AR NA SAOLTA SEO
An chibirbhulaíocht: le gníomh
Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Laighin

Léiríonn staidéar cuimsitheach ar tugadh faoi le gairid gur fadhb choitianta í an chibirbhulaíocht i measc an aosa óig. San alt seo, pléann Caoimhe Laighin an éifeacht is féidir a bheith aici ar shaol an íospartaigh. an t-alt seo dírithe ar dhaltaí Ardteiste ó thaobh ábhair de agus ó thaobh leibhéal deacrachta na teanga.

Treoracha

an t-alt seo dírithe ar dhaltaí Ardteistiméireachta (ardleibhéal agus gnáthleibhéal). líne curtha faoi na focail is deacra. chuireann do phointeoir ar na focail a bhfuil líne fúthu, gheobhaidh a mbrí as Béarla. Bain triail, i dtosach, as an alt a léamh gan úsáid a bhaint as na haistriúcháin. An féidir leat na ceisteanna ag bun an leathanaigh a fhreagairt gan brí na bhfocal a fháil leis an bpointeoir?Beidh an t-alt agus na ceisteanna ar fáil ar www.scoilnet.ie go luath.


The world would be a better place without you.”

Ba é sin an teachtaireacht dheireanach a fuair an déagóir Meiriceánach Megan Meier ar a leathanach Bebo in 2006. Cúpla uair i ndiaidh di an teachtaireacht a fháil, chroch í féin ina seomra leapa agus fuair bás an dár gcionn. Bhí trí bliana déag d’aois.[Paragraf 1]

Cúpla roimhe sin, chuir aithne ar dhuine a d’úsáid an t-ainmJoshar líne. Chaith Josh agus Megan seachtaine ag caint agus ag cliúsaíocht lena chéile sular athraigh Josh a phort. Thosaigh ag déanamh bulaíochta uirthi agus ag rudaí gránna léi. raibh in ann an sciolladh a fhulaingt níos agus chinn ar dheireadh tragóideach a chur lena saol. Samhlaigh chomh huaigneach agus éadóchasach is a bhraith an páiste sular mharaigh í féincaithfidh gur bhraith go raibh gan luach, gan chara, gan mheas, gan ghrá ina saol.

[Paragraf 2]

Is iomaí cor agus casadh sa scéal seo, ach i ndeireadh báire fuarthas amach gurbh é anJosha raibh Megan i dteagmháil leis ar líne bean mheánaosta darb ainm Lori Drew. curtha i leith Drew go ndearna cuntas bréagach Bebo a shocrú, faoin ainmJosh”, agus é mar aidhm aici ón tús bulaíocht a dhéanamh ar Megan mar gheall ar gur bhraith go raibh Megan ag déanamh bulaíochta ar a hiníon-sa. Theastaigh ó Drew díoltas a bhaint amach ar Megan, agus is dócha gur éirigh lena plean, ach ar bhealach tragóideach nach raibh ag súil leis. mbeadh breith ar a haiféala aici ...

[Paragraf 3]


Staidéar

Tharla an eachtra áirithe seo in Missouri, Stáit Aontaithe Mheiriceá, ach is léir gur fadhb choitianta í an chibirbhulaíocht in Éirinn chomh maith, más fíor do thorthaí staidéir chuimsithigh a foilsíodh le gairid. De réir an staidéir seo, ar thug an clár teilifísePrimetimeagus an nuachtán *The Irish Independent *faoi, cailín Éireannach amháin as gach cúigear i ndiaidh a bheith thíos leis an gcibirbhulaíocht ag uair éigin ina saol.

[Paragraf 4]

Léiríonn torthaí an taighde go mbíonn páistí scoile chomh hóg le dhá bhliain déag d’aois á gciapadh ag na bulaithe trí ghlaonna gutháin, teachtaireachtaí téacs, teachtaireachtaí ríomhphoist, fóraim idirlín, seomraí cainte agus suíomhanna greasánaithe shóisialta mar Bebo, Facebook agus MySpace. Bíonn daoine óga a bhfuil leadrán orthu ag spreagadh troideanna le gur féidir leo iad a thaifeadadh ar an nguthán póca agus iad a uaslódáil go leithéidí YouTube. Caithfidh go mbíonn siamsaíocht ag teastáil go géar óna leithéid de dhaoine.

[Paragraf 5]

Ghlac níos 2,800 dalta ó ocht meánscoil éagsúlaidir scoileanna poiblí agus chinn táillepáirt sa suirbhé suntasach seo. Deir saineolaithe go dtarlaíonn go minic go mbíonn buairt aigne an galar dubhach ar íospartaigh a fhulaingíonn an cineál seo bulaíochta agus, i gcásanna áirithe, gur cúis féinmharaithe féindhíobhála í. [Paragraf 6]Mar gheall ar nach bhfeiceann na bulaithe a gcuid íospartach, téann siad i mbun drochíde a thabhairt gan tuiscint iomlán a bheith acu maidir leis na himpleachtaí agus na hiarmhairtí a bhíonn i gceist ó thaobh an íospartaigh de an rian a fhágann an bhulaíocht ar a shaol. Níl san íospartach, dar leis an mbulaí, ach íomhá ar scáileán agus deacair grafaicí agus focail chlóscríofa a chomhcheangal leis an atá ann, dáiríre. [Paragraf 7]Mar bharr air seo, mar gheall ar gur féidir le bulaithe a bheith ina gcladhairí agus a gcuid maslaí gan tuilleamh a thabhairt gan ainm, is féidir leo a bheith deich n-uaire níos nimhní mar a bheadh de chrógacht acu a bheith mbeidís ag tabhairt faoi dhuine aghaidh ar aghaidh.

[Paragraf 8]

I measc na dtorthaí eile a foilsíodh sa staidéar, fuarthas amach gur admhaigh buachaill amháin as gach ochtar go raibh thíos le cibirbhulaíocht le míonna beaga roimhe sin agus gur admhaigh duine amháin as gach aon dalta dhéag go ndearna cibirbhulaíocht é féin ar dhalta éigin eile le déanaí. [Paragraf 9] an Dr. Mona O’Moore, ó Ionad Frithbhulaíochta Choláiste na Tríonóide, ag iarraidh ar an Rialtas beartais a chur i bhfeidhm le dul i ngleic leis an bhfadhb seo. Dúirt le déanaí go bhfuil dualgas ar scoileanna eolas cuimsitheach a chur ar fáil do pháistí agus do thuismitheoirí maidir maidir le chomh nimhneach agus a d’fhéadfadh cibirbhulaíocht a bheith don íospartach – “Bullying should carry a health

warning, same as smoking,” dar léi. [Paragraf 10]

GléasannaBhí an bhulaíocht riamh mar ghné de shaol na scoile, ach sa atá inniu ann gléasanna nua teicneolaíochta ag cur ar chumas na mbulaithe a gcuid íospartach a chiapadh ar bhealaí níos sofaisticiúla. John Mac Gabhann ó Aontas Múinteoirí Éireann den tuairim go bhfuil fadhb na cibirbhulaíochta níos leitheadaí i gceantair shaibhre mar gheall ar go mbíonn daltaí níos liteartha ó thaobh na ríomhaireachta de sna ceantair sin agus go mbíonn fáil níos fairsinge ar ríomhairí. Dar ndóigh, gurb iad na daltaí an t-aon dream atá thíos leis an bhfadhb seo ach an oiread; táthar ag tabhairt drochíde ar mhúinteoirí ar shuíomhanna mar www.ratemyteacher.ie le blianta.[Paragraf 11]

ró-fhurasta a bheith ag cáineadh na teicneolaíochta agus a bheith ag cur an mhilleáin uirthi, áfach. féidir srian a chur ar dhul chun cinn na teicneolaíochta, agus is maith an rud é sin. Rud eile atá go maith go bhfuil an-chur amach ar an teicneolaíocht ag an nglúin atá tagtha i méadaíocht le deich mbliana anuas. riachtanach go mbeadh sin amhlaidh. Níl an locht ar an teicneolaíocht, ach ar an tsochaí. Caithfidh gach duine a bhfuil baint aige leis an bhfadhb áirithe seoidir mhúinteoirí, thuismitheoirí, shíceolaithe, ghardaí agus dhaoine ógaa gcomhairlí a chur i gceann a chéile le go dtiocfar ar bhealaí chun dul i ngleic léi. Dar ndóigh, féidir le soláthraithe seirbhíse idirlín neamhaird a thabhairt ar an bhfadhb ach oiread agus mór dóibh a bheith ar a n-airdeall le stop a chur leis na cibirbhulaithe.

[Paragraf 12]

I measc thíortha an Aontais Eorpaigh, an cúigiú ráta is airde ag an tír seo ó thaobh féinmharaithe i measc an aosa óig. Caithfear dul i ngleic le fadhb na cibirbhulaíochta láithreach sa chaoi is nach mbeidh scéalta mar scéal tragóideach Megen Meier le cloisteáil sa tír seo san am atá romhainn.[Paragraf 13] Is í Caoimhe Laighin eagarthóir na hirise seo.

CEISTEANNAAgus na ceisteanna thíos á bhfreagairt agat, bíodh na freagraí i d’fhocail féin oiread agus is féidir. Is é sin, déan abairtí iomlána a chóipeáil ón alt focal ar fhocal. Más féidir leat na ceisteanna a fhreagairt i d’fhocail féin, léireoidh gur thuig an t-alt!

CEIST A hAON(I)

Cén fáth ar chuir Megan lámh ina bás féin? [p2]

(II)

De réir an ailt seo, a bhfuiltear ag cur an mhilleáin uirthi maidir le bás Megan? Cén fáth a bhfuiltear ag cur an mhilleáin ar an duine seo? [p3]

(III)

Céard a léiríonn torthaí an taighde ar thug "Primetime" agus *The Irish Independent *faoi? [p4 agus p5]

CEIST A

(I)

Cén éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an gcibirbhulaíocht ar shaol an duine a ndéantar bulaíocht air? [p6]

(II) Cén fáth a bhfuil an chibirbhulaíocht níos nimhní bulaíocht a dhéantar aghaidh ar aghaidh? p8 Céard iad na ceantair is a mbíonn an chibirbhulaíocht coitianta iontu? Cén fáth a bhfuil sin amhlaidh? [p11]

CEIST A TRÍ(I)

Ar chóir, dar le húdar an ailt, an locht a chur ar an teicneolaíocht? [p12]

(II)

hiad na dreamanna a bhfuil freagracht orthu ó thaobh polasaithe i leith na cibirbhulaíochta a stiúradh? [12]

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.