta den tsraith.

Nuair a chríochnaigh babhta a haon bhí rud amháin suntasach agus ina údar imní ag an lucht leanúna: nár cháiligh contae ar bith as Cúige Laighean, Cill Chainnigh san áireamh, do bhabhtaí ceannais na Sraithe Náisiúnta. B’fhéidir gur léiriú é seo ar staid na hiomána i gCúige Laighean agus go bhfuil an ceart ag na saineolaithe atá ag rá le roinnt blianta anuas go bhfuil Cúige Laighean ag titim ar gcúl, taobh thiar de Chúige Mumhan agus Gaillimh.

Ag dul i léig

Cé gur bhuaigh Cill Chainnigh Craobh na hÉireann i 1992, 1993, 2002 agus 2003, agus go rabhadar sa chraobh i 1991, 1998 agus 1999, agus go raibh an bua ag Uíbh Fháilí i 1994 agus 1998, agus ag Loch Garman i 1996, tá an tuairim amuigh go bhfuil an iománaíocht i gCúige Laighean ag dul i léig. An fhianaise don tuairim sin ná chomh haontaobhach is a bhí na cluichí i Laighin le cúpla bliain anuas nuair a bhí Cill Chainnigh ag imirt in aghaidh contaetha eile, agus torthaí na gcluichí sraithe i mbliana. (Cé gur bhuaigh Cill Chainnigh agus Uíbh Fháilí trí chluiche, ní raibh dóthain scóranna acu.)

I ngeall ar mheath Uíbh Fháilí agus Loch Garman, go háirithe le cúpla bliain anuas, mhol an Coiste Forbartha Iomána go nglacfadh Gaillimh páirt i gCraobhchomórtas Laighean, ach ní raibh suim ag muintir an iarthair sa mholadh sin. Ceapadh go mbeidís sásta triail a bhaint as toisc go mbíonn siad ag clamhsán go minic faoi laghad na gcluichí a bhíonn acu sa chraobhchomórtas gach bliain (ceann nó dhó gach bliain i gcoinne foirne láidre - an Clár agus Tiobraid Árann anuraidh, mar shampla).

Maidir le Laighin, áfach, níl aon dabht faoi ach go bhfuil Cill Chainnigh imithe chun cinn ar Loch Garman agus Uíbh Fháilí agus go mór ar Áth Cliath agus Laois, ach ná déanaimis dearmad gur thug Cill Chainnigh léasadh do gach contae eile le dhá bhliain anuas toisc go bhfuil foireann seo Chill Chainnigh ar fheabhas ar fad. Táim féin sásta a rá anois go bhfuil an fhoireann seo ar cheann de na foirne is fearr a bhí riamh ann agus go mbeifear den bharúil sin go coitianta taobh istigh de chúpla bliain eile.

Maidir leis an Sraithchomórtas atá beagnach thart, is údar imní é chomh lag is a bhí Áth Cliath agus Aontroim (gan bua ar bith) agus Laois agus Loch Garman (bua amháin) sa chéad bhabhta. Ní hamháin gur chaill na foirne sin gach cluiche beagnach eatarthu, ach má fhéachaimid ar a gcuid scóranna feicimid go raibh scórdhifríocht an-dona acu. I gcás Átha Cliath agus Aonroma is measa an scór ina gcoinne ná an scór ar a son le 48 agus 53 pointe faoi seach. Agus níl Laois agus Loch Garman mórán níos fearr ná iad. Is é an ghné de na torthaí is mó gur údar imní í ná go dtugann siad le fios go bhfuil ceithre chontae i bhfad taobh thiar den chuid eile agus, dá bhrí sin, nach bhfuil ach ocht gcontae ar a mhéid ann dáiríre atá in ann dul in iomaíocht ag an leibhéal is airde.

Teastaíonn ó na contaetha sin fanacht i Roinn a hAon mar, dar le hiarimreoir de chuid Bhaile Átha Cliath a raibh mé ag caint leis le déanaí, níl i Roinn a Dó ach “ainnise”. Ach dá mbeadh na ceithre chontae sórt laga sin i Roinn a Dó lena chéile, in éineacht le ceithre cinn de na contaetha is fearr atá i Roinn a Dó (An Iarmhí, an Dún, Doire, an Mhí, b’fhéidir), agus seacht gcluiche le himirt acu, b’fheidir ansin go mbeadh deis ag gach contae sa roinn cluiche nó dhó nó trí a bhuachaint. Deirtear go bhfuil nós an bhua an-tábhachtach, fiú muna bhfuil an freasúra an-láidir i gcónaí. B’fhéidir go n-ardódh an leagan amach sin caighdeán na gcontaetha úd atá faoi láthair i Roinn a Dó freisin toisc go mbeadh cuid dá gcluichí i gcoinne foirne atá in ainm is a bheith níos fearr ná iad.

Obair mhór

Tá obair mhór le déanamh ag na ceithre nó cúig chontae is laige i Roinn a hAon, gan trácht ar na contaetha i Roinn a Dó. Tá an chéim síos go Roinn a Dó le tógáil ag Uíbh Fháilí bocht agus tá bliain na “hainnise” rompu. Ach b’fhéidir nach ceart a bheith éadóchasach, mar cá bhfios nach bhfuil chuile sheans ann go ndéanfadh muintir Uíbh Fháilí athmhúscailt orthu féin agus filleadh ar Roinn a hAon gan rómhoill.

Maidir le hÁth Cliath, chuir siad tús an-lag le tréimhse an bhainisteora nua, Amhlaoibh Ó Céileachair, ach chríochnaigh siad ar comhscór le hAontroim agus bhí bua an-sásúil acu i gcoinne Uíbh Fháilí. Tá obair mhór ar siúl ag bainistíocht Átha Cliath faoi láthair chun struchtúr agus córas ceart éifeachtach a chur i bhfeidhm a chinnteoidh go mbeidh foireann na hardchathrach in ann dul in iomaíocht leis na contaetha is láidre san am atá le teacht. Le ceathracha bliain anuas, is iad Loch Garman agus Uíbh Fháilí atá san iomaíocht don stádas mar fhoireann thánaisteach Chúige Laighean (Cill Chainnigh na taoisigh). Tá sé thar am ag Áth Cliath an stádas sin a bhaint amach agus dúshlán na gCat a thabhairt.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.